An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL Oiriúnú ar an gCóras Liúntas Caipitiúil) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairter)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

AN DARA SCEIDEAL

Alt 140.

CUID I

Feidhmiú agus Oiriúnú na nAchtanna Cánach Ioncaim

1. Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 1 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

“ (6) Déanfar an oiread den Acht seo a bhaineann le cáin chorparáide a fhorléiriú i dteannta an Achta Cánach Corparáide, 1976 , agus aon achtacháin dá éis sin a leasaíonn nó a leathnaíonn an tAcht sin.”.

2. In alt 8 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) in ionad fho-alt (1) cuirfear an fo-alt seo a leanas—

“(1) gcás a ndearnadh, in aon bhliain mheasúnachta, aon íocaíochtaí, roimh an dáta a ritheadh Acht ag méadú an ráta cánach don bhliain sin, ar cuntas aon ús, díbhinní nó brabúis nó gnóchain bhliantúla eile, a gceanglaítear faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim nó na nAchtanna Cánach Corparáide, mar a shainítear in alt 155 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , cáin ioncaim a bhaint astu, agus nach ndearnadh cáin a mhuirearú orthu ná a bhaint astu, nó nach ndearnadh cáin a mhuirearú orthu ná a bhaint astu de réir an ráta mhéadaithe cánach don bhliain sin, déanfar an méid nár muirearaíodh nó nár asbhaineadh amhlaidh a mhuirearú faoi Chás IV de Sceideal D i leith na n-íocaíochtaí sin, mar bhrabúis nó gnóchain nár muirearaíodh de bhua aon Sceidil eile, agus déanfaidh na gníomhairí ar cuireadh ar a n-iontaoibh ús, díbhinní nó brabúis nó gnóchain bhliantúla a íoc liosta a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim ina mbeidh ainmneacha agus seoltaí na ndaoine dar tugadh íocaíochtaí agus méid na n-íocaíochtaí sin, ar fhoriarratas chuige sin ó na Coimisinéirí.”; agus

(2) cuirfear an fo-alt seo a leanas leis—

“(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le híocaíocht is dáileadh de réir brí Chuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976 .”.

3. Beidh éifeacht le halt 83 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le cáin chorparáide mar atá éifeacht leis maidir le cáin ioncaim, agus beidh éifeacht dá réir sin le tagairtí do cháin ioncaim ionann is dá mba thagairtí iad nó gur fholaigh siad tagairtí do cháin chorparáide.

4. Cuirfear an fo-alt seo a leanas in alt 169 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndiaidh fho-alt (1)—

“(1A) I gcás dáileadh is inmhuirearaithe faoi Sceideal F a bheith ar áireamh in ioncam duine a gceanglaítear sonraí ina leith a thabhairt sa ráiteas faoin alt seo, taispeánfar ar leithligh sa ráiteas méid nó luach an dáilte agus méid aon chreidmheasa cánach faoi alt 88 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a bhfuil teideal chuige ag an duine i leith an dáilte sin.”.

5. In alt 181 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in ionad “agus E” cuirfear “, E agus F” agus tá an t-alt sin 181 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) Maidir le measúnachtaí faoi Sceidil D, E agus F, ach amháin—

(a) cibé measúnachtaí atá de chumhacht ag na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh faoi Chuid XXXI, agus

(b) measúnachtaí lena mbaineann alt 157, agus

(c) cibé measúnachtaí atá de chumhacht ag oifigigh nó ag daoine arna gceapadh ag na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh faoi alt 158,

is iad a dhéanfaidh iad na cigirí nó cibé oifigigh eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin.

6. In alt 183 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in ionad “nó E, nó faoin dá Sceideal acu sin” cuirfear “, E nó F nó faoi dhá Sceideal nó níos mó acu sin”, agus tá an t-alt sin 183 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) I gcás a mbeidh dhá mheasúnacht nó níos mó le déanamh ar dhuine faoi Sceideal D, E nó F nó faoi dhá Sceideal nó níos mó acu sin, féadfar an cháin sna measúnachtaí a lua in aon suim amháin, agus féadfar an fógra measúnachta a bheith dá réir sin.

7. In alt 184 (2) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in ionad “D” cuirfear “D nó F” agus tá an t-alt sin 184 (2) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(a) go mainneoidh duine ráiteas a sheachadadh maidir le haon cháin faoi Sceideal D nó F, nó

8. In alt 186 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in ionad “nó E” cuirfear “, E nó F” agus tá an t-alt sin 186 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) Má fhaigheann an cigire amach—

(a) go ndearnadh aon mhaoin nó brabúis ab inmhuirearaithe i leith cánach a fhágáil ar lár as na chéad-mheasúnachtaí, nó

(b) nach ndearna duine inmhuirearaithe aon ráiteas a sheachadadh, nó nach ndearna sé ráiteas iomlán cui a sheachadadh, nó nár measúnaíodh é i leith cánach, nó nach ndearnadh leor-mhuirearú air sna chéadmheasúnachtaí, nó

(c) gur lamháladh do dhuine inmhuirearaithe, nó go bhfuair sé, ó na chéad-mheasúnachtaí agus iontu, aon liúntas, asbhaint, díolúine, lacáiste nó faoiseamh nach n-údaraítear leis an Acht seo,

ansin, i gcás inarb inmhuirearaithe an cháin faoi Sceideal D, E nó F, déanfaidh an cigire chéad-mheasúnacht bhreise:

Ar choinníoll go mbeidh aon chéad-mheasúnacht bhreise den sórt sin faoi réir achomhairc agus imeachtaí eile amhail mar atá i gcás chéad-mheasúnachta.

9. In alt 239 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndiaidh “duine” cuirfear isteach “, seachas cuideachta atá laistigh de réim cánach corparáide,” agus tá an t-alt sin 239 (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghbhann leis an mír seo.

AN TABLA

(6) Aon duine, seachas cuideachta atá laistigh de réim cánach corparáide, a sheolann gnó ag deonú blianachtaí ar shaol daoine beidh sé i dteideal go n-aisíocfar leis aon cháin a d'íoc sé trí asbhaint nó ar shlí eile in aghaidh aon bhliana measúnachta suas go dtí méid na cánach a mbeadh teideal aige, dá mba nár ritheadh an t-alt seo, é a asbhaint agus a choinneáil ar íocaíochtaí a dhéanamh a bhí dlite an bhliain mheasúnachta sin ar cuntas blianachtaí saoil agus nach ndearna sé, de réir an ailt seo, a asbhaint.

