An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XVI Coigilteas, Athruithe, etc.) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

AN CHEAD SCEIDEAL

Oiriúnú ar an gCóras Liúntas Caipitiúil

Alt 21

1. (1) Beidh éifeacht le forálacha na míre seo chun léiriú a dhéanamh ar an Sceideal seo, ar na Codanna agus na hailt a leasaítear dá réir agus ar aon fhorálacha eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh faoi réim nó de réir na gCodanna nó na n-alt sin.

(2) Ciallaíonn “tréimhse inmhuirearaithe” tréimhse chuntasaíochta cuideachta nó bliain mheasúnachta; agus

(a) tagairt do “tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse” is tagairt í don tréimhse inmhuirearaithe más tréimhse chuntasaíochta í agus don bhonn-tréimhse di más bliain mheasúnachta í;

(b) tagairt do “tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann le” caiteachas, nó díolachán nó teagmhas eile, is tagairt í don tréimhse inmhuirearaithe ina dtoibhítear, nó don tréimhse inmhuirearaithe sa bhonn-tréimhse dá dtoibhítear, an caiteachas nó ina dtarlaíonn an díolachán nó an teagmhas eile, agus is í an chiall deiridh sin atá leis más rud é, agus amháin más rud é, gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe.

(3) Ciallaíonn “cáin”, d'ainneoin an mhínithe atá in alt 1 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i gcás nach sonraítear cáin chorparáide ná cáin ioncaim, ceachtar de na cánacha sin, agus déanfar tagairtí do cháin do thréimhse inmhuirearaithe a fhorléiriú, i ndáil le cáin chorparáide, mar thagairtí don cháin d'aon bhliain airgeadais is inmhuirearaithe i leith na tréimhse sin.

(4) Tagairt do liúntais a thabhairt nó do mhuirir a ghearradh le linn cáin a bheith á gearradh ar thrádáil is tagairt í d'iad a thabhairt nó a ghearradh le linn an t-ioncam trádála a bheith á ríomh le haghaidh cánach corparáide nó le linn cáin ioncaim a bheith á muirearú ar bhrabúis nó ar ghnóchain na trádála.

(5) I gcás a bhforáiltear go dtabharfar liúntais síos-scríota i leith aon chaiteachais le linn tréimhse síos-scríofa d'fhad sonraithe, déanfar liúntas ar cóimhéid leis an gcódan iomchuí den chaiteachas a thabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe a bhfuil a hiomlán nó cuid di sa tréimhse síos-scríofa; agus, faoi réir aon fhoráil dá mhalairt, is é an codán iomchuí cibé codán den tréimhse síos-scríofa atá sa tréimhse inmhuirearaithe:

Ar choinníoll nach rachaidh méid comhiomlán na liúntas a thabharfar do na daoine céanna nó do dhaoine éagsúla, mar aon le méid aon liúntais tosaigh (ach gan aon liúntas infheistíochta a áireamh), thar mhéid an chaiteachais.

(6) Más go páirteach do bhlianta measúnachta roimh an mbliain 1976-77 an tagairt—

(a) folaíonn “liúntas síos-scríofa” liúntas bliantúil, agus

(b) folaíonn liúntas i ngeall ar chaitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra laghdú i ngeall ar chaitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra,

de réir na céille a bhí, sa chomhthéacs, leis na habairtí sin díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

(7) I gcás a bhforálann aon achtachán dá dtagraítear i bhfomhír (1) go mbeidh méid aon liúntais síos-scríofa nó aon liúntas i ngeall ar chaitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra le cinneadh mar chodán nó céatadán, arna shonrú go huimhriúil, d'aon chaiteachas nó suim eile, nó faoi threoir céatadán, arna chinneadh, nó a mheastar a bheith arna chinneadh, do thréimhse inmhuirearaithe bliana, ansin, i gcás tréimhse inmhuirearaithe is lú ná bliain, déanfar an codán nó an céatadán a laghdú go comhréireach.

2. Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon tagairt atá, in aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim nach dtagraítear di i mír 1 (1), do liúntas nó do mhuirear in aghaidh bliana measúnachta faoi fhoráil dá dtagraítear i mír 1 (1), folóidh sí a shamhail de liúntas nó de mhuirear in aghaidh tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, agus déanfar aon tagairt do liúntas a thabhairt nó do mhuirear a ghearradh le linn brabúis nó gnóchain trádála a bheith á muirearú a fhorléiriú mar thagairt dá thabhairt nó dá ghearradh le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin.

3. Aon fhorálacha de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a measfar nó nach measfar dá mbua chun críocha Chodanna XIII, XIV, XV, XVI, XVII agus XVIII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais a thabhairt nó le muirir a ghearradh faoi réim nó de réir na gCodanna sin, trádáil a bheith buanscortha nó trádáil nua a bheith bunaithe agus tosaithe beidh an fheidhm chéanna acu i gcás trádáil a meastar sin ina taobh de bhua aon fhorála den Acht seo.

4. Ní bheidh éifeacht i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1975-76 nó d'aon bhliain mheasúnachta níos luaithe leis na leasuithe a dhéan tar leis an Sceideal seo ach amháin a mhéid a dhéanann a n-oibriú difear di i ndáil le cáin chorparáide; ach aon ríomh a bheidh le déanamh chun críocha cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta den sórt sin leanfaidh sé, i gcás inar gá sin, as ríomh arna dhéanamh de réir na leasuithe sin.

5. (1) I ndáil leis an athrú ó cháin ioncaim go cáin chorparáide i gcás cuideachtaí, na hachtacháin a leasaítear leis an Sceideal seo agus aon fhoráil eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis an gcéanna, beidh éifeacht leo, faoi réir cibé modhnuithe is gá, le leanúnachas an chórais liúntas agus muirear fúthu a chaomhnú, sa dóigh go háirithe—

(a) go mbeidh le tagairtí do thréimhse inmhuirearaithe roimh ré nó do thréimhse inmhuirearaithe iardain, nó do thráth roimh thréimhse inmhuirearaithe, nó do thráth tar éis tréimhse inmhuirearaithe, éifeacht i ndáil le cuideachta ionann is dá mba gur tháinig an bhliain 1975-76 nó bliain mheasúnachta níos luaithe roimh chéadtréimhse chuntasaíochta na cuideachta sin i ndáil le cáin chorparáide;

(b) más rud é, i gcás teagmhas do bhunú aon liúntais nó muirir mar theagmhas a tharla i dtréimhse inmhuirearaithe, go ndéanfar teagmhas a tharla sa bhliain 1974-75 nó sa bhliain 1975-76 tráth a thit freisin i dtréimhse chuntasaíochta cuideachta le haghaidh cánach corparáide a chur i gcuntas mar theagmhas a tharla an bhliain sin agus nach gcuirfear i gcuntas arís é, ar shlí a dhúblódh an liúntas nó an muirear, mar theagmhas a tharla sa tréimhse chuntasaíochta.

(2) I gcás a bhforáiltear go mbeidh liúntais síos-scríofa le tabhairt i leith tréimhse sonraithe, féadfar liúntais a thabhairt i leith tréimhsí cuntasaíochta cuideachta a bhí, go hiomlán nó go páirteach, sa bhliain 1974-75 nó sa bhliain 1975-76, d'ainneoin liúntais a thabhairt freisin i leith na bliana sin agus, le linn an tréimhse a mbeidh liúntais le tabhairt ina leith a bheith á ríomh, déanfar na tréimhsí a dtabharfar liúntais amhlaidh ina leith a shuimiú le chéile, d'ainneoin an t-am céanna (de réir an fhéilire) a chomhaireamh faoi dhó.

(3) Faoi réir fhomhír (2), ní ghlacfar go gcuireann an mhír seo faoi deara aon am a chomhaireamh faoi dhó le linn fad a bheith á ríomh.

6. In ionad alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“241.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, i gcás ar thabhaigh duine a sheolann trádáil in aon tréimhse inmhuirearaithe caiteachas caipitiúil ag soláthar innealra nó gléasra chun críocha na trádála, tabharfar liúntas dó in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt aon chuid den innealra nó den ghléasra dá chuid féin atá in úsáid chun críocha na trádála i ndeireadh na tréimhse inmhuirearaithe sin nó a bonn-thréimhse agus is é méid an liúntais suim ar cóimhéid le cúig cheathrú den méid a mheasfaidh na Coimisinéirí Achomhairc a bheith cóir réasúnach, mar ionannas don luach laghdaithe de bhíthin caitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra sin in imeacht na tréimhse inmhuirearaithe, agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin:

Ar choinníoll, i gcás a seolann duine trádáil arb éard í nó ar a n-áirítear oibriú mianaigh nó cairéil nó bruithniú méine, gurb é liúntas a thabharfar faoin bhfo-alt seo, má roghnaíonn an duine amhlaidh, maidir le hinnealra nó gléasra dá chuid a úsáidtear i ndáil le hoibriú an mhianaigh nó an chairéil nó le bruithniú na méine, cibé suim a mheastar a bheith cóir réasúnach ag féachaint don tréimhse is dóigh a scoirfear, ar dheireadh a bheith léi, den mhianach nó den chairéal a oibriú nó de mhian a bhruithniú agus don luach is dóigh is fiú an t-innealra nó an gléasra, ar dheireadh a bheith leis an tréimhse sin, don duine a sheolann an trádáil:

Ar choinníoll freisin go ndéanfar an liúntas a thabharfar faoin bhfo-alt seo—

(a) i leith feithicil atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar, nó

(b) de bhua rogha faoin gcéad choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt seo,

a ríomh ionann is dá scriosfaí “cúig cheathrú den” san fho-alt seo.

(2) I gcás ina mbeidh innealra nó gléasra ligthe chun an duine a sheolann an trádáil, ar théarmaí é a bheith faoi cheangal an céanna a chothabháil agus a sheachadadh ar ais faoi dhea-bhail ar dheireadh a bheith leis an léas, agus ar choinníoll gur airsean go díreach a thitfidh ualach caithimh agus cuimilte an innealra nó an ghléasra, ansin, chun críocha an ailt seo, measfar an caiteachas caipitiúil ar an innealra nó an gléasra a sholáthar a bheith tabhaithe ag an duine sin agus measfar gur leis-sean an t-innealra nó an gléasra.

(3) i gcás nach féidir lán-éifeacht a thabhairt d'aon liúntas den sórt sin aon bhliain áirithe toisc gan aon bhrabúis ná aon ghnóchain a bheith inmhuirearaithe in aghaidh na bliana sin, nó toisc gur lú ná an liúntas na brabúis nó na gnóchain is inmhuirearaithe, ansin, chun an mheasúnacht a dhéanamh don bhliain ina dhiaidh sin, déanfar an liúntas nó an chuid den liúntas nár tugadh éifeacht dó, de réir mar a bheidh, a chur le méid an liúntais chaithimh agus chuimilte don bhliain sin, agus measfar gur cuid den liúntas sin é, nó, i gcás gan aon liúntas den sórt sin a bheith ann don bhliain sin, measfar gurb é an liúntas don bhliain sin é agus mar sin de maidir le blianta ina dhiaidh sin.

(4) Déanfar aon éileamh i leith an liúntais réamhráite a chur sa ráiteas bliantúil is gá a sheachadadh faoin Acht seo ar bhrabúis nó gnóchain na trádála ar úsáideadh an t-innealra nó an gléasra lena haghaidh.

(5) I gcás a mbeidh innealra nó gléasra ligthe ar théarmaí gur díreach ar an léasóir a thitfidh ualach a chaithimh agus a chuimilte, beidh sé i dteideal, ar éileamh a dhéanamh chun an chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse inmhuirearaithe, liúntas a fháil mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra ar cóimhéid leis an méid a thabharfaí dá mbeadh an t-innealra nó an gléasra á úsáid i gcaitheamh tréimhse an ligin chun críocha trádála a bhí á seoladh aige.

(6) Ní dhéanfar aon liúntas caithimh agus cuimilte, ná aon aisíocaíocht mar gheall ar aon liúntas den sórt sin, a thabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe más rud é go dtabharfaidh an liúntas, ar é a bheith curtha leo seo a leanas—

(a) na liúntais mar gheall air sin, agus

(b) aon liúntais tosaigh i ndáil leis an innealra nó an gléasra faoi Chaibidil I de Chuid XV,

a tugadh in aghaidh aon tréimhsí inmhuirearaithe roimhe sin don duine ag a raibh an trádáil á seoladh, go mbeidh méid comhiomlán na liúntas níos mó ná costas iarbhír an innealra nó an ghléasra ar an duine sin, agus aon chaiteachas a áireamh ar an gcostas iarbhír sin is caiteachas de ghné caiteachais chaipitiúil ar an innealra nó ar an ngléasra ar mhodh athnuachana, feabhsaithe nó athshuímh.

(7) I gcás a mbeidh liúntas le tabhairt do dhuine ar bith mar ní is ionannas do luach laghdaithe de bhíthin caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra in imeacht na tréimhse inmhuirearaithe, measfar gurbh é luach an innealra nó an ghléasra sin i dtosach na tréimhse inmhuirearaithe sin costas iarbhír an innealra nó an ghléasra ar an duine sin, arna laghdú méid iomlán aon liúntais a tugadh mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt mar aon le haon liúntais tosaigh a tugadh faoi Chaibidil I de Chuid XV in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe roimhe sin.

(8) I gcás iarratas a chur chun na gCoimisinéirí Ioncaim ar lorg athrú ar mhéid aon liúntais chaithimh agus cuimilte, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, mura dóigh leo gur iarratas suaibhreosach nó iarratas cráiteach é, an cás a tharchur chun an Bhoird Réiteoirí, agus, más deimhin leis an mBord sin go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ag aon mhórlíon nó thar ceann aon mhórlíon daoine a bhfuil aon chineál trádála nó gnó á seoladh acu, breithneoidh siad an t-iarratas, agus cinnfidh siad an liúntas a thabharfar.

San fho-alt seo ciallaíonn an abairt ‘Bord Réiteoirí’ Bord Réiteoirí a cheapfaidh an tAire Airgeadais chun críche an fho-ailt seo.

(9) (a) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó faoin alt seo le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó ar a gnóchain a bheidh cáin ioncaim don bhliain sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D maidir leis an trádáil áirithe nó, i gcás é a bheith le meas, de bhua aon fhorála de chuid an Achta seo, go mbeidh na brabúis nó na gnóchain d'aon tréimhse eile le háireamh mar bhrabúis nó gnóchain de chuid na tréimhse sin, an tréimhse eile sin.

(b) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó faoin alt seo trí urscaoileadh nó aisíoc cánach, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an bhliain mheasúnachta í féin.

(10) Beidh ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo, modhnaithe mar is gá, feidhm i ndáil le gairmeacha, fostaíochtaí agus oifigí mar atá feidhm acu i ndáil le trádálacha.”.

7. In ionad alt 242 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“242.—Beidh leis na forálacha den Acht seo a bhaineann leis an liúntas atá le tabhairt maidir le luach laghdaithe de bhíthin caithimh agus cuimilte éifeacht ionann is dá bhfolódh na tagairtí iontu do luach laghdaithe de bhíthin caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra in imeacht na tréimhse inmhuirearaithe tagairtí do luach laghdaithe de bhíthin aon innealra nó gléasra a bheith as úsáid go sealadach aon tráth i rith na tréimhse inmhuirearaithe de dhroim imthosca is inchurtha, go díreach nó go neamhdhíreach, i leith na héigeandála náisiúnta lenar bhain an rún a rith gach Teach den Oireachtas an 2ú lá de Mheán Fómhair 1939 (lena n-áirítear imthosca a lean tar éis deireadh na héigeandála sin).”.

8. In ionad alt 243 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“243.—(1) Le linn brabúis nó gnóchain aon trádála, gairme, fostaíochta nó oifige a bheith á meas lamhálfar, má ghlacann an duine a sheolann nó a shealbhaíonn an céanna de rogha é trí fhógra i scríbhinn chun an chigire, go n-aisbhainfear, mar chostais a tabhaíodh in aon tréimhse inmhuirearaithe, an oiread sin d'aon mhéid a caitheadh sa tréimhse inmhuirearaithe sin le gléasra nó innealra a chur in ionad aon ghléasra nó innealra a soláthraíodh roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1959, agus atá imithe i seandacht, agus is cóimhéid le costas an innealra nó an ghléasra a athsholáthraíodh tar éis suim a bhaint as an gcostas sin is ionann agus iomlán aon liúntais a tugadh aon tráth le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin nó le linn brabúis nó gnóchain na gairme, na fostaíochta nó na hoifige a bheith á muirearú mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt an innealra agus an ghléasra sin, aon liúntais tosaigh a tugadh i leith an innealra agus an ghléasra sin faoi Chaibidil I de Chuid XV agus aon suim a fuarthas de thoradh an t-innealra nó an gléasra sin a dhíol.

(2) Beidh feidhm ag forálacha ailt 279 agus 280 chun an méid a chinneadh a bheidh le lamháil faoi fho-alt (1) a asbhaint mar chostais le linn brabúis nó gnóchain na trádála, na gairme, na fostaíochta nó na hoifige a bheith á meas mar atá feidhm acu chun méid liúntais chothromaíochta faoi Chaibidil II de Chuid XVI a chinneadh.”.

9. In ionad alt 244 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“244.—(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt ‘taighde eolaíochta’ aon ghníomhaíochtaí i réim na heolaíochta nádúrtha nó feidhmiúla d'fhonn eolas a mhéadú;

folaíonn an focal ‘sócmhainn’ cuid de shócmhainn;

ní fholaíonn an abairt ‘caiteachas ar thaighde eolaíochta’ aon chaiteachas a tabhaíodh ag fáil cearta i dtaighde eolaíochta nó cearta a d'éirigh as taighde eolaíochta.

(2) I gcás duine a sheolann trádáil—

(a) do thabhú, an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, caiteachais neamh-chaipitiúil ar thaighde eolaíochta a bhaineann leis an trádáil, nó

(b) d'íoc aon suime, ar an dáta sin nó dá éis, le comhlacht a sheolann taighde eolaíochta agus a bheidh ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais nó le hollscoil Éireannach, ionas go nglacfaidh an comhlacht nó an ollscoil sin taighde eolaíochta a bhaineann leis an trádáil de láimh,

ansin, déanfar an caiteachas a tabhaíodh amhlaidh nó na suimeanna a íocadh amhlaidh a asbhaint mar chostas le linn brabúis nó gnóchain na trádála a bheith á ríomh

(2A) Más rud é, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, maidir le duine a sheolann trádáil—

(a) go dtabhóidh sé caiteachas neamh-chaipitiúil ar thaighde eolaíochta nó go n-íocfaidh sé aon suim le comhlacht nó le hollscoil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) ionas go nglacfaidh an comhlacht nó an ollscoil sin taighde eolaíochta de láimh, agus

(b) nach mbeidh an caiteachas a thabhófar amhlaidh nó an tsuim a íocfar amhlaidh inasbhainte mar chostas faoi fho-alt (2) toisc nach mbaineann an taighde eolaíochta le haon trádáil a sheolann an duine,

ansin, déanfar an caiteachas a thabhófar amhlaidh nó na suimeanna a íocfar amhlaidh a asbhaint mar chostas le linn brabúis nó gnóchain thrádáil an duine a bheith á ríomh.

(3) Más rud é—

(a) go dtabhóidh duine, an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta, agus

(b)  (i) go mbeidh trádáil lena mbaineann an caiteachas sin á seoladh aige an tráth sin, nó

(ii) go mbunóidh agus go dtosóidh sé ina dhiaidh sin trádáil a bhainfidh leis an taighde sin, agus

(c) go n-iarrfaidh sé liúntas faoin bhfo-alt seo ar an gcigire i leith an chaiteachais sin, agus

(d) go n-iarrfaidh sé é sin amhlaidh—

(i) i gcás é do thabhú an chaiteachais le linn an trádáil a bheith á seoladh aige, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse inmhuirearaithe a tabhaíodh é, nó

(ii) i gcás é do thabhú an chaiteachais roimh an trádáil a bhunú agus a thosú, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse inmhuirearaithe a bunaíodh agus a tosaíodh an trádáil,

ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, lamhálfar, le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin i leith na tréimhse inmhuirearaithe a luaitear i cibé ceann is infheidhmithe d'fhomhíreanna (i) agus (ii) de mhir (d), agus i leith gach tréimhse de na tréimhsí inmhuirearaithe ina dhiaidh sin, liúntas ar cóimhéid leis an gcodán den chaiteachas is ionann agus an codán de chúig bliana an tréimhse inmhuirearaithe ach sin sa dóigh nach mó comhiomlán na liúntas a thabharfar ná méid an chaiteachais:

Ar choinníoll, más rud é, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, go dtabhóidh duine a sheolann trádáil caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta nach féidir liúntas a thabhairt ina leith faoi na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo toisc nach mbaineann an taighde eolaíochta le haon trádáil a sheolann an duine sin, go dtabharfar, le linn trádáil an duine sin i leith na tréimhse inmhuirearaithe a tabhaíodh an caiteachas a bheith á cur faoi cháin, liúntas ar cóimhéid leis an gcaiteachas.

(4) I gcás sócmhainn is ionannas do chaiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta scor aon tráth, ar aon chúis ar aon chor, de bheith á húsáid le haghaidh an taighde sin, is taighde a bhaineann leis an trádáil a sheolann an duine a thabhaigh an caiteachas, ansin—

(a) ní dhéanfar aon liúntas faoin alt seo i leith an chaiteachais sin a thabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i ndiaidh na tréimhse inmhuirearaithe a tharla an scor;

(b) más lú a n-iomlán seo a leanas, is é sin, na liúntais a tugadh cheana féin faoin alt seo i leith an chaiteachais sin agus luach na sócmhainne díreach roimh an scor, ná an caiteachas sin, tabharfar, le linn an trádáil don tréimhse inmhuirearaithe a tharla an scor a bheith á cur faoin cháin, liúntas breise ar cóimhéid leis an easnamh;

(c) más mó an t-iomlán sin ná an caiteachas sin, déileálfar le méid na breise nó le hiomlán na liúntas a tugadh amhlaidh, cibé acu is lú, mar fháltas trádála de chuid na trádála a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor;

(d) le linn alt 241 a bheith á fheidhmiú ar liúntas a tugadh i leith na sócmhainne in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i ndiaidh na tréimhse inmhuirearaithe a tharla an scor, measfar costas iarbhír na sócmhainne a bheith laghdaithe de mhéid iomlán na liúntas a tugadh i leith na sócmhainne faoin alt seo; agus

(e) le linn alt 243 a bheith á fheidhmiú ar aon liúntas den sórt sin, measfar costas na sócmhainne a bheith laghdaithe de mhéid an iomláin sin.

