|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide) | Ar Aghaidh (Caibidil III Frithsheachaint) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1975
| [EN] | |||
| [EN] |
Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta | ||
| [EN] |
Leasú ar alt 13 den Acht Airgeadais, 1974 . |
12. —Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Airgeadais, 1974 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |
| [EN] | “(1) Sa Chaibidil seo— | ||
| [EN] | ciallaíonn ‘feirmeoireacht’ feirmeoireacht talún feirmeoireachta, is é sin, talamh sa Stát atá áitithe go hiomlán nó go formhór chun chríocha feirmeoireachta, seachas talamh garraí mhargaidh de réir brí alt 54 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | ||
| [EN] | ciallaíonn ‘áitiú’, maidir le haon talamh, úsáid na talún sin a bheith ag duine, nó an ceart a bheith ag duine de bhua aon éasúint (de réir brí alt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ), beostoc a chur ar féarach ar an talamh sin.”. | ||
| [EN] |
Leasú ar alt 15 den Acht Airgeadais, 1974 . |
13. —Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Airgeadais, 1974 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (3): | |
| [EN] | “Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo do bhliain mheasúnachta i gcás feirmeoireacht a bheith á seoladh an bhliain mheasúnachta sin ag pearsa aonair lena mbaineann alt 16.”. | ||
| [EN] |
Leasú ar alt 16 den Acht Airgeadais, 1974 . |
14. —(1) Leasaítear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1974 — | |
| [EN] | (a) trí “Sa Chaibidil seo ciallaíonn ‘pearsa aonair lena mbaineann alt 16’ pearsa aonair (seachas pearsa aonair a shuífidh nár mhó ná £50 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth an bhliain mheasúnachta iomchuí) a bhfuil feirmeoireacht á seoladh aige i mbliain mheasúnachta agus” a chur i bhfo-alt (1) in ionad na bhfocal ó “Ní bheidh éifeacht ag alt 15 (3)” go dtí na focail “ag pearsa aonair”, | ||
| [EN] | (b) trí “seachas trádáil arb éard í go huilíoch cóiríocht a sholáthar i bhfoirgnimh ar an talamh feirmeoireachta atá ar áitiú aige, agus gur cuid fhoghabhálach d'fheirmeoireacht na talún feirmeoireachta sin soláthar na cóiríochta sin,” a chur i bhfo-alt (1) (b) i ndiaidh na bhfocal “i gcomhpháirtíocht,”, agus | ||
| [EN] | (c) trí fho-alt (3) a scriosadh, | ||
| [EN] | agus tá an t-alt 16 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| [EN] | (2) Measfar an t-alt seo agus ailt 13 agus 15 a theacht i bhfeidhm, agus beidh éifeacht acu, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1974. | ||
| |||
| [EN] |
Leasú ar alt 17 den Acht Airgeadais, 1974 . |
15. —Leasaítear leis seo alt 17 (4) den Acht Airgeadais, 1974 , trí “nó ar shlí eile” a chur isteach i ndiaidh “i gcomhpháirtíocht”, agus tá an t-alt sin 17 (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |
| |||
| [EN] |
Leasú ar alt 20 den Acht Airgeadais, 1974 . |
16. —Leasaítear leis seo alt 20 (1) den Acht Airgeadais, 1974 , le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1974, trí “de chúig mhí dhéag” a chur in ionad “de shé mhí” agus tá an t-alt sin 20 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |
| |||
| [EN] |
Leasú ar alt 21 den Acht Airgeadais, 1974 . |
17. —(1) Beidh éifeacht ag alt 21 (1) den Acht Airgeadais, 1974 , maidir le haon mheasúnacht don bhliain 1974-75, ionann is dá gcuirfí “de chúig mhí dhéag” ann in ionad “de shé mhí”. | |
| [EN] | (2) Leasaítear leis seo an t-alt sin 21 (1) den Acht Airgeadais. 1974— | ||
| [EN] | (a) trí “1975-76” a chur in ionad “1974-75”, agus | ||
| [EN] | (b) trí “, ná forálacha alt 20” a scriosadh, | ||
| [EN] | agus tá an t-alt sin 21 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||