10. In alt 329 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1)  I bhfo-alt (1), scriosfar “is infheidhmithe maidir le haon díbhinn nó ús a fuair sé i leith an stoic, na scaireanna, nó” i mír (a) agus cuirfear “a baineadh as aon íocaíocht úis a fuair sé i leith” ina ionad; scriosfar “díbhinne nó úis i leith an stoic, na scaireanna, nó” i mír (b) agus cuirfear “úis i leith” ina ionad; agus, i ndiaidh mhír (b), cuirfear isteach an mhír seo a leanas—

“(c) measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, méid aon dáilte a fuair an phearsa aonair sin i leith an stoic, na scaireanna nó an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad agus measfar freisin méid aon chreidmheasa cánach a mbeidh teideal aige chuige i leith an dáilte sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad:

Ar choinníoll go mbeidh, d'ainneoin forálacha an ailt seo, pearsa aonair a fhaigheann dáileadh i leith aon stoc, scaireanna nó urrús lena mbaineann an t-alt seo i dteideal go n-íocfar leis méid is ionann agus 20 faoin gcéad den chreidmheas cánach a mbeadh teideal aige chuige i leith an dáilte sin dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.”; agus

(2) in ionad fho-alt (3) cuirfear an fo-alt seo a leanas—

“(3) I ndáil le gach dáileadh nó íocaíocht úis a dhéanfaidh cuideachta maidir le haon stoc, scair nó úrrús lena mbaineann an t-alt seo, beidh feidhm ag forálacha ailt 5 (barántais díbhinne) agus 83 (5) (Sceideal F) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh na ráitis dá bhforáiltear leis na hailt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo (de réir mar is gá sa chás)—

(a) gur i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin méid iomlán an dáilte nó na híocaíochta úis, nó

(b) gur i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin cuid (a bhfuil a méid nó a luach luaite ar leithligh) den dáileadh nó den íocaíocht úis.”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) I gcás a ndéanfaidh pearsa aonair ar sa Sát agus nach in aon áit eile atá cónaí air a éileamh agus a chruthú go bhfuil sé i dteideal úinéireacht tairbhiúil aon stoic, scaireanna nó urrúis lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) beidh an phearsa aonair sin i dteideal go n-aisíocfar leis 20 faoin gcéad den cháin ioncaim a baineadh as aon íocaíocht úis a fuair sé i leith an urrúis sin, ach amháin sa mhéid go ndearnadh nó go ndéantar faoiseamh nó aisíoc i leith na cánach sin a dheonú faoi aon fhoráil eile den Acht seo;

(b) le linn ioncam iomlán na pearsan aonair sin ó gach bunadh a bheith á mheas chun críocha cánach ioncaim, measfar méid aon úis i leith an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad;

(c) measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, méid aon dáilte a fuair an phearsa aonair sin i leith an stoic, na scaireanna nó an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad agus measfar freisin méid aon chreidmheasa cánach a mbeidh teideal aige chuige i leith an dáilte sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad:

Ar choinníoll go mbeidh, d'ainneoin forálacha an ailt seo, pearsa aonair a fhaigheann dáileadh i leith aon stoc, scaireanna nó urrús lena mbaineann an t-alt seo i dteideal go n-íocfar leis méid is ionann agus 20 faoin gcéad den chreidmheas cánach a mbeadh teideal aige chuige i leith an dáilte sin dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

11. In alt 331 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (3)—

“(3) I gcás a dtabharfar deimhniú faoi alt 329 (2) i leith aon stoc, scaireanna nó urrús, ní bhainfidh alt 329 (1) le haon dáileadh nó íocaíocht úis a rinneadh i leith na stoc, na scaireanna nó na n-urrús roimh dháta an deimhnithe:

Ar choinníoll go mbainfidh an t-alt sin 329 (1) le haon dáileadh nó íocaíocht úis den sórt sin i gcás—

(a) a ndearnadh an dáileadh nó an íocaíocht úis sa tréimhse dhá bhliain roimh dháta an deimhnithe sin, agus

(b) a ndearnadh an dáileadh nó an íocaíocht úis i leith stoic, scaireanna nó urrúis ar comhlíonadh ina leith na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) go (c) d'alt 329 (2) agus in alt 330 (2)—

(i) in imeacht na tréimhse dhá bhliain sin, nó

(ii) más i rith na tréimhse sin a eisíodh na stoic, na scaireanna nó na hurrúis sin, in imeacht na tréimhse ó dháta na heisiúna sin go dtí dáta an deimhnithe sin.”.

12. In alt 332 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) i bhfo-alt (1), scriosfar “is infheidhmithe maidir le haon díbhinn nó ús a fuair sé i leith an stoic, na scaireanna nó” agus cuirfear “a baineadh as aon íocaíocht úis a fuair sé i leith” ina ionad i mír (a); scriosfar “díbhinne nó úis i leith an stoic, na scaireanna, nó” i mír (b) agus cuirfear “úis i leith” ina ionad; agus i ndiaidh mhír (b) cuirfear isteach an mhír seo a leanas—

“(c) measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, méid aon dáilte a fuair an phearsa aonair sin i leith an stoic, na scaireanna nó an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad agus measfar freisin méid aon chreidmheasa cánach a mbeidh teideal aige chuige i leith an dáilte sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad:

Ar choinníoll go mbeidh, d'ainneoin forálacha an ailt seo, pearsa aonair a fhaigheann dáileadh i leith aon stoc, scaireanna nó úrrús lena mbaineann an t-alt seo i dteideal go n-íocfar leis méid is ionann agus 20 faoin gcéad den chreidmheas cánach a mbeadh teideal aige chuige i leith an dáilte sin dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.”;

(2) in ionad fho-alt (3) cuirfear an fo-alt seo a leanas—

“(3) I ndáil le gach dáileadh nó íocaíocht úis a dhéanfaidh cuideachta maidir le haon stoc, scair nó urrús lena mbaineann an t-alt seo, bainfidh forálacha ailt 5 (barántais díbhinne) agus 83 (5) (Sceideal F) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh na ráitis dá bhforáiltear leis na hailt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo (de réir mar is gá sa chás)—

(a) gur i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin méid iomlán an dáilte nó na híocaíochta úis, nó