(5) I ndáil le caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta a bheifear tar éis a thabhú an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dá éis, beidh éifeacht leis an alt seo—

(a) ionann is dá ndéanfaí i bhfo-alt (3) na focail ‘liúntas ar cóimhéid leis an gcaiteachas’ a chur in ionad na bhfocal ‘agus i leith gach tréimhse de na tréimhsí inmhuirearaithe ina dhiaidh sin, liúntas ar cóimhéid leis an gcodán den chaiteachas is ionann agus an codán de chúig bliana an tréimhse inmhuirearaithe ach sin sa dóigh nach mó comhiomlán na liúntas a thabharfar ná méid an chaiteachais’,

(b) ionann is dá bhfágfaí míreanna (a), (b) agus (e) d'fho-alt (4) ar lár agus go gcuirfí an mhír seo a leanas in ionad mhír (c)—

‘(c) déileálfar mar fháltas trádála de chuid na trádála a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor le méid is ionann agus an liúntas a thabharfar faoin alt seo i ndáil leis an gcaiteachas sin, nó, más lú ná an liúntas sin luach na sócmhainne díreach roimh an scor, le méid is ionann agus an luach sin;’,

(c) ionann is dá ndéanfaí na focail ‘de mhéid an liúntais a tugadh go héifeachtúil’ a chur in ionad ‘de mhéid iomlán na liúntas a tugadh’ i bhfo-alt (4) (d).

(6) I gcás liúntas faoin alt seo a thabhairt do dhuine in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i leith caiteachas arb ionannas dó, go hiomlán nó go páirteach, sócmhainní, ansin, ní thabharfar aon liúntas i leith na sócmhainní sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, don duine sin faoi alt 67, 241, 243 nó 306.

(7) Beidh feidhm ag alt 241 (3) i ndáil le liúntas faoi fho-alt (3) den alt seo mar atá feidhm aige i ndáil le liúntais i leith caitheamh agus cuimilt innealra agus gléasra.

(8) Ní mheasfar, chun críocha an ailt seo, caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a glanadh nó a ghlanfar, go díreach nó go neamhdhíreach, é as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag aon duine seachas an duine chéadluaite.

(9) Ní chuirfear an caiteachas céanna i gcuntas chun críche ar bith de chríocha an ailt seo i ndáil le níos mó ná aon trádáil amháin.”.

10. In ionad alt 245 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“245.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘mianach’ tochailt faoi thalamh chun mianraí a fháil:

Ar choinníoll, i ndáil le caiteachas caipitiúil de réir brí an ailt seo a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, go gciallaíonn ‘mianach’ mianach a oibrítear chun aon mhianra sceidealta, cumasc mianrúil nó substaint mhianrúil mar a mhínítear in alt 2 den Acht Forbairte Minearál, 1940 , a fháil trí oibriú faoi thalamh nó ar uachtar talún;

déanfar tagairtí do chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach a fhorléiriú mar thagairtí do chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh—

(a) ag forbairt an mhianaigh le linn bheith ag cuardach nó ag fionnachtain agus ag tástáil foslach mianraí nó ag déanamh bealaigh chucu, nó

(b) ag déanamh aon oibreacha is oibreacha de shaghas gur dócha, nuair a scoirfear den mhianach a oibriú go mbeidh a luach chomh laghdaithe sin gur beag is fiú nó nach fiú dada iad,

ach mar thagairtí nach bhfolaíonn tagairtí—

(c) d'aon chaiteachas chun láithreán an mhianaigh nó láithreán aon oibreacha den sórt sin nó cearta in aon láithreán den sórt sin nó thairis a fháil, nó

(d) d'aon chaiteachas chun na foslaigh, nó cearta thar na foslaigh, a fháil, nó

(e) d'aon caiteachas ar oibreacha a rinneadh go hiomlán nó go formhór chun amhtháirge an mhianaigh a chur faoi aon phróis seachas próis a ceapadh chun an t-amhtháirge a ullmhú chun a úsáidte sa cháil sin;

déanfar tagairtí do shócmhainní a ionannaíonn caiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach—

(a) a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn, i ndáil le caiteachas ar chuardach, fionnachtain agus tástáil foslach, tagairtí d'aon eolas nó torthaí eile ó aon chuardach, lorg nó fiosrú ar i ndáil leis a tabhóidh an caiteachas, agus

(b) a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn freisin tagairtí d'aon chuid de shócmhainní den sórt sin, agus

(c) a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn freisin, i gcás aon sócmhainní den sórt sin a díothaíodh nó a damáistíodh, tagairtí d'aon airgead árachais nó airgead cúitimh eile i leith an díothaithe nó an damáistithe sin.

(2) Ní mheasfar, chun críocha an ailt seo, caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a sheol trádáil ag oibriú mianaigh a mhéid a glanadh nó a ghlanfar, go díreach nó go neamhdhíreach, é as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag aon duine eile (nach duine a sheol an trádáil ag oibriú an mhianaigh sin).

(3) Aon duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh agus a thabhaigh, an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, aon chaiteachas caipitiúil i ndáil leis an mianach sin, féadfaidh sé liúntas (dá ngairtear liúntas forbartha mianaigh san alt seo) a iarraidh i leith an chaiteachais chaipitiúil sin.

(4) Féadfar liúntas forbartha mianaigh in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe a iarraidh ar an gcigire tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse sin.

(5) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le méid liúntais forbartha mianaigh in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i leith aon chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach—

(a) measfaidh an cigire, go feadh a bhreithiúnais, ré (dá ngairtear an ré mheasta san alt seo) na bhfoslach, ach ní mheasfaidh ré is faide ná fiche bliain dóibh,

(b) measfaidh an cigire ansin méid an difir (dá ngairtear an difear measta san fho-alt seo) idir an caiteachas caipitiúil sin agus an méid is dóigh leis is fiú na sócmhainní, is ionannas don chaiteachas caipitiúil sin, i ndeireadh na ré measta,

(c) faoi réir forálacha an ailt seo, lamhálfaidh an cigire mar liúntas forbartha mianaigh, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, méid ar cóimhéid le suim a mbeidh idir í agus an difear measta an coibhneas céanna a bheidh idir fad na tréimhse inmhuirearaithe sin agus fad na ré measta,

(d) más le linn na tréimhse inmhuirearaithe sin a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil sin, ansin glacfar, chun críocha mhír (c), gurb ionann an tréimhse inmhuirearaithe sin agus an oiread sin den tréimhse inmhuirearaithe sin a tháinig i ndiaidh an dáta ar ar tabhaíodh an caiteachas caipitiúil sin:

Ar choinníoll nach mbeidh iomlán na liúntas níos mó ná an difear measta.

(6) Liúntas forbartha mianaigh a thabharfar d'aon duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh tabharfar é le linn an trádáil sin a bheith á cur faoi cháin agus beidh feidhm ag alt 241 (3) i ndáil leis an liúntas mar atá feidhm aige i ndáil le liúntais i leith caitheamh agus cuimilt innealra agus gléasra.

(7) Ní thabharfar liúntas forbartha mianaigh i leith aon chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach in aon chás inar sócmhainn a bhféadfaí liúntas a thabhairt ina leith faoi alt 241, 243 nó 306 an tsócmhainn a ionannaíonn an caiteachas caipitiúil sin.

(8) I gcás liúntas forbartha mianaigh in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe a bheith tugtha i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach, ansin, ní bheidh feidhm, maidir le haon sócmhainn den sórt sin, ag alt 67 in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin.

(9) Aon chaiteachas caipitiúil a thabhaigh duine an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, i ndáil le mianach agus an duine sin ar tí trádáil a sheoladh ag oibriú an mhianaigh sin ach roimh thosú ar an trádáil sin, déileálfar leis, chun críocha an ailt seo, ionann is dá mba é an chéad lá a tosaíodh ar an trádáil sin a tabhaíodh é.

(10) I gcás a mbeidh liúntais forbartha mianaigh tugtha i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach agus go mbeidh scortha go críochnaitheach den mhianach a oibriú—

(a) athscrúdóidh an cigire na liúntais forbartha mianaigh sin,

(b) más dealraitheach, ar an athscrúdú sin a dhéanamh, breis a bheith ar iomlán na liúntas forbartha mianaigh sin ag méid an difir (dá ngairtear an difear sin san fho-alt seo) idir an caiteachas caipitiúil sin agus an méid ab fhiú, tráth an scoir sin, na sócmhainní ab ionannas don chaiteachas caipitiúil sin tráth an scoir sin, ansin, féadfar liúntais forbartha mianaigh eile a mbeidh a n-iomlán comhionann leis an mbreis a thabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe (arb í an tréimhse inmhuirearaithe í a scoir an mianach sin go críochnaitheach de bheith á oibriú nó aon tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin) ach sin i dtreo nach mó ná an bhreis sin iomlán na liúntas forbartha mianaigh eile sin, agus féadfar éifeacht a thabhairt, más gá sin, don mhír seo trí aisíoc,

(c) más dealraitheach, ar an athscrúdú sin a dhéanamh, gur lú an difear sin ná iomlán na liúntas forbartha mianaigh sin, ansin, déileálfar leis an easnamh nó le hiomlán na liúntas forbartha mianaigh sin, cibé acu is lú, mar fháltas trádála de chuid na trádála ag oibriú an mhianaigh sin a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor sin.

(11) I gcás an duine (dá ngairtear an díoltóir san fho-alt seo) a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh do dhíol aon sócmhainne le haon duine eile (nach duine is comharba don díoltóir sa trádáil sin) is sócmhainn is ionannas do chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil leis an mianach sin agus ar tugadh liúntais forbartha mianaigh faoina treoir, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) má bhíonn iomlán na liúntas forbartha mianaigh sin, i dteannta na suime de bharr an tsócmhainn sin a dhíol, níos lú de mhéid ar bith (dá ngairtear an liúntas neamhídithe san fho-alt seo) ná an caiteachas caipitiúil sin, ansin, féadfar liúntais forbartha mianaigh eile a thabhairt don díoltóir in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe (arb í tréimhse inmhuirearaithe an díola sin í nó aon tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin), ach sin i dtreo nach mó ná an liúntas neamhídithe iomlán na liúntas forbartha mianaigh eile sin,

(b) má bhíonn breis ag iomlán na liúntas forbartha mianaigh sin, i dteannta na suime de bharr an tsócmhainn sin a dhíol, ar an gcaiteachas caipitiúil sin, ansin, déileálfar le méid na breise sin nó le hiomlán sin na liúntas forbartha mianaigh, cibé acu is lú, mar fháltas trádála de chuid na trádála sin a d'fhaibhrigh díreach roimh an díol sin.

(12) I gcás—

(a) liúntais forbartha mianaigh i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach a bheith tugtha do dhuine (dá ngairtear an trádálaí bunaidh san fho-alt seo) agus é ag seoladh trádáil ag oibriú an mhianaigh, agus

(b) duine eile (dá ngairtear an comharba san fho-alt seo) teacht i gcomharbas na trádála sin,

féadfar leanúint de liúntais forbartha mianaigh a thabhairt i leith an chaiteachais chaipitiúil sin don chomharba, ach ní rachaidh méid na liúntas sin, in aon chás, thar an méid a mbeadh teideal ag an trádálaí bunaidh chuige dá leanadh sé den trádáil sin.

(13) I gcás teideal a bheith, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, ag cuideachta chun faoisimh ó cháin de bhua Chaibidil II nó Chaibidil III de Chuid XXV, ansin, chun críocha fho-alt (5), (10), (11) agus (12), measfar gur tugadh in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, i leith aon chaiteachais, an liúntas forbartha mianaigh iomlán a d'fhéadfaí, ar é a éileamh go cuí, a thabhairt in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin i leith an chaiteachais sin, mura mbeidh an liúntas sin tugtha iarbhír.

(14) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc maidir le haon cheist a éireoidh faoin alt seo mar a d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnachta agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.”.

11. In ionad alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“246.—(1) I gcás duine a sheolann trádáil do thabhú caiteachais chaipitiúil ag ceannach loinge nua le haghaidh na trádála, tabharfar dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe lena mbaineann an caiteachas, liúntas (dá ngairtear liúntas infheistíochta loingis sa Chaibidil seo) ar cóimhéid le dhá chúigiú den chaiteachas agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin agus is liúntas é in ionad, agus ní liúntas é i dteannta, liúntais tosaigh faoi Chaibidil I de Chuid XV nach liúntas tosaigh arna thabhairt de bhua alt 251 (4) den Acht seo.

(1A) (a) Ní thabharfar liúntas infheistíochta loingis faoi fho-alt (1) i leith aon chaiteachas caipitiúil a chuirtear i gcuntas chun críocha aon deontas arna thabhairt i leith an chaiteachais sin ag an Aire Iompair agus Cumhachta faoin Acht um Dheontais Infheistíochta Loingis, 1969 .

(b) I gcás liúntas infheistíochta loingis a bheith tugtha faoi fho-alt (1) i leith caiteachas caipitiúil a cuireadh i gcuntas chun críocha deontas den sórt a luaitear i mír (a), tarraingeofar siar an liúntas infheistíochta loingis agus déanfar cibé measúnachtaí breise agus cibé coigeartú ar mheasúnachtaí is gá de dhroim liúntas infheistíochta loingis a tharraingt siar nó liúntas tosaigh faoi Chaibidil I de Chuid XV a chur ina ionad.

(2) Chun críocha na Caibidle seo, measfar gurb é an lá a tabhaíodh aon chaiteachas an lá a tháinig an tsuim a bheidh i gceist chun bheith iníoctha.

(3) Aon éileamh a dhéanfaidh duine ar liúntas faoin alt seo le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin, cuirfear é sa ráiteas bliantúil nach foláir a sheachadadh faoin Acht seo ar na brabúis nó na gnóchain aisti agus cuirfear ina theannta deimhniú, a bheidh sínithe ag an éilitheoir agus a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur ag ceannach loinge nua a tabhaíodh an caiteachas agus ag tabhairt cibé sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.

(4) San alt seo agus sna hailt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo ciallaíonn ‘nua’ neamhúsáidte agus gan bheith réchaite.”.

12. In ionad alt 247 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“247.—(1) D'fhonn a dhéanamh amach cad é méid aon liúntais a bheidh le tabhairt do dhuine ar bith faoi alt 241 (1) mar mhéid a ionannaíonn luach laghdaithe aon loinge is luach laghdaithe mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt in imeacht na tréimhse inmhuirearaithe, ní chuirfear liúntas infheistíochta loingis i gcuntas le linn luach na loinge i dtús na tréimhse inmhuirearaithe a bheith á chinneadh.

(2) In alt 241 (6) déanfar ‘na liúntais mar gheall air sin, agus' agus an abairt ‘na liúntas’ mar a bhfuil an abairt sin roimh na focail ‘níos mó ná costas iarbhír’ a fhorléiriú, gach ceann acu, mar abairt nach bhfolaíonn tagairt d'aon liúntas infheistíochta loingis a tugadh don duine a sheolann an trádáil.

(3) Measfar nach gceanglaíonn alt 243 aon liúntas infheistíochta loingis a bhaint as costas aon loinge chun críocha an ailt sin.”.

13. In ionad alt 248 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“248.—Beidh feidhm ag alt 241 (3) i ndáil le liúntas infheistíochta loingis mar atá feidhm aige i ndáil le liúntas i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.”.

14. In ionad alt 249 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“249.—(1) Sa Chaibidil seo, mar atá feidhm aici chun críocha cánach ioncaim, tá le ‘bonn-tréimhse’ an bhri a shanntar dó leis na forálacha seo a leanas den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó faoin gCaibidil seo, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, más rud é, de bhua aon fhorála den Acht seo, go mbeidh sé le meas gurb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile brabúis nó gnóchain na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:

Ar choinníoll, i gcás aon trádála—

(a) má théann dhá bhonn-tréimhse thar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonntréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon;

(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an dara bliain mheasúnachta a luaitear bliain na trádála a bhuanscor, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh; agus

(c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála a bhuanscor agus an bhonn-tréimhse do bhliain a buanscoir, go measfar gur cuid den chéad bhonntréimhse an t-eatramh.

(3) (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) do thrádáil a bhuanscor a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon teagmhas tarlú a bheidh, faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, le meas mar ní is ionann agus trádáil a bhuanscor.

(b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá thréimhse dul thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse comhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineann le gach ceann de dhá thréimhse.”.

15. In ionad alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“251.—(1) I gcás a ndéanfaidh duine a sheolann trádáil a bhfuil na brabús nó na gnóchain aisti inmhuirearaithe faoi Chás I de Sceideal D caiteachas caipitiúil a thabhú ag soláthar innealra nua nó gléasra nua chun críocha na trádála, seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar, ansin, faoi réir forálacha an Achta seo, tabharfar dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe lena mbaineann an caiteachas, liúntas (dá ngairtear liúntas tosaigh sa Chaibidil seo) ar cóimhéid leis an gcúigiú cuid den chaiteachas, agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin.

(2) Aon chaiteachas a tabhaíodh chun críocha trádála ag duine a bhí ar tí dul á seoladh déileálfar leis chun críocha fho-alt (1) ionann is dá mba é an chéad lá a bhí sí á seoladh ag an duine sin a thabhaigh sé é.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) ná fo-alt (2) le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1956.

(4) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh éifeacht leis an gCaibidil seo—

(a) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1967, ionann is dá gcuirfí ‘le dhá chúigiú’ in ionad ‘leis an gcúigiú’ i bhfo-alt (1),

(b) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1968, ionann is dá gcuirfí ‘le leath an chaiteachais’ in ionad ‘leis an gcúigiú cuid den chaiteachas’ i bhfo-alt (1),

(c) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1971, ionann is dá gcuirfí ‘le trí chúigiú’ in ionad ‘leis an gcúigiú’ i bhfo-alt (1), agus

(d) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1977, ionann is dá gcuirfí ‘le cúig chúigiú’ in ionad ‘leis an gcúigiú’ i bhfo-alt (1).

(5) Aon éileamh a dhéanfaidh duine ar liúntas faoin alt seo le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin, cuirfear é sa ráiteas bliantúil nach foláir a sheachadadh faoin Acht seo ar na brabúis nó na gnóchain aisti agus cuirfear ina theannta deimhniú, a bheidh sínithe ag an éilitheoir agus a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur ar innealra nua nó gléasra nua a tabhaíodh an caiteachas agus ag tabhairt cibé sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.

(6) San alt seo ciallaíonn ‘nua’ neamhúsáidte agus gan bheith réchaite, ach go measfar long a bheith nua fiú amháin má úsáideadh í nó más long réchaite í.”.

16. In ionad alt 252 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“252.—Beidh feidhm i ndáil le liúntas tosaigh ag alt 241 (2) (3) (5) mar atá feidhm ag na fo-ailt sin i ndáil le liúntais i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.”.

17. In ionad alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“254.—(1) (a) I gcás a dtabhóidh duine caiteachas caipitiúil ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais ar foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheidh ann a bheidh áitithe chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige nó ag léasaí den sórt a luaitear i mír (b), ansin, faoi réir forálacha an Achta seo, tabharfar don duine a thabhaigh an caiteachas, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, liúntas (dá ngairtear liúntas foirgníochta tionscail sa Chaibidil seo) ar cóimhéid leis an deichiú cuid den chaiteachas sin.

(b) An léasaí dá dtagraítear i mír (a) is léasaí é a áitíonn an foirgneamh nó an déanmhas ar tabhaíodh an caiteachas á fhoirgniú faoi léas ar leas frithdhílse an leas iomchuí ina leith.

(c) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe iomchuí’, i ndáil le haon duine a thabhaigh caiteachas ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais, an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas nó, más tréimhse níos déanaí í, an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teaghmhas (a measfar gur teagmhas é de réir brí mhír 1 (2) (b) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) agus arb é teagmhas é tosú na tionóntachta i gcás arb éard í an chéad úsáid a baineadh as an bhfoirgneamh nó as an déanmhas a úsáid ag duine á áitiú de bhua tionóntachta ar leas frithdhílse an leas iomchuí ina leith;

tá le ‘léas’ agus le ‘léasaí’ na bríonna céanna atá leo i gCuid XVI;

tá le ‘leas iomchuí’ an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil I de Chuid XVI.

(d) (i) Ach amháin sa chás a luaitear i bhfomhír (ii) is le linn trádáil duine a bheith á cur faoi cháin nó le linn a ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D, de réir mar is gá sa chás, a thabharfar aon liúntas foirgníochta tionscail dó.

(ii) Is trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc a thabharfar liúntas foirgníochta tionscail do dhuine má bhí a leas san fhoirgneamh nó sa déanmhas faoi réir aon léasa nuair a tabhaíodh an caiteachas nó má tháinig an leas sin faoi réir aon léasa sular úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair chun aon chríche agus i gcás a dtabharfar amhlaidh é ní bheidh feidhm ag fo-alt (5):

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le hioncam is inmhuirearaithe faoi Chás V de Sceideal D.

(e) Beidh éifeacht le halt 267 (5) agus le halt 296 i ndáil le liúntas foirgníochta tionscail a bheidh le tabhairt le linn ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D nó trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc mar atá éifeacht leo i ndáil le liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XVI a bheidh le tabhairt amhlaidh.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1975, beidh éifeacht leis an gCaibidil seo ionann agus dá gcuirfí ‘leis an gcúigiú’ in ionad ‘leis an deichiú’ i bhfo-alt (1):

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta ná i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas faoin gCaibidil seo le tabhairt ina leith de bhua alt 255 (1) (c).

(2A) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1) agus (2), beidh éifeacht leis an gCaibidil seo—

(a) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1977, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith faoin gCaibidil seo mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) d'alt 255 (1), ionann is dá gcuirfí ‘le leath an chaiteachais’ in ionad ‘leis an deichiú cuid den chaiteachas’, agus

(b) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith faoin gCaibidil seo mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (c) d'alt 255 (1), ionann is dá gcuirfí ‘leis an gcúigiú’ in ionad ‘leis an deichiú’.

(3) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní thabharfar aon liúntas foirgníochta tionscail i leith aon chaiteachais ar fhoirgneamh nó déanmhas mura foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheidh san fhoirgneamh nó sa déanmhas nuair a chuirfear in úsáid é, agus i gcás ar tugadh liúntas foirgníochta tionscail i leith aon chaiteachais ar aon fhoirgneamh nó déanmhas den sórt sin, féadfar aon mheasúnachtaí breise a dhéanamh is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo.

(4) Chun críocha an ailt seo—

(a) aon chaiteachas a tabhaíodh chun críocha trádála ag duine a bhí ar tí dul á seoladh, déileálfar leis ionann is dá mba an chéad lá a bhí sí á seoladh ag an duine sin a thabhaigh sé é, agus

(b) ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a glanadh nó a ghlanfar, go díreach nó go neamhdhíreach, é ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó ag aon údarás áitiúil.

(5) Beidh feidhm ag alt 241 (3) i ndáil le liúntas faoin alt seo mar atá feidhm aige i ndáil le liúntas i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.

