|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Dleachtanna Báis) | Ar Aghaidh (CUID V Cáin Bhreisluacha) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1975
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV Dleachtanna Stampa | |
| [EN] |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891. 1981. c. 39. |
48. —(1) (a) Cuirtear leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad an Cheannteidil “CONVEY-ANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachachtáin dá éis sin) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891. |
| [EN] | (b) Faoi réir forálacha an Cheannteidil sa Chéad Sceideal sin (a cuireadh isteach le mír (a) den fho-alt seo), measfar go bhfolóidh an Ceannteideal sin aon tíolacadh nó aistriú ar aon mhaoin seachas stoic nó urrúis inmhargaidh a oibríonn mar dhiúscairt shaorálach inter vivos agus déanfar aon tagairt sa Cheannteideal sin do mhéid nó do luach aon chomaoine a fhorléiriú, i ndáil le dleacht is inmhuirir ar an tíolacadh nó ar an aistriú sin, mar thagairt do luach na maoine. | |
| [EN] | (2) Cuirtear leis seo an mhír atá leagtha amach i gCuid II den Cheathrú Sceideal sin in ionad mhír (3) den Cheannteideal “LEASE” sa Chéad Sceideal sin (arna leasú amhlaidh). | |
| [EN] | (3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith. | |
| [EN] |
Ordú a chúlghairm. I.R. Uimh. 27 de 1975 . |
49. —Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 217) (Dleacht Stampa ar Ionstraimí Airithe). 1975. |