|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 19 de 1965. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1965 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO CHUR TOGHCHÁIN ÁITIÚLA 1965 SIAR AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LE TOGHCHÁIN ÁITIÚLA. | ||
[20 Iúil, 1965.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Toghcháin áitiúla 1965 a chur siar. |
1. —(1) Na toghcháin áitiúla a dhéanfaí, mura n-achtófaí an fo-alt seo, sa bhliain 1965, déanfar iad sa bhliain 1966, agus beidh téarmaí oifige comhaltaí d'údaráis áitiúla a bheidh ag rith i dtosach feidhme an Achta seo arna bhfadú dá réir sin. |
| [EN] | (2) D'ainneoin cur siar a dhéanamh le fo-alt (1) den alt seo ar na toghcháin a shonraítear ann— | |
| [EN] | (a) fanfaidh na blianta chun toghcháin áitiúla ina dhiaidh sin a dhéanamh gan athrú agus déanfar toghcháin áitiúla dá réir sin sa bhliain 1970 agus i gceann gach cúig bliana ina dhiaidh sin, agus | |
| [EN] | (b) áireofar mar thoghcháin chinn cúig bliana na toghcháin a shonraítear san fho-alt agus na toghcháin áitiúla a dhéanfar sa bhliain 1970. | |
| [EN] |
Coistí gairmoideachais. |
2. —(1) Déantar leis seo mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 9 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , a leasú trí “is túisce a chomórfar i ndiaidh na dtoghchán áitiúil” a chur in ionad “a comórfar idir an 23adh lá de Mheitheamh agus an 15adh lá d'Iúl” i mír (b). |
| [EN] | (2) D'ainneoin cur siar a dhéanamh de dhroim fho-alt (1) d'alt 1 den Acht seo ar na toghcháin do chomhaltaí de choistí gairmoideachais a dhéanfaí, dá mba nár achtaíodh an fo-alt sin, sa bhliain 1965, áireofar mar chruinnithe cinn cúig bliana na cruinnithe de na coistí sin a bheidh ann sa bhliain 1966 agus 1970 faoi alt 14 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , arna leasú le halt 81 den Acht Toghcháin, 1963 . | |
| [EN] |
Coistí freastal scoile. |
3. —(1) San alt seo ciallaíonn “an príomhalt” alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 , arna leasú le míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (5) d'alt 81 den Acht Toghcháin, 1963 . |
| [EN] | (2) Na ceapacháin chomhaltaí do choistí freastal scoile a dhéanfaí, dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo, faoi fho-alt (3) den phríomhalt sa bhliain 1965, déanfar iad sa bhliain 1966. | |
| [EN] | (3) D'ainneoin cur siar a dhéanamh le fo-alt (2) den alt seo ar na ceapacháin a shonraítear ann, déanfar sa bhliain 1970 na ceapacháin chomhaltaí do choistí freastal scoile faoi fho-alt (3) den phríomhalt is túisce i ndiaidh na gceapachán a shonraítear amhlaidh, agus áireofar mar cheapacháin cinn cúig bliana na ceapacháin sin agus na ceapacháin a shonraítear amhlaidh. | |
| [EN] | (4) (a) Déantar leis seo fo-alt (3) den phríomhalt a leasú trí “go dtí go dtiocfaidh a gcomharbaí i seilbh” a chur in ionad “go ceann trí mblian ón am a ordóidh an tAire fén alt seo i gcóir tosach a dtéarma”. | |
| [EN] | (b) Déantar leis seo fo-alt (4) den phríomhalt a leasú trí “tréimhse oifige” a chur in ionad “tréimhse trí mblian” sa dá áit a bhfuil na focail deiridh sin. | |
| [EN] |
Iontaobhaithe Uisce-bhealaigh Locha Coirib. |
4. —Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 7, fo-alt (2) d'alt 8 agus fo-alt (2) d'alt 9 d'Acht Uisce-bhealaigh Locha Coirib, 1945 , a leasú trí “an toghcháin do chomhaltaí na Comhairle sin” a chur in ionad “an 22ú lá de Mheitheamh” i ngach ceann de na fo-ailt sin. |
| [EN] |
Údaráis chuain. |
5. —Féadfaidh an t-Aire Iompair agus Cumhachta— |
| [EN] | (a) maidir le fo-alt (8) d'alt 7, fo-alt (10) d'alt 10, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 14, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 20, fo-alt (3) d'alt 31, fo-alt (1) d'alt 32 agus fo-alt (1) d'alt 33 agus alt 27 den Acht Cuanta, 1946 —le rialacháin, lá eile a chur in ionad an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair dá dtagraítear sna fo-ailt sin agus san alt sin, | |
| [EN] | (b) maidir le fo-alt (3) d'alt 8 den Acht sin—le rialacháin, lá eile a chur in ionad an 7ú lá d'Iúil dá dtagraítear san fho-alt sin, | |
| [EN] | (c) maidir le fo-alt (1) agus fo-ailt (3) go (9) d'alt 10 den Acht sin—le rialacháin, tréimhse eile a chur in ionad na tréimhse dá dtagraítear sna fo-ailt sin, | |
| [EN] | (d) maidir le fo-alt (2) d'alt 10 agus mír (b) d'alt 11 den Acht sin—le rialacháin, tréimhse eile a chur in ionad na tréimhse dá dtagraítear san fho-alt sin agus sa mhír sin. | |
| [EN] |
Forálacha maidir le cruinnithe áirithe. |
6. —(1) D'ainneoin an tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 , a bheith aisghairthe, déanfar na cruinnithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d'alt 8, i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 9 agus i bhfo-alt (2) d'alt 10 den Acht sin faoi thagairt don tréimhse ón 23ú lá de Mheitheamh go dtí an lú lá d'Iúil i mbliain a thionól sa bhliain 1965, agus, chun críocha an fho-ailt seo, measfar an tAcht sin (lena n-áirítear, go háirithe, fo-alt (2) d'alt 8, fo-alt (3) d'alt 9, fo-alt (3) d'alt 10 agus alt 11) a bheith gan aisghairm. |
| [EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le buirg Dhún Laoghaire amhail mar atá éifeacht aige maidir le buirgí eile, ar choinníoll, áfach, go ndéanfar aon tagairt do mhéara a fhorléiriú mar thagairt don chathaoirleach. | |
| [EN] |
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme. |
7. —(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1965 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 agus 1965, a ghairm de Chuid I, II, VI agus VIII den Acht Toghcháin, 1963 , agus den Acht seo le chéile, agus déanfar iad a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin. | |
| [EN] | (3) Measfar an tAcht seo a theacht i ngníomh an 10ú lá de Mheitheamh, 1965, agus aon ní a rinneadh an lá sin nó dá éis agus roimh an Acht seo a rith agus in oirchill a rite beidh sé bailí dá réir sin. |