|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL) | Ar Aghaidh (AN CEATHRU SCEIDEAL Dleachtanna Stampa ar Ionstraimí) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1975
| [EN] | ||
| [EN] |
AN TRIU SCEIDEAL Méadú ar Stocluachanna: Forálacha Forlíontacha | |
1. (1) In aon chás nach comhthráthach do thréimhse chuntasaíochta cuideachta agus do thréimhse chuntais nó do dhá thréimhse chuntais chomhleanúnacha nó níos mó, déanfar an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a chinneadh chun críocha alt 31 ní de réir fho-alt (2) den alt sin ach faoi threoir tréimhse (dá ngairtear an treoirthréimhse sa Sceideal seo) a chinnfear de réir na míre seo. | ||
(2) In aon chás nach comhthráthach do thosach tréimhse chuntasaíochta cuideachta agus do thosach tréimhse cuntais, tosóidh an treoirthréimhse i dtosach na tréimhse cuntais arb í an tréimhse chuntais reatha í i dtosach tréimhse chuntasaíochta na cuideachta. | ||
(3) In aon chás nach comhthráthach do dheireadh tréimhse chuntasaíochta cuideachta agus do dheireadh tréimhse cuntais, críochnóidh an treoirthréimhse i ndeireadh na tréimhse cuntais arb í an tréimhse chuntais reatha í i ndeireadh tréimhse chuntasaíochta na cuideachta. | ||
(4) In aon chás nach mbaineann fomhír (2) leis, tosóidh an treoirthréimhse i dtosach tréimhse chuntasaíochta na cuideachta agus, in aon chás nach mbaineann fomhír (3) leis, críochnóidh an treoirthréimhse i ndeireadh tréimhse chuntasaíochta na cuideachta. | ||
2. (1) In aon chás a mbaineann mír 1 (1) leis, déanfar an méadú ar stocluach cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a chinneadh chun críocha alt 31 leis an bhfoirmle | ||
A(C-O) | ||
_____ | ||
N | ||
nuair— | ||
is ionann “A” agus líon na míonna i dtréimhse chuntasaíochta na cuideachta nó 12, cibé acu is lú; | ||
is ionann “C” agus luach stoc trádála na cuideachta i ndeireadh na treoirthréimhse; | ||
is ionann “O” agus luach stoc trádála na cuideachta i dtosach na treoirthréimhse; agus | ||
is ionann “N” agus líon na míonna sa treoirthréimhse. | ||
(2) In aon chás ina mbeidh méadú ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta le cinneadh de réir fhomhír (1), ansin, in alt 31 (4) agus sna forálacha seo a leanas den Sceideal seo— | ||
(a) déanfar aon tagairt do luach stoc dúnta na cuideachta a fhorléiriú mar thagairt do luach stoc trádála na cuideachta i ndeireadh na treoirthréimhse; agus | ||
(b) déanfar aon tagairt do bhrabúis trádála na cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a fhorléiriú mar thagairt don chodán sin dá brabúis trádála don treoirthréimhse ar A a uimhreoir agus ar N a ainmneoir mar a mhínítear i bhfomhír (1). | ||
(3) Chun críocha fhomhír (2) (b), is iad brabúis trádála na cuideachta don treoirthréimhse comhiomlán a brabús trádála do gach ceann de na tréimhsí cuntasaíochta sa treoirthréimhse. | ||
3. (1) Beidh éifeacht le forálacha na míre seo chun críocha alt 31 agus na bhforálacha sin roimhe seo den Sceideal seo in aon chás— | ||
(a) ina mbeidh dhá chuideachta ann agus ceann acu ag gabháil do thrádáil arb éard í ar fad nó go formhór monarú earraí (dá ngairtear an chuideachta aistreora sa mhír seo) agus go bhfaigheann an chuideachta eile díobh (dá ngairtear an chuideachta aistrí sa mhír seo) na hearraí sin mar stoc tradála; agus | ||
(b) gur i rith tréimhse cuntasaíochta de chuid na cuideachta aistrí nó, i gcás feidhm a bheith ag mír 1 (1) maidir leis an gcuideachta sin, i rith treoirthréimhse, a tharlaíonn an fháil sin; agus | ||
