An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Cáin Bhreisluacha) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Leasú Achtachán)

6 1975

AN tACHT AIRGEADAIS, 1975

CUID VI

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

54. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1974” alt 84 den Acht Airgeadais, 1974 ;

ciallaíonn “an cúigiú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1974 ach “£4,342,633” a chur in ionad “£4,373,032”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1974 ach “£2,755,008” a chur in ionad “£2,815,015”.

(4) Déanfar suim £7,272,655 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975.

(5) Déanfar an cúigiú blianacht bhreise is fiche a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den chúigiú blianacht bhreise is fiche, nach mó ná £4,681,565 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an cúigiú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Leasú ar an Acht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927.

1927, Uimh. 7 .

55. —Leasaítear leis seo alt 4 (a) den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí “den tríocha lá” a chur in ionad “den fhiche lá” agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(a) mura ndéanfaidh Dáil Éireann Bille ina mbeidh forálacha sa chéill chéanna (modhnaithe nó gan mhodhnú) leis an rún a léamh an dara huair laistigh den tríocha lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis do Dháil Éireann an rún a rith;

Cúram agus bainisti cánacha agus dleachtanna.

56. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

57. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide) a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite i gCuid I den Acht seo, tiocfaidh an Chuid sin i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1975.

(6) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.