(b) gur i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin cuid (a bhfuil a méid nó a luach luaite ar leithligh) den dáileadh nó den íocaíocht úis.”; agus

(3) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (8)—

“(8) I gcás a dtabharfar deimhniú faoi fho-alt (2) i leith aon stoc, scaireanna nó urrús, ní bhainfidh fo-alt (1) le haon dáileadh nó íocaíocht úis a rinneadh i leith na stoc, na scaireanna nó na n-urrús roimh dháta an deimhnithe:

Ar choinníoll go mbainfidh an fo-alt sin (1) le haon dáileadh nó íocaíocht úis den sórt sin i gcás—

(a) a ndearnadh an dáileadh nó an íocaíocht úis sa tréimhse dhá bhliain roimh dháta an deimhnithe sin, agus

(b) a ndearnadh an dáileadh nó an íocaíocht úis i leith stoic, scaireanna nó urrúis ar comhlíonadh i ndáil leo na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2)—

(i) in imeacht na tréimhse dhá bhliain sin, nó

(ii) más i rith na tréimhse sin a eisíodh na stoic, na scaireanna nó na hurrúis sin, in imeacht na tréimhse ó dháta na heisiúna sin go dtí dáta an deimhnithe sin.”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) Ma dhéanann pearsa aonair ar sa Stát agus nach in aon áit eile atá conaí air a éileamh agus a chruthú go bhfuil sé i dteideal úinéireacht tairbhiúil aon stoic, scaireanna nó urrúis lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) beidh an phearsa aonair sin i dteideal go n-aisíocfar leis 20 faoin gcéad den cháin ioncaim a baineadh as aon íocaíocht úis a fuair sé i leith an urrúis sin, ach amháin sa mhéid go ndearnadh nó go ndéanfar faoiseamh nó aisíoc i leith na cánach sin a dheonú faoi aon fhoráil eile den Acht seo;

(b) le linn ioncam iomlán na pearsan aonair sin ó gach bunadh a bheith á meas chun críocha cánach ioncaim, measfar méid aon úis i leith an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad;

(c) measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, méid aon dáilte a fuair an phearsa aonair sin i leith an stoic, na scaireanna nó an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad agus measfar freisin méid aon chreidmheasa cánach a mbeidh teideal aige chuige i leith an dáilte sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad:

Ar choinníoll go mbeidh, d'ainneoin forálacha an ailt seo, pearsa aonair a fhaigheann dáileadh i leith aon stoc, scaireanna nó urrús lena mbaineann an t-alt seo i dteideal go n-íocfar leis méid is ionann agus 20 faoin gcéad den chreidmheas cánach a mbeadh teideal aige chuige i leith an dáilte sin dá mha nár achtaíodh an t-alt seo.

13. In alt 333 (1) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) i ndiaidh “scaireanna blianachtaí,” scriosfar “agus”; agus

(2) i ndiaidh “íocaíocht bhliantúil eile” cuirfear isteach “, agus ó cháin ioncaim is inmhuirearaithe faoi Sceideal F maidir le haon dáileadh”.

14. In alt 335 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , scriosfar “faoi Sceidil C agus D” agus cuirfear “faoi Sceidil C, D agus F” ina ionad.

15. In alt 336 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , scriosfar “faoi Sceidil C agus D” agus cuirfear “faoi Sceidil C, D agus F” ina ionad.

16. In alt 337 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , scriosfar “faoi Sceidil C agus D” agus cuirfear “faoi Sceidil C, D agus F” ina ionad.

17. In alt 367 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) cuirfear isteach “agus Sceideal 11” i ndiaidh “na Coda seo”;

(2) i mír (a) cuirfear an méid seo a leanas in ionad “díbhinn”—

“dáileadh a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, agus aon díbhinn nach dáileadh den sórt sin, agus le linn tagairtí d'ús a fheidhmiú i ndáil le dáileadh den sórt sin ciallaíonn ‘ús comhlán’ nó ‘méid comhlán’ an dáileadh mar aon leis an gcreidmheas cánach a mbeidh teideal chuige ag faighteoir an dáilte ina leith agus ciallaíonn ‘ús glan’ an dáileadh gan aon chreidmheas cánach den sórt sin a áireamh”; agus

(3) in ionad mhír (d) cuirfear an méid seo a leanas—

“(d) measfar urrúis a bheith cosúil le chéile má thugann siad dá sealbhóirí teideal chun na gcearta céanna in aghaidh na ndaoine céanna maidir le caipiteal agus ús agus chun na leigheasanna céanna chun na cearta sin a fheidhmiú, d'ainneoin aon difir i méideanna ainmniúla iomlána na n-úrrús faoi seach nó san fhoirm ina sealbhaítear iad nó sa tslí ar féidir iad a aistriú;

agus i mír (a) tá le ‘dáileadh’ agus le ‘creidmheas cánach’ na bríonna céanna atá leo i gCuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976 ”,

agus tá an t-alt sin 367 (7), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(7) Chun críocha na Coda seo agus Sceideal 11—

(a) folaíonn “ús” dáileadh a dhéantar an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, agus aon díbhinn nach dáileadh den sórt sin, agus le linn tagairtí d'ús a fheidhmiú i ndáil le dáileadh den sórt sin ciallaíonn “ús comhlán” nó “méid comhlán” an dáileadh mar aon leis an gcreidmheas cánach a mbeidh teideal chuige ag faighteoir an dáilte ina leith agus ciallaíonn “ús glan” an dáileadh gan aon chreidmheas cánach den sórt sin a áireamh;

(b) folaíonn “duine” aon chomhlacht daoine agus, i gcás aon díolúine adeir go mbaineann sí le hioncam iontaobhais nó le hioncam ciste, folaíonn tagairtí do dhuine ag a bhfuil teideal chun aon díolúine ó cháin ioncaim tagairtí do na daoine ag a bhfuil teideal a éileamh go ndeonófar an díolúine sin;

(c) folaíonn “urrúis” stoic agus scaireanna;

(d) measfar urrúis a bheith cosúil le chéile má thugann siad dá sealbhóirí teideal chun na gcearta céanna in aghaidh na ndaoine céanna maidir le caipiteal agus ús agus chun na leigheasanna céanna chun na cearta sin a fheidhmiú, d'ainneoin aon difir i méid eanna ainmniúla iomlána na n-urrús faoi seach nó san fhoirm ina sealbhaítear iad nó sa tslí ar féidir iad a aistriú;

agus i mír (a) tá le “dáileadh” agus le “creidmheas cánach” na bríonna chéanna atá leo i gCuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

18. Chun críocha cánach corparáide, beidh éifeacht le halt 369 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá gcuirfí isteach i ndiaidh “Sceideal 11” “agus má bhíonn teideal mar a dúradh ag an gcéad cheannaitheoir agus go mbeidh aon íocaíocht bhliantúil iníoctha aige as an ús, measfar nach íocaíocht is muirear ar ioncam an íocaíocht bhliantúil maidir lena méid iomlán”.