(6) Aon éileamh a dhéanfaidh duine ar liúntas faoin alt seo le linn brabúis nó gnóchain d'aon chineál a bheith á muirearú, cuirfear é sa ráiteas bliantúil nach foláir a sheachadadh faoin Acht seo ar na brabúis nó na gnóchain sin agus cuirfear ina theannta deimhniú, a bheidh sínithe ag an éilitheoir agus a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais tionscail a tabhaíodh an caiteachas agus ag tabhairt cibé sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.”.

18. In ionad alt 256 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“256.—Ní fholaíonn tagairt sa Chaibidil seo do chaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais—

(a) aon chaiteachas a tabhaíodh ag fáil aon talún nó aon chearta i dtalamh nó thar thalamh, ná

(b) aon chaiteachas ag soláthar innealra nó gléasra nó ar aon sócmhainn a measfar maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe gur innealra nó gléasra í, ná

(c) aon chaiteachas a bhfuil liúntas tugtha nó ar féidir liúntas a thabhairt ina leith, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe céanna nó in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe eile faoi alt 244 (3) nó faoi alt 245.”.

19. In ionad alt 258 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“258.—I ndáil le liúntais foirgníochta tionscail in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó aon lá dá éis sin, seachas méideanna a tugadh anall ó aon bhliain mheasúnachta a chríochnaigh roimh an dáta sin, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas den Chaibidil seo amhail ó dháta thosach feidhme an Achta Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956

(a) alt 255 (1) (b), alt 255 (2),

(b) alt 256 (b) (c), agus

(c) alt 257.”.

20. In ionad alt 259 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“259.—Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar aon cheist a éireoidh faoin gCaibidil seo mar a d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnachta cánach, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.”.

21. In ionad alt 260 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“260.—Chun críocha ailt 251 agus 254, ní áireofar mar chaiteachas caipitiúil aon chaiteachas is cead a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain trádála nó gairme a bhí á seoladh ag an duine a thabhaigh an caiteachas a bheith á ríomh chun críocha cánach.”.

22. In ionad alt 262 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“262.—(1) Sa chuid seo, mar atá feidhm aige chun críocha cánach ioncaim, tá le ‘bonn-tréimhse’ an bhrí a shanntar dó leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó faoin gCuid seo, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I nó faoi Chás II de Sceideal D i leith na trádála nó na gairme a bheidh i gceist nó faoi Chás V de Sceideal D i leith ioncam as cíosanna nó fáltais i leith áitribh nó éasúintí nó, más rud é, de bhua aon fhorála den Acht seo, go mbeidh sé le meas gurb iad brabúis nó gnóchain nó ioncam aon tréimhse eile brabúis nó gnóchain nó ioncam na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:

Ar choinníoll—

(a) má théann dhá bhonn-tréimhse thar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonn-tréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon;

(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an dara bliain mheasúnachta a luaitear bliain na trádála nó na gairme a bhuanscor nó aon-bhunadh na mbrabús nó na ngnóchan a luaitear in alt 81 (2) scor, go measfar gur chuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh; agus

(c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála nó na gairme a bhuanscor nó an aon-bhunadh sin scor agus an bhonn-tréimhse do bhliain an buanscoir nó an scoir, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-eatramh.

(3) (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) do thrádáil nó gairm a bhuanscor a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon teagmhas tarlú a bheidh, faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, le meas mar ní is ionann agus trádáil nó gairm a bhuanscor.

(b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá thréimhse dul thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse comhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineann le gach ceann de dhá thréimhse.

(4) Ní bheidh feidhm ag aon ní i bhfo-alt (2) nó (3) i ndáil le liúntas faoi Chaibidil II a bheidh le tabhairt do dhuine trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc agus, i ndáil leis an liúntas sin, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an bhliain mheasúnachta féin.”.

23. In ionad alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“264.—(1) Faoi réir forálacha na Coda seo, i gcás—

(a) aon duine a bheith, i ndeireadh tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse, i dteideal leasa i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas lena mbaineann an t-alt seo,

(b) inar foirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas i ndeireadh na tréimhse inmhuirearaithe sin nó a bonn-tréimhse, agus

(c) arb é an leas sin an leas iomchuí i ndáil leis an gcaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin,

tabharfar dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, liúntas (dá ngairtear liúntas síos-scríofa sa Chaibidil seo) ar cóimhéid leis an gcaogadú cuid den chaiteachas sin:

Ar choinníoll—

(i) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas arb é an 1ú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta agus i ndáil le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun torthaí, glasraí nó táirge eile a fhás i gcúrsa trádáil gharraíodóireachta margaidh de réir bhrí alt 54, go mbeidh éifeacht leis an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘leis an deichiú’ in ionad ‘leis an gcaogadú’ sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, agus

(ii) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1977, go mbeidh éifeacht leis an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘leis an bhfiche cúigiú cuid’ in ionad ‘leis an gcaogadú cuid’ sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) Is foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann an t-alt seo foirgneamh nó déanmhas más rud é, agus amháin más rud é, gurb é an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil a tabhaíodh á fhoirgniú.

(3) Más rud é, tráth ar bith ar an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, go ndéanfar an leas i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas arb é an leas iomchuí é i ndáil le haon chaiteachas a dhíol agus an foirgneamh nó an déanmhas ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail, ansin (faoi réir aon choigeartú breise faoin bhfo-alt seo ar dhíol níos deireanaí), is é an liúntas síos-scríofa in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, más tar éis tráth an díola don tréimhse inmhuirearaithe sin nó dá bonn-tréimhse críochnú, iarmhar (mar a mhínítear sna forálacha den Chaibidil seo a bhaineann le díscríobh caiteachais) an chaiteachais sin díreach tar éis an díola, arna laghdú an coibhneas (más lú ná aon é) idir fad na tréimhse inmhuirearaithe agus an chuid gan chaitheamh ar dháta an díola den tréimhse caoga bliain dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair:

Ar choinníoll—

(i) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas arb é an lú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir brí alt 255 (1) mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (c) nó (d) den fho-alt sin, go mbeidh éifeacht leis an gCuid seo ionann agus dá gcuirfí ‘deich mbliana’ in ionad ‘caoga bliain’ sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, agus

(ii) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas arb é an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1977, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir brí alt 255 (1) mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin, go mbeidh éifeacht leis an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘cúig bliana is fiche’ in ionad ‘caoga bliain’ sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo.

(4) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, ní bheidh méid liúntais síos-scríofa a thabharfar do dhuine in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i leith aon chaiteachais níos mó i gcás ar bith ná an méid arb é a bheadh ann, ar leith ón díscríobh a bheadh le déanamh mar gheall ar an liúntas sin a thabhairt, iarmhar an chaiteachais sin i ndeireadh na tréimhse inmhuirearaithe sin nó a bonn-tréimhse.”.

24. In ionad alt 265 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“265.—(1) I gcás a mbeidh caiteachas caipitiúil tabhaithe, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais agus teagmhas ar bith acu seo a leanas tarlú le linn an foirgneamh nó an déanmhas a bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail:

(a) an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas a dhíol,

(b) an leas sin, agus gur leas léasachta é, críochnú ar shlí seachas tríd an duine ina theideal d'fháil an leasa is leas frithdhílse air,

(c) an foirgneamh nó an déanmhas a scartáil nó a dhíothú, nó, gan scartáil ná díothú a bheith déanta air, é do scor ar fad de bheith á úsáid,

ansin, sna cúinsí a luaitear san alt seo, déanfar liúntas nó muirear (dá ngairtear liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta sa Chaibidil seo) a thabhairt don duine, nó, de réir mar a bheidh, a ghearradh ar an duine, a mbeidh teideal aige chun an leasa iomchuí díreach roimh an teagmhas sin tarlú, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas sin:

Ar choinníoll—

(i) nach dtabharfar aon liúntas cothromaíochta, ná nach ngearrfar aon mhuirear cothromaíochta, mar gheall ar aon teagmhas tarlú breis agus caoga bliain tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid i gcéaduair,

(ii) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas arb é an lú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta agus i ndáil le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun torthaí, glasraí nó táirge eile a fhás i gcúrsa trádáil gharraíodóireachta margaidh de réir bhrí alt 54, go mbeidh éifeacht leis-an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘deich mbliana’ in ionad ‘caoga bliain’ sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, agus

(iii) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas arb é an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1977, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir brí alt 255 (1) mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin, go mbeidh éifeacht leis an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘cúig bliana is fiche’ in ionad ‘caoga bliain’ sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) I gcás nach mbeidh aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ann, nó i gcás ar mó ná an t-airgead sin iarmhar an chaiteachas díreach roimh an teagmhas, tabharfar liúntas cothromaíochta agus is é a mhéid méid an iarmhair sin nó, de réir mar a bheidh, méid is comhionann le breis an iarmhair thar an airgead sin.

(3) Más mó an t-airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ná iarmhar an chaiteachais, más aon iarmhar é, díreach roimh an teagmhas, gearrfar muirear cothromaíochta agus is é méid ar a ngearrfar é méid is comhionann leis an mbreis, nó i gcás ar nialas an t-iarmhar, leis an airgead sin.

(4) I gcás a mbeidh liúntas cothromaíochta le tabhairt do dhuine nó muirear cothromaíochta le gearradh ar dhuine, agus nach mbeidh aon chuid den tréimhse iomchuí (arna mhíniú chun críocha an fho-ailt seo) ar áireamh i dtréimhse inmhuirearaithe ar tugadh liúntas síos-scríofa dó ina leith nó i leith a bonntréimhse, déanfar méid an liúntais chothromaíochta, nó, de réir mar a bheidh, an méid ar a mbeidh an muirear cothromaíochta le gearradh, a laghdú an coibhneas idir an chuid nó na codanna a bheidh ar áireamh amhlaidh agus iomlán na tréimhse iomchuí.

San fho-alt seo ciallaíonn ‘an tréimhse iomchuí’ an tréimhse dar tosach tráth an fhoirgnimh nó an déanmhais a úsáid i gcéaduair chun aon chríche agus dar críoch—

(a) i gcás an teagmhas is bonn leis an liúntas cothromaíochta nó leis an muirear cothromaíochta tarlú lá deiridh na tréimhse inmhuirearaithe nó a bonntréimhse, an lá sin; nó

(b) i gcás nach ea, an dáta is déanaí roimh an teagmhas arb é lá deiridh tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse é:

Ar choinníoll, i gcás an foirgneamh nó an déanmhas a dhíol roimh an teagmhas sin ach an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, agus gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é an tráth sin, go dtosóidh an tréimhse iomchuí an lá tar éis an díola sin nó, i gcás níos mó ná díol amháin den sórt sin a bheith ann, an lá tar éis an díola dheiridh den sórt sin.

(5) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, ní bheidh, i gcás ar bith, an méid a ngearrfar muirear cothromaíochta maidir leis ar dhuine i leith aon chaiteachais ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais níos mó ná méid an liúntais foirgníochta tionscail a tugadh dó, má tugadh, i leith an chaiteachais sin mar aon le méid aon liúntais síos-scríofa a tugadh dó i leith an chaiteachais sin in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe a chríochnaigh ar dháta, nó roimh dháta, an teagmhais ba bhonn leis an muirear nó ar chríochnaigh a mbonn-tréimhsí ar an dáta sin nó roimhe.”.

25. In ionad alt 266 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“266.—(1) Aon chaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú aon fhoirgnimh nó déanmhais measfar, chun críocha na Caibidle seo, go ndearnadh é a dhíscríobh an méid agus amhail na tráthanna a shonraítear ina dhiaidh seo san alt seo, agus déanfar tagairtí sa Chaibidil seo d'iarmhar aon chaiteachais den sórt sin a fhorléiriú dá réir sin.

(2) Má thugtar liúntas foirgníochta tionscail i leith an chaiteachais, déanfar méid an liúntais sin a dhíscríobh amhail an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair.

(3) Más rud é go ndéanfar, de dhroim gurbh fhoirgneamh nó déanmhas tionscail tráth ar bith an foirgneamh nó an déanmhas, liúntas síos-scríofa a thabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i leith an chaiteachais, déanfar méid an liúntais sin a dhíscríobh amhail an tráth sin:

Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás teagmhas tarlú an tráth sin is cúis nó a d'fhéadfadh bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta, an méid a ordaítear a dhíscríobh leis an bhfo-alt seo amhail an tráth sin a chur i gcuntas nuair a bheifear ag ríomh iarmhar an chaiteachais sin díreach roimh an teagmhas sin d'fhonn a chinneadh an bhfuil aon liúntas cothromaíochta le tabhairt nó muirear cothromaíochta le gearradh agus, má tá, cad é an liúntas a bheidh le tabhairt nó cad é an muirear a bheidh le gearradh.

(4) (a) Má bhíonn an foirgneamh nó an déanmhas gan bheith á úsáid mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail ar feadh aon tréimhse nó tréimhsí idir an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair chun aon chríche agus an tráth a bheidh iarmhar an chaiteachais le fionnadh, ansin, le linn an t-iarmhar sin a bheith á fhionnadh, áireofar mar mhéideanna a díscríobhadh roimhe sin i leith na tréimhse nó na dtréimhsí sin méideanna ar cóimhéid le liúntais síosscríofa a tugadh in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe arb ionann a bhfad iomlán agus fad na tréimhse nó na dtréimhsí sin de réir cibé ráta nó rátaí ab iomchuí ag féachaint d'aon díol ar ar oibrigh alt 264 (3) den Acht seo.

(b) Má bhí an foirgneamh nó an déanmhas á úsáid mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail i ndeireadh na bonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1960-61, áireofar cóimhéid an chaogadú cuid den chaiteachas a bheith discríofa amhail i ndeireadh na bliana measúnachta roimhe sin.

(5) Má thugtar, ar ócáid díola, liúntas cothromaíochta i leith an chaiteachais, díscríobhfar, amhail tráth an díola, an bhreis a bheidh ag iarmhar an chaiteachais roimh an díol ar ghlantoradh an díola.

(6) Má ghearrtar, ar ócáid díola, muirear cothromaíochta i leith an chaiteachais, measfar, chun críocha na Caibidle seo, iarmhar an chaiteachais a bheith méadaithe, amhail tráth an díola, an méid ar a ngearrfar an muirear.”.

26. In ionad alt 267 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“267.—(1) Ach amháin sna cásanna a luaitear sna forálacha seo a leanas den alt seo, déanfar aon liúntas a thabharfar do dhuine, nó aon mhuirear a ghearrfar ar dhuine, faoi na forálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo, a thabhairt dó nó a ghearradh air le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin nó a ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D, de réir mar is gá sa chás.

(2) Tabharfar liúntas síos-scríofa do dhuine in aghaidh tréimhse inmhuirearaithe ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach má bhíonn a leas faoi réir aon léasa i ndeireadh na tréimhse inmhuirearaithe sin nó a bonn-tréimhse:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hioncam is inmhuirearaithe faoi Chás V de Sceideal D.

(3) Tabharfar liúntas cothromaíochta do dhuine ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach má bhíonn a leas faoi réir aon léasa díreach roimh an teagmhas is cúis leis an liúntas:

Ar choinníoll nach mheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hioncam is inmhuirearaithe faoi Chás V de Sceideal D.

(4) Gearrfar muirear cothromaíochta ar dhuine faoi Chás IV de Sceideal D má bhíonn a leas faoi réir aon léasa díreach roimh an teagmhas is cúis leis an muirear, agus go mbeidh an t-ioncam atá ar comhréir leis inmhuirearaithe faoin gCás sin.

(5) Liúntas ar bith a bheidh, faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, le tabhairt ar mhodh seachas le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin beidh sé inchomhairimh go príomha in aghaidh an ioncaim seo a leanas:

(a) i gcás an t-ioncam (cibé acu ar mhodh cíosa nó fáltais i leith áitribh nó éasúintí nó eile) ón bhfoirgneamh nó ón déanmhas tionscail i leith an chaiteachais chaipitiúil ar a dtabharfar an liúntas a bheith inmhuirearaithe faoi Chás V de Sceideal D, in aghaidh ioncam is inmhuirearaithe faoin gCás sin,

(b) i gcás an t-ioncam (cibé acu ar mhodh cíosa nó fáltais i leith áitribh nó éasúintí nó eile) ón bhfoirgneamh nó ón déanmhas tionscail i leith an chaiteachais chaipitiúil ar a dtabharfar an liúntas a bheith inmhuirearaithe faoi Chás IV de Sceideal D, in aghaidh ioncam is inmhuirearaithe faoin gCás sin, nó

(c) ioncam is inmhuirearaithe faoi Chás IV nó faoi Chás V de Sceideal D faoi seach agus is ábhar do mhuirear cothromaíochta.”.

27. In ionad alt 270 den Acht Ioncaim, 1967, cuirfear—

“270.—(1) Chun críche na Caibidle seo, ní mheasfar foirgneamh nó déanmhas do scor ar fad de bheith á úsáid de bhíthin é a bheith as úsáid go sealadach an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, agus más rud é, díreach roimh aon tréimhse neamhúsáide sealadaí dar tosach an dáta sin nó dáta dá éis, gur foirgneamh nó déanmhas tionscail foirgneamh nó déanmhas, measfar é do leanúint de bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail i gcaitheamh na tréimhse neamhúsáide sealadaí.

(2) D'ainneoin aon fhorála eile den Chuid seo maidir leis an modh ina ndéanfar liúntais a thabhairt agus muirir a ghearradh, más rud é, de bhíthin forálacha fho-alt (1), go measfar foirgneamh nó déanmhas do leanúint de bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail agus é as úsáid go sealadach, ansin, más rud é—

(a) ar an ócáid deiridh a bhí an foirgneamh nó an déanmhas á úsáid mar fhoirgneamh nó mar dhéanmhas tionscail, go raibh sé á úsáid chun críocha trádála ar buanscoireadh di ó shin, nó

(b) ar an ócáid deiridh a bhí an foirgneamh nó an déanmhas á úsáid mar fhoirgneamh nó mar dhéanmhas tionscail, go raibh an leas iomchuí ann faoi réir léasa ar tháinig deireadh leis ó shin,

déanfar aon liúntas síos-scríofa nó liúntas cothromaíochta a bheidh le tabhairt do dhuine ar bith i leith an fhoirgnimh nó an déanmhais i rith aon tréimhse a leanfaidh an neamhúsáid shealadach tar éis scor den trádáil nó deireadh a theacht leis an léas a thabhairt ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach, agus déanfar aon mhuirear cothromaíochta a bheidh le gearradh ar dhuine ar bith i leith an fhoirgnimh nó an déanmhais i rith na tréimhse sin a ghearradh faoi Chás IV de Sceideal D:

Ar choinníoll má bhíonn ag duine, in aghaidh tréimhse inmhuirearaithe, ioncam ar ar inmhuirearaithe cáin faoi Chás V de Sceideal D agus i ndeireadh na tréimhse inmhuirearaithe sin nó a bonn-tréimhse gur foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann an fo-alt seo an foirgneamh nó an déanmhas sin, go ndéanfar aon liúntas síos-scríofa nó liúntas cothromaíochta a bheidh le tabhairt do dhuine i leith an fhoirgnimh nó an déanmhais, nó aon mhuirear cothromaíochta a bheidh le gearradh air i leith an chéanna, a thabhairt nó a ghearradh le linn a ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D.

(3) An tagairt san alt seo do bhuanscor de thrádáil ní fholaíonn sí tagairt d'aon teagmhas tarlú a mbeidh sé le meas, de bhua aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, gur teagmhas é is ionann agus scor den trádáil.”.

28. In ionad alt 271 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“271.—Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn ‘liúntas tosaigh’ liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XV;

ciallaíonn ‘liúntas taighde eolaíochta’—

(a) i ndáil le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, méid iomlán aon liúntais a tugadh i leith an chaiteachais sin faoi alt 244 (3) arna mhéadú méid aon liúntais faoi alt 244 (4) (b) nó, de réir mar a bheidh, arna laghdú aon mhéid a measfar gur fáltas trádála é de bhun alt 244 (4) (c), agus

(b) i ndáil le haon chaiteachas a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dá éis, méid aon liúntas a tugadh i leith an chaiteachais sin faoi alt 244 (3) arna laghdú aon mhéid a measfar gur fáltas trádála é de bhun alt 244 (4) (c) mar a bhaineann sé le caiteachas a tabhaíodh an dáta sin nó dá éis;

ciallaíonn ‘liúntas caithimh agus cuimilte’ liúntas faoi alt 241.”.

29. In ionad alt 272 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“272.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má tharlaíonn aon teagmhas acu seo a leanas i gcás aon innealra nó gléasra ar tugadh liúntas tosaigh nó liúntas caithimh agus cuimilte ina leith in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe do dhuine agus é ag seoladh trádála:

(a) aon teagmhas a tharlóidh tar éis an trádáil a bhunú agus roimh bhuanscor di trína scoirfidh an t-innealra nó an gléasra de bheith ina mhaoin dá chuid féin ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála (cibé acu ar an innealra nó ar an ngléasra a dhíol é nó in aon chúinsí eile de shaghas ar bith),

(b) aon teagmhas a tharlóidh mar a dúradh trína mbuanscoirfear den innealra nó den ghléasra (agus é i gcónaí ina mhaoin dá chuid féin ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála) de bheith á úsáid chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige,

(c) buanscor den trádáil, gan an t-innealra nó an gléasra do scor roimhe sin de bheith ina mhaoin dá chuid féin ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála,

déanfar, sna cúinsí a luaitear san alt seo, liúntas nó muirear (dá ngairtear liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta sa Chaibidil seo) a thabhairt don duine sin, nó, de réir mar bheidh, a ghearradh ar an duine sin, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas sin.

(2) I gcás nach mbeidh aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ann nó i gcás ar mó ná an t-airgead sin an méid caipitil a bheidh caite ag an duine sin ag soláthar an innealra nó an ghléasra agus a bheidh gan lamháil fós tráth an teagmhais, tabharfar liúntas cothromaíochta, agus is é méid a bheidh ann méid an chaiteachais a bheidh gan lamháil fós mar a dúradh, nó, de réir mar a bheidh, méid is comhionann le breis an chaiteachais sin ar an airgead sin.

(3) Más mó an t-airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ná an méid, más aon mhéid é, den chaiteachas sin a bheidh gan lamháil fós tráth an teagmhais, gearrfar muirear cothromaíochta, agus is é méid ar a ngearrfar é méid is comhionann leis an mbreis nó, más nialas an méid sin a bheidh gan lamháil fós, is comhionann leis an airgead sin.

(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (3), ní bheidh an méid ar a ngearrfar muirear cothromaíochta ar dhuine níos mó, i gcás ar bith, ná comhiomlán na méideanna seo a leanas:

(a) méid an liúntais tosaigh a tugadh dó, má tugadh, i leith an chaiteachais a bheidh i gceist,

(b) méid aon liúntais chaithimh agus chuimilte a tugadh dó i leith an innealra nó an ghléasra a bheidh i gceist,

(c) méid aon liúntais taighde eolaíochta a tugadh dó i leith an chaiteachais, agus

(d) méid aon liúntais chothromaíochta a tugadh dó roimhe sin i leith an chaiteachais.