(c) go dtagann den fháil dá dtagraítear i mír (a) laghdú ar stoc trádála na cuideachta aistreora agus méadú comhréire ar stoc trádála na cuideachta aistrí; agus | ||
(d) inarb é gnó na cuideachta aistrí go hiomlán nó go formhór díol earraí a mhonaraigh an chuideachta aistreora; agus | ||
(e) nach mbeidh an chuideachta aistrí i dteideal laghdú faoi alt 31 ach amháin de bhua na míre seo. | ||
(2) I gcás an chuideachta aistreora d'iarraidh faoisimh faoi alt 31, ansin déileálfar leis an gcuideachta sin agus leis an gcuideachta aistrí, más í an tréimhse chuntasacíochta chéanna atá aici atá ag an gcuideachta aistreora, mar aon chuideachta amháin chun méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhfuil teideal acu chucu faoi alt 31 a chinneadh: | ||
Ar choinníoll má bhíonn feidhm ag mír 1 (1) maidir leis an gcuideachta aistreora, nach ndéileálfar leis na gcuideachta aistrí mar chuideachta lena mbaineann an fhomhír seo mura rud é go bhfuil feidhm freisin ag mír 1 (1) maidir leis an gcuideachta aistrí agus gurb í an treoirthréimhse chéanna atá ag an gcuideachta aistrí agus ag an gcuideachta aistreora. | ||
(3) Chun na críche a shonraítear i bhfomhír (2), déanfar aon tagairt in alt 31 nó sna forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo do luach stoc trádála cuideachta aon tráth áirithe nó dá brabúis trádála d'aon tréimhse áirithe a fhorléiriú mar thagairt do chomhiomlán luachanna na stoc trádála an tráth sin nó, de réir mar a bheidh, do chomhiomlán na mbrabús trádála don tréimhse sin, de chuid na gcuideachtaí a ndéileáiltear leo, chun na críche sin, mar aon chuideachta amháin de bhua na fomhíre sin. | ||
(4) I gcás ina mbeifear tar éis comhiomlán na n-asbhaintí a mbeidh an chuideachta aistreora agus an chuideachta aistrí ina dteideal faoi alt 31 a chinneadh de réir fomhíreanna (2) agus (3), déanfar an méid sin a chionroinnt eatarthu sa dóigh go mbeidh idir an asbhaint a mbeidh teideal chuici amhlaidh ag cuideachta díobh agus an asbhaint a mbeidh teideal chuici amhlaidh ag an gcuideachta eile an chomhréir chéanna a bheidh idir luach stoc dúnta na cuideachta sin agus luach stoc dúnta na cuideachta eile. | ||
(5) Ní bheidh feidhm ag forálacha na míre seo ach amháin i gcás ina dteachtóidh cuideachta amháin den dá chuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (1) (a) ar feadh na tréimhse cuntasaíochta nó na treoirthreimhse iomchuí go huile, ina hainm féin nó in ainm ainmní, na gnáthscaireanna go léir sa chuideachta eile dá dtagraítear san fhomhír sin nó i gcás ina dteachtóidh cuideachta éigin eile ar feadh na tréimhse cuntasaíochta nó na treoirthréimhse iomchuí go huile, ina hainm féin nó in ainm ainmní, na gnáthscaireanna go léir i ngach cuideachta den dá chuideachta dá dtagraítear san fhomhír sin. | ||
(6) Chun ríomh a dhéanamh ar mhéid comhiomlán na n-asbhaintí a bhfuil an chuideachta aistreora agus an chuideachta aistrí, a ndéileáiltear leo de bhua fhomhír (2) mar aon chuideachta amháin, ina dteideal, faoi alt 31, de bhua na míre seo agus cionroinnt na méide sin eatarthu, measfar trádáil a bheith á seoladh ag an gcuideachta aistrí. | ||
4. (1) Ní bheidh cuideachta i dteideal asbhainte faoi alt 31 i leith tréimhse cuntasaíochta má chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta sin de bhua an chuideachta— | ||
(a) do scor de bheith ag seoladh trádála; nó | ||
