An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Scrudaitheoir Cleachtas Srianta)

11 1972

AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA, 1972

AN TRIU SCEIDEAL

Cleachtais Neamhchóra

Alt 3

Beartanna, rialacha, comhaontuithe nó gníomhartha ar bith, a bhfuil éifeacht á tabhairt dóibh (nó le tabhairt dóibh) ag duine ina aonar nó i gcuallaíocht nó i gcomhaontú (sainráite nó intuigthe) le daoine eile nó trí chumasc, iontaobhas, cairtéil, monaplacht nó meán nó sás eile d'aon sórt agus—

(a) a bhfuil d'éifeacht acu nó ar dóigh é a bheith d'éifeacht acu tórainn nó srian neamhréasúnach a chur le saoirse chóir iomaíochta,

(b) a chuireann srian neamhréasúnach le trádáil,

(c) a bhfuil d'eifeacht acu nó ar dóigh é a bheith d'éifeacht acu iomaitheoir a chur go míchóir ó iomaíocht,

(d) a ardaíonn go míchóir praghsanna earraí nó táillí i leith seirbhísí nó, chun éadairbhe an phobail, a chuireann go míchóir le tairbhe soláthróirí nó imdhálaithe earraí nó daoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí,

(e) a fhaigheann nó is dóigh a gheobhaidh, go neamhchóir nó contrártha do leas an phobail, urlámhas go substainteach nó go hiomlán ar sholáthar nó imdháil earraí nó aon aicme earraí nó ar sholáthar seirbhísí ná aon aicme seirbhísí,

(f) a dhéanann, gan chúis chóir, toirmeasc nó srianadh ar sholáthar earraí nó seirbhísí d'aon duine nó aicme daoine nó fabhar a thabhairt maidir le soláthar earraí nó seirbhísí,

(g) a chuireann, nó is dóigh a chuirfidh, srian míchóir le feidhmiú saoirse roghan ag aon duine i dtaobh na n-earraí nó na seirbhísí a sholáthróidh sé nó i dtaobh an limistéir ina soláthróidh sé earraí nó seirbhísí,

(h) a fhorchuireann coinníollacha míchóra nó neamhréasúnacha maidir le soláthar nó imdháil earraí nó maidir le soláthar seirbhísí,

(i) a choinníonn nó is dóigh a choinneoidh, gan chúis mhaith, daoine ó ghabháil i gcéaduair le haon trádáil, tionscal nó gnó,

(j) a dhéanann nó is dóigh a dhéanfaidh, go míchóir, margaí a roinnt de réir críocha idir daoine áirithe nó aicmí áirithe daoine agus daoine eile a eisiamh, nó

(k) atá in aon slí eile in aghaidh leasa an phobail nó ar neamhréir le prionsabail an cheartais shóisialaigh.