(5) (a) Faoi réir forálacha mhír (c), má bhíonn méid comhiomlán liúntas tosaigh agus liúntas caithimh agus cuimilte a thabharfar d'aon duine i leith aon innealra nó gléasra níos mó ná méid iarbhír an chaiteachais a thabhaigh sé ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin, measfar gurb éard é méid na breise sin (dá ngairtear an méid breise sa mhír seo), ar theagmhas tarlú lena mbaineann aon cheann de mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1), íocaíocht ar cóimhéid leis an méid a fuair an duine ar cuntas airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh agus cuirfear é le haon airgead eile den sórt sin a fuarthas i leith an innealra nó an ghléasra sin agus gearrfar muirear cothromaíochta, agus is é méid ar a ngearrfar é méid ar cóimhéid—

(i) i gcás gan aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh a bheith ann, leis an méid breise sin, nó

(ii) i gcás airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh a bheith ann, le comhiomlán an airgid sin agus an méid breise sin.

(b) Faoi réir forálacha mhír (c), i gcás, maidir le haon innealra nó gléasra, teagmhas lena mbaineann aon cheann de mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) tarlú agus teagmhas eile lena mbaineann aon cheann de na míreanna sin tarlú ina dhiaidh, cuirfear i gcuntas in aon liúntas cothromaíochta a thabharfar do dhuine, nó in aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar air, de bhua an teagmhais is deireanaí tarlú aon liúntas cothromaíochta a tugadh don duine sin, nó aon mhuirear cothromaíochta a gearradh air, roimhe sin i leith an chaiteachais a thabhaigh sé ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin.

(c) I gcás, maidir le haon innealra nó gléasra, teagmhas lena mbaineann aon cheann de mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) tarlú agus teagmhas eile lena mbaineann aon cheann de na míreanna sin tarlú ina dhiaidh agus roimh an 3ú lá d'Iúil, 1973, ní dhéileálfar leis an teagmhas is deireanaí mar theagmhas is cúis le liúntas cothromaíochta ná le muirear cothromaíochta i leith an innealra nó an ghléasra sin.”.

30. In ionad alt 274 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“274.—Na tagairtí sa Chaibidil seo don méid d'aon chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar innealra nó gléasra agus a bheidh gan lamháil fós aon tráth, forléireofar iad mar thagairtí do mhéid an chaiteachais sin lúide—

(a) aon liúntas tosaigh a tugadh nó a mheastar faoin gCaibidil seo a bheith tugtha ina leith don duine a a thabhaigh é,

(b) aon liúntais chaithimh agus chuimilte a tugadh nó a mheastar faoin gCaibidil seo a bheith tugtha dó i leith an innealra nó an ghléasra ar i ndáil lena sholáthar a tabhaíodh an caiteachas agus ar liúntais iad in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe de shórt a raibh deireadh leis an tréimhse inmhuirearaithe nó lena bonn-tréimhse roimh an tráth a bheidh i gceist,

(c) aon liúntas taighde eolaíochta a tugadh dó i leith an chaiteachais, agus

(d) aon liúntas cothromaíochta a tugadh dó i leith an chaiteachais.”.

31. In ionad alt 275 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“275.—(1) I gcás aon teaghmas is cúis nó a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta nó le muirear cothromaíochta i leith innealra nó gléasra tarlú tar éis trádáil a bhunú agus an tráth nó roimh an tráth a bhuanscoirfear di ar trádáil í a bheidh tráth ar bith á seoladh i gcomhpháirtíocht, déanfar, faoi réir alt 72, aon liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a bheadh, dá mba é an duine céanna a bhí ag seoladh na trádála i gcónaí, le tabhairt dó nó le gearradh air i leith an innealra nó an ghléasra sin mar gheall ar an teagmhas sin a thabhairt don duine nó do na daoine, nó a ghearradh ar an duine nó ar na daoine, a bhí ag seoladh na trádála sa tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas sin, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh amhail is dá mba é an duine sin nó dá mba iad na daoine sin a bhí ag seoladh na trádála i gcónaí agus gurb eisean nó iadsan a rinne nó gur leis-sean nó leosan a rinneadh gach ní a rinne réamhtheachtaithe an duine sin nó na ndaoine sin nó a rinneadh leo ag seoladh na trádála sin:

Ar choinníoll, nuair a bheifear ag feidhmiú forálacha alt 272 (4) maidir le haon mhuirear cothromaíochta den sórt sin, nach measfar go bhfolaíonn na liúntais a tugadh i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó in aghaidh aon bhliana measúnachta níos luaithe ná sin, liúntais a tugadh do dhaoine, nó is inchurtha i leith scaireanna daoine, nach raibh, ina n-aonar nó i gcomhpháirtíocht le daoine eile, ag seoladh na trádála i dtús na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959.

(2) (a) Le linn trádáil leithleach aon chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht a bheith á cur faoi cháin tabharfar na liúntais chéanna agus gearrfar na muirir chéanna i leith innealra nó gléasra a úsáideadh chun críocha na trádála sin agus ba le comhpháirtí amháin nó níos mó de na comhpháirtithe ach nár mhaoin chomhpháirtíochta agus a bheadh le tabhairt nó le gearradh dá mba leis na comhpháirtithe uile gach tráth ábhartha an t-innealra nó an gléasra agus gur mhaoin chomhpháirtíochta an céanna agus gurb iad na comhpháirtithe uile a rinne, nó gur leo a rinneadh, gach ní a rinne aon chomhpháirtí acu nó a rinneadh leis i ndáil leis an gcéanna.

(b) San fho-alt seo tá le ‘trádáil leithleach’ an bhrí a shanntar dó le halt 71.

(3) D'ainneoin aon ní in alt 272, ní dhéanfar díol ná bronnadh innealra nó gléasra a úsáideadh chun críocha trádála a bhí á seoladh i gcomhpháirtíocht, ar díol nó bronnadh é ag ceann amháin nó níos mó de na comhpháirtithe le ceann amháin nó níos mó, nó ar cheann amháin níos mó, de na comhpháirtithe a áireamh mar theagmhas is cúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta má leantar den innealra nó den ghléasra a úsáid tar éis an díola nó an bhronnta chun críocha na trádála sin.

(4) Ná tagairtí i bhfo-ailt (2) agus (3) d'úsáid chun críocha trádála ní fholaíonn siad tagairtí d'úsáid de bhun ligin ag an gcomhpháirtí nó na comhpháirtithe áirithe chun na comhpháirtíochta ná d'úsáid i gcomaoin aon íocaíocht a thabhairt don chomhpháirtí nó do na comhpháirtithe áirithe is féidir a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain na trádála a bheith á ríomh faoi alt 71 (3).”.

32. In ionad alt 279 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“279.—(1) Nuair a bheifear á chinneadh, le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin, an bhfuil aon liúntas cothromaíochta le tabhairt do dhuine ar bith nó aon mhuirear cothromaíochta le gearradh air in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe agus, má tá, cad é an liúntas cothromaíochta nó an muirear cothromaíochta é, measfar gur tugadh don duine sin, in aghaidh gach tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin ar mhaoin dá chuid an t-innealra nó an gléasra agus is tréimhse inmhuirearaithe a bheidh le cur i gcuntas chun críche an ailt seo, cibé liúntas caithimh agus cuimilte nó cibé liúntas caithimh agus cuimilte níos mó, más ann, i leith an innealra nó an ghléasra a bheadh le tabhairt dó dá mbeadh na coinníollacha go léir a shonraítear i bhfo-alt (3) comhlíonta i ndáil le gach tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin den sórt sin.

(2) Cuirfear i gcuntas chun críocha an ailt seo gach tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin ar mhaoin de chuid an duine an t-innealra nó an gléasra agus—

(a) nár úsáid an duine an t-innealra nó an gléasra chun críocha na trádála lena linn,

(b) nach raibh an trádáil á seoladh aige lena linn,

(c) a raibh an trádáil á seoladh aige lena linn i gcúinsí a thug nach raibh, ar shlí seachas de bhua Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó Chaibidil I de Chuid XXV, iomlán brabús nó gnóchan na trádála inmhuirearaithe i leith cánach,

(d) nach raibh an cháin go léir, nó cuid den cháin, ab inmhuirearaithe i leith brabúis na trádála iníoctha ina haghaidh de bhua Chaibidil II de Chuid XXV, nó

(e) a ndearnadh an cháin ab iníoctha ina haghaidh i leith brabúis na trádála a laghdú de bhua Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó Chaibidil III nó Chaibidil IV de Chuid XXV.

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) an trádáil a bheith á seoladh ag an duine iomchuí riamh ón dáta a fuair sé an t-innealra nó an gléasra agus í a bheith á seoladh amhlaidh aige i gcúinsí a thugann gurbh inmhuirearaithe cáin ar iomlán brabús nó gnóchan na trádála sin,

(b) nach é a bhí, go hiomlán ná go páirteach, sa trádáil tráth ar bith oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir brí Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó Chaibidil I de Chuid XXV,

(c) gur go heisiatach chun críocha na trádála a bhí an t-innealra nó an gléasra á úsáid aige riamh ón dáta sin, agus

(d) go ndearna sé go cuí ceart-éileamh ar liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh gach tréimhse inmhuirearaithe iomchuí.

I gcás cuideachta mar a shainítear in alt 1 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ní dhéanfaidh mír (a) athrú ar na tréimhsí atá le háireamh mar thréimhsí inmhuirearaithe, ach más rud é, in imeacht aon ama tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus tar éis don chuideachta an t-innealra nó an gléasra a fháil, nach raibh an cuideachta laistigh de réim cánach corparáide, déanfar aon bhliain mheasúnachta nó aon cuid de bhliain mheasúnachta laistigh den am sin a áireamh mar thréimhse inmhuirearaithe ionann is dá mba thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta í.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fhorálacha alt 272 (4).”.

33. In ionad alt 280 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“ 280.—(1) I gcás—

(a) teagmhas tarlú is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt do dhuine ar bith, nó muirear cothromaíochta a ghearradh air, i leith aon innealra nó gléasra a sholáthraigh nó a d'úsáid sé chun críocha trádála; agus

(b) aon suimeanna (dá ngairtear na suimeanna sin ina dhiaidh seo san alt seo)—

(i) ar suimeanna iad in aghaidh nó i leith an chaithimh agus na cuimilte a bhain don innealra nó don ghléasra óna úsáid chun críocha na trádála, agus

(ii) nach bhfuil le cur i gcuntas mar ioncam dá chuid ná le linn brabúis nó gnóchain aon trádála a bhí á seoladh aige a bheith á ríomh,

gur íocadh iad, nó go bhfuil siad le bheith iníoctha, leis go díreach nó go neamhdhíreach,

ansin, nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil liúntas cothromaíochta le tabhairt don duine sin nó muirear cothromaíochta le gearradh air agus, má tá, cad é an liúntas cothromaíochta nó an muirear cothromaíochta é, measfar gur tugadh dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas, liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra ar cóimhéid le méid iomlán na suimeanna sin.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fhorálacha alt 272 (4).”.

34. In ionad alt 282 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“282.—(1) Aon liúntas cothromaíochta a thabharfar do dhuine ar bith, nó aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar air, faoi na forálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo déanfar, mura faoi réim nó de bhua alt 281 é, é a thabhairt don dhuine sin nó é a ghearradh air le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin.

(2) Aon liúntas caithimh agus cuimilte a thabharfar faoi réim nó de bhua alt 241 (5) nó aon liúntas cothromaíochta a thabharfar faoi réim nó de bhua alt 281 is trí urscaoileadh nó aisíoc cánach a thabharfar é agus beidh sé inchomhairimh go príomha in aghaidh ioncaim as ligean an innealra nó an ghléasra.

(3) Aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar faoi réim nó de bhua alt 281 is faoi Chás IV de Sceideal D a ghearrfar é.”.

35. In ionad alt 284 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“284.—(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn ‘ioncam ó phaitinní’—

(a) aon ríchíos nó suim eile a íocadh i leith paitinn a úsáid, agus

(b) aon suim ar arb iníoctha cáin in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe de bhua aon fhorála d'fhorálacha na Caibidle seo;

ciallaíonn ‘tosach feidhme na paitinne’ i ndáil le paitinn an dáta óna mbíonn éifeacht ag na cearta paitinne;

ciallaíonn ‘cearta paitinne’ an ceart aon rud áirithe a dhéanamh nó a údarú aon rud áirithe a dhéanamh, ba shárú ar phaitinn mura mbeadh an ceart sin;

ciallaíonn ‘paitinn Éireannach’ paitinn a deonaíodh faoi dhlíthe an Stáit;

ciallaíonn ‘an dáta feidhme’ an 6ú lá d'Aibreán, 1960.

(2) Sa Chaibidil seo, folaíonn aon tagairt do chuid de chearta paitinne a dhíol tagairt do cheadúnas a dheonú i leith na paitinne a bheidh i gceist, agus folaíonn aon tagairt do chearta paitinne a cheannach tagairt do cheadúnas i leith paitinne a fháil:

Ar choinníoll, más éard é ceadúnas a dheonóidh duine a bheidh i dteideal aon chearta paitinne ceadúnas na cearta sin a fheidhmiú ag eisiamh an deontóra agus gach duine eile go ceann a mbeidh fágtha den téarma a mhairfidh na cearta, go meastar, chun críocha na Caibidle seo, an deontóir do dhíol iomlán na gceart tríd sin.

(3) I gcás, faoi alt 130 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint) 1927, nó faoi aon fhorálacha comhréire de dhlí aon tíre lasmuigh den Stát, aireagán is ábhar paitinne a dhéanamh, a úsáid, nó a fheidhmiú nó a dhíol ag an Stát nó ag rialtas na tíre iomchuí nó le haghaidh seirbhís an Stáit nó rialtas na tíre iomchuí, beidh éifeacht le forálacha na Caibidle seo ionann is dá mba de bhun ceadúnas a rinneadh, a úsáideadh, a feidhmíodh nó a díoladh an t-aireagán, agus déileálfar dá réir sin le haon suimeanna a íocadh ina leith.”.

36. In ionad alt 285 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“285.—(1) I gcás a dtabhóidh duine, an dáta feidhme nó dá éis, caiteachas caipitiúil ag ceannach cearta paitinne, deánfar, faoi réim agus de réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil seo, liúntas síos-scríofa i leith an chaiteachais sin a thabhairt dó le linn na tréimhse síos-scríofa mar a mhínítear anseo ina dhiaidh seo:

Ar choinníoll nach dtabharfar aon liúntas síos-scríofa do dhuine i leith aon chaiteachais mura rud é—

(a) go mbeidh an liúntas le tabhairt dó le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin, nó

(b) go mbeadh cáin inmhuirearaithe ar aon ioncam ab infhaighte aige i leith na gceart.

(2) Seacht mbliana déag dar tosach an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas a bheidh sa tréimhse síos-scríofa:

Ar choinníoll—

(a) i gcás na cearta a bheith arna gceannach go ceann tréimhse sonraithe, go mbeidh éifeacht leis na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo ach tagairt do sheacht mbliana déag nó don méid blianta sa tréimhse sin, cibé acu is lú, a chur in ionad na tagartha do sheacht mbliana déag,

(b) i gcás na cearta a ceannaíodh tosú bliain iomlán nó níos mó tar éis tosach feidhme na paitinne agus gan feidhm a bheith ag mír (a) den choinníoll seo, go mbeidh éifeacht leis na forálacha sin ach tagairt do sheacht mbliana déag lúide an méid blianta iomlána a bheidh, tráth tosaithe na gceart, caite ó thosach feidhme na paitinne, nó, má bhíonn seacht mbliana déag iomlána caite mar a dúradh, tagairt do bhliain amháin, a chur in ionad na tagartha do sheacht mbliana déag, agus

(c) go ndéileálfar chun críocha an fho-ailt seo le haon chaiteachas a thabhaigh duine an dáta feidhme nó dá éis chun críocha trádála agus é ar tí dul á seoladh ionann is dá mba é an chéad lá a bhí sé á seoladh a thabhaigh sé an caiteachas sin, mura mbeidh na cearta uile ar á gceannach a tabhaíodh an caiteachas díolta aige roimh an gcéad lá sin.”.

37. In ionad alt 286 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“286.—(1) I gcás duine do thabhú caiteachais chaipitiúil an dáta feidhme nó dá éis ag ceannach ceart paitinne agus aon teagmhas acu seo a leanas tarlú roimh dheireadh na tréimhse síos-scríofa faoi alt 285:

(a) na cearta do dhul in éag gan iad a athbheochan ina dhiaidh sin;

(b) é do dhíol na gceart sin go léir nó an oiread díobh agus a bheidh fós ar úinéireacht aige;

(c) é do dhíol cuid de na cearta sin agus nach lú glanfháltais an díola (a mhéid is suimeanna caipitiúila iad) ná an méid den chaiteachas caipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith;

ní thabharfar aon liúntas síos-scríofa don duine sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas ná in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe ina dhiaidh sin.

(2) I gcás duine do thabhú caiteachais chaipitiúil an dáta feidhme nó dá éis ag ceannach ceart paitinne agus ceachtar de na teagmhais seo a leanas tarlú roimh dheireadh na tréimhse síosscríofa faoi alt 285:

(a) na cearta do dhul in éag gan iad a athbheochan ina dhiaidh sin;

(b) é do dhíol na gceart sin go léir nó an oiread díobh agus a bheidh fós ar úinéireacht aige agus gúr lú glanfháltais an díola (a mhéid is suimeanna caipitiúla iad) ná an méid den chaiteachas caipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith;

abharfar dó, faoi réir agus de réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil seo, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas, liúntas (dá ngairtear liúntas cothromaíochta sa Chaibidil seo) ar cóimhéid, más é dul in éag na gceart an teagmhas, leis an méid den chaiteachas caipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, agus, más díol an teagmhas, leis an méid den chaiteachas caipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith lúide glanfháltais an díola.

(3) I gcás duine a thabhaigh caiteachas caipitiúil an dáta feidhme nó dá éis ag ceannach ceart paitinne do dhíol na gceart sin go léir nó aon choda díobh agus gur mó glanfháltais an díola (a mhéid is suimeanna caipitiúla iad) ná an méid den chaiteachas caipitiúil, más ann, a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, déanfar, faoi réir agus de réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil seo, muirear (dá ngairtear muirear cothromaíochta sa Chaibidil seo) a ghearradh air in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an díol ar cóimhéid leis an mbreis nó, i gcás ar nialas an méid den chaiteachas caipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, ar cóimhéid leis na glanfháltais sin.

(4) I gcás duine a thabhaigh caiteachas caipitiúil an dáta feidhme ná dá éis ag ceannach ceart paitinne do dhíol cuid de na cearta sin agus nach mbeidh feidhm ag fo-alt (3), is é méid aon liúntais síos-scríofa a thabharfar i leith an chaiteachais sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an díol nó in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe ina dhiaidh sin an méid a gheofar—

(a) trí ghlanfháltais an díola (a mhéid is suimeanna caipitiúla iad) a bhaint as an méid den chaiteachas a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith tráth an díola, agus

(b) an toradh a roinnt ar an méid blianta iomlána den tréimhse síos-scríofa a bhí fágtha i dtús na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an díol,

agus mar sin de i gcás aon díola ina dhiaidh sin.

(5) Aon tagairtí sna forálacha sin roimhe seo den alt seo don méid d'aon chaiteachas caipitiúil a bheidh fágtha gan liúnas a bheith tugtha ina leith déanfar, i ndáil le haon teagmhas, iad a fhorléiriú mar thagairtí do mhéid an chaiteachais sin lúide aon liúntais síos-scríofa a tugadh ina leith sin in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe roimh an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas sin, agus lúide freisin na glanfhál tais a bhí ann aon uair a rinne an duine a thabhaigh an caiteachas aon chuid de na cearta a dhíol roimhe sin a fuarthas tríd an gcaiteachas, a mhéid is suimeanna caipitiúla na glanfháltais sin.

(6) D'aínneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, ní thabharfar aon liúntas cothromaíochta i leith aon chaiteachais mura ndearnadh, nó, mura mbeadh an teagmhas is cúis leis an liúntas cothromaíochta, mura bhféadfaí, liúntas siosscríofa a thabhairt i leith an chaiteachais sin, agus ní bheidh an méid iomlán ar a ngearrfar muirear cothromaíochta i leith aon chaiteachais níos mó ná iomlán na liúntas síos-scríofa a bheidh tugtha iarbhír i leith an chaiteachais sin, lúide, má bhíonn muirear cothromaíochta gearrtha roimhe sin, i leith an chaiteachais sin, an méid ar ar gearradh an muirear sin.”.

38. In ionad alt 288 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“288.—(1) I gcás a ndéanfaidh duine a chónaíonn sa Stát aon chearta paitinne a dhíol an dáta feidhme nó dá éis agus gurb éard iad glanfháltais an díola, go hiomlán nó go páirteach, suim chaipitiúil, déanfar, faoi réir forálacha na Caibidle seo, cáin a mhuirearú air faoi Chás IV de Sceideal D in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a fuair sé an tsuim agus in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe comhleanúnacha, agus muirearófar é gach tréimhse ar an gcodán céanna den tsuim is ionann agus an codán de shé bliana an tréimhse (nó ar cibé codán is lú ná sin nár muirearaíodh cheana):

Ar choinníoll—

(a) má roghnaíonn an duine sin, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar an gcigire tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse inmhuirearaithe a fuarthas an tsuim sin, go muirearófar cáin ar iomlán na suime sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, go muirearófar cáin air dá réir sin;

(b) má iarrann an duine sin, trí fhógra mar a dúradh, go ndéanfar an codán sin a chinneadh mar chodán seachas codán is ionann agus an codán de shé bliana an tréimhse inmhuirearaithe, ansin, más dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim gur dóigh go dtiocfaidh cruatan, ag féachaint do chúinsí uile an cháis, mura dtabharfar treoir faoin mír seo, go bhféadfaidh siad a threorú gurb é a bheidh sa chodán an codán den tsuim is ionann agus an codán d'uimhir blianta seachas sé bliana an tréimhse inmhuirearaithe agus go ndéanfar an muirear a leathadh dá réir sin.