(b) do scor de bheith ina cónaí sa Stát; nó | ||
(c) do scor de bheith inmhuirir i leith cánach ioncaim faoi Chás I de Sceideal D. | ||
(2) In aon chás ina mbeidh méadú ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta le cinneadh de réir mhír 2 (1), beidh éifeacht le fomhír (1) amhail is dá mba thagairt d'aon cheann de na tréimhsí cuntasaíochta i dtreoirthréimhse na cuideachta an tagairt san fhomhír sin do thréimhse chuntasaíochta na cuideachta. | ||
5. (1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo, i gcás ina n-éileoidh cuideachta asbhaint faoi alt 31 agus nach raibh an chuideachta sin, díreach roimh thosach tréimhse cuntasaíochta ag seoladh na trádála lena mbaineann an t-éileamh, ansin, mura rud é— | ||
(a) go bhfuair an chuideachta stoc trádála bunaidh na trádála sin ar dhíol nó ar aistriú ó dhuine eile ar an duine sin scor de bheith ag seoladh na trádála sin, agus | ||
(b) gurb é stoc trádála na cuideachta mar a luacháladh i dtosach na tréimhse cuntasaíochta é an stoc a fuarthas amhlaidh nó gur cuid den stoc sin é, | ||
déileálfar leis an gcuideachta chun críocha alt 31 agus na bhforálacha sin roimhe seo den Sceideal seo mar chuideachta a raibh aici, i dtosach na tréimhse cuntasaíochta, stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire a bheith réasúnach agus cóir. | ||
(2) Nuair a bheidh luach stoc trádála a bheidh le cur i leith cuideachta i dtosach na tréimhse cuntasaíochta á chinneadh chun na gcríocha a shonraítear i bhfomhír (1), tabharfaidh an cigire aird ar imthosca iomchuí uile an cháis agus go háirithe— | ||
(a) ar ghluaiseachtaí le linn tréimhse chuntasaíochta na cuideachta i gcostas ítimí de chineál a bhí ar áireamh i stoc trádála na cuideachta sa tréimhse sin; agus | ||
(b) ar athruithe i rith na tréimhse sin ar mhéid na trádála áirithe a bhí á seoladh ag an gcuideachta. | ||
(3) Nuair a bheidh na Coimisinéirí Achomhairc ag déileáil le hachomharc in aghaidh cinneadh ó chigire ar éileamh i gcás ina ndearna an cigire, de réir fhomhír (1), stoc trádála ab fhiú luach áirithe a chur i leith cuideachta i dtosach tréimhse cuntasaíochta, déanfaidh siad, nuair a bheidh an t-achomharc á éisteach agus á chinneadh acu, a mhéid a bhaineann sé le luach an stoic thrádála a bheidh le cur i leith na cuideachta sin amhlaidh, cibé luach a chinneadh is dóigh leo a bheith réasúnach agus cóir, ag féachaint do na dálaí sin nach foláir don chigire féachaint dóibh de bhua fhomhír (2). | ||
(4) In aon chás ina mbaineann mír 1 (1) le tréimhse chuntasaíochta cuideachta, cuirfear tagairt don treoirthréimhse in ionad aon tagartha i bhfomhíreanna (1) go (3) don tréimhse chuntasaíochta sin. | ||
6. (1) Sa Sceideal seo ciallaíonn “tréimhse chuntais”, maidir le cuideachta, tréimhse a ndearnadh cuntais na cuideachta amach ina leith, agus tá le “tréimhse chuntasaíochta”, “cuideachta”, “trádáil”, “brabúis trádála”, agus “stoc trádála” an bhrí chéanna, faoi seach, atá leo in alt 31. | ||
(2) In aon chás inarb éard í tréimhse chuntasaíochta cuideachta nó treoirthréimhse cuideachta líon de mhíonna iomlána agus codán de mhí, déanfar aon tagairt sna forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo don líon míonna sa tréimhse a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don chodán sin de mhí (agus in aon chás inar giorra ná mí aon tréimhse den sórt sin déanfar aon tagairt den sórt sin a fhorléiriú mar thagairt don chodán sin de mhí arb í an tréimhse sin í). |