19. Chun críocha cánach corparáide, beidh feidhm ag alt 370 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus

(1) beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (1) ionann is dá gcuirfí, in ionad “á dhéanamh amach” go dtí deireadh an fho-ailt, “ag fionnadh an ioncaim nó na mbrabús ar féidir an caillteanas a fhritháireamh ina n-aghaidh faoi alt 16 (faoiseamh i leith caillteanas trádála seachas caillteanais fhoirceannaidh) nó faoi alt 25 (caillteanais etc. a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , fágfar as cuntas an méid iomchuí i leith an úis, mar a chinnfear sin de réir Sceideal 11”;

(2) beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (2) ionann is dá scriosfaí na focail go léir i ndiaidh “measfar” agus go gcuirfí ina n-ionad “nach íocaíocht is muirear ar ioncam an méid sin den íocaíocht bhliantúil”.

20. I gcás alt 371 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) beidh éifeacht leis chun críocha cánach corparáide ionann is dá gcuirfí isteach i ndiaidh “a fuarthas na scaireanna” i bhfo-alt (2) “, agus má bhíonn an íocaíocht bhliantúil iníoctha ag an duine sin as an dáileadh, measfar nach íocaíocht is muirear ar ioncam an íocaíocht bhliantúil sin maidir lena méid iomlán”, agus

(2) leasófar é tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8)—

“(9) Chun críocha na Coda seo agus Sceideal 12—

(a) forléireofar tagairtí do dhíbhinn, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dháileadh agus do mhéid atá, faoi aon achtachán, le háireamh mar dháileadh, a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis,

(b) i ndáil le dáileadh den sórt sin, lena n-áirítear méid atá le háireamh amhlaidh mar dháileadh, forléireofar tagairtí do dhíbhinn a íoc nó a bheith le híoc nó a fháil nó a bheith le fáil ar scaireanna mar thagairtí do dháileadh nó do mhéid a bheith le háireamh amhlaidh mar dháileadh atá á dhéanamh nó á fháil i leith scaireanna nó urrús, agus

(c) le linn tagairtí do dhíbhinn a fheidhmiú i ndáil le dáileadh ciallaíonn ‘méid comhlán’ nó ‘díbhinn chomhlán’ an dáileadh mar aon leis an gcreidmheas cánach atá faighteoir an dáilte i dteideal a fháil ina leith agus ciallaíonn ‘glanmhéid’ nó ‘glandíbhinn’ an dáileadh gan aon chreidmheas cánach den sórt sin a áireamh,

agus san fho-alt seo tá le ‘dáileadh’ agus le ‘creidmheas cánach’ na bríonna céanna atá leo i gCuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976 .”.

21. I gcás alt 372 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) beidh feidhm aige maidir le cáin chorparáide, agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (1) ionann is—

(a) dá mba thagairt do thréimhse chuntasaíochta an tagairt do bhliain mheasúnachta sa chéad áit a bhfuil an tagairt sin, agus

(b) dá gcuirfí in ionad “a chinneadh” go dtí deireadh an fho-ailt “ag fionnadh an ioncaim nó na mbrabús ar féidir an caillteanas a fhritháireamh ina n-aghaidh faoi alt 16 (faoiseamh i leith caillteanas trádála seachas caillteanais fhoirceannaidh) nó faoi alt 25 (caillteanais etc. a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , fágfar as cuntas an méid comhlán ar comhréir leis an oiread sin den ghlanmhéid sin nárbh fholáir a chur i gcuntas mar a dúradh”, agus

(2) leasófar é trí “aon chreidmheas cánach i leith an mhéid” a chur in ionad “aon cháin a íocadh ar an méid” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) I gcás trádáil, seachas trádáil den sórt a luaitear in alt 371 (1), a bheith á seoladh ag duine agus gur cuid dá ioncam d'aon bhliain mheasúnachta áirithe díbhinn a mbeadh ceangal ann, dá mba thrádáil de shaghas a luaitear in alt 371 (1) an trádáil, aon chuid dá glanmhéid a chur i gcuntas mar fháltas trádála nár íocadh cáin ina leith, ansin, nuair a bheifear a chinneadh an bhfuil aon aisíoc cánach, nó cad é an t-aisíoc cánach atá, le déanamh faoi alt 307 leis an duine sin faoi threoir aon chaillteanas a tharla sa trádáil in aghaidh na bliana measúnachta sin, fágfar as cuntas—

(a) an mór-mhéid a fhreagraíonn d'oiread den ghlanmhéid sin a bheadh de cheangal ann a chur i gcuntas mar a dúradh, agus

(b) aon chreidmheas cánach i leith an mhéid a bheidh de cheangal ann a fhágáil as cuntas faoi mhír (a).

22. (1) In alt 449 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in ionad mhír (c) cuirfear an mhír seo a leanas.

“ (c) más de ghné na hurrúis sin gur féidir an t-ús is iníoctha ina leith a íoc gan cáin a asbhaint, beidh an t-úinéir nó an tairbhí (de réir mar a bheidh), mura suífidh sé gur muirearaíodh cáin faoi Sceideal C nó faoi Chuid XXXI ar na fáltais ó aon díol nó réadú eile ar an gceart chun an t-ús a fháil a meastar gur ioncam dá chuid é de bhua an ailt seo, inchurtha faoi cháin faoi Chás IV de Sceideal D i leith an úis sin, ach beidh sé i dteideal creidmheasa i leith aon cháin a shuífear a d'iompair an t-ús sin;”.