(2) I gcás a ndéanfaidh duine nach gcónaíonn sa Stát aon chearta paitinne a dhíol an dáta feidhme nó dá éis agus gurb éard iad glanfháltais an díola, go hiomlán nó go páirteach, suim chaipitiúil, agus gur paitinn Éireannach an phaitinn, ansin, faoi réir forálacha na Caibidle seo—

(a) beidh cáin inmhuirearaithe air maidir leis an tsuim sin faoi Chás IV de Sceideal D, agus

(b) bainfidh alt 434 leis an tsuim sin ionann is dá mba íocaíocht bhliantúil í ab iníoctha ar shlí seachas as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach:

Ar choinníoll, má tharlaíonn, tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a íocadh an tsuim, go roghnóidh an duine lenar íocadh í, trí fhógra i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim, go ndéileálfar leis an tsuim a dúradh chun críche cánach ioncaim in aghaidh na bliana sin agus in aghaidh gach bliana de na cúig bliana comhleanúnacha ina dhiaidh sin ionann is dá mbeadh an séú cuid di, agus sin ar a mhéid, ar áireamh an ioncaim dá chuid ar ar inmhuirearaithe cáin do na blianta sin uile faoi seach, go ndéileálfar amhlaidh léi, agus go ndéanfar gach uile aisíoc agus measúnacht cánach in aghaidh gach bliana faoi leith acu sin is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú, ach sin ar shlí, áfach—

(i) nach ndéanfaidh an roghnú difear don méid cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt ann faoi alt 434;

(ii) i gcás a n-asbhainfear aon suim faoi alt 434, go ndéanfar, ar mhodh aisíoca cánach, aon choigeartú is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú, agus

(iii) go ndéanfar an coigeartú sin bliain ar bhliain agus amhail is dá mba gur asbhaineadh i leith cánach do gach bliain an séú cuid den tsuim a asbhaineadh, agus nach ndéanfar aisíoc ar bith ar an gcuid sin, ná ar aon mhír den chuid sin, den cháin a asbhaineadh agus a bheidh le háireamh mar ní a asbhaineadh i leith cánach d'aon bhliain áirithe mura bhfionnfar, agus go dtí go bhfionnfar, gur lú an cháin a bheidh le híoc faoi dheoidh don bhliain sin ná an méid cánach a íocadh don bhliain sin.

(2A) I bhfo-alt (2) ciallóidh an focal ‘cáin’ cáin ioncaim, mura rud é go mbeadh díoltóir na gceart paitinne ar chuideachta é, laistigh de réim cánach corparáide i leith aon chuid d'fáltais an díola nár shuim chaipitiúil iad; agus i gcás feidhm a bheith ag an bhfo-alt le cáin chorparáide a mhuirearú ar chuideachta i leith suim a íocadh léi, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll, ach féadfaidh an chuideachta, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta inar íocadh an tsuim, a roghnú go ndéileálfar leis an tsuim mar shuim a d'eascair go rátúil sna tréimhsí cuntasaíochta dar críoch tráth nach déanaí ná sé bliana ó thosach na tréimhse inar íocadh an tsuim (is é sin, tréimhsí cuntasaíochta a raibh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide mar a dúradh lena linn), agus déanfar gach uile aisíoc cánach agus gach uile mheasúnacht cánach is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon roghnú den sórt sin.

(3) I gcás ar trína gceannach a fuair duine na cearta paitinne a dhíol sé, nó na cearta ar astu a deonaíodh na cearta paitinne a dhíol sé, agus gur shuim chaipitiúil a bhí, go hiomlán nó go páirteach, sa phraghas a íocadh, beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo ionann is dá ndéanfaí aon suim chaipitiúil a fuair sé nuair a dhíol sé na cearta a laghdú méid na suime sin:

Ar choinníoll—

(a) i gcás a ndearna sé, idir an ceannach sin agus an díol sin, cuid de na cearta paitinne a fuair sé a dhíol agus gur shuim chaipitiúil glanfháltais an díola sin, go hiomlán nó go páirteach, go ndéanfar méid an laghdaithe a bheidh le déanamh faoin bhfo-alt seo i leith an díola ina dhiaidh sin a laghdú é féin méid na suime sin,

(b) nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear don méid cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt ann faoi alt 434 de bhua fho-alt (2) den alt seo agus i gcás aon suim a asbhaint faoi alt 434, gur trí cháin a aisíoc a dhéanfar aon choigeartú is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo.

(4) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon chuid d'aon chearta paitinne a dhíol mar atá feidhm aige i ndáil le cearta paitinne a dhíol.”.

39. In ionad alt 290 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“290.—(1) D'ainneoin aon ní in alt 61, le linn brabúis nó gnóchain aon trádála a bheith á ríomh, ceadófar aon táillí a íocadh nó costais a tabhaíodh ag fáil, chun críocha na trádála, deonú paitinne nó síneadh ar théarma paitinne a asbhaint mar chostais.

(2) Má tharlaíonn—

(a) ar an dáta feidhme nó dá éis, go n-íocfaidh duine aon táillí, nó go dtabhóidh duine aon chaiteachais, seachas chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige, i ndáil le paitinn a dheonú nó a chothabháil nó síneadh ar théarma paitinne a fháil, agus

(b) go mbeadh na táillí nó na caiteachais sin inlamhála, dá mba chun críocha trádála a íocadh nó a tabhaíodh iad, mar asbhaint le linn brabúis nó gnóchain na trádála sin a bheith á meas,

tabharfar dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a íocadh nó a tabhaíodh na costais sin, liúntas ar cóimhéid le méid an chéanna.

(3) I gcás paitinn a dheonú i leith aon aireagáin, déanfar liúntas ar cóimhéid leis an oiread sin de ghlanmhéid aon chaiteachais a thabhaigh pearsa aonair, an dáta feidhme nó dá éis, a cheap, leis féin nó i gcomhar le haon duine eile, an t-aireagán agus is inchurtha go cuí i leith ceapadh an aireagáin (nach caiteachais a bhfuil, ná sócmhainní in ionannas caiteachais a bhfuil, liúntas le tabhairt ina leith faoi aon fhoráil eile de chuid an Achta seo) a thabhairt don phearsa aonair sin in aghaidh na bliana measúnachta a tabhaíodh na caiteachais

(4) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (3) i ndáil le caiteachais a tabhaíodh roimh an dáta feidhme ionann is dá mba é an lá sin a tabhaíodh na caiteachais sin, faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar, má deonaíodh an phaitinn sin bliain iomlán nó níos mó roimh an lá sin, an méid a bheidh le lamháil a laghdú tríd an gcodán a fheidhmiú air arb é a uimhreoir seacht déag lúide an méid blianta iomlána sa tréimhse dar thosach dáta tosaithe na paitinne agus dar chríoch an lá díreach roimh an dáta feidhme agus arb é a ainmneoir seacht déag.”.

40. In ionad alt 291 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“291.—(1) I gcás ríchíos nó suim eile lena mbaineann alt 433 nó alt 434 a íoc i leith paitinn a úsáid, agus go ndearnadh an úsáid sin ar feadh sé bliana iomlána nó níos mó, féadfaidh an duine a fuair an íocaíocht a cheangal go ndéanfar an cháin is iníoctha aige de dhroim an tsuim sin a fháil a laghdú ionas nach mbeidh sí níos mó ná an méid iomlán cánach ab iníoctha aige dá n-íocfaí an ríchíos nó an tsuim sin ina shé thráthchuid chomhionanna go bliantúil, agus ar íocadh an ceann deiridh acu an dáta a rinneadh an íocaíocht iarbhír.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le ríchíos nó suim eile i gcás ar dhá bhliain iomlána nó níos mó, ach tréimhse is lú ná sé bliana iomlána, tréimhse na húsáide mar atá feidhm aige i ndáil leis na ríchíosanna agus na suimeanna a luaitear san fho-alt sin, ach tagairt don oiread tráthchodanna comhionanna agus atá de bhlianta iomlána sa tréimhse sin a chur in ionad na tagartha do shé thráthchuid chomhionanna.

(3) San alt seo aon tagairt don cháin is iníoctha ag duine folaíonn sí, i gcásanna a meastar gur ioncam de chuid an fhearchéile ioncam banchéile, tagairtí don cháin ioncaim is iníoctha ag a bhanchéile nó ag a fearchéile, cibé acu é.

(4) Ní bhainfidh aon ní san alt seo le haon suim lena mbaineann alt 434 de bhua ailt 288.”.

41. In ionad alt 292 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“292.—(1) Tabharfar liúntas do dhuine, nó gearrfar muirear ar dhuine, faoi aon cheann d'fhorálacha na Caibidle seo le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin—

(a) má bhíonn sé ag seoladh trádála a mbeidh na brabúis nó na gnóchain aisti, nó a mbeadh na brabúis nó na gnóchain, dá mb'ann, aisti, inchurtha faoi cháin faoi Chás I de Sceideal D in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a dtabharfar an liúntas nó a ngearrfar an muirear ina haghaidh, agus

(b) más rud é gur úsáideadh na cearta paitinne sin nó cearta eile as ar deonaíodh iad, nó go rabhthas chun iad a úsáid, aon tráth sa tréimhse inmhuirearaithe nó ina bonn-tréimhse chun críocha na trádála sin:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt difear d'aon cheann de na forálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo a lamhálann asbhaint mar chaiteachais le linn brabúis nó gnóchain trádála a bheith á ríomh nó a cheanglaíonn muirear a ghearradh faoi Chás IV de Sceideal D.

(2) Ach amháin mar a dúradh, tabharfar liúntas faoin gCaibidil seo ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach agus beidh sé inchomhairimh i gcoinne ioncaim ó phaitinní, agus déanfar muirear faoin gCaibidil seo a ghearradh faoi Chás IV de Sceideal D.”.

42. In ionad alt 293 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“293.—(1) I gcás duine ar a mbeidh, de bhíthin suim chaipitiúil a fháil, nó ar a mbeadh ar chúis eile, muirear le gearradh faoi alt 288 d'fháil bháis nó, más comhlacht corpraithe é, a mbeifear tosaithe á fhoirceannadh—

(a) ní mhuirearófar aon suimeanna faoin alt sin ar an duine sin in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe tar éis n tréimhse inmhuirearaithe a tharlóidh an bás nó a thosófar ar an bhfoirceannadh, agus

(b) déanfar an méid a bheidh le muirearú in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a tharlóidh an bás nó a thosófar ar an bhfoirceannadh a mhéadú na méideanna iomlána a bheadh, mura mbeadh an bás nó an foirceannadh, le muirearú in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe dá éis sin:

Ar choinníoll go bhféadfaidh na hionadaithe pearsanta, i gcás báis, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar an gcigire lá is fiche ar a dhéanaí tar éis fógra a sheirbheáil orthu i dtaobh an mhuirir a bheidh le gearradh de bhua an ailt seo, a cheangal go ndéanfar an cháin is iníoctha as eastát an éagaigh de bhíthin an mhéadaithe dá bhforáiltear leis an alt seo a laghdú ionas nach mó é ná an méid iomlán cánach ab iníoctha aige nó as a eastát de bhíthin oibriú an ailt sin 288 i ndáil leis an tsuim sin, dá ndéanfaí, in ionad an méid a bheidh le muirearú in aghaidh na bliana a tharla an bás a mhéadú méid iomlán na suimeanna a mhuirearófar in aghaidh blianta dá éis sin, gach méid de na méideanna leithleacha a bheidh le muirearú in aghaidh na mblianta dar tosach an bhliain a fuarthas an tsuim chaipitiúil agus dar críoch an bhliain a tharla an bás a mhéadú an méid iomlán sin arna roinnt ar uimhir na mblianta sin.

(2) I gcás a mbeidh, faoi fhorálacha Chaibidil V den Chuid seo arna modhnú le Caibidil III de Chuid IV, muirir faoi alt 288 le gearradh ar bheirt daoine nó níos mó mar na daoine a sheolann trádáil de thuras na huaire, agus go rachaidh an tréimhse iomchuí, de réir brí na Caibidle sin III, in éag, beidh éifeacht le forálacha fho-alt (1) i ndáil leis an tréimhse iomchuí dul in éag mar atá éifeacht leo i gcás ina dtosaítear ar chomhlacht corpraithe a fhoirceannadh:

Ar choinníoll—

(a) go ndéanfar na suimeanna breise a bheidh, faoi fho-alt (1), le muirearú don bhliain a éagfaidh an tréimhse iomchuí a chomhiomlánú agus a chionroinnt ar chomhaltaí na comhpháirtíochta díreach roimh éag don tréimhse iomchuí de réir a leasanna faoi seach i mbrabúis na comhpháirtíochta an tráth sin agus go ndéanfar gach comhpháirtí (nó, más marbh dó, a ionadaithe pearsanta) a mhuirearú i leith a chionúireachta, agus

(b) go mbeidh ag gach comhpháirtí (nó, más marbh dó, ag a ionadaithe pearsanta) an ceart céanna a cheangal go ndéanfar laghdú ar an gcáin iomlán is iníoctha aige nó as a eastát de bhíthin an mhéadaithe ab infheidhmithe ag na hionadaithe pearsanta faoi fho-alt (1) i gcás báis, agus go mbeidh éifeacht dá réir sin leis an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin ach ionann is dá mba éard iad na tagairtí don méid cánach ab iníoctha ag an éagach nó as a eastát sa chúinse a luaitear ansin tagairt don méid cánach a bheadh sa chúinse sin le híoc nó le hiompar ag an gcomhpháirtí a bheidh i gceist nó as a eastát.

(3) San alt seo, folaíonn aon tagairtí do cháin a d'íoc nó a d'iompair duine, nó a bheidh iníoctha nó le hiompar ag duine, tagairtí, i gcásanna a meastar gur ioncam de chuid an fhearchéile ioncam banchéile, don cháin ioncaim a d'íoc nó a d'iompair a bhanchéile nó a fearchéile, cibé acu é, nó a bheidh iníoctha nó le hiompar aici nó aige.”.

43. In ionad alt 294 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“294.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás a mbeidh duine, chun críocha aon trádála cáilithí a sheolann sé, tar éis caiteachas caipitiúil a thabhú ar dhreidireacht agus gurb éard í an trádáil cothabháil nó feabhsú slí loingseoireachta cuain, inbhir nó uiscebhealaigh nó gur dreidireacht í chun sochair árthaí a thagann isteach in aon duga nó áitreabh eile, nó a fhágann nó a úsáideann aon duga nó áitreabh eile, atá á áitiú aige chun críocha na trádála, ansin—

(a) déanfar liúntas tosaigh ar cóimhéid leis an deichiú cuid den chaiteachas a thabhairt in aghaidh na chéad tréimhse inmhuirearaithe iomchuí don duine a thabhaigh an caiteachas, agus

(b) tabharfar liúntas síos-scríofa i leith an chaiteachais sin don duine a bheidh de thuras na huaire ag seoladh na trádála i dtréimhse síos-scríofa caoga bliain dar tosach an chéad tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, ach i gcás a mbeidh liúntas síos-scríofa le tabhairt in aghaidh bliana measúnachta do dhuine den sórt sin, agus nach mbeidh sé laistigh de réim cánach ioncaim i leith na trádála ach do chuid den bhliain sin, déileálfar leis an gcuid sin mar thréimhse inmhuirearaithe ar leithligh chun liúntais a ríomh faoin alt seo:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956.

(2) Má bhuanscoirtear den trádáil in aon tréimhse inmhuirearaithe, ansin, tabharfar, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, don duine deiridh a sheol an trádáil, i dteannta aon liúntais eile a thabharfar dó, liúntas ar cóimhéid leis an gcaiteachas lúide na liúntais a bheidh tugtha ina leith faoi fho-alt (1) in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin agus tréimhsí inmhuirearaithe roimhe sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar de bhua aon cheann d'fhorálacha an Achta seo trádáil a bheith arna scor ar mhalairt daoine do dhul á seoladh.

(4) Tabharfar aon liúntas faoin alt seo le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin.

(5) I gcás caiteachas a thabhú go páirteach chun críocha trádála cáilithí agus go páirteach chun críocha eile, ní bhainfidh fo-alt (1) ach leis an méid sin den chaiteachas sin ba chóir, ar chionroinnt chóir a dhéanamh, a áireamh mar chaiteachas a tabhaíodh chun críocha na trádála sin.

(6) San alt seo ciallaíonn ‘trádáil cháilitheach’ aon trádáil nó gnóthas a chomhlíonann, nó a gcomhlíonann cuid de, aon choinníoll acu seo a leanas—

(a) an coinníoll gur cothabháil nó feabhsú slí loingseoireachta cuain, inbhir nó uiscebhealaigh í,

(b) aon choinníoll atá leagtha amach i bhforálacha alt 255 (1),

ach i gcás nach gcomhlíonann ach cuid de thrádáil nó de ghnóthas na coinníollacha sin, beidh feidhm ag fo-alt (5) ionann is dá mba thrádálacha ar leithligh an chuid a chomhlíonann agus an chuid nach gcomhlíonann.

(7) I gcás duine do thabhú caiteachais chaipitiúil chun críocha trádála nó coda de thrádáil nach bhfuil á seoladh fós aige ach a bhfuil de rún aige dul á seoladh, nó do thabhú caiteachais chaipitiúil i ndáil le duga nó aitreabh eile nach bhfuil ar áitiú fós aige chun críocha trádála cáilithí ach go bhfuil de rún aige an duga nó an t-áitreabh a áitiú amhlaidh, beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo ionann is dá mbeadh an trádáil nó cuid den trádáil á seoladh aige nó an duga nó an t-áitreabh ar áitiú aige chun críocha na trádála cáilithí, cibé acu é, an tráth a tabhaíodh an caiteachas.

(8) Chun críocha an ailt seo, is í an chéad tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, i ndáil le caiteachas a thabhaigh aon duine, an tréimhse inmhuirearaithe i ndáil leis an teagmhas nó leis an ócáid seo a leanas, is é sin—

(a) tabhú an chaiteachais, nó

(b) i gcás caiteachas a mbeidh liúntais le tabhairt ina leith de bhua fho-alt (7) den alt seo, an ócáid a tharla i gcéaduair gur sheol sé an trádáil nó cuid den thrádáil dar tabhaíodh an caiteachas agus freisin a d'áitigh sé chun críocha na trádála sin nó chuid den trádáil an dug nó an t-áitreabh eile ar i ndáil leis a tabhaíodh é.

(9) I gcás duine do ranníoc suime caipitiúla i leith caiteachais le dreidireacht a thabhaigh duine eile, measfar, chun críocha an ailt seo, gur thabhaigh sé caiteachas caipitiúil leis an dreidireacht sin ar cóimhéid leis an ranníoc agus measfar an caiteachas caipitiúil a thabhaigh an duine eile leis an dreidireacht sin a bheith, chun na gcríocha sin, arna laghdú méid an ranníoca.

(10) San alt seo ní fholaíonn ‘dreidireacht’ nithe a dhéanamh chun críocha seachas ar mhaithe le slí loingseoireachta ach (faoina réir sin) folaíonn sé aon ní is cuid de ghrinneall, nó a fheitheann as grinneall, na farraige nó aon uisce intíre a dhíchur, cibé slí a ndíchuirtear é agus cibé os cionn uisce ar fad nó go pairteach dó nó nach ea le linn an díchuir; agus bainfidh an t-alt seo le leathnú uiscebhealaigh intíre ar mhaithe le slí loingseoireachta mar a bhaineann sé le dreidireacht.

(11) Ní thabharfar aon liúntas de bhua an ailt seo i leith aon chaiteachais má thugtar nó más intugtha liúntas ina leith in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe céanna nó aon tréimhse inmhuirearaithe eile faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I den Chuid seo.

(12) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoin alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta a thosaigh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, ach, le linn na liúntais a bheidh le tabhairt faoin alt seo in aon chás áirithe a bheith á gcinneadh, measfar na liúntais sin go léir (seachas liúntais tosaigh) a bheith tugtha sa chás sin ab fhéidir a thabhairt dá mbeadh éifeacht i gcónaí leis an alt seo.”.

44. In ionad alt 295 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“295.—(1) Déanfar aon éileamh ó dhuine ar liúntas a bheidh le tabhairt dó faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo le linn brabúis nó gnóchain d'aon chineál a bheith á muirearú a chur sa ráiteas bliantúil ar na brabúis nó na gnóchain sin a cheanglaítear a sheachadadh faoin Acht seo agus tabharfar an liúntas ar mhodh asbhainte le linn na brabúis nó na gnóchain sin a bheith á muirearú, agus beidh feidhm ag alt 241 (3) i ndáil leis an liúntas mar atá feidhm aige i ndáil le liúntais i leith caitheamh agus cuimilt innealra agus gléasra.

(2) Aon mhuirear a bheidh le gearradh faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo ar dhuine in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin nó a ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D gearrfar é trí mheasúnacht i dteannta aon mheasúnachta eile a bheidh le déanamh ar an gcéanna don tréimhse sin.

(3) Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo i ndáil le gairmeacha, fostaíochtaí agus oifigí mar atá feidhm acu i ndáil le trádálacha.”.

45. In ionad alt 297 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“297.—(1) Sa Chuid seo, mar atá feidhm aige chun críocha cánach ioncaim, tá le ‘bonn-tréimhse’ an bhrí a shanntar dó leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó nó muirear le gearradh air faoi Chás I de Sceideal D le linn brabúis nó gnóchain a thrádála a bheith á muirearú nó faoi Chás V de Sceideal D le linn ioncam as cíosanna nó fáltais i leith áitribh nó éasúintí a bheith á muirearú, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, de réir mar a bheidh, faoi Chás V de Sceideal D maidir leis an ioncam as cíosanna nó fáltais i leith áitribh nó éasúintí nó, más rud é, de bhua aon fhorála den Acht seo, go mbeidh sé le meas gurb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile brabúis nó gnóchain na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:

Ar choinníoll, i gcás aon trádála—

(a) má théann dhá bhonn-tréimhse thar a chéile, go measfar, chun críche an fho-ailt seo, gur sa chéad bhonntréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon,

(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an dara bliain mheasúnachta a luaitear bliain na trádála a bhuanscor nó aon-bhunadh na mbrabús nó na ngnóchan a luaitear in alt 81 (2) scor, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh, agus

(c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála a bhuanscor nó an aon-bhunadh sin scor agus an bhonn-tréimhse do bhliain an bhuan-scoir nó an scoir, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-eatramh.

(3) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) do dhá thréimhse dur thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse comhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineann le gach ceann de dhá thréimhse.

(4) I gcás a mbeidh liúntas nó muirear le tabhairt nó le gearradh faoi Chaibidil II den Chuid seo do dhuine nó ar dhuine a sheolann nó a shealbhaíonn gairm, fostaíocht nó oifig, beidh feidhm ag forálacha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo ionann is dá bhfolódh na tagairtí do thrádáil tagairtí do ghairm, d'fhostaíocht nó d'oifig agus ionann is dá bhfolódh na tagairtí do Chás I de Sceideal D tagairtí do Chás II de Sceideal D agus do Sceideal E.

(5) I gcás aon duine eile a mbeidh liúntas le tabhairt dó nó muirear le gearradh air faoin gCuid seo, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an bhliain mheasúnachta féin.”.

46. In ionad alt 299 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“299.—(1) Beidh éifeacht le forálacha an ailt seo maidir le haon mhaoin a dhíol—

(a) i gcás ar comhlacht daoine an ceannaitheoir ar a bhfuil rialú ag an díoltóir, nó ar comhlacht daoine an díoltóir ar a bhfuil rialú ag an gceannaitheoir, nó ar comhlachtaí daoine an díoltóir agus an ceannaitheoir agus go bhfuil rialú ag duine éigin eile orthu araon. nó

(b) go ndealraíonn sé, maidir leis an díol nó maidir le hidirbhearta ar ceann acu an díol, gurb é an t-aon sochar nó an príomh-shochar a bhféadfadh, ar leith ó fhorálacha an ailt seo, súil a bheith ann lena fhaibhriú chun na bpáirtithe nó aon pháirtí acu liúntas a fháil faoi alt 241 nó 243, faoi Chaibidil I de Chuid XV nó faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo.

Folaíonn tagairtí san fho-alt seo do chomhlacht daoine tagairtí do chomhpháirtíocht.

(2) I gcás maoin a dhíol ar phraghas seachas an praghas a rachadh sí dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í, ansin, faoi réir forálacha fho-ailt (3) agus (4), cinfidh an iarmhairt chéanna chun críocha na n-achtachán a luaitear i bhfo-alt (1), mar a bhainfidh siad le cáin na ndaoine uile a bheidh i gceist, a chinfeadh dá ndíolfaí an mhaoin ar an bpraghas a rachadh sí dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í.

(3) I gcás inar díol innealra nó gléasra an díol—

(a) ní thabharfar aon liúntas tosaigh don cheannaitheoir, agus

(b) faoi réir forálacha fho-alt (4), más mó an praghas a rachadh an mhaoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í ná an méid a measfaí, d'fhonn a chinneadh an ceart aon mhuirear cothromaíochta, agus más ceart, cad é an muirear cothromaíochta is ceart, a ghearradh ar an díoltóir i leith na maoine faoi Chaibidil II den Chuid seo, gurb é méid an chaiteachais chaipitiúil é a thabhaigh an díoltóir ag soláthar na maoine, beidh éifeacht le fo-alt (2) ionann is dá gcuirfí tagairt don méid sin in ionad gach tagartha don phraghas a rachadh an mhaoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le díol innealra nó gléasra nár úsáideadh riamh má ba é gnó nó cuid de ghnó an díoltóra innealra nó gléasra den saghas sin a mhonarú nó a sholáthar agus gur i ngnáthchúrsa gnó an díoltóra a rinneadh an díol.

(4) (a) Faoi réir fho-alt (5), i gcás ar díol a mbaineann fo-alt (1) (a) leis agus nach mbaineann fo-alt (1) (b) leis an díol, agus go roghnóidh na páirtithe sa díol é trí fhógra i scríbhinn chun an chigire, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(i) beidh éifeacht le fo-alt (2) ionann is dá gcuirfí in ionad gach tagartha don phraghas a rachadh an mhaoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í tagairt don phraghas sin nó don tsuim a luaitear anseo in a dhiaidh seo, cibé acu is lú,

(ii) ní beidh feidhm ag fo-alt (3) (b), agus

(iii) d'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, is ar an gceannaitheoir a ghearrfar an muirear cothromaíochta sin, más ann, ar aon teagmhas tarlú tar éis dáta an díola, a bheadh le gearradh ar an díoltóir dá leanadh an díoltóir de bheith ina úinéir ar an maoin agus go ndearna sé gach ní agus gur lamháladh dó gach liúntas nó asbhaint i ndáil leis an maoin a rinne an ceannaitheoir nó a lamháladh don cheannaitheoir.

(b) Is í suim dá dtagraítear i mír (a) (i)—

(i) i gcás foirgneamh nó déanmhas tionscail, iarmhar an chaiteachais a caitheadh díreach roimh an díol ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin, arna ríomh de réir forálacha alt 266,

(ii) i gcás innealra nó gléasra, méid an chaiteachais ag soláthar an chéanna a bheidh fós gan liúntas a bheith tugtha ina leith díreach roimh an díol, arna ríomh de réir forálacha alt 274,

(iii) i gcás ceart paitinne, an méid den chaiteachas caipitiúil a caitheadh ag fáil na gceart sin a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, arna ríomh de réir forálacha alt 286.

(5) Ní fhéadfar roghnú faoi fho-alt (4) (a) a dhéanamh más rud é—

(a) go mbeidh aon pháirtí de na páirtithe sa díol gan bheith ina chónaí sa Stát tráth an díola, agus

(b) nach amhlaidh do na himthosca an tráth sin go mbeidh nó go mb'fhéidir go mbeadh liúntas nó muirear faoin gCuid seo le tabhairt don pháirtí sin nó le gearradh ar an bpáirtí sin de dhroim an díola, ach, cé is moite dá bhfuil ráite roimhe seo, beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le díol d'ainneoin nach infheidhmithe go hiomlán é de bhíthin gan cónaí amhlaidh a bheith ar pháirtí sa díol nó ar chúis eile.

(6) San alt seo ciallaíonn ‘rialú’, i ndáil le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó i ndáil leis, nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó i ndáil leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialálann an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur mar is toil leis an duine sin a sheolfar cúrsaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite agus, i ndáil le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé ceart chun scaire is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta.”.

47. In ionad alt 301 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“301.—(1) I gcás a mbeidh, faoi réim nó de bhua aon fhorálacha den Chuid seo, aon suim le cionroinnt agus go ndealróidh sé, tráth na cionroinnte, go mbaineann sé le hábhar maidir le dliteanas beirt daoine nó níos mó i leith cánach (is cuma cad é an tréimhse inmhuirearaithe ar ina haghaidh í), déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc aon cheist a bheidh ann i dtaobh na slí a bheidh an tsuim le cionroinnt a chinneadh, chun críocha cánach na ndaoine sin go léir, ionann is dá mba achomharc í i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim faoi Sceideal D, agus beidh feidhm dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomharc den sórt sin:

Ar choinníoll go mbeidh teideal ag na daoine sin go léir láithriú agus éisteacht a fháil ó na Coimisinéirí Achomhairc nó uiríolla a chur chucu i scríbhinn.

(2) Tá feidhm ag an alt seo i ndáil leis an bpraghas a rachadh maoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í a chinneadh chun críocha na Coda seo mar atá feidhm aige i ndáil le cionrionnt.”.

48. In ionad alt 302 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“302.—(1) I gcás teagmhas tarlú is cúis, nó ba chúis mura mbeadh an t-alt seo, le liúntas cothromaíochta nó le muirear cothromaíochta i leith aon mhaoine a thabhairt do chuideachta, nó a ghearradh ar chuideachta, a mbeidh deimhniú faoi alt 70 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó faoi alt 374 (2) tugtha ina leith, ansin, cibé acu a bheidh an deimhniú i bhfeidhm nó nach mbeidh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas den alt seo.

(2) Más go heisiatach chun críocha a hoibríochtaí trádála díolmhaithe de réir brí Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó Chaibidil I de Chuid XXV a d'úsáid an chuideachta na mhaoin, ní thabharfar aon liúntas cothromaíochta ná ní ghearrfar aon mhuirear cothromaíochta.

(3) Má úsáideadh an mhaoin go páirteach chun críocha oibríochtaí trádála díolmhaithe na cuideachta agus go páirteach chun críocha a hoibríochtaí trádála eile, tabharfar aird ar imthosca iomchuí uile an cháis agus déanfar liúntas a thabhairt don chuideachta a mbeidh ann cibé méid, nó, de réir mar a bheidh, muirear a ghearradh ar an gcuideachta a mbeidh ann cibé méid, a bheidh cóir réasúnach.”.

49. In ionad alt 303 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“303.—(1) Na tagairtí atá sa Chuid seo do chaiteachas caipitiúil agus do shuimeanna caipitiúla—

(a) i ndáil leis an duine a thabhaigh an caiteachas nó a d'íoc na suimeanna, ní fholaíonn siad aon chaiteachas ná suim a lamháiltear a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain trádála, gairme, oifige nó fostaíochta a bhí á seoladh nó ar seilbh aige a bheith á ríomh chun críocha cánach, agus

(b) i ndáil leis an duine a fuair na méideanna a caitheadh nó na suimeanna a bheidh i gceist, ní fholaíonn siad tagairtí d'aon mhéideanna nó suimeanna a bheidh le cur i gcuntas mar fháltais le linn brabúis nó gnóchain aon trádála, gairme, oifige nó fostaíoctha a bhí á seoladh nó ar seilbh aige a bheith á ríomh,

agus ní fholaíonn siad, i ndáil le haon duine mar a dúradh, aon chaiteachas ná suim a mbeidh nó a bhféadfadh go mbeadh asbhaint cánach le déanamh ina leith, seachas de bhua forálacha Chaibidil III den Chuid seo a bhaineann le muirir ar shuimeanna caipitiúla a fuarthas i leith ceart paitinne, faoi alt 433 nó 434.

(2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo don dáta a tabhaíodh caiteachas a fhorléiriú mar thagairt don dáta a tháinig na suimeanna a bheidh i gceist chun bheith iníoctha.

(3) Ní mheasfar chun aon cheann de chríocha na Coda seo gur thabhaigh aon duine caiteachas a mhéid a bheidh an caiteachas sin íoctha nó le híoc díreach nó neamhdíreach ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó ag aon údarás áitiúil.

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo le linn bheith á bhreithniú an bhfuil aon mhuirear cothromaíochta, agus, má tá, cad é an muirear cothromaíochta atá, le gearradh ar dhuine faoi Chaibidil II den Chuid seo i leith aon innealra nó gléasra a soláthraíodh roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1959.”.

50. In ionad alt 304 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“304.—(1) Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an chomhthéacs a mhalairt—

folaíonn ‘ioncam’ aon mhéid a n-údaraítear muirear a ghearradh air faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo;

folaíonn ‘léas’ comhaontú i leith léasa i gcás a bhfuil téarma an léasa tosaithe, agus aon tionóntacht, ach ní fholaíonn sé morgáiste, agus forléireofar dá réir sin ‘léasaí’, ‘léasóir’ agus ‘leas léasachta’;

ciallaíonn ‘airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh’ i ndáil le teagmhas is cúis nó a d'fhéadfadh bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt d'aon duine nó muirear cothromaíochta a ghearradh ar aon duine—

(a) i gcás ar díol aon mhaoine an teagmhas, na glanfháltais don duine sin ón díol,

(b) i gcás ar scartáil nó díothú aon mhaoine an teagmhas, an glanmhéid a fuair sé ar iarmhar na maoine, mar aon le haon airgead árachais a fuair sé i leith na scartála nó an díothaithe agus aon chúiteamh eile d'aon sórt a fuair sé i leith an chéanna, a mhéid is suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin,

(c) maidir le hinnealra nó gléasra, i gcás arb é an teagmhas buanchailleadh an chéanna ar shlí seachas de dhroim a scartála nó a dhíothaithe, aon airgead árachais a fuair sé i leith an chaillte agus aon chúiteamh eile d'aon sórt a fuair sé i leith an chéanna, a mhéid is suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin, agus

(d) i gcás arb é an teagmhas go bhfuil scortha ar fad d'fhoirgneamh nó déanmhas a úsáid, aon chúiteamh d'aon sórt a fuair sé i leith an teagmhais sin, a mhéid is suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin.

(2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo d'aon fhoirgneamh, déanmhas, innealra nó gléasra a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuid d'aon fhoirgneamh, déanmhas, innealra nó gléasra.

(3) Beidh feidhm ag forálacha na Coda seo i ndáil le scair in innealra nó gléasra mar atá feidhm acu i ndáil le cuid d'innealra nó de ghléasra, agus measfar, chun críocha na bhforálacha sin, scair in innealra nó i ngléasra a bheith á húsáid chun críocha trádála an fad, agus amháin an fad, a úsáidtear an t-innealra nó an gléasra chun críocha an chéanna.

(4) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo do thráth aon díola a fhorléiriú mar thagairt do thráth an chríochnaithe nó tráth seilbh a thabhairt, cibé acu is luaithe.

(5) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite, folaíonn aon tagairt sa Chuid seo do thrádáil a bhunú nó a buanscor tagairt do tharlú aon teagmhais a measfar, faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, gur teagmhas é is comhionann le trádáil a bhunú nó a bhuanscor.

(6) Folaíonn aon tagairt sa Chuid seo do liúntas a thabhairt tagairt do liúntas a thabharfaí mura mbeadh neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan, nó ioncaim eile, a dtabharfaí ina choinne é.”.

51. In ionad alt 305 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“305.—(1) Má tharlaíonn, roimh lá bunaithe nó tosaithe trádála is trádáil ag táirgeadh earraí monaraithe lena ndíol, go dtabhóidh nó gur thabhaigh duine caiteachas ag earcú agus ag oiliúint daoine ar saoránaigh Éireannacha iad go léir nó a bhformhór, de rún a bhfostaithe sa trádáil—

(a) tabharfar dó liúntais (dá ngairtear liúntais síosscríofa sa Chuid seo) i leith an chaiteachais sin le linn tréimhse síos-scríofa trí bliana dar tosach an lá sin agus tabharfar na liúntais sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin,

(b) beidh feidhm ag alt 241 (3) i ndáil le liúntas faoi mhír (a) mar atá feidhm aige i ndáil le liúntas is inlamhála i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) ní fholóidh caiteachas aon chaiteachas a thabhaigh duine agus nach mbeadh aon asbhaint inlamhála dó ina leith, le linn brabúis nó gnóchain na trádála a bheith á ríomh faoi na forálacha den Acht seo is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D, dá mba é lá bunaithe nó tosaithe na trádála nó aon lá dá éis sin a tabhaíodh é,

(b) ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a bheidh an caiteachas sin íoctha nó le híoc díreach nó neamhdíreach ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó ag aon údarás áitiúil.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é dáta na suime iomchuí teacht chun bheith iníoctha dáta tabhaithe aon chaiteachais.

(4) Déanfar aon éileamh ó dhuine ar liúntas faoin alt seo a chur sa ráiteas bliantúil ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála a cheanglaítear a sheachadadh faoin Acht seo agus beidh ag gabháil leis deimhniú a bheidh sínithe ag an éilitheoir, a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur tabhaíodh an caiteachas ag earcú agus ag oiliúint daoine, ar saoránaigh Eireannacha iad go léir nó a bhformór, de rún a bhfostaithe sa trádáil agus a thabharfaidh sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.”.

52. In ionad alt 306 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear—

“306.—(1) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le hearraí nach raibh á dtáirgeadh ar bhonn tráchtála sa Stát sa dá mhí dhéag dar chríoch an 31ú lá de Lúnasa, 1939, agus nach mbeadh a dtáirgeadh sa Stát (cibé acu le haghaidh úsáide baile nó le honnmhairiú) sochrach ar bhonn tráchtála tráth ar bith i rith an dá mhí dhéag sin agus déanfar ‘earra lena mbaineann an t-alt seo’ a fhorléiriú dá réir sin san alt seo.

(2) San alt seo déanfar tagairtí do dhálaí eacnamaíochta neamhghnácha maidir le hearra lena mbaineann an t-alt seo a fhorléiriú mar thagairtí a ciallaíonn, mar gheall ar imthosca arb é is bonn nó is cúis leo an éigeandáil náisiúnta lenar bhain an rún a rith gach Teach den Oireachtas an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1939 (lena n-áirítear imthosca a lean ann tar éis deireadh na héigeandála sin),—

(a) go bfuil an t-earra sin ag teastáil go géar sa Stát chun freastal do riachtanas bunúsach de chuid an phobail agus nach féidir leor-chainníochtaí de a allmhairiú chun freastal don riachtanas sin nó nach féidir é a allmhairiú ar aon chor, agus

(b) gur táirgeadh sochrach tráchtála, an fad is ann do na himthosca sin, an t-earra sin a tháirgeadh sa Stát le haghaidh úsáide baile, ach a scoirfidh a tháirgeadh de bheith ina thráchtáil shochrach nuair a bheidh deireadh leis na himthosca sin.

(3) I gcás—

(a) a ndéanfaidh duine, de réir an ailt seo, liúntas speisialta faoin alt seo in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe a iarraidh ar na Comisinéirí Ioncaim, agus

(b) go suífidh sé, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur úsáid sé i rith na tréimhse inmhuirearaithe sin foirgnimh a thóg nó a fuair sé nó gléasra nó innealra a chuir sé isteach tar éis an 31ú lá de Lúnasa, 1939, d'aontoisc chun earra lena mbaineann an t-alt seo a tháirgeadh ar mhodh trádála nó gnó, agus gur d'aontoisc chun a úsáide sa Stát a táirgeadh an t-earra sin amhlaidh, agus

(c) go suífidh sé freisin chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh dálaí eacnamaíochta neamhghnácha ann maidir leis an earra sin i rith na tréimhse inmhuirearaithe sin,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a chur faoi deara cibé liúntas speisialta a mheasfaidh siad is cóir a thabhairt i leith na bhfoirgneamh, an innealra nó an ghléasra sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin agus tabharfar an liúntas sin le linn trádáil an earra sin a tháirgeadh amhlaidh a bheith á cur faoi cháin.

(4) Féadfar iarratas chun na gCoimisinéirí Ioncaim ar liúntas speisialta faoin alt seo i ndáil le haon tréimhse inmhuirearaithe a dhéanamh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse sin.

(5) I gcás liúntas speisialta a thabhairt faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo tabharfar an liúntas sin trí aisíoc nó ar shlí eile.

(6) I gcás liúntais speisialta faoin alt seo a bheith tugtha do dhuine agus gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim deireadh a bheith le dálaí eacnamaíochta neamhghnácha maidir leis an earra ar i ndáil lena tháirgeadh a tugadh na liúntais sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na liúntais sin a athbhreithniú.

(7) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil leis na liúntais speisialta faoin alt seo a tugadh do dhuine ar bith a athbhreithniú faoi fho-alt (6) nó de dhroim an athbhreithnithe sin, is é sin le rá:—

(a) chun críche an athbhreithnithe sin féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na méideanna seo a leanas a chur i gcóimheas le chéile, is é sin le rá:—

(i) an glanchostas (mar a mhínítear anseo ina dhiaidh seo) a bhí ar an duine sin maidir leis na foirgnimh, leis an innealra nó leis an ngléasra ar ina leith a tugadh na liúntais speisialta sin, agus

(ii) iomlán na liúntas mar a mhínítear anseo ina dhiaidh seo a tugadh don duine sin;

(b) chun críocha an chóimheasa sin, measfar gurb é méid an ghlanchostais sin an bhreis a bheidh ag an méid a chosain sé iarbhír ar an duine sin na foirgnimh sin a fhoirgniú nó a fháil nó an t-innealra nó an gléasra sin a fheistiú ar chomhiomlán na nithe seo a leanas—

(i) an tsuim nó na suimeanna (má b'ann) a soláthraíodh ar mhodh fóirdheontais nó deontais as cistí poiblí faoi chomhair an fhoirgnithe, na fála, nó an fheistithe sin, agus

(ii) an méid ar ar fiú, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim, na foirgnimh, an t-innealra nó an gléasra sin a dhíol ar scor, nó laistigh de dhá mhí dhéag tar éis scor, do na dálaí eacnamaíochta neamhghnácha maidir leis an earra ar i leith a tháirgthe a úsáideadh na foirgnimh, an t-innealra nó an gléasra sin;

(c) measfar gurb é iomlán na liúntas sin a dúradh comhiomlán na liúntas speisialta go léir a tugadh don duine sin faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo agus na liúntas go léir a tugadh don duine sin maidir leis na foirgnimh, leis an innealra nó leis an ngléasra faoi réim nó de bhíthin alt 65 (4) (a), 241 nó 243 in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a tharla scor na ndálaí eacnamaíochta neamhghnácha maidir leis an earra ar i leith a tháirgthe a úsáideadh na foirgnimh, an t-innealra nó an gléasra sin agus in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin ar úsáideadh amhlaidh na foirgnimh, an t-innealra nó an gléasra sin lena linn;

(d) más mó an glanchostas sin ná iomlán na liúntas sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé liúntas speisialta breise is dóigh leo is cóir a thabhairt trí aisíoc nó eile;

(e) más mó iomlán na liúntas sin ná an glanchostas sin, féadfar na liúntais speisialta faoin alt seo a tugadh don duine a athbhreithniú agus féadfar cibé measúnachtaí breis a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá a dhéanamh ar an duine sin in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe ar tugadh aon liúntas speisialta den sórt sin dó ina haghaidh.”.

53. In ionad alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , cuirfear—

“11.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘innealra nó gléasra cáilitheach’ innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthrófar an 1ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, le húsáid in aon limistéar ainmnithe chun críocha trádála nó gairme agus nach innealra ná gléasra úsáidte nó réchaite é tráth a sholáthair amhlaidh;

tá le ‘limistéar ainmnithe’ an bhrí chéanna atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 .

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás liúntas a bheith le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt; agus, i ndáil le cás a raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) le hinnealra nó gléasra cáilitheach a bheidh ligthe chun duine ar na téarmaí a luaitear in alt 241 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mura bhforálann an conradh ligin go mbeidh an duine, nó go bhféadfaidh an duine teacht chun bheith, ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra ar an gconradh a bheith comhlíonta; agus, i gcás a bhforálann an conradh amhlaidh, go scoirfidh sé de bheith i dteideal (seachas ar éag dó) sochair an chonartha a mhéid a bhaineann sé leis an innealra nó leis an ngléasra, ach gan é teacht chun bheith ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra, measfar nach raibh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil leis an innealra nó leis an ngléasra agus déanfar dá réir sin na measúnachtaí breise sin go léir agus na coigeartuithe sin go léir ar mheasúnachtaí is iomchuí.

(4) I gcás a ndéanfar, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, an liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra a mhéadú faoin alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XV den Acht sin i ndáil leis an innealra nó leis an ngléasra in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin ná in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe dá éis sin.”.

54. In ionad alt 4 den Acht Airgeadais, 1968 , cuirfear—

“4.—(1) San alt seo—

ciallaonn ‘innealra nó gléasra cáilitheach’ innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthrófar, an 1ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, le húsáid chun críocha trádála, gairme, fostaíochta nó oifige agus nach innealra nó gléasra úsáidte nó réchaite é tráth a sholáthair amhlaidh, agus folaíonn sé aon innealra nó gléasra den sórt sin d'ainneoin aon díol a rinneadh air nó aon athrú imthosca eile, ach ní fholaíonn sé longa ná innealra nó gléasra a bhfuil rogha déanta ina leith faoin gcéad fhoráil a ghabhann le halt 241 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le ‘luach an innealra nó an ghléasra sin i dtosach na tréimhse inmhuirearaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 241 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) Faoi réir forálacha an fho-ailt seo, i gcás liúntas a bheith le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe bliana, mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh, ansin, an méid a measfaidh na Coimisinéirí Achomhairc gurb é an méid cóir réasúnach é faoin alt sin is ionann, mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt in imeacht na tréimhse inmhuirearaithe, agus luach laghdaithe an innealra nó an ghléasra sin—

(a) más méid é nach mó ná 8.75 faoin gcéad den méid arbh é luach an innealra nó an ghléasra sin i dtosach na tréimhse inmhuirearaithe é, glacfar gur 10 faoin gcéad den luach sin é;

(b) más méid é is mó ná 8.75 faoin gcéad ach is lú ná 15 faoin gcéad den méid arbh é luach an innealra nó an ghléasra sin i dtosach na tréimhse inmhuirearaithe é, glacfar gur 12.5 faoin gcéad den luach sin é;

(c) más méid é is 15 faoin gcéad nó níos mó den méid arbh é luach an innealra nó an ghléasra sin i dtosach na tréimhse inmhuirearaithe é, glacfar gur 25 faoin gcéad den luach sin é.

(3) Leasaítear leis seo alt 241 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le hinnealra nó gléasra cáilitheach, trí ‘leis an méid’ a chur in ionad ‘le cúig cheathrú den méid’.

(4) I ndáil le cás a raibh éifeacht le fo-alt (2), déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas a tugadh faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna chinneadh de bhun an ailt sin, arna leasú leis an alt seo, agus de bhun fho-alt (2).”.

55. In ionad alt 4 den Acht Airgeadais, 1969 , cuirfear—

“4.—(1) San alt seo—

ciallaíonn an briathar ‘athchóiriú’, i ndáil le hinnealra nó gléasra, aon athchóiriú nó oiriúnú ar an innealra nó ar an ngléasra mar gheall ar chóras airgid reatha deachúil a thabhairt isteach sa Stát;

ciallaíonn ‘innealra nó gléasra deachúlaithe’ innealra nó gléasra—

(a) a soláthraíodh, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, lena úsáid in aon limistéar seachas limistéar ainmnithe chun críocha trádála nó gairme agus nach innealra nó gléasra úsáidte nó réchaite é tráth a sholáthair amhlaidh,

(b) is de chineál a soláthraíodh amhlaidh mar gheall ar chóras airgid reatha deachúil a thabhairt isteach sa Stát, agus

(c) nár soláthraíodh amhlaidh lena úsáid ag monarú innealra nó gléasra;

tá an bhrí chéanna le ‘limistéar ainmnithe’ atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 .

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás liúntas a bheith le tabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra dheachúlaithe déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt; agus, i ndáil le cás a raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) le hinnealra nó gléasra deachúlaithe a bheidh ligthe chun duine ar na téarmaí a luaitear in alt 241 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mura bhforálann an conradh ligin go mbeidh an duine, nó go bhéadfaidh an duine teacht chun bheith, ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra ar an gconradh a bheith comhlíonta; agus i gcás a bhforálann an conradh amhlaidh, má scoireann an duine de bheith i dteideal (seachas ar éag dó) sochair an chonartha a mhéid a bhaineann sé leis an innealra nó leis an ngléasra, ach gan é teacht chun bheith ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra, measfar nach raibh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil leis an innealra nó leis an ngléasra, agus déanfar dá réir sin na measúnachtaí breise sin go léir agus na coigeartuithe sin go léir ar mheasúnachtaí is iomchuí.

(4) I gcás a ndéanfar, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, an liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra a mhéadú faoin alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XV den Acht sin i ndáil leis an innealra nó leis an ngléasra in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin ná in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe dá éis sin.

(5) I gcás duine a sheolann trádáil nó gairm do thabhú caiteachais roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, ag athchóiriú innealra nó gléasra a úsáidtear chun críocha na trádála nó na gairme agus nach n-úsáidtear ag monarú innealra nó gléasra, ní bheidh méid an chaiteachais sin (murab inlamhála amhlaidh é ar shlí eile) inlamhála mar ashbhaint le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais na trádála nó na gairme a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, agus, i gcás a lamhálfar amhlaidh é, ní mheasfar gur caiteachas caipitiúil é chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.”.

56. In ionad alt 14 den Acht Airgeadais, 1970 , cuirfear—

“14.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘liúntas caithimh agus cuimilte’ liúntas a thugtar faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ar shlí seachas de bhua alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , nó de bhua alt 4 den Acht Airgeadais, 1969 , nó de bhua alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 :

ciallaíonn ‘liúntas gnáthchaithimh agus gnáthchuimilte’ cibé liúntas caithimh agus cuimilte nó cibé liúntas caithimh agus cuimilte níos mó, más ann, a bheadh le tabhairt do dhuine i leith aon innealra nó gléasra a d'úsáid sé i rith aon tréimhse inmhuirearaithe dá mba go ndearnadh na coinníollacha go léir a shonraítear i bhfo-alt (3) a chomhlíonadh i ndáil leis an tréimhse inmhuirearaithe sin.

(2) I gcás nach dtabharfar, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe (lena n-áirítear bliain mheasúnachta roimh an mbliain 1970-71) a raibh aon innealra nó gléasra á úsáid ag duine lena linn, aon liúntas caithimh agus cuimilte nó go dtabharfar liúntas caithimh agus cuimilte is lú ná an liúntas gnáthchaithimh agus gnáthchuimilte dó in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin i leith an innealra nó an ghléasra, measfar, chun críocha fho-ailt (6) agus (7) den alt sin 241, an liúntas gnáthchaithimh agus gnáthchuimilte a bheith tugtha dó i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin.

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) go raibh an trádáil á seoladh ag an duine a bheidh i gceist riamh ón dáta a fuair sé an t-innealra nó an gléasra agus go raibh sí á seoladh aige amhlaidh in imthosca de shórt go raibh na brabúis nó na gnóchain go léir ón trádáil sin inchurtha faoi cháin,

(b) nárbh oibríochtaí trádála díolmhaithe aon tráth réir brí Chaibidil I de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976 , an trádáil go léir nó aon chuid di,

(c) gur chun críocha na trádála go heisiatach a d'úsáid sé an t-innealra nó an gléasra riamh ón dáta sin,

(d) go ndearna sé éileamh cuí ar liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh gach tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, agus

(e) nár éirigh aon cheist i ndáil le haon tréimhse inmhuirearaithe i dtaobh aon suimeanna a bheith iníoctha go díreach nó go neamhdhíreach leis, is suimeanna i leith caitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra nó suimeanna á chur sin i gcuntas.

I gcás cuideachta ní athróidh mír (a) na tréimhsí a bheidh le glacadh mar thréimhsí inmhuirearaithe, ach mura raibh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide i rith aon ama tar éis na bliana 1975-76, agus tar éis don chuideachta an t-innealra nó an gléasra a fháil, glacfar le haon bhliain mheasúnachta nó le haon chuid de bhliain mheasúnachta laistigh den am sin mar thréimhse inmhuirearaithe ionann is dá mba thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta í.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo, modhnaithe mar is gá, i ndáil le gairmeacha, fostaíochtaí agus oifigí mar atá feidhm acu i ndáil le trádálacha.”.

57. In ionad alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 , cuirfear—

“22.—(1) San alt seo agus in ailt 24 agus 25 ciallaíonn ‘innealra nó gléasra cáilitheach’ innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthrófar le húsáid in aon limistéar ainmnithe agus nach innealra ná gléasra úsáidte nó réchaite é tráth a sholáthair amhlaidh;

tá le ‘limistéar ainmnithe’ an bhrí chéanna atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 .

(2) I gcás duine a sheolann trádáil do thabhú caiteachais chaipitiúil an lú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1977, ag soláthar innealra nó gléasra cháilithigh chun críocha na trádála, tabharfar dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhain le tabhú an chaiteachais, liúntas (dá ngairtear liúntas infheistíochta san alt seo agus sna trí alt díreach ina dhiaidh seo) ar cóimhéid le cúigiú cuid an chaiteachais, agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) glacfar gurb é lá na suime iomchuí teacht chun bheith iníoctha lá tabhaithe aon chaiteachais,

(b) ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a bheidh an caiteachas sin íoctha nó le híoc, díreach nó neamhdíreach, ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó ag aon údarás áitiúil,

(c) i gcás aon chaiteachas a thabhaigh duine chun críocha trádála agus é ar tí dul á seoladh déileálfar leis ionann is dá mba é an chéad lá a bhí sé á seoladh a thabhaigh sé an caiteachas sin, agus

(d) ní áireofar ar chaiteachas caipitiúil aon chaiteachas a lamháiltear a ashbhaint le linn brabúis nó gnóchain thrádáil a sheol an duine a thabhaigh an caiteachas a bheith á ríomh chun críocha cánach.

(4) Déanfar aon éileamh ó dhuine ar liúntas faoin alt seo le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin a chur sa ráiteas bliantúil ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála a cheanglaítear a sheachadadh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim agus beidh ag gabháil leis deimhniú a bheidh sínithe ag an éilitheoir, a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur tabhaíodh an caiteachas ag soláthar innealra nó gléasra cháilithigh agus a thabharfaidh sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.

(5) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo, modhnaithe mar is gá, i ndáil le gairmeacha mar atá feidhm acu i ndáil le trádálacha.”.

58. In ionad alt 23 den Acht Airgeadais, 1971 , cuirfear—

“23.—(1) In alt 22, mar atá feidhm aige chun críocha cánach ioncaim, tá le ‘bonn-tréimhse’ an bhrí a shanntar dó leis na forálacha seo a leanas den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh liúntas infheistíochta le tabhairt dó faoin alt sin 22, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó ar a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I nó faoi Chás II de Sceideal D i leith na trádála nó na gairme a bheidh i gceist nó, más rud é, de bhua aon fhorála de na hAchtanna Cánach Ioncaim, go mbeidh sé le glacadh gurb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile brabúis nó gnóchain na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:

Ar choinníoll, i gcás aon trádála nó gairme—

(a) má théann dhá bhonn-tréimhse thar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonntréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon,

(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an dara bliain mheasúnachta a luaitear bliain na trádála nó na gairme a bhuanscor, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh, agus

(c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála nó na gairme a bhuanscor agus an bhonn-tréimhse do bhliain a buanscoir, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-eatramh.

(3) (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) do thrádáil nó gairm a bhuanscor a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon teaghmas tarlú a bheidh, faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, le meas mar ní is ionann agus trádáil nó gairm a bhuanscor.

(b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá tréimhse dul thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse comhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse is cuid de gach ceann de dhá thréimhse.”.

59. In ionad alt 24 den Acht Airgeadais, 1971 , cuirfear—

“24.—(1) D'fhonn méid aon liúntais a dhéanamh amach a bheidh le tabhairt d'aon duine faoi alt 241 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar mhéid in ionannas an luacha laghdaithe mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt in imeacht na tréimhse inmhuirearaithe ar aon innealra nó gléasra cáilitheach, ní chuirfear i gcuntas aon liúntas infheistíochta le linn luach an innealra nó an ghléasra cháilithigh i dtosach na tréimhse inmhuirearaithe a bheith á chinneadh.

(2) In alt 241 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanfar an abairt ‘na liúntais mar gheall air sin, agus’, agus an abairt ‘na liúntas’ mar a bhfuil an abairt sin roimh ‘níos mó ná’ a fhorléiriú, gach abairt acu, mar abairt nach bhfolaíonn tagairt d'aon liúntas infheistíochta a thugtar do dhuine a sheolann an trádáil nó an ghairm.

(3) Beidh feidhm ag alt 241 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le liúntas infheistíochta mar atá feidhm aige i ndáil le liúntais i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.”.

60. In ionad alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 , cuirfear—

“26.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘innealra nó gléasra cáilitheach’ innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthrófar le húsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1977, in aon limistéar seachas limistéar ainmnithe chun críocha trádála nó gairme agus nach innealra ná gléasra úsáidte nó réchaite é tráth a sholáthair amhlaidh;

tá le ‘limistéar anmnithe’ an bhrí chéanna atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 .

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás liúntas a bheith le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt; agus, i ndáil le cás a raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) le hinnealra nó gléasra cáilitheach a bheidh ligthe chun duine ar na téarmaí a luaitear in alt 241 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mura bhforálann an conradh ligin go mbeidh an duine, nó go bhféadfaidh an duine teacht chun bheith, ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra ar an gconradh a bheith comhlíonta; agus, i gcás a bhforálann an conradh amhlaidh, go scoirfidh sé de bheith i dteideal (seachas ar éag dó) sochair an chonartha a mhéid a bhaineann sé leis an innealra nó leis an ngléasra, ach gan é teacht chun bheith ina únéir ar an innealra nó ar an ngléasra, measfar nach raibh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil leis an innealra nó leis an ngléasra agus déanfar dá réir sin na measúnachtaí breise sin go léir agus na coigeartuithe sin go léir ar mheasúnachtaí is iomchuí.

(4) I gcás a ndéanfar, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, an liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra a mhéadú faoin alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XV den Acht sin i ndáil leis an innealra nó leis an ngléasra in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin ná in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe dá éis sin.”.

61. In ionad alt 9 (2) den Acht Airgeadais, 1973 , cuirfear—

“(2) Ní rachaidh aon liúntas tosaigh faoi alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a thabharfar do dhuine in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i leith innealra nó gléasra thar cibé suim a bheidh, tar éis í a chur—

(a) le méid aon liúntais i leith an innealra nó an ghléasra a bheidh tugtha don duine sin faoi alt 241 den Acht sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, agus

(b) le comhiomlán aon liúntas a bheidh tugtha don duine sin i leith an innealra nó an ghléasra faoi na hailt sin 241 agus 251 in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe roimhe sin,

comhionann le dearbhmhéid an chaiteachais a thabhaigh sé ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le liúntas tosaigh a mbeidh éileamh déanta ina leith roimh an 3ú lá d'Iúil, 1973.”.

62. In ionad alt 25 den Acht Airgeadais, 1973 , cuirfear—

“25.—(1) I ndáil le feithicil lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht le halt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá nglacfaí, chun críocha fho-alt (7) den alt sin, gur £2,500 dearbhchostas na feithicle, i gcás ar mhó ná an tsuim sin an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle, agus, i gcás a mbeadh liúntas a thabharfaí ar leith ón bhfo-alt seo, faoin alt sin 241, le laghdú de bhua an fho-ailt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna laghdú faoin bhfo-alt seo.

(2) I ndáil le feithicil lena mbaineann an t-alt seo, ní bheidh sna liúntais faoin alt sin 241 a bheidh le cur i gcuntas chun críocha Chaibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le linn méid an chaiteachais a bheidh fós gan lamháil aon tráth áirithe a bheith á ríomh ach amhain na liúntais a ríomhfar de réir forálacha fho-alt (1), agus beidh £2,500 de theorainn leis an méid a chuirfear i gcuntas de chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle.

(3) I gcás ar mó ná £2,500 an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar feithicil lena mbaineann an t-alt seo, déanfar aon liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a ríomh, i gcás a mbeidh airgead díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh i gceist, ionann is dá ndéanfaí méid an airgid sin (nó, más rud é, de dhroim aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim seachas an fo-alt seo, gur méid éigin eile an méid a bheidh le háireamh mar mhéid an airgid sin, an méid eile sin) a laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus dearbhmhéid an chaiteachais sin.

(4) Más rud é, i gcás ar mó ná £2,500 an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar feithicil lena mbaineann an t-alt seo—

(a) go ndíolfaidh an duine a sholáthraigh an fheithicil (dá ngairtear an réamhúinéir anseo feasta) an fheithicil agus gur díol lena mbaineann alt 299 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an díol, nó

(b) go ndíolfaidh an réamhúinéir an fheithicil nó go dtabharfaidh sé uaidh í sa chaoi go mbeidh éifeacht, i ndáil leis an gceannaitheoir nó leis an deontaí, le fo-alt (4) d'alt 277 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó leis an bhfo-alt sin arna fheidhmiú le fo-alt (5) den alt sin, nó

(c) de dhroim duine a theacht i gcomharbas ag seoladh trádáil nó gairm an réamhúinéara, go mbeidh éifeacht le halt 300 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

ansin, i ndáil leis an gceannaitheoir, leis an deontaí nó leis an gcomharba, áireofar, chun críocha an ailt sin 277, 299 nó 300, an praghas a rachadh an fheithicil dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í, nó an caiteachas a thabhaigh an réamhúinéir ag soláthar na feithicle, mar phraghas nó mar chaiteachas arna laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus dearbhmhéid an chaiteachais sin; agus, le linn fo-alt (3) a bheith á fheidhmiú maidir leis an gceannaitheoir, leis an deontaí nó leis an gcomharba, déanfar tagairtí don chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle a fhorléiriú mar thagairtí don chaiteachas a thabhaigh an réamhúinéir amhlaidh:

Ar choinníoll, i gcás éifeacht a bheith leis an bhfo-alt seo ar aon ócáid i ndáil leis an bhfeithicil, agus mura ndearnadh aon díol nó bronnadh ar an bhfeithicil ó shin seachas díol nó bronnadh lena mbaineann ceachtar de na hailt sin 277 agus 299, ansin, i ndáil le gach duine lena mbaineann, go leanfaidh comhshamhail na n-iarmhairtí faoin bhfo-alt seo maidir le díol, bronnadh nó comharbas faoi mhíreanna (a) go (c) a tharlóidh ar aon ócáid dá éis sin ionann is dá mba rud é gur thabhaigh an duine, arb é an réamhúinéir é i ndáil leis an díol, leis an mbronnadh nó leis an gcomharbas sin, caiteachas ag soláthar na feithicle ar cóimhéid leis an gcaiteachas a tabhaíodh amhlaidh ag an duine ba réamhúinéir ar an ócáid chéadluaite.

(5) Le linn alt 273 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith á fheidhmiú maidir le cás arb í an fheithicil an gléasra nua dá dtagraítear san fho-alt sin, déanfar neamhshuim den caiteachas a mhéid is mó é ná £2,500, ach is foráil í seo gan dochar d'fheidhmiú na bhfo-alt sin roimhe seo maidir leis an bhfeithicil.

(6) I gcás ar mó ná £2,500 an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar feithicle ach faoi alt 303 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , go bhfuil aon chuid de le háireamh mar chaiteachas nár thabhaigh duine, ní foláir an méid a bheidh (faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo) le háireamh chun críocha Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin a laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus an caiteachas caipitiúil sin a tabhaíodh ag soláthar na feithicle.”.

63. In ionad alt 1 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974 , cuirfear—

“1.—(1) San Acht seo, ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt nó a éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn ‘caiteachas forbartha’ caiteachas caipitiúil—

(a) ag forbairt mianaigh cháilithigh, nó

(b) ag déanamh aon oibreacha i ndáil le mianach cáilitheach is oibreacha de shaghas gur dóigh, nuair a scoirfear den mhianach a oibriú, go mbeidh a luach chomh laghdaithe sin gur beag is fiú iad, nó nach fiú dada iad,

agus folaíonn sé ús ar airgead a fuarthas ar iasacht chun íoc as an gcaiteachas caipitiúil sin, ach ní fholaíonn sé—

(c) caiteachas chun láithreán an mhianaigh nó láithreán aon oibreacha den sórt sin nó cearta in aon láithreán nó thar aon láithreán den sórt sin a fháil, ná

(d) caiteachas chun sócmhainn mhianra sceidealta a fháil, ná

(e) caiteachas ar oibreacha a rinneadh go hiomlán nó go formhór chun amhtháirge an mhianaigh a chur faoi aon phróis seachas próis a ceapadh chun an t-amhtháirge a ullmhú chun a úsáide mar amhtháirge.

ciallaíonn ‘caiteachas taiscealaíochta’ caiteachas caipitiúil ag cuardach sa Stát ar lorg foslach mianraí sceidealta nó ag tástáil na bhfoslach sin nó ag déanamh bealaigh chucu agus folaíonn sé caiteachas caipitiúil ag cuardach go riaileagartha ar lorg limistéir ina bhfuil mianraí sceidealta agus ag cuardach trí tholladh nó ar dhóigh eile ar lorg mianraí sceidealta sna limistéir sin, ach ní fholaíonn sé caiteachas ar oibríochtaí le linn mianach cáilitheach a bheith á oibriú ná caiteachas is caiteachas forbartha;

tá le ‘liúntas forbartha mianaigh’ an bhrí chéanna atá leis in alt 245 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn ‘mianach cáilitheach’ mianach atá á oibriú chun mianraí sceidealta a fháil;

ciallaíonn ‘sócmhainn mhianra sceidealta’ foslach mianraí sceidealta nó talamh a chuimsíonn foslach den sórt sin nó leas san fhoslach nó sa talamh sin nó ceart thairis;

tá le ‘mianraí sceidealta’ an bhrí chéanna atá leis in alt 1 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 ;

ciallaíonn ‘cáin’ cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar is iomchuí.

(2) Ach amháin mar a fhroráiltear chuige in ailt 3, 4 agus 5. ní mheasfar, chun críocha an Achta seo, caiteachas a bheith tabhaithe ag duine ag seoladh trádála dó ag oibriú mianaigh cháilithigh a mhéid a íocadh nó a íocfar an caiteachas sin go díreach nó go neamhdhíreach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag aon duine eile (nach duine a bhí ag seoladh trádála ag oibriú an mhianaigh sin).

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(4) San Acht seo aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(5) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.”.

64. In ionad alt 2 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974 , cuirfear—

“2.—(1) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú aon chaiteachais fhorbartha nó caiteachais taiscealaíochta an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, agus é do dhéanamh iarratais faoi alt 245 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ar liúntas forbartha mianaigh in aghaidh tréimhse inmhuirearaithe i leith an chaiteachais sin—

(a) measfar gur caiteachas ar féidir an liúntas sin a dheonú ina leith an caiteachas sin, cibé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas, i gcás caiteachais taiscealaíochta, foslach mianraí sceidealta de thoradh an chaiteachais.

(b) beidh méid an liúntais sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin ar cóimhéid lena n-iomlán seo a leanas—

(i) an caiteachas taiscealaíochta, agus

(ii) i gcás caiteachais fhorbartha, méid an difir idir an caiteachas sin agus an méid is dóigh leis an gcigire is fiú, i ndeireadh ré mheasta an mhianaigh réamhráite, na sócmhainní is ionannas don chaiteachas sin, agus

(c) i ndáil le cás a raibh éifeacht leis an alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas a tugadh faoin alt sin 245 a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do liúntas a tugadh faoin alt sin de bhua an ailt seo:

Ar choinníoll nach gcuirfear i gcuntas, chun críocha an ailt seo, caiteachas taiscealaíochta nach bhfuarthas foslach mianraí sceidealta dá thoradh más breis agus deich mbliana roimh an dáta a thosaigh an duine réamhráite ar oibriú mianaigh cháilithigh a sheoladh mar thrádáil a tabhaíodh an caiteachas.