| |||
| [EN] |
Leasú ar alt 22 den Acht Airgeadais, 1974 . |
18. —(1) Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Airgeadais, 1974 — | |
| [EN] | (a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)— | ||
| [EN] | “(2) Má thabhaíonn duine lena mbaineann an t-alt seo, le feirmeoireacht a dhéanamh ar thalamh feirmeoireachta atá á áitiú aige, aon chaiteachas caipitiúil ag déanamh tithe feirme, foirgnimh feirme, iostáin, fálta nó oibreacha eile, tabharfar, le linn na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht ar an talamh feirmeoireachta sin a bheith á muirearú, i leith an chaiteachais sin— | ||
| [EN] | (a) don chéad bhliain mheasúnachta iomchuí, liúntas tosaigh ar cóimhéid leis an gcúigiú cuid den chaiteachas sin, agus | ||
| [EN] | (b) don chéad bhliain mheasúnachta iomchuí agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin (go dtí go mbeidh na liúntais a bheidh tugtha, nó a mheasfar a bheith tugtha, faoin alt seo i leith an chaiteachais sin ar cóimhéid leis an gcaiteachas arna chinneadh de réir forálacha alt 29 den Acht Airgeadais, 1975 ) liúntas (dá ngairtear liúntas bliantúil san alt seo) ar cóimhéid le deichiú cuid an chaiteachais sin: | ||
| [EN] | Ar choinníoll nach mbainfidh mír (a) le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus nach mbainfidh mír (b) le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1971. | ||
| [EN] | (2A) Má thabhaigh duine aon chaiteachas caipitiúil mar a dúradh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, agus | ||
| [EN] | roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, measfar, chun críocha an ailt seo, liúntas bliantúil— | ||
| [EN] | (a) a bheith tugtha don duine sin, agus | ||
| [EN] | (b) a bheith fritháirithe in aghaidh brabús nó gnóchan inmhuirir don chéad bhliain mheasúnachta iomchuí agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin roimh an mbliain 1974-75, agus ní dhéanfar aon liúntas den sórt sin a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh brabúis nó gnóchain is inmhuirir don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin: | ||
| [EN] | Ar choinníoll más sa bhliain 1973-74 a tabhaíodh an caiteachas sin, go measfar, chun críocha an ailt seo, liúntas bliantúil a bheith tugtha agus fritháirithe in aghaidh brabús nó gnóchan inmhuirir don bhliain mheasúnachta sin. | ||
| [EN] | (2B) I gcás pearsa aonair, d'aon bhliain mheasúnachta— | ||
| [EN] | (a) do roghnú a bheith inmhuirir i leith cánach, i ndáil lena bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht, faoi threoir forálacha alt 21, nó | ||
| [EN] | (b) gan é a bheith, de bhua alt 15 (3), inmhuirir i leith cánach i ndáil leis na brabúis nó na gnóchain sin, | ||
| [EN] | agus gur bliain mheasúnachta an bhliain sin a bhféadfadh sé, mura mbeadh sin, liúntas bliantúil a éileamh ina leith faoin alt seo, measfar, chun críocha an ailt seo, an liúntas sin a bheith tugtha i ndáil leis an mbliain mheasúnachta sin agus ní dhéanfar é a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh brabúis nó gnóchain is inmhuirir d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.”, | ||
| [EN] | (b) trí “1971” a chur in ionad “1974” i bhfo-alt (3), agus | ||
| [EN] | (c) trí “nó sa tréimhse arbh í a bhonn-tréimhse í dá mbeadh a bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht inmhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D”, a chur i bhfo-alt (5), i ndiaidh na bhfocal “dar thabhaigh sé an caiteachas” agus tá an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| [EN] | (2) Measfar an t-alt seo a theacht i bhfeidhm, agus beidh éifeacht aige, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1974. | ||
|