(2) I ndáil le cáin chorparáide—

(a) beidh feidhm ag mír (c) den alt sin 449 (1) (faoi réir forálacha an Achta seo i dtaobh dáiltí) maidir le haon ús de réir brí an ailt sin 449, cibé acu is de ghné na hurrúis sin, nó nach ea, gur féidir an t-ús a íoc gan cáin a asbhaint, agus trí na focail “ach beidh sé i dteideal creidmheas i leith aon cháin a shuífear a d'iompair an t-ús sin” a fhágáil ar lár, agus

(b) ní bheidh feidhm ag mír (d) d'alt 449 (1).

23. In alt 450 (2) (d) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndiaidh “a fhorléiriú” cuirfear an méid seo a leanas isteach “, faoi réir alt 99 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,” agus tá an t-alt sin 450 (2) (d), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(d) déanfar tagairtí do “ioncam iomlán an eastáit” de chuid duine éagtha in aghaidh aon bhliana measúnachta a fhorléiriú, faoi réir alt 99 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar thagairtí don ioncam comhiomlán ó gach bunadh in aghaidh na bliana sin de chuid ionadaithe pearsanta an éagaigh sa cháil sin agus é a áireamh mar ní arb é atá ann—

(i) aon ioncam den sórt sin is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim Éireannaí trí asbhaint nó eile, agus an t-ioncam sin a ríomh ag an méid ar a bhfuil an cháin sin le tabhairt don bhliain sin, agus

(ii) aon ioncam den sórt sin ab inmhuirearaithe amhlaidh dá mba sa Stát a d'éirigh sé chun duine ar sa Stát a bhí cónaí agus gnáthchónaí air, agus an t-ioncam sin a ríomh de réir an mhéid iomlán de a d'éirigh iarbhír i gcaitheamh na bliana sin, lúide cibé asbhaintí ab inlamháilte dá muirearófaí é i leith cánach ioncaim Éireannaí, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon ioncam ó mhaoin a chineachfaidh ar na hionadaithe pearsanta ar shlí seachas mar shócmhainní chun fiacha an éagaigh a íoc;

24. Chun críocha aon mhuirir i leith cánach corparáide a gcuirtear alt 452 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (eastáit éagach: leasanna iomlána in iarmhar) chun feidhme ina leith, déanfar ioncam iarmharach cuideachta a ríomh sa chéad ásc faoi threoir blianta measúnachta, agus déanfar an t-ioncam iarmharach d'aon bhliain den sórt sin a chionroinnt idir na tréimhsí cuntasaíochta (má bhíonn thar thréimhse chuntasaíochta amháin ann) sa bhliain sin.

25. In alt 458 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in ionad “nó díbhinn a íoc a d'imdháil cuideachta” cuirfear “a íoc nach dáileadh de réir brí an Achta Cánach Corparáide, 1976 , ó chuideachta” agus in ionad “as an ús nó as an díbhinn sin” cuirfear “as an ús sin”, agus tá an t-alt sin 458 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) Gach barántas, seic nó ordú eile a sheolfar nó a sheachadfar d'fhonn aon ús a íoc nach dáileadh de réir brí an Achta Cánach Corparáide, 1976 , ó chuideachta atá i dteideal cáin ioncaim a bhaint as an ús sin beidh ag gabháil leis nó beidh ina theannta ráiteas i scríbhinn ina dtaispeánfar—

(a) an méid comhlán a bheidh, tar éis na cánach ioncaim is iomchuí dó a asbhaint, ar comhréir leis an nglanmhéid a íocadh iarbhír, agus

(b) ráta agus méid na cánach ioncaim is iomchuí don mhéid comhlán sin, agus

(c) an glanmhéid a íocadh iarbhír.

26. Beidh éifeacht chun críocha cánach corparáide le halt 475 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

27. I gcás cuideachta do thabhairt bronntanas lena mbaineann alt 547 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , measfar chun críocha cánach corparáide gur caillteanas méid an bhronntanais sin a thabhaigh an chuideachta i dtrádáil ar leithligh sa tréimhse chuntasaíochta a tugadh an bronntanas.

28. Leasófar Sceideal 12 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad mhír 4 (2)—

“(2) Is iad na brabúis sin ioncam na cuideachta in aghaidh na tréimhse, arna laghdú—

(a) méid na cánach ioncaim a d'iompair an chuideachta iarbhír in aghaidh aon bhliana measúnachta (nach bliain mheasúnachta tar éis na bliana 1975-76) sa tréimhse sin (lena n-áirítear aon fhorcháin a d'iompair an chuideachta faoi alt 530 agus faoi Sceideal 16), agus

(b) méid na cánach brabús corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta sa tréimhse sin, agus

(c) méid na cánach corparáide (lena n-áirítear cáin chorparáide arna muirearú de bhua ailt 101 agus 162 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) ab iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntas aíochta sa tréimhse sin, agus chun na críche sin déileálfar leis an gcreidmheas cánach is cuid d'aon ioncam infheistíochta frainceáilte mar cháin chorparáide ab iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta a fuarthas an dáileadh, agus

(d) méid na cánach gnóchan caipitiúil ab iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh aon bhliana measúnachta (nach bliain mheasúnachta tar éis na bliana 1975-76) sa tréimhse sin:

Ar choinníoll, i gcás a mbeidh faoiseamh tugtha don chuideachta faoi alt 358, 360 nó 361, go ndéanfar tagairtí san fhomhír seo do cháin a iompraíodh iarbhír nó do cháin ab iníoctha a fhorléiriú mar thagairtí don cháin a bheadh iompartha nó ab iníoctha dá mba nár tugadh an faoiseamh sin.”;

(2) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad mhír 4 (3)—

“(3) Nuair a bheifear ag fionnadh chun críocha na míre seo an méid cánach ioncaim, cánach brabús corparáide agus cánach corparáide a ndéanfar a chóimhéid de laghdú ar ioncam na cuideachta in aghaidh na tréimhse, fágfar as cuntas aon cháin ar an méid a bheidh le hasbhaint faoi chlásal (d) nó (e) de mhír 5 (3).”;

(3) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad mhír 5 (2)—

“(2) Ríomhfar comhiomlán—

(a) aon bhrabús nó gnóchan a d'eascair sa tréimhse as aon trádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta arna ríomh de réir na bhforálacha a bhaineann le Cás I de Sceideal D, agus

(b) aon ioncaim (lena n-áirítear aon ioncam infheistíochta frainceáilte) a d'eascair sa tréimhse (arna ríomh de réir forálacha an Achta seo nó, i gcás ioncaim infheistíochta fhrainceáilte, de réir forálacha an Achta Cánach Corparáide, 1976 ), seachas brabúis nó gnóchain a d'eascair as aon trádáil den sórt sin, agus