(2) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachais chaipitiúil roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a raibh sé i dteideal, faoi alt 245 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , liúntas forbartha mianaigh a iarraidh ina leith agus méid den chaiteachas sin a bheith gan lamháil fós ar an dáta sin, féadfaidh an duine a roghnú go ndéanfaí méid an liúntais fhorbartha mianaigh don bhliain mheasúnachta 1974-75 i leith an chaiteachais sin a mhéadú go dtí méid is ionann agus an méid den chaiteachas a bhí gan lamháil amhlaidh.

(3) San alt seo áireofar gurb é an méid caiteachais a bhí gan lamháil fós an 6ú lá d'Aibreán, 1974, méid an difir mheasta, de réir brí alt 245 (5) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , lúide aon liúntas forbartha mianaigh a deonaíodh, nó a measfar faoi alt 245 (13) den Acht sin a bheith arna dheonú, in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain mheasúnachta 1974-75.

(4) Ní thabharfar aon liúntas faoi fho-alt (1) i leith caiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, cibé acu a mheasfar nó nach measfar, de bhua aon fhorála den Acht seo, den Acht Airgeadais, 1946 , nó den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ar an dáta sin nó dá éis a tabhaíodh é.”.

65. In ionad alt 3 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974 , cuirfear—

“3.—(1) I gcás duine a bhí ag seoladh trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, do thabhú caiteachais taiscealaíochta an 6ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, ach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus nach i ndáil leis an mianach cáilitheach sin a tabhaíodh an caiteachas sin, ansin, le linn brabúis nó gnóchain na trádála sin in aghaidh na bliana measúnachta 1974-75 a bheith á muirearú i leith cánach, lamhálfar asbhaint ar cóimhéid leis an gcaiteachas sin.

(2) I gcás duine a thosaigh ar thrádáil a sheoladh ag oibriú mianaigh cháilithigh tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1974, do thabhú caiteachais taiscealaíochta an 6ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, agus nach i ndáil leis an mianach cáilitheach sin a tabhaíodh an caiteachas sin ach gur i dtréimhse deich mbliana roimh an dáta a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin a tabhaíodh é, ansin, le linn an trádáil sin a bheith á cur faoi cháin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin, tabharfar liúntas ar cóimhéid leis an gcaiteachas sin.

(3) Más rud é, i gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2), gur comhlacht corpraithe an duine lena mbaineann agus go raibh nó go bhfuil, tar éis dó an caiteachas go léir dá dtagraítear sa chás sin nó cuid den chaiteachas sin a thabhú, athrú, de réir brí an Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 , ar úinéireacht an chomhlachta chorpraithe nó ar úinéireacht comhlachta chorpraithe is máthairchomhlacht nó fochomhlacht ar lánúinéireacht, de réir brí alt 4, don chomhlacht corpraithe chéadluaite, ní thabharfar aon liúntas ná ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo i leith aon chuid den chaiteachas sin a tabhaíodh roimh an dáta a d'athraigh an úinéireacht:

Ar choinníoll, in aon chás a bhfuair Aire Stáit cuid de ghnáthscairchaipiteal aon chomhlachta chorpraithe, go ndéanfar neamhshuim den fháil sin nuair a bheifear á chinneadh an raibh nó an bhfuil athrú den sórt sin a dúradh ar úinéireacht.

(4) I gcás duine tosú an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ar thrádáil a sheoladh ag oibriú mianaigh cháilithigh ach nach é a thabhaigh an caiteachas taiscealaíochta a tabhaíodh i ndáil leis an mianach sin, ní thabharfar aon liúntas ná ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo ná de bhua alt 2 i leith caiteachas taisceal aíochta a thabhaigh an duine sin roimh an dáta a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin.

(5) Faoi réir ailt 182 (faoiseamh maidir le caillteanais neamhfhaoisimh agus liúntais chaipitiúla a tugadh ar aghaidh ón mbliain 1975-76) agus 184 (faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ní bheidh duine i dteideal asbhainte ná liúntais i leith an chaiteachais chéanna faoin alt seo agus freisin faoi fhoráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de na hAchtanna Cánach Corparáide.”.

66. In ionad alt 4 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974 , cuirfear—

“4.—(1) I gcás comhlacht corpraithe (dá ngairtear an chuideachta thaiscealaíochta anseo feasta san alt seo) do thabhú caiteachais taiscealaíochta ar féidir liúntas a éileamh ina leith de bhua alt 2 nó alt 3 agus—

(a) gur fochomhlacht, nó go meastar gur fochomhlacht, ar lánúinéireacht ag an gcuideachta thaiscealaíochta comhlacht corpraithe eile, nó

(b) gur fochomhlacht, nó go meastar gur fochomhlacht, ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile an chuideachta thaiscealaíochta,

ansin, an caiteachas nó an oiread sin de a shonróidh an chuideachta thaiscealaíochta—

(i) sa chás dá dtagraítear i mír (a), féadfar, de rogha na cuideachta taiscealaíochta, a mheas gur cibé comhlacht corpraithe eile (is é sin, comhlacht corpraithe ar fochomhlacht, nó a meastar gur fochomhlacht, é ar lánúinéireacht ag an gcuideachta thaiscealaíochta) a shonróidh an chuideachta thaiscealaíochta a thabhaigh é,

(ii) sa chás dá dtagraítear i mír (b), féadfar, de rogha na cuideachta taiscealaíochta, a mheas gurb é an comhlacht corpraithe (dá ngairtear an máthairchomhlacht anseo feasta) a raibh an chuideachta thaiscealaíochta, tráth an chaiteachais a thabhú, ina fochomhlacht ar lánúinéireacht dó nó cibé comhlacht corpraithe eile (is é sin comhlacht corpraithe ar fochomhlacht, nó a meastar gur fochomhlacht, é ar lánúinéireacht don mháthairchomhlacht) a shonróidh an chuideachta thaiscealaíochta a thabhaigh é,

agus i gcás ar ar dháta roimh dháta an chomhlachta chorpraithe a bheidh sonraithe amhlaidh a chorprú a tabhaíodh an caiteachas sin, beidh feidhm, i ndáil le haon liúntas a thabhairt i leith an chaiteachais sin, ag forálacha an Achta seo ionann is dá mbeadh an comhlacht corpraithe sin ann tráth an chaiteachais a thabhú agus gur thabhaigh sé an caiteachas an tráth sin:

Ar choinníoll—

(i) nach gcuirfear an caiteachas céanna i gcuntas i ndáil le breis agus trádáil amháin de bhua an ailt seo, agus

(ii) faoi réir ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nach ndéanfar asbhaint ná nach dtabharfar liúntas i leith an chaiteachais chéanna de bhua an ailt seo agus freisin faoi fhoráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de na hAchtanna Cánach Corparáide.

(2) Measfar, chun críocha fho-alt (1), maidir le comhlacht corpraithe, gur fochomhlacht é atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile má tá agus fad atá a ghnáth-scairchaipiteal go léir ar úinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe eile sin go díreach nó trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile:

Ar choinníoll, i gcás cuid de ghnáth-scairchaipiteal aon chomhlachta chorpraithe a bheith ar teachtadh ag Aire Stáit agus an chuid eile de ghnáth-scairchaipiteal an chomhlachta chorpraithe sin a bheith ar teachtadh ag comhlacht corpraithe eile, go measfar, chun críocha de chuid fho-alt (1), gur fochomhlacht atá ar lánúinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe sin is deireanaí atá luaite an comhlacht corpraithe chéadluaite.

(3) D'ainneoin alt 39 den Acht Airgeadais, 1973 , a aisghairm leis an Acht seo, beidh éifeacht le forálacha Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin ionann is dá mba san Acht seo a achtaíodh iad, chun méid an ghnáth-scairchaipitil atá ar teachtadh i gcomhlacht corpraithe trí chomhlachtaí corpraithe eile a chinneadh.”

67. In ionad alt 5 den Acht Airgeadais (Cánachas an Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974, cuirfear—

“5.—(1) I gcás ar thabhaigh duine, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó roimhe nó dá éis, caiteachas taiscealaíochta trína bhfuarthas foslach de mhianraí sceidealta agus go ndearna sé, gan aon trádáil a sheoladh arbh éard í nó ar chuid di an foslach sin a oibriú agus gan éileamh a dhéanamh ar aon liúntas ná asbhaint faoi réim nó de bhua an Achta seo i leith an chaiteachais sin, aon sócmhainní is ionannas don chaiteachas sin a dhíol le duine eile, ansin, má sheolann an duine eile sin trádáil den sórt sin a dúradh i ndáil leis an bhfoslach sin, measfar, chun críocha an Achta seo, gur thabhaigh an duine eile sin, chun críocha na trádála agus i ndáil leis an bhfoslach, caiteachas taiscealaíochta ar cóimhéid leis an gcaiteachas taiscealaíochta arb ionannas dó na sócmhainní nó an praghas a d'íoc sé ar na sócmhainní cibé acu is lú, agus measfar gur ar an dáta a thosaigh sé ag gabháil don trádáil réamhráite a thabhaigh sé an caiteachas sin.

(2) Aon duine a measfar de bhua fho-alt (1) méid áirithe caiteachais taiscealaíochta a bheith tabhaithe aige measfar nár thabhaigh sé an caiteachas sin mura mbeidh de thoradh ar an bhfoslach réamhráite a oibriú cainníochtaí réasúnacha tráchtála de mhianraí sceidealta a tháirgeadh.

(3) Faoi réir ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ní dhéanfar asbhaint ná ní thabharfar liúntas i leith an chaiteachais chéanna faoin alt seo agus freisin faoi fhoráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de na hAchtanna Cánach Corparáide.

(4) Ní bhainfidh alt 6 le caiteachas a dtabharfar liúntas ina leith de bhua an ailt seo.”.

68. In ionad alt 6 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974 , cuirfear—

“6.—(1) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachais taiscealaíochta, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, a bhfuil éifeacht le halt 2 i ndáil leis, tabharfar dó, le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin, i dteannta aon liúntais fhorbartha mianaigh i leith an chaiteachais sin, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe ar tugadh an liúntas forbartha mianaigh sin ina haghaidh, liúntas (dá ngairfear liúntas infheistíochta taiscealaíochta) ar cóimhéid le cúigiú cuid an chaiteachais sin agus bainfidh alt 245 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le liúntas infheistíochta taiscealaíochta mar a bhaineann sé le liúntas forbartha mianaigh.

(2) Ní thabharfar aon liúntas faoin alt seo i leith caiteachas taiscealaíochta—

(a) a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, cibé acu a mheasfar nó nach measfar, de bhua aon fhorála den Acht seo, den Acht Airgeadais, 1946 , nó den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ar an dáta sin nó dá éis a tabhaíodh é, nó

(b) a mheasfar a bheith tabhaithe ag duine seachas an duine a thabhaigh an caiteachas:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir le caiteachas a mheasfar, faoi alt 4, a bheith tabhaithe ag comhlacht corpraithe seachas an comhlacht corpraithe a thabhaigh an caiteachas.”.

69. In ionad alt 7 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974 , cuirfear—

“7.—(1) I gcás innealra nua nó gléasra nua (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, lena n-úsáid chun críche trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh, ansin, murab innealra nó gléasra cáilitheach an t-innealra nó an gléasra sin, measfar chun críche alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , gur innealra nó gléasra cáilitheach é.

(2) I gcás ar thabhaigh duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh caiteachas caipitiúil roimh an 6ú la d'Aibreán, 1974, ag soláthar innealra nó gléasra chun críocha na trádála sin, féadfar an méid den chaiteachas sin a bhí gan lamháil fós ar an dáta sin, de réir brí alt 274 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a lamháil, ar an duine dá roghnú sin, mar asbhaint le linn cáin a bheith á muirearú don bhliain mheasúnachta 1974-75 ar bhrabúis na trádála sin.

(3) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachais chaipitiúil, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ag soláthar innealra nua nó gléasra nua (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) chun críocha na trádála sin, tabharfar dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas, liúntas ar cóimhéid le cúigiú cuid an chaiteachais, agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil sin a bheith á cur faoi cháin agus is liúntas é in ionad aon liúntas i leith an innealra nó an ghléasra sin faoi alt 22 (2) den Acht Airgeadais, 1971 .

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 22 agus ag ailt 23, 24 agus 25 den Acht Airgeadais, 1971 , ionann is dá gcuirfí fo-alt (3) den alt seo in ionad fho-ailt (1) agus (2) den alt sin 22, a mhéid a bhaineann siad le duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh.”.

70. In ionad alt 22 den Acht Airgeadais, 1974 , cuirfear—

“22.—(1) Baineann an t-alt seo le haon duine a sheolann feirmeoireacht ar inmhuirearaithe cáin de réir forálacha alt 15 (1) ar na brabúis nó ar na gnóchain uaithi.

(2) I gcás a dtabhóidh duine lena mbaineann an t-alt seo, le trádáil a sheoladh ag feirmeoireacht ar thalamh atá ar áitiú aige, aon chaiteachas caipitiúil ag déanamh tithe feirme, foirgnimh feirme, iostáin, fálta nó oibreacha eile, tabharfar dó—

(a) in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas, liúntas tosaigh ar cóimhéid le cúigiú cuid an chaiteachais sin, agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin, agus

(b) le linn tréimhse síos-scríofa deich mbliana dar tosach an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas sin, liúntais síos-scríofa (dá ngairtear liúntais foirgneamh feirme san alt seo) i leith an chaiteachais sin agus tabharfar na liúntais sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag mír (a) maidir le caiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus nach mbeidh feidhm ag mír (b) maidir le caiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1971.

(2A) (a) I gcás ar thabhaigh duine aon chaiteachas caipitiúil mar a dúradh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, measfar, chun críocha an ailt seo, liúntas foirgneamh feirme—

(i) a bheith tugtha don duine sin, agus

(ii) a bheith tugtha le linn brabúis nó gnócháin na trádála a bheith á muirearú in aghaidh na chéad bhliana measúnachta iomchuí agus in aghaidh gach bliana measúnachta ina dhiaidh sin roimh an mbliain 1974-75:

Ar choinníoll, i gcás ar sa bhliain 1973-74 a tabhaíodh an caiteachas sin, go measfar, chun críocha an ailt seo, liúntas foirgneamh feirme a bheith tugtha le linn brabúis nó gnóchain na trádála in aghaidh na bliana measúnachta sin a bheith á muirearú.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo is í an chéad bhliain mheasúnachta iomchuí i ndáil le caiteachas a thabhaigh aon duine—

(i) an bhliain mheasúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a thabhaigh sé an caiteachas, nó

(ii) an bliain mheasúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh (dá mbeadh a bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht in aghaidh na bliana measúnachta sin inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D) a thabhaigh sé an caiteachas.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo tá le ‘bonn-tréimhse’ an bhrí a shanntar dó le halt 297 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2B) Más rud é, maidir le pearsa aonair i ndáil le haon bhliain mheasúnachta—

(a) go roghnóidh sé go muirearófaí cáin air, i leith a bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht, faoi threoir forálacha alt 21, nó

(b) nach bhfuil, de bhua alt 15 (3), cáin inmhuirearaithe air i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin,

agus gur bliain mheasúnachta an bhliain sin a bhféadfadh sé, ar dhóigh eile, liúntas foirgneamh feirme a éileamh faoin alt seo ina leith, measfar, chun críocha an ailt seo, an liúntas sin a bheith tugtha in aghaidh na bliana measúnachta sin agus ní dhéanfar é a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh brabúis nó gnóchain is inmhuirearaithe in aghaidh aon bhliana measúnachta dá éis sin.

(3) Déanfar aon chaiteachas caipitiúil den sórt sin a dúradh arna thabhú an 6ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, ag duine ar tí dul i mbun feirmeoireachta dó ach roimh thosú ag feirmeoireacht dó a áireamh, chun críocha an ailt seo, ionann is dá mba é an chéad lá a thosaigh sé ag feirmeoireacht a tabhaíodh é.

(4) I gcás a dtabhófar caiteachas caipitiúil mar a dúradh ar theach feirme, ní chuirfear i gcuntas ach tríú cuid an chaiteachais sin, nó má bhíonn cóiríocht agus saoráidí an tí feirme sin ar neamhréir le cineál agus réim na feirme, cibé cionúireacht de is cóir ach nach mó ná an tríú cuid de.

(5) Cuirfear sa ráiteas bliantúil is gá a sheachadadh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim ar na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht aon éileamh ó dhuine ar liúntas a bheidh le tabhairt dó faoi fhorálacha an ailt seo, agus beidh feidhm ag alt 241 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil leis an liúntas mar atá feidhm aige i ndáil le liúntais i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.

(6) Is chun an chigire a chuirfear aon éileamh ar liúntas faoi fhorálacha an ailt seo agus is eisean a chinnfidh é, ach féadfaidh aon duine arb éagóir leis aon chinneadh ag an gcigire ar aon éileamh den sórt sin, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de lá is fiche tar éis an cinneadh a bheith curtha in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc.

(7) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc aon achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (6) a éisteacht agus a chinneadh ionann is dá mba achomharc in aghaidh measúnú cánach é agus beidh feidhm dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.

(8) Má dhéanann duine atá i dteideal liúntais faoi fho-alt (2) i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh le haghaidh feirmeoireachta ar thalamh feirmeoireachta a leas sa talamh feirmeoireachta sin nó in aon chuid den talamh feirmeoireachta sin a aistriú go dtí duine eile, beidh teideal ag an duine eile sin, d'eisiamh an duine chéadluaite, chun na liúntas faoin alt seo in aghaidh na dtréimhsí inmhuirearaithe tar éis na tréimhse inmhuirearaithe ina ndearnadh an t-aistriú leasa:

Ar choinníoll, más i ndáil le cuid den talamh feirmeoireachta a rinneadh an t-aistriú leasa, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis an oiread sin den liúntas is inchurtha go cuí i leith na coda sin den talamh ionann is dá mba liúntas ar leithligh é.

(9) I gcás caiteachas a thabhú go páirteach chun críocha feirmeoireachta agus go páirteach chun críocha eile, ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ach amháin i leith an oiread sin den chaiteachas sin is cóir, ar chionroinnt cheart a dhéanamh, a áireamh mar chaiteachas a tabhaíodh chun críocha feirmeoireachta.

(10) Ní thabharfar aon liúntas de bhua an ailt seo maidir le haon chaiteachas má thugtar nó má tugadh liúntas maidir leis in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe céanna nó in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe eile faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(11) Ní mheasfar chun aon chríocha de chuid an ailt seo caiteachas a bheith tabhaithe ag aon duine a mhéid a bheidh sé íoctha go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht, nó ag aon údarás poiblí nó ag aon údarás áitiúil.”.

71. In ionad alt 25 den Acht Airgeadais, 1974 , cuirfear—

“25.—(1) Nuair a bheifear á chinneadh, le linn trádáil feirmeoireachta a bheith á cur faoi cháin, an bhfuil aon liúntas caithimh agus cuimilte, liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith innealra nó gléasra le tabhairt d'aon duine nó le gearradh air in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe agus, má tá, cad é an liúntas nó an muirear é, measfar gur tugadh don duine sin, in aghaidh gach tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin ar leis an t-innealra nó an gléasra agus ar tréimhse inmhuirearaithe í a chuirfear i gcuntas chun críche an ailt seo, cibé liúntas caithimh agus cuimilte nó cibé liúntas caithimh agus cuimilte níos mó, más ann, i leith an innealra nó an ghléasra a bheadh le tabhairt dó dá mba rud é, i ndáil le gach tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin den sórt sin—

(a) go raibh cáin faoi Chás I de Sceideal D inmhuirearaithe ar na brabúis nó ar na gnóchain ó fheirmeoireacht,

(b) go raibh feirmeoireacht ar siúl aige riamh ón dáta a fuair sé an t-innealra nó an gléasra,

(c) gur le haghaidh feirmeoireachta amháin a bhí an t-innealra nó an gléasra á úsáid aige riamh ón dáta sin, agus

(d) go ndearna sé éileamh ceart go cuí ar liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh gach tréimhse inmhuirearaithe iomchuí.

I gcás cuideachta mar a shainítear in alt 1 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ní athróidh fomhír (b) na tréimhsí a bheidh le glacadh mar thréimhsí inmhuirearaithe, ach más rud é, le linn aon ama tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus tar éis don chuideachta an t-innealra nó an gléasra a fháil, nach raibh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide, déanfar aon bhliain mheasúnachta nó aon chuid de bhliain mheasúnachta laistigh den am sin a ghlacadh mar thréimhse inmhuirearaithe ionann is dá mba thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta í.

(2) Cuirfear i gcuntas chun críocha an ailt seo gach tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin ar leis an duine an t-innealra nó an gléasra áirithe agus—

(a) nár úsáid an duine an t-innealra nó an gléasra le haghaidh feirmeoireachta,

(b) nach ndearna sé aon fheirmeoireacht, nó

(c) a rinne sé feirmeoireacht in imthosca nach raibh méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan ón bhfeirmeoireacht sin inchurtha faoi cháin faoi Chás I de Sceideal D.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fhorálacha alt 272 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(4) San alt seo—

tá le ‘liúntas cothromaíochta’ agus le ‘muirear cothromaíochta’ na bríonna céanna atá leo i gCaibidil II de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn ‘liúntas caithimh agus cuimilte’ liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .”

72. In ionad alt 34 den Acht Airgeadais, 1975 , cuirfear—

“34.—(1) Leasaítear leis seo alt 255 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c)—

‘(cc) chun diantáirgeadh bólachta, caorach, muc, éanlaithe clóis nó uibheacha i gcúrsa trádála seachas trádáil na feirmeoireachta de réir brí alt 13 den Acht Airgeadais, 1974 , nó’.

(2) I ndáil le foirgneamh nó le déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de bhua fho-alt (1)—

(a) beidh éifeacht le Caibidil II de Chuid XV agus le Caibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim 1967, ionann is—

(i) dá gcuirfí ‘leis an gcúigiú cuid’ in ionad ‘leis an deichiú cuid’ in alt 254 (1) den Acht sin,

(ii) dá gcuirfí ‘leis an deichiú cuid’ in ionad ‘leis an gcaogadú cuid’ in alt 264 (1) den Acht sin,

(iii) dá gcuirfí ‘deich mbliana’ in ionad ‘caoga bliain’ in alt 264 (3) agus sa choinníoll a ghabhann le halt 265 (1) den Acht sin,

(b) beidh éifeacht le halt 266 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá gcuirfí an mhír seo a leanas i bhfo-alt (4) den alt sin—

‘(c) Má bhí an foirgneamh nó an déanmhas á úsáid mar fhoirgneamh nó mar dhéanmhas tionscail i ndeireadh na bonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75, áireofar méid is ionann agus deichiú cuid an chaiteachais a bheith arna dhíscríobh i ndeireadh na bliana measúnachta roimhe sin.’.

(3) Beidh éifeacht leis na forálacha sin roimhe seo den alt seo maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, ach ní thabharfar aon liúntas faoi na Caibidlí sin de bhua an ailt seo—

(a) in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain 1974-75, ná

(b) faoi alt 254 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974.”.