|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT RAIDIO-THEILEAGRAFAÍOCHTA, 1972) |
AN tACHT RAIDIO-THEILEAGRAFAÍOCHTA, 1972
| [EN] | ||
| [EN] |
AN SCEIDEAL FOGRAI AGUS TAIFID | |
|
Cuid I Sonraí atá le cur in iúl agus le taifeadadh de bhun alt 3 (1). | ||
1. Dáta an díola nó an ligin. | ||
2. Ainm agus seoladh an cheannaitheora nó an fhruilitheora. | ||
3. Déanamh agus sórt an ghléis teilifíse agus go háirithe cibé acu atá sé (a) deartha chun dathphictiúir a ghlacadh, agus (b) iniompair | ||
4. I gcás díola, an le tráthchodanna atá an praghas le híoc agus, i gcás ligin, an ligean ar fruiliú nó ar fruilcheannach é. | ||
5. I gcás díola creidmheasa nó ligin, ainm agus seoladh an díoltóra nó an úinéara agus ainm agus seoladh aon duine atá le haon íocaíocht nó tráthchuid a fháil den phraghas nó i leith an phraghais nó ar mhodh cíosa maidir leis an díol creidmheasa nó an ligean. | ||
6. I gcás an gléas a bheith feistithe nó le feistiú ag an déileálaí cláraithe nó ag duine eile ar ordú uaidh, seoladh an áitribh ina bhfuil sé feistithe nó le feistiú agus ainm áititheoir an áitribh sin (más eol). | ||
Laistigh de 30 lá ó thráth an eolais a theacht ar umhail an déileálaí chláraithe lena mbaineann. | ||
7. I gcás gurb é an déileálaí féin an díoltóir nó an t-úinéir nó go bhfuil na híocaíochtaí nó na tráthchodanna sin le fáil ag an déileálaí nó le bailiú aige thar ceann an díoltóra nó an úinéara, aon athrú ar sheoladh an cheannaitheora nó an fhruilitheora. | ||
8. Más rud é, tar éis dáta an díola nó an ligin, go mbeidh aon íocaíochtaí den phraghas nó i leith an phraghais nó ar mhodh cíosa maidir leis an díol nó an ligean a bheadh, murach sin, le fáil nó le bailiú ag an déileálaí, le fáil nó le bailiú ag duine eile, ainm agus seoladh an duine eile sin. | ||
|
Cuid II Sonraí atá le cur in iúl de bhun alt 3 (3). | ||
1. Dáta an chonartha fruilithe, an chomhaontaithe fruilcheannaigh nó an chomhaontaithe díola creidmheasa, de réir mar a bheidh. | ||
2. Ainm agus seoladh an cheannaitheora nó an fhruilitheora. | ||
3. Ainm agus seoladh an déileálaí chláraithe a shocraigh an díol nó an ligean. | ||
Laistigh de 30 lá ó thráth an eolais a theacht ar umhail an déileálaí chláraithe eile lena mbaineann. | ||
4. Aon athrú ar sheoladh an cheannaitheora nó an fhruilitheora. | ||
|
Cuid III Sonraí atá le cur in iúl de bhun alt 4 (2). | ||
1. Ainm agus seoladh an cheannaitheora nó an fhruilitheora. | ||
2. Dáta an chonartha fruilithe, an chomhaontaithe díola creidmheasa nó an chomhaontaithe fruilcheannaigh, de réir mar a bheidh. | ||
3. Más rud é, tar éis dáta an díola nó an ligin, go mbeidh aon íocaíochtaí den phraghas nó i leith an phraghais nó ar mhodh cíosa maidir leis an díol nó an ligean a bheadh, murach sin, le fáil nó le bailiú ag an déileálaí, le fáil nó le bailiú ag duine eile, ainm agus seoladh an duine eile sin. | ||
Laistigh de 30 lá ó thráth an eolais a theacht ar umhail an déileálaí chláraithe lena mbaineann. | ||
4. Aon athrú ar sheoladh an cheannaitheora nó an fhruilitheora. | ||
5. Más rud é, tar éis fógra a bheith tugtha de bhun alt 4 (2) den Acht seo, go mbeidh aon íocaíochtaí den phraghas nó i leith an phraghais nó ar mhodh cíosa maidir leis an díol nó an ligean a bheadh, murach sin, le fáil nó le bailiú ag an déileálaí, le fáil nó le bailiú ag duine eile, ainm agus seoladh an duine eile sin. |