(c) aon bhrabús caipitiúil a d'eascair sa tréimhse (bíodh nó ná bíodh cáin ghnóchan caipitiúil nó cáin chorparáide inmhuirearaithe orthu).”;

(4) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad mhír 5 (3)—

“(3) Bainfear as an gcomhiomlán sin suim na méideanna seo a leanas, is é sin le rá—

(a) aon chaillteanas a bhain don chuideachta sa tréimhse in aon trádáil den sórt sin (arna ríomh mar is inríofa brabúis nó gnóchain faoi na forálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D),

(b) aon liúntais i leith aon trádála den sórt sin faoi ailt 241, 244 (3) nó 245, faoi Chaibidil III de Chuid XIV, faoi Chuid XV nó XVI—

(i) in aghaidh aon bhliana measúnachta (nach bliain mheasúnachta tar éis na bliana 1975-76) sa tréimhse,

(ii) a bheidh le tabhairt faoi alt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin chun críche cánach corparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta sa tréimhse,

(c) (i) aon íocaíochtaí a rinne an chuideachta sa tréimhse lena mbaineann alt 433 nó 434, seachas íocaíochtaí is inasbhainte le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais thrádáil a bhí á seoladh aici a bheith á ríomh,

(ii) aon mhéid a ndearnadh aisíoc ina leith faoi alt 496 in aghaidh aon bhliana measúnachta sa tréimhse,

(iii) aon mhuirir ar ioncam a bheidh le lamháil faoi alt 10 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar asbhaintí i gcoinne iomlán na mbrabús in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta sa tréimhse,

(d) mura bhfuil an chuideachta ag seoladh trádála den sórt a luaitear in alt 371 (1) agus go bhfuair sí sa tréimhse—

(i) an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, díbhinn a mbeadh de cheangal ann faoi alt 371 (1), dá mbeadh an chuideachta ag seoladh trádála den sórt sin, aon chuid di a chur i gcuntas mar a luaitear ansin, cibé méid ba chomhionann, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta a údaraítear le halt 456, leis an méid a mbeadh an ceangal sin ann é a chur i gcuntas,

(ii) tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, dáileadh de réir brí Chuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a mbeadh de cheangal ann, dá mbeadh an chuideachta ag seoladh trádála den sórt sin, aon chuid de a chur i gcuntas amhlaidh, méid is ionann agus an oiread sin den dáileadh a mbeadh an ceangal sin ann é a chur i gcuntas arna mhéadú an oiread sin den chreidmheas cánach i leith an dáilte sin a mbeidh idir é agus méid an chreidmheasa cánach sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid den dáileadh a mbeadh an ceangal sin ann é a chur i gcuntas agus an dáileadh, agus

(e) mura bhfuil an chuideachta ag seoladh mar a dúradh, ach, dá mbeadh sí ag seoladh amhlaidh, go mbeadh aon laghdú faoi alt 368 le déanamh, nó go mbeadh sé, mura mbeadh alt 368 (3), le déanamh, maidir leis an bpraghas a d'íoc an chuideachta ar urrúis (de réir brí an ailt sin) a cheannaigh sí sa tréimhse—

(i) an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, cibé méid ba chomhionann, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta is infheidhmithe maidir leis an íocaíocht, le méid an laghdaithe,

(ii) tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, cibé méid ba chomhionann le méid úis chomhláin ar comhréir le méid úis ghlain ba chomhionann le méid an laghdaithe,

ar shlí áfach i gcás ar urrúis iad den sórt a shonraítear i mír 4 de Sceideal 11 na hurrúis gurb é méid an laghdaithe an méid,

agus is é an t-iarmhéid ioncam na cuideachta in aghaidh na tréimhse.”; agus

(5) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 6—

“6. Aon tagairt i mír 4 nó 5 do mhéid in aghaidh bliana measúnachta sa tréimhse a bheidh i gceist measfar gur tagairt í don méid iomlán in aghaidh aon bhliana measúnachta ar bhliain laistigh den tréimhse sin í go léir agus do chuid chomh réire den méid (ar fhoras ama) in aghaidh aon bhliana measúnachta ar laistigh den tréimhse sin do chuid di, agus is dá réir sin a fhorléireofar an tagairt sa chéanna do cháin bhrabús corparáide nó do cháin chorparáide is iníoctha in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta sa tréimhse sin.”.

29. I gCuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , mar atá feidhm aici chun críocha cánach corparáide, déanfar—

(1) aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile, agus

(2) an bhrí at le “rialú”

a chinneadh, d'ainneoin forálacha alt 16 den Acht sin, de réir forálacha alt 157.

30. Beidh an éifeacht chéanna le halt 37 den Acht Airgeadais, 1968 , maidir le cáin chorparáide atá leis maidir le cáin ioncaim, agus beidh éifeacht dá réir sin le tagairtí do chán ioncaim ionann is dá mba thagairtí iad, nó gur fholaigh siad tagairtí, do cháin chorparáide; agus i bhfo-alt (4) den alt sin 37 in ionad “alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,” cuirfear “alt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,”, agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(4) I gcás fostóir a bheith tar éis cnapshuim a íoc i leith fostaíochta go hiomlán ag gabháil do ghnó a sheolann an fostóir, agus costais bhainistí an ghnó a bheith cáilithe le haghaidh faoisimh faoi alt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , beidh an méid a bheidh de bhreis ag an gcnapshuim ar mhéid an lacáiste is inghnóthaithe (murar inlamháilte amhlaidh ar shlí eile é) inlamháilte mar chostais bhainistí atá cáilithe le haghaidh faoisimh faoin alt sin; agus, más tar éis scor den ghnó a íocadh an chnapshuim, déileálfar leis an méid glan is inlamháilte amhlaidh ionann agus dá mba chostais bhainistí é a tabhaíodh an lá deiridh a bhí an gnó á sheoladh.

