|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Fógra i dTaobh Tionóiscí agus Galar agus a nImscrúdú) | Ar Aghaidh (CUID VII Mianaigh atá Tréigthe nó as Úsáid a Fhálú) |
AN tACHT UM MIANAIGH AGUS CAIRÉIL, 1965
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VI Cigireacht ag Oibrithe | |
| [EN] |
Cigireacht thréimshúil thar ceann oibrithe. |
105. —(1) Féadfaidh na hoibrithe a fhostaítear i mianach nó i gcairéal, ar a gcostas féin, beirt duine atá nó a bhí ina mianadóirí nó ina gcairéalaithe praiticíula, cibé ach é, a cheapadh go ceann tréimhse nach giorra ná cúig bliana (agus a bhfuil duine amháin acu ar a laghad ar fostú sa mhianach nó sa chairéal), chun cigireacht a dhéanamh ar an mianach nó ar an gcairéal. |
| [EN] | (2) Beidh d'oibleagáid ar úinéir an mhianaigh nó an chairéil a cheadú do na daoine cuí-ceaptha sin (dá ngairtear “cigirí oibrithe” san alt seo) cibé cigireachtaí a dhéanamh ann a bhéarfaidh go bhféadfar cigireacht a dhéanamh ar gach cuid den mhianach nó den chairéal agus dá threalamh uair amháin ar a laghad i ngach mí. | |
| [EN] | (3) Má tharlaíonn tionóisc nó teagmhas eile i mianach nó i gcairéal (a gceanglaítear i gceachtar cás leis an Acht seo fógra a thabhairt ina thaobh), féadfaidh an bheirt chigire oibrithe cigireacht a dhéanamh le chéile ar an áit inar tharla sé, agus, sa mhéid gur gá sin chun an chúis a bhí leis a fhionnadh, ar aon chuid eile den mhianach nó den chairéal agus ar aon innealra, gaireas nó rud eile ann, agus féadfaidh siad samplaí a thógáil den atmasféar san áit sin agus d'aon deannach nó uisce ann. | |
| [EN] | (4) Ar aon ócáid ar a ndéanfaidh na cigirí oibrithe cigireacht faoi fho-alt (2) nó (3), — | |
| [EN] | (a) beidh siad i dteideal aon doiciméid a scrúdú ar gá de réir an Achta seo, nó faoi, iad a choimeád san oifig ag an mianach nó ag an gcairéal nó i cibé áit eile a cheadóidh cigire; | |
| [EN] | (b) beidh siad i dteideal comhairleorí dóibh a thabhairt in éineacht leo, ach ní bheidh siad i dteideal aon duine acu seo a leanas a chosc ar dhul in éineacht leo— | |
| [EN] | (i) i gcás cigireachta ar mhianach, an t-úinéir agus aon duine a ainmneoidh sé agus an bainisteoir agus aon duine a ainmneoidh sé; | |
| [EN] | (ii) i gcás cigireachta ar chairéal, an t-úinéir agus aon duine a ainmneoidh sé agus an bainisteoir agus aon duine a ainmneoidh sé. | |
| [EN] | (5) Ar ócáid ar bith a mbeidh cigirí oibrithe ag déanamh cigireachta ar an mianach nó ar an chairéal, faoi fho-alt (2) nó (3), beidh de dhualgas ar gach duine a bheidh ar fostú ann, cibé saoráidí agus cúnamh a thabhairt dóibh maidir le hábhair nó nithe lena mbaineann freagrachtaí, faoi seach, na ndaoine sin agus is gá chun an chigireacht a dhéanamh. | |
| [EN] | (6) Díreach tar éis cigireacht a bheith críochnaithe, ar ócáid ar bith, ag cigirí oibrithe faoi fho-alt (2) nó (3); tabharfaidh siad, i leabhar a sholáthróidh úinéir an mhianaigh nó an chairéil chun na críche sin, tuarascáil iomlán chruinn ar na nithe a fionnadh de thoradh na cigireachta agus cuirfidh siad a síniú léi. | |
| [EN] | (7) Díreach tar éis an tuarascáil a bheith tugtha, cuirfear cóip dhílis di chuig an gcigire agus cuirfear cóip eile den sórt sin in airde in áit fheiceálach éigin sa mhianach nó sa chairéal agus coimeádfar in airde ann í ar feadh tréimhse cheithre huaire is fiche a chloig. |