An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL An Coimisiún Cleachtas Srianta) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL Cleachtais Neamhchóra)

11 1972

AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA, 1972

AN DARA SCEIDEAL

Scrudaitheoir Cleachtas Srianta

Alt 13

Téarmaí agus coinníollacha oifige.

1. (1) Socróidh an tAire téarma oifige an Scrúdaitheora nuair a bheidh sé á cheapadh agus ní rachaidh an téarma sin thar cúig bliana.

(2) Ar théarma oifige a chríochnú dó beidh an Scrúdaitheoir i dteideal a athcheaptha.

(3) Beidh an Scrúdaitheoir i seilbh oifige ar cibé coinníollacha a shocróidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(4) Féadfar cibé luach saothair a íoc leis an Scrúdaitheoir a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Ní bheidh feidhm maidir le hoifig an Scrúdaitheora ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , ná ag Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958.

Ceapachán sealadach.

2. (1) Aon uair a fheicfear don Aire go bhfuil an Scrúdaitheoir éagumasach go sealadach ar a dhualgais a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun gníomhú in ionad an Scrúdaitheora ar feadh an éagumais sin nó ar feadh cibé tréimhse is giorra ná sin is cuí leis an Aire.

(2) Beidh ag duine a cheapfar faoi fhomhír (1) na cumhachtaí, na cearta agus na dualgais go léir a thugtar don Scrúdaitheoir leis an Acht seo agus measfar go bhfolaíonn gach tagairt don Scrúdaitheoir san Acht seo tagairt do dhuine den sórt sin.

Srian ar an Scrúdaitheoir.

3. Má bhíonn leas pearsanta ag an Scrúdaitheoir in ábhar áirithe lena mbeidh sé ag plé, cuirfidh sé é sin in iúl don Aire agus ní ghníomhóidh sé mar Scrúdaitheoir le linn an t-ábhar sin a bheith á bhreithniú mura ndéanfaidh an tAire, ar bheith dó ar an tuairim nach leas é de chineál a chuirfeadh isteach ar chomhlíonadh neamhchlaon a dhualgas ag an Scrúdaitheoir, údarás a thabhairt dó gníomhú amhlaidh.

Cur as oifig, éirí as oifig agus dícháiliú.

4. (1) Féadfaidh an tAire an Scrúdaitheoir a chur as oifig má éiríonn sé éagumasach de dheasca easláinte ar a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach nó má fheictear don Aire gur gá é a chur as oifig ar mhaithe le héifeachtúlacht.

(2) Má chuireann an tAire an Scrúdaitheoir as oifig leagfaidh sé faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas i scríbhinn ag lua na gcúiseanna a bhí aige lena chur as oifig.

(3) Féadfaidh an Scrúdaitheoir éirí as a oifig.

(4) Má thagann an Scrúdaitheoir chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, i dteideal suí sa Teach sin, scoirfidh sé de bheith i seilbh oifig an Scrúdaitheora.

(5) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina Scrúdaitheoir.

(6) Beidh an Scrúdaitheoir dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh sé de bheith, i seilbh oifige má bhreithnítear ina fhéimheach é, nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó má chuireann cúirt dlínse inniúla pianbhreith príosúnachta nó pianseirbhíse air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáthchónaí sa Stát.

Aoisliúntas

5. (1) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim neamhranníocach a cheapadh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí a luaithe is féidir le haghaidh pinsean, aisce nó liúntas eile a dheonú don Scrúdaitheoir nó ina leith ar é a scor de bheith i seilbh oifige

(2) Féadfaidh foráil a bheith i scéim faoin mír seo nach ndéanfaidh foirceannadh ceapacháin an Scrúdaitheora le linn a théarma oifige cosc a chur le pinsean, aisce nó liúntas eile a dhámhachtain dó.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a bheidh déanta aige faoin mír seo a leasú.

Oifigigh agus seirbhisigh.

6. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cuidiú leis an Scrúdaitheoir i bhfeidhmiú a fheidhmeanna.

(2) Beidh na hoifigigh agus na seirbhísigh a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus gheobhaidh siad cibé luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais.

Tuarascáil bhliantúil.

7. A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana tabharfaidh an Scrúdaitheoir don Aire tuarascáil ar a imeachtaí i gcaitheamh na bliana agus leagfaidh an tAire an tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Toirmeasc le heolas rúnda a nochtadh.

8. (1) Ní dhéanfadh duine ar bith eolas a nochtadh a bheidh ar fáil aige trína bheith i láthair ag imscrúdú a dhéanfaidh an Scrúdaitheoir faoi alt 14.

(2) Ní bhaineann fomhír 1 le cumarsáid ón Scrúdaitheoir nó ó oifigeach údaraithe i gcomhlíonadh a dhualgas dó faoin Acht seo ná le nochtadh eolais i dtuarascáil ag an Scrúdaitheoir ná chun críche imeachtaí dlíthiúla faoin Acht seo.

(3) Má sháraíonn duine ar bith an mhír seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.