An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Tionóiscí a Chur in Iúl agus a Imscrúdú) Ar Aghaidh (CUID VII Cionta, Pionóis agus Imeachtaí Dlí)

10 1972

AN tACHT UM SHUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA, 1972

CUID VI

Riarachán

Forálacha Ceadúnúcháin

Ceadúnais a eisiúint ag an Aire.

31. —(1) Féadfaidh an tAire dá rogha féin géilleadh nó diúltú d'iarratas ar cheadúnas.

(2) Féadfaidh an tAire coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnas lena n-áirítear coinníollacha maidir lena dhul in éag nó lena chúlghairm.

(3) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, sonraí a fhoilsiú i dtaobh iarratais ar cheadúnas agus uiríolla i dtaobh an iarratais a lorg ar pháirtithe leasmhara.

Ceadúnais a eisiúint ag údaráis áitiúla agus ag údaráis chuain.

32. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil nó údarás cuain dá rogha féin géilleadh nó diúltú d'iarratas ar cheadúnas.

(2) Comhlíonfaidh an t-údarás aon rialacháin a bheidh déanta ag an Aire maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfar ceadúnais a dheonú.

(3) Féadfaidh an t-údarás, faoi réir rialachán, cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le ceadúnas.

(4) Féadfaidh an t-údarás, más cuí leis é, sonraí a fhoilsiú i dtaobh iarratais ar cheadúnas agus uiríolla i dtaobh an iarratais a lorg ar dhaoine leasmhara.

(5) (a) Cuirfidh an t-údarás faoi deara go ndéanfar clár de na ceadúnais go léir a dheonaigh sé faoin Acht seo a choimeád i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a ordóidh an t-údarás.

(b) Déanfaidh an t-údarás, ar sin dá cheangal air ag an Aire, cóip den chlár nó d'aon chuid de a chur chuige laistigh den am a shonrófar.

(c) Beidh teideal ag duine ar bith, ar tháille chúig phingin nua is fiche a íoc, agus ag cigire, gan aon táille, gach tráth réasúnach, clár a bheidh á choimeád faoin bhfo-alt seo a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a thógáil as.

Achomharc ó údarás áitiúil nó ó údarás cuain.

33. —(1) Má dhiúltaíonn údarás áitiúil nó údarás cuain ceadúnas a dheonú nó má dheonaíonn sé ceadúnas ar choinníollacha a bhfuil an t-iarratasóir míshásta leo, déanfaidh an t-údarás, ar iarratas uaidh, deimhniú a sheachadadh dó ina luafar na forais ar ar dhiúltaigh an t-údarás an ceadúnas nó ar ar chuir sé na coinníollacha ag gabháil leis.

(2) Féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh chun an Aire in aghaidh chinneadh an údaráis laistigh de dheich lá tar éis an deimhniú a fháil nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an tAire.

(3) Is i scríbhinn a bheidh an t-achomharc agus leagfar amach éileamh an iarratasóra ann agus beidh an deimhniú ag gabháil leis.

(4) Tar éis dó an t-achomharc a bhreithniú féadfaidh an tAire, dá rogha féin, a ordú don údarás an ceadúnas a dheonú nó a chealú, coinníollacha sonraithe a chur ag gabháil leis an gceadúnas nó coinníoll a ghabhann leis an gceadúnas a leasú nó a scriosadh, agus, faoi réir aon athraithe air sin faoi alt 34, déanfaidh an t-údarás de réir an ordaithe.

Achomharc ón Aire.

34. —(1) I gcás go ndiúltóidh an tAire ceadúnas a dheonú nó go ndeonóidh sé ceadúnas ar choinníollacha a bhfuil an t-iarratasóir míshásta leo nó go dtabharfaidh sé ordachán faoi alt 33 (4) a bhfuil an t-iarratasóir míshásta leis, déanfaidh an tAire, ar iarratas a fháil ón iarratasóir, deimhniú a sheachadadh dó ina luafar na forais ar ar dhiúltaigh sé an ceadúnas, ar ar chuir sé na coinníollacha ag gabháil leis nó ar ar thug sé an t-ordachán.

(2) Féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh chinneadh nó ordachán an Aire.

(3) Ar achomharc a éisteacht in aghaidh chinneadh ón Aire ag diúltú ceadúnas a dheonú nó ag deonú ceadúnais ar choinníollacha a bhfuil an t-iarratasóir míshásta leo, féadfaidh an Chúirt a ordú don Aire an ceadúnas a dheonú, coinníollacha sonraithe a chur ag gabháil leis an gceadúnas nó coinníoll a ghabhann leis an gceadúnas a leasú nó a scriosadh, de réir mar is cuí.

(4) Ar achomharc a éisteacht in aghaidh ordachán faoi alt 33 (4), féadfaidh an Chúirt an t-ordachán a dhaingniú nó a ordú don Aire é a athrú de réir ordú na Cúirte.

(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh ón Ard-Chúirt ar achomharc faoin alt seo ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin, ábhar achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí ann ar shaincheist dlí.

Dí-úsáid áitribh.

35. —I gcás go scoirfidh ceadúnaí áitribh den áitreabh a úsáid le haghaidh na críche dar ceadúnaíodh é, déanfaidh sé, laistigh de mhí, é sin a chur in iúl don Aire nó don údarás a d'eisigh an ceadúnas agus an ceadúnas a thabhairt suas.

Rialacháin

Rialacháin.

1961, Uimh. 20 .

36. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, féadfaidh forálacha a bheith i rialacháin—

(a) chun ceadúnais nó aon aicme ceadúnas a choimeádtar i bhfeidhm faoi alt 8 do dhul in éag agus a chúlghairm;

(b) chun ionstraimí a choimeádtar i bhfeidhm faoin alt sin a leasú agus a chúlghairm, seachas fodhlíthe a fhéadann aon údarás áitiúil nó údarás cuain nó gnóthas iarnróid nó canálach a leasú nó a chúlghairm i bhfeidhmiú a chumhachtaí reachtúla;

(c) le haghaidh rialú agus urlámh monarchana, armlanna agus stóras ceadúnaithe agus le haghaidh na rialacha a bheidh le comhlíonadh sna háitribh sin nó ina gcomharsanacht nó i ndáil leo;

(d) chun allmhairiú aon substaint lena mbaineann an tAcht seo a thoirmeasc nó a rialú;

(e) chun a chur faoi deara go gcomhlíonfar téarmaí aon sonraíochta caighdeánaí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, faoin Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 , maidir le haon substaint lena mbaineann an tAcht seo.

Díolúintí,

(cf. 1958, Uimh. 3 , a. 26)

1894, c. 60.

1952, Uimh. 29 .

37. —(1) I gcás aon substaint lena mbaineann an tAcht seo a bheith ar bord loinge de bhun forálacha an Merchant Shipping Act, 1894, nó an Achta Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháltachta), 1952 , ní bheidh feidhm maidir leis an tsubstaint sin ag aon ní san Acht seo ná i rialacháin faoin Acht seo (seachas forálacha maidir le hallmhairiú), ach amháin gur de réir cibé forálacha a fhorordófar a bheidh iompar agus coimeád na substainte, ar bord loinge nó in áit eile, fad a bheidh an long ar cuan.

(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní san Acht seo ná i rialacháin faoin Acht seo (seachas forálacha maidir le hallmhairiú) maidir le haon substaint lena mbaineann an tAcht seo a iompar ar bord aerárthaigh.

(3) Féadfaidh an tAire aon aicme shonraithe pléascach agus aon aicme shonraithe daoine nó áitribh a dhíolmhú, le rialacháin, ó gach ceann nó aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, ar cibé coinníollacha a fhorordófar, i gcás é a bheith sásta nach gá nó nach féidir na forálacha sin a fheidhmiú.

(4) Féadfaidh rialacháin a fhoráil go n-eiseofar ceadúnais chun críocha na rialachán agus chun coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnas.

Táillí.

38. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, an táille a bheidh le híoc ar cheadúnais i gcoitinne nó ar aon chineál áirithe ceadúnais a fhorordú.

Cigirí

Cigirí.

39. —(1) Féadfaidh an tAire daoine a cheapadh chun bheith ina gcigirí chun críocha an Achta seo agus féadfaidh sé aon cheapachán den sórt sin a chúlghairm.

(2) Déanfar fógra i dtaobh ceapacháin agus i dtaobh cúlghairm ceapacháin faoin alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(3) Tabharfar deimhniú ceapacháin do chigire agus nuair a bheidh sé ag tabhairt cuairt ar aon áitreabh lena mbaineann forálacha an Achta seo déanfaidh sé, má iarrtar sin air, an deimhniú a thabhairt ar aird don áititheoir nó d'aon duine eile a mbeidh post freagrach bainistíochta aige san áitreabh.

Cumhachtaí cigirí.

( 1955, Uimh. 10 , a. 94)

40. —(1) Beidh cumhacht ag cigire—

(a) dul isteach gach tráth, de ló agus d'oíche, in áitreabh a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint gur áitreabh é a úsáidtear chun aon substaint lena mbaineann an tAcht seo a mhonarú, a stóráil, a phacáil nó a dhíol;

(b) comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má bhíonn cúis réasúnach amhrais aige go gcuirfear aon ró-bhacainn air ag déanamh a dhualgais dó;

(c) i gcás cúis réasúnach a bheith aige chun a chreidiúint go ndearnadh cion faoin Acht seo nó go bhfuil cion den sórt sin á dhéanamh in aon áitreabh, forneart a úsáid nuair is gá chun dul isteach san áitreabh, ar choinníoll go bhfuil sé údaraithe chuige sin le barántas ó Bhreitheamh den Chúirt Dúiche (agus údaraítear leis seo do Bhreitheamh den sórt sin an barántas sin a eisiúint ar fhoras réasúnach a bheith sannta faoi mhionn) nó, más dóigh leis gur cás éigeandála é agus go mba dhóigh baol báis do bhaint le haon mhoill ag fáil an bharántais, gan a bheith údaraithe amhlaidh;

(d) chun a cheangal go dtabharfar ar aird aon doiciméad a choimeádtar de bhun an Achta seo agus chun aon doiciméad den sórt sin a iniúchadh agus a scrúdú agus chun cóip a dhéanamh de;

(e) chun cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fhionnadh an bhfuil forálacha an Achta seo nó na rialachán faoin Acht seo á gcomhlíonadh;

(f) chun a cheangal ar aon duine a gheobhaidh sé in aon áitreabh den sórt sin cibé eolas a thabhairt atá ar a chumas a thabhairt i dtaobh cé hé áititheoir an áitribh;

(g) chun a cheangal, chun críche aon scrúdaithe nó fiosruithe faoin alt seo, ar aon duine a gheobhaidh sé in aon áitreabh den sórt sin, nó a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint gur duine é atá, nó a bhí laistigh den dá mhí roimhe sin, ar fostú san áitreabh, freagra a thabhairt, d'éagmais daoine seachas duine a ainmneoidh sé le bheith i láthair agus aon daoine a cheadóidh an cigire a bheith i láthair, ar cibé ceisteanna is cuí leis an gcigire a chur, ach sin, áfach, ar dhóigh nach mbeidh aon fhreagra a thabharfaidh duine de bhun ceanglas a cuireadh air faoin mír seo inghlactha i bhfianaise ina choinne in imeachtaí ar bith;

(h) chun cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun an tAcht seo a chur in éifeacht.

(2) Soláthróidh áititheoir an áitribh, a ghníomhairí agus a sheirbhísigh, na deiseanna a theastóidh ó chigire de réir mar is gá chun dul isteach nó chun iniúchadh, scrúdú nó fiosrú a dhéanamh nó chun samplaí a thógáil nó le haghaidh aon chumhachta eile faoin Acht seo, maidir leis an áitreabh.

(3) Má chuireann aon duine moill go toiliúil ar chigire agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo nó má mhainníonn sé déanamh de réir ceanglais chigire de bhun an ailt seo, nó aon chlár, deimhniú, fógra nó doiciméad a thabhairt ar aird a cheanglaítear air a thabhairt ar aird de réir nó de bhun an Achta seo, nó má dhéanann sé go toiliúil aon eolas i dtaobh cé hé áititheoir aon áitribh a choimeád siar, nó aon duine a cheilt nó a bhacadh, nó iarracht a thabhairt ar é a cheilt nô a bhacadh, chun nach dtiocfaidh sé i láthair chigire nó nach rachaidh sé faoi scrúdú aige, measfar an duine sin do chur bac ar chigire agus é ag feidhmiú a dhualgas faoin Acht seo.

(4) Má bhactar cigire agus é ag feidhmiú a chumhachtaí nó a dhualgas faoin Acht seo—

(a) más in aon áitreabh a bhactar é, beidh an t-áititheoir, agus freisin murab é an t-áititheoir féin a bhac an cigire, beidh an duine a bhac an cigire, ciontach i gcion,

(b) in aon chás eile, beidh an duine a bhac an cigire ciontach i gcion,

Cumhacht cigire chun a cheangal go gcuirfear ar ceal contúirt láithreach nó contúirt atá ag bagairt.

(cf. 1965, Uimh. 7 , a. 132)

41. —Má bhíonn cigire ar an tuairim go bhfuil, nó gur dócha gur gearr go mbeidh, aon áitreabh lena mbaineann forálacha an Achta seo nó aon chuid den áitreabh sin, nó aon nithe nó aon chleachtais san áitreabh nó a bhaineann le hurlámhas nó bainistí an áitribh, contúirteach do dhuine nó do mhaoin, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an duine freagrach á rá go bhfuil sé ar an tuairim sin agus ag tabhairt sonraí na cúise go bhfuil sé ar an tuairim sin, agus ag forchur ar an duine freagrach cibé toirmisc nó srianta nó ceanglais (de shaghas ar bith) is dóigh leis an gcigire a bheith riachtanach chun daoine nó maoin a chosaint.

Cumhacht chun samplaí a thógáil.

( 1955, Uimh. 10 , a. 72)

42. —(1) Féadfaidh cigire tráth ar bith tar éis dó sin a chur in iúl don cheadúnaí nó, mura bhfuil fáil go héasca ar an gceadúnaí, d'fhear cinn nó do dhuine freagrach eile san áitreabh ceadúnaithe, leormhéid samplaí a thógáil le haghaidh taifigh d'aon substaint a choimeádtar nó a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid san áitreabh agus is substaint a bhfuil amhras air sárú ina leith a bheith á dhéanamh ar an Acht seo, nó is dóigh leis ba thrúig dhíobhála coirp do na daoine a fhostaítear, nó a measann sé go bhfaighfí, ar í a thaifeach, gur dóigh di díobháil den sórt sin a dhéanamh.

(2) Féadfaidh an ceadúnaí nó an duine freagrach eile dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nuair a bheidh an sampla á thógáil, agus ar é do sholáthar na bhfearas is gá, a cheangal ar an gcigire an sampla a roinnt ina thrí chuid, gach cuid a mharcáil agus a shéalú nó a iamh ar cibé modh a oireann di, agus—

(a) cuid amháin a sheachadadh don cheadúnaí nó don duine freagrach eile,

(b) cuid amháin a choimeád le haghaidh comparáide iardain, agus

(c) cuid amháin a chur faoi bhráid an taifeora,

agus, má cheanglaítear sin, is é an Ceimiceoir Stáit a dhéanfaidh, nó is faoina stiúrú a dhéanfar, aon taifeach faoin alt seo.

(3) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith ina dheimhniú ón gCeimiceoir Stáit maidir le toradh ar thaifeach sampla faoin alt seo beidh sé, in aon imeachtaí faoin Acht seo, inghlactha mar fhianaise ar na nithe a bheidh ráite ann, ach féadfaidh ceachtar páirtí a cheangal go ngairfear mar fhinné an duine a rinne an taifeach.

(4) Ní dhéanfaidh duine ar bith, ach amháin a mhéid is gá sin chun críocha ionchúisimh i leith cion faoin Acht seo, torthaí taifigh a rinneadh faoin alt seo a fhoilsiú nó a nochtadh do dhuine ar bith seachas an ceadúnaí.

Cigirí áitiúla.

43. —Chun forálacha an Achta seo a fhorfheidhmiú maidir le háitreabh arna cheadúnú ag údarás áitiúil nó údarás cuain nó a bhfuil iarratas ar cheadúnas ina leith déanta chun údaráis den sórt sin, beidh cumhachtaí uile cigire ag aon oifigeach nó seirbhíseach don údarás a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an údarás.

Substaintí a thógáil agus a choinneáil.

(1875, c. 17, a. 74)

44. —Féadfaidh cigire aon substaint a fuarthas le linn aon chumhacht a thugtar leis an Acht seo a bheith á feidhmiú agus a bhfuil foras réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil cion faoin Acht seo á dhéanamh nó ar tí a dhéanta ina leith a thógáil, a thabhairt chun siúil agus a choinneáil ina choimeád, agus ina theannta sin, más cuí leis é, aon ghabhdán ina raibh sí.

Substaintí a gabhadh a dhíothú.

(1875, c. 17, a. 74)

45. —(1) I gcás go ngabhfaidh cigire aon substaint faoi údarás an Achta seo agus go ndealraítear dó go mbainfeadh contúirt lena coinneáil go dtí go bhféadfadh an chúirt déileáil leis an ábhar, ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh sé an tsubstaint a dhíothú.

(2) Mura rud é, i dtuairim an chigire, go mbeadh sin contúirteach nó neamhindéanta, tabharfaidh an cigire an tsubstaint ar aird d'fheidhmeannach síochána sula ndíothóidh sé í agus déanfaidh sé dearbhú reachtúil os a chomhair ag sonrú na substainte agus ag lua na gcúiseanna lena díothú.

(3) Má dhiothaíonn an cigire an tsubstaint gan í a thabhairt ar aird amhlaidh déanfaidh sé an dearbhú reachtúil réamhráite a luaithe is féidir.

(4) Beidh dearbhú reachtúil faoin alt seo ina fhianaise prima facie i ngach cúirt ar na fíorais go léir a bheidh luaite ann.

(5) I gcás go ndéanfaidh cigire dearbhú reachtúil faoin alt seo maidir le haon substaint, seachadfaidh sé cóip den dearbhú don duine (más ann) a ndealraítear dó gurb é úinéir na substainte é.

Dálaí, cleachtais agus áitreabh atá contúirteach.

1955, Uimh. 10 .

46. —(1) Beidh feidhm maidir le gach áitreabh lena mbaineann an tAcht seo ag ailt 50 agus 51 den Acht Monarchan, 1955 , ailt a bhaineann le horduithe a dhéanamh ag an gCúirt Dúiche maidir le dálaí agus cleachtais chontúirteacha agus le monarchana contúirteacha.

(2) Beidh feidhm ag ailt 115 agus 116 den Acht Monarchan, 1955 , ailt a dhéanann forálacha le haghaidh modhnú ar chomhaontuithe idir úinéirí agus áititheoirí agus le haghaidh cionroinnt na gcostas a bhaineann le hathruithe ar áitreabh, maidir le haon athruithe déanmhais nó athruithe eile ar aon áitreabh lena mbaineann an tAcht seo ar athruithe iad is gá lena chumasú d'úinéir nó d'áititheoir an áitribh aon fhorálacha de chuid an Achta seo nó aon rialacháin nó ordaithe a rinneadh faoin Acht seo a chomhlíonadh nó chun déanamh de réir aon chaighdeáin nó aon cheanglais a fhorchuirtear leis an Acht seo nó faoi.