|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL Leasú Achtachán) | Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL Méadú ar Stocluachanna: Forálacha Forlíontacha) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1975
| [EN] | |||||||||||||||||
| [EN] |
AN DARA SCEIDEAL | ||||||||||||||||
|
CUID I Forálacha mar fhorlíonadh ar ailt 19 go 22 | |||||||||||||||||
1. Faoi réir na míreanna seo a leanas, beidh éifeacht le halt 19, míreanna (b) agus (c) d'alt 20 agus ailt 21 agus 22— | |||||||||||||||||
(a) maidir le léas a deonaíodh nó a dheonófar tar éis an 15ú lá d'Eanáir, 1975, agus | |||||||||||||||||
(b) a mhéid a bhaineann siad le halt 83 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le hathrú nó tarscaoileadh léasa (arna dheonú roimh an dáta sin, nó air nó dá éis) i gcás an conradh dó a dhéanamh tar éis an dáta sin. | |||||||||||||||||
| 1964, Uimhir 15. | 2. A mhéid a bhaineann le faoiseamh faoi fho-alt (5) nó (6) d'alt 81, alt 89, 307, 308, 309 nó 310 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó alt 25 den Acht Airgeadais, 1964 , nó le ríomh brabúis nó gnóchain nó caillteanais trádála nó gairme— | ||||||||||||||||
(a) don bhliain 1975-76 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, nó | |||||||||||||||||
(b) do thréimhse chuntasaíochta cuideachta dar críoch dáta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1975, chun críocha cánach brabús corparáide, | |||||||||||||||||
measfar éifeacht a bheith le halt 19, le míreanna (b) agus (c) d'alt 20 agus le hailt 21 agus 22 amhail ó thráth an Achta Airgeadais, 1963 , a rith agus maidir le léasanna a deonaíodh tráth ar bith. | |||||||||||||||||
3. Le linn mír 2 a bheith á cur chun feidhme toimhdeofar— | |||||||||||||||||
(a) go ndearnadh an faoiseamh go léir nach bhféadfadh oibriú na míre sin difear a dhéanamh dó a thabhairt (do gach bliain mheasúnachta agus gach tréimhse chuntasaíochta roimh thráth an Achta seo a rith nó dá éis) sular tugadh faoiseamh a bhféadfadh oibriú na míre sin difear a dhéanamh dó, agus | |||||||||||||||||
(b) go ndearnadh, go háirithe, aon chaillteanas nach dtabhófaí dá mba go raibh éifeacht i gcónaí le halt 19 agus míreanna (a) agus (b) d'alt 20 a chur ar aghaidh go dtí aon chaillteanas eile agus faoiseamh á thabhairt in aghaidh ioncam bliana measúnachta roimh an mbliain 1975-76 nó ioncam tréimhse chuntasaíochta cuideachta dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta roimhe sin. | |||||||||||||||||
Beidh éifeacht leis an mír seo d'ainneoin forálacha aon achtacháin a rialaíonn an t-ord ina dtugtar faoisimh. | |||||||||||||||||
4. I gcás méid a bheith iníoctha ina thráthchodanna agus go mbeadh aon cheann de na tráthchodanna le háireamh, de bhua éileamh a rinneadh faoi alt 83 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar a achtaíodh i gcéaduair é, mar chíos ab iníoctha an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, measfar an tráthchuid a bheith dlite an 6ú lá d'Aibreán, 1975, agus beidh an duine a rinne an t-éileamh inmhuirir i leith cánach faoi Chás V de Sceideal D ar mhéid na tráthchoda sin, lúide aon asbhaint a údaraítear le fo-ailt (5) agus (6) d'alt 81 a mhéid nach mbeidh sí fritháirithe in aghaidh aon mhéid eile nó bainte as, amhail is dá mba nach ndearnadh an t-éileamh faoin alt sin 83 (6). | |||||||||||||||||
5. Féadfaidh duine is inmhuirir i leith cánach de réir mhír 4, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire tráth nach déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1976, a roghnú nach mbeidh feidhm ag an mír sin ina chás ach go ndéanfar a dhliteanas i leith cánach (lena n-áirítear a dhliteanas i leith tréimhsí a caitheadh) a ríomh amhail is dá mba gur tháinig alt 20 (a) i bhfeidhm sula ndearnadh an t-éileamh faoi alt 83 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; agus i gcás ina roghnóidh sé amhlaidh déanfar gach measúnacht, gach athrú measúnachta agus gach aisíoc cánach is gá a dhéanamh. | |||||||||||||||||
6. I gcás ina léireoidh duine a dhlíonn cáin a íoc de réir míreanna 4 agus 5 chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go mbainfeadh cruatan míchuí dó de bharr í a íoc amhlaidh, féadfaidh sé, dá rogha féin, an cháin a íoc i cibé tráthchodanna a cheadóidh na Coimisinéirí. | |||||||||||||||||
7. Déanfar cibé coigeartuithe is gá, mar mheasúnachtaí nó urscaoileadh nó aisíoc cánach, chun éifeacht a thabhairt d'ailt 19 agus 20 agus d'fhorálacha an Sceidil seo. | |||||||||||||||||
|
CUID II Leasú Achtachán | |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
|
CUID III Achtacháin a Aisghairtear | |||||||||||||||||
|