31. Beidh éifeacht le halt 16 den Acht Airgeadais, 1972 , maidir le cáin chorparáide ionann is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (4)—

“(4) Aon suim a bheidh íoctha ag fostóir ar mhodh ranníoca faoin scéim, lamhálfar, chun críocha Chás I nó Chás II de Sceideal D agus forálacha alt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976, a bhaineann le costais bhainistí, í a asbhaint mar chostas nó mar chostas bainistí a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta a íocadh an tsuim:

Ar choinníoll—

(a) nach mó méid na ranníocaí fostóra is féidir a asbhaint amhlaidh ná an méid a ranníoc sé faoin scéim i leith fostaithe i dtrádáil nó i ngnóthas a bhfuil cáin chorparáide inmheasúnaithe ar an bhfostóir i leith na mbrabús aisti nó as,

(b) go measfar, chun críocha an fho-ailt seo maidir le suim nár íocadh ar mhodh gnáth-ranníoca bhliantúil, de réir mar a ordóidh na Coimisinéirí, gur costas í a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta a íocadh an tsuim, nó gur costas í is féidir a chur i leith cibé tréimhse blianta is cuí leis na Coimisinéirí.”.

32. Bainfidh alt 24 den Acht Airgeadais, 1973 , le cáin chorparáide ionann is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (8)—

“(9) Ní dhéanfar na caiteachais a tabhaíodh ag soláthar fialachta gnó a áireamh, ach amháin a mhéid gur chun críocha gnó a leagadh amach nó a caitheadh iad go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas, le linn aon chostais bhainistí a bheith á ríomh a bhféadfar asbhaint a éileamh ina leith faoi alt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .”.

33. Beidh éifeacht le halt 26 den Acht Airgeadais, 1973 , maidir le cáin chorparáide ionann is dá gcuirfí isteach i ndiaidh “Sceideal E,”—

“nó

(c) a chur i gcuntas chun críocha éilimh ar chaiteachais bhainistí faoi alt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,”.

34. Beidh éifeacht le forálacha alt 33 den Acht Airgeadais, 1973 , chun críocha cánach corparáide mar atá éifeacht leo chun críocha cánach ioncaim.

35. In alt 34 (2) den Acht Airgeadais, 1973 , beidh éifeacht chun críocha cánach corparáide leis an tagairt do thuairisceán i dtaobh ioncam iomlán ó gach bunadh, arna mheas de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, ionann is dá mba thagairt í, nó gur fholaigh sí tagairt, do thuairisceán faoi alt 143.

36. (1) Na tagairtí i míreanna 1 agus 3 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 , d'alt 33 den Acht sin, agus d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh éifeacht leo maidir le cáin chorparáide ionann is dá mba thagairtí iad, nó gur fholaigh siad tagairtí, do na hailt sin mar atá feidhm acu chun críocha cánach corparáide.

(2) An tagairt i mír 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 , d'alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , beidh éifeacht léi maidir le cáin chorparáide ionann is dá mba thagairt í d'alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(3) An tagairt i mír 7 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 , do na hAchtanna Cánach Ioncaim beidh éifeacht léi maidir le cáin chorparáide ionann is dá mba thagairt í, nó gur fholaigh sí tagairt, don Acht Cánach Corparáide, 1976 .

37. Déanfar alt 8 (1) den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974 , a leasú trí “den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,” a chur in ionad “d'Acht 1967” agus tá an t-alt sin 8 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachais chaipitiúil tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1974, ag fáil sócmhainn mhianra sceidealta a thugann teideal dó foslaigh de mhianraí sceidealta a oibriú agus é do thosú ag oibriú na bhfoslach sin i ndáil leis an trádáil sin, beidh sé i dteideal liúntais fhorbartha mhianaigh faoi alt 245 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith an chaiteachais chaipitiúil sin a mhéid a bheadh sé i dteideal an liúntais sin dá mba chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag forbairt an mhianaigh an caiteachas caipitiúil sin, ach ní bheidh feidhm ag alt 2 i leith aon chaiteachais den sórt sin.

38. Beidh éifeacht le halt 10 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974 , maidir le cáin chorparáide mar atá éifeacht leis maidir le cáin ioncaim, agus beidh éifeacht dá réir sin leis na tagairtí do na hAchtanna Cánach Ioncaim, do bhliain mheasúnachta agus do cháin ioncaim a mhuirearú ar bhrabúis na trádála sin ionann is dá mba thagairtí iad do na hAchtanna Cánach Corparáide, do thréimhse cuntasaíochta agus do bhrabúis na trádála sin a ríomh chun críocha cánach corparáide.

39. In ionad alt 11 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974 , cuirfear an t-alt seo a leanas—

“11.—(1) I gcás duine a chónaíonn sa Stát do dhíol aon sócmhainne mianra sceidealta tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1974, agus gur suim chaipitiúil, go hiomlán nó go páirteach, an glanfháltas ón díol, muirearófar, faoi réir forálacha an ailt seo, cáin air faoi Chás IV de Sceideal D in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a gheobhaidh sé an tsuim ar chóimhéid na suime sin:

Ar choinníoll, i gcás ar pearsa aonair an duine sin agus go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn chuig an gcigire tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a íocfar an tsuim, go muirearófar cáin air in aghaidh na bliana measúnachta sin agus in aghaidh gach bliana de na cúig bliana measúnachta comhleanúnacha ina dhiaidh sin, ar shuim ar cóimhéid le séú cuid na suime sin, go muirearófar cáin amhlaidh air.

(2) I gcás duine nach gcónaíonn sa Stát do dhíol aon sócmhainne mianra sceidealta tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1974, agus gur suim chaipitiúil, go hiomlán nó go páirteach, an glanfháltas ón díol, ansin—

(a) muirearófar cáin air i leith na suime sin faoi Chás IV de Sceideal D in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a gheobhaidh sé an tsuim sin, agus

(b) bainfidh alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , leis an tsuim sin ionann is dá mba íocaíocht bhliantúil í ab iníoctha ar dhóigh seachas as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach:

Ar choinníoll, i gcás ar pearsa aonair an duine sin agus go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn chuig na Coimisinéirí Ioncaim tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a íocfar an tsuim, go n-áireofaí an tsuim sin chun críche cánach in aghaidh na bliana sin agus in aghaidh gach bliana de na cúig bliana chomhleanúnacha ina dhiaidh sin ionann is dá mbeadh an séu cuid di, agus gan níos mó ná sin, ar áireamh in ioncam dá chuid is inmhuirearaithe i leith cánach in aghaidh gach bliana faoi seach de na blianta sin, go n-áireofar amhlaidh í, agus go ndéanfar gach aisíocaíocht agus measúnacht cánach in aghaidh gach bliana díobh sin de réir mar is gá le héifeacht a thabhairt don rogha, ach sin ar shlí, áfach—

(i) nach ndéanfaidh an rogha difear don méid cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt ann faoin alt sin 434,

(ii) i gcás a n-asbhainfear aon suim faoin alt sin 434 gur ar mhodh aisíoc cánach a dhéanfar aon choigeartuithe is gá chun éifeacht a thabhairt don rogha, agus

(iii) go ndéanfar na coigeartuithe sin bliain ar bhliain agus ionann is dá mba go ndearnadh an séú cuid den tsuim a asbhaineadh a asbhaint i leith cánach in aghaidh gach bliana, agus nach ndéanfar an chuid sin, ná aon mhír den chuid sin, den cháin a asbhaineadh agus a áireofar a bheith asbhainte i leith cánach in aghaidh aon bhliana a aisíoc mura bhfionnfar agus go dtí go bhfionnfar gur lú an cháin a bheidh le híoc faoi dheoidh in aghaidh na bliana sin ná an méid cánach a íocadh in aghaidh na bliana sin.

(2A) I bhfo-alt (2) ciallóidh an focal ‘cáin’ cáin ioncaim, mura rud é go mbeadh díoltóir na sócmhainne mianra sceidealta, ar cuideachta é, laistigh de réim cánach corparáide i leith aon fháltais ón díol nach suim chaipitiúil.

(3) I gcás gur trína ceannach a fuair duine an tsócmhainn mhianra sceidealta a dhíolfaidh sé agus gur shuim chaipitiúil, go hiomlán nó go páirteach, an praghas a íocadh, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) ionann is dá mbeadh aon suim chaipitiúil a gheobhaidh sé nuair a dhíolfaidh sé an tsócmhainn arna laghdú méid na suime sin:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear don méid cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt ann faoi alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , de bhua-fho-alt (2), agus i gcás aon suim a asbhaint faoin alt sin 434 gur ar mhodh aisíoc cánach a dhéanfar aon choigeartú ís gá le héifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo.

(4) I gcás a bhfaighfear, de bhua ordú ón Aire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 14 den Acht Forbairte Minearál, 1940 , mianraí sceidealta nó cearta chun mianraí den sórt sin a oibriú agus go n-íocfaidh an tAire sin cúiteamh le haon duine i leith na fála sin, measfar, chun críocha an ailt seo, sócmhainn mhianra sceidealta a bheith díolta ag an duine sin ar shuim chaipitiúil ar cóimhéid leis an gcúiteamh a íocadh leis agus bainfidh na forálacha sin roimhe seo den alt seo leis an gcúiteamh sin mar a bhaineann siad le suim chaipitiúil a fhaightear i leith sócmhainn mhianra sceidealta a dhíol.

(5) San alt seo folaíonn aon tagairt do cheart sócmhainn mhianra sceidealta a dhíol tagairt do cheadúnas a thabhairt mianraí sceidealta a oibriú.

(6) San alt seo ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’ tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta nó bliain mheasúnachta.”.

40. In alt 18 (2) den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974 , in ionad “a bhaineann sé le cáin bhrabús corparáide” go dtí deireadh an fho-ailt cuirfear “atá éifeacht leis chun críocha cánach corparáide, a léamh agus a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide”, agus tá an t-alt sin 18 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a bhaineann sé le cáin ioncaim, a léamh agus a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus, a mhéid atá éifeacht leis chun críocha cánach corparáide, a léamh agus a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide.

41. In alt 4 (b) den Acht Airgeadais, 1974 , in ionad “433, 434 nó 456” cuirfear “433 nó 434”, agus tá an t-alt sin 4 (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(b) a bhfuil cáin inbhainte as de bhua alt 433 nó 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

42. In ionad alt 31 (3) (f) den Acht Airgeadais, 1974 , cuirfear—

“(f) ús a íoctar gan cáin a asbhaint de bhua alt 30 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó

(g) ús is dáileadh faoi alt 97 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .”.

43. Leasófar alt 33 (1) den Acht Airgeadais, 1974

(1) trí “155 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ” a chur in ionad “323 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ”, agus

(2) trí “157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ” a chur in ionad “16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ” gach áit a bhfuil sé,

agus tá an t-alt sin 33 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) (a) San alt seo agus in ailt 34 agus 35—

tá le “gnáth-scairchaipiteal” an bhrí a shanntar dó le halt 155 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “leas ábhartha”, i ndáil le cuideachta úinéireacht thairbhiúil nó cumas rialaithe, go díreach nó trí mheán cuideachta bhainteach nó cuideachtaí bainteacha, nó trí aon mheán indíreach eile, ar bhreis agus 5 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta.

(b) Chun críocha an ailt seo agus ailt 34 agus 35, measfar baint a bheith ag cuideachta le cuideachta eile dá measfaí baint a bheith aici léi chun críocha alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus más cuideachta í den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a).

44. Beidh éifeacht leis an tagairt in alt 38 (2) den Acht Airgeadais, 1974 , d'alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , maidir le cáin chorparáide ionann is dá mba thagairt í d'alt 157.

45. (1) Beidh éifeacht le halt 41 den Acht Airgeadais 1974, maidir le cáin chorparáide mar atá éifeacht leis maidir le cáin ioncaim agus beidh leis na tagairtí i bhfo-alt (2) den alt sin do na hAchtanna Cánach Ioncaim agus i bhfo-alt (7) den alt sin d'alt 16 (3) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , éifeacht dá réir sin ionann is dá mba thagairtí iad do na hAchtanna Cánach Corparáide agus d'alt 157.

46. (1) Leasófar alt 54 (1) den Acht Airgeadais, 1974 , trí “, nó faoi Chuid IV nó V den Acht Cánach Corparáide, 1976 ” a chur isteach i ndiaidh “faoi Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ”, agus tá an t-alt sin 54 (1), arna leasú agus amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.

AN TABLA

(1) San alt seo—

tá le “stiúrthóir” an bhrí chéanna atá leis in alt 119 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le “díolaíochtaí” an bhrí chéanna atá leis in alt 111 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “fostaí” duine atá fostaithe ag aon chomhlacht daoine;

ciallaíonn “cuideachta cháinfhaoisimh” comhlacht corpraithe a d'éiligh agus atá i dteideal faoiseamh a fháil ó cháin faoi Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó faoi Chuid IV nó V den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(2) In ionad alt 54 (3) den Acht Airgeadais, