|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI Cigireacht ag Oibrithe) | Ar Aghaidh (CUID VIII Coinníollacha Fostaíochta) |
AN tACHT UM MIANAIGH AGUS CAIRÉIL, 1965
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VII Mianaigh atá Tréigthe nó as Úsáid a Fhálú | |
| [EN] |
Mianaigh atá tréigthe nó as úsáid a fhálú. |
106. —Beidh de dhualgas ar úinéir gach mianaigh thréigthe agus gach mianaigh nach ndearnadh, cé nach bhfuil sé tréigthe, é a oibriú le tréimhse dhá mhí dhéag anuas, a áirithiú go gcuirfear ag an tslí isteach ar an dromhcla chuig gach sloc nó easrais ann iamhlann, bacainn, stuipéad nó deis eile a bheidh éifeachtach agus deartha agus déanta ar dhóigh go gcoinneoidh sé an tslí isteach sin ar an dromchla ó bheith contúirteach do dhuine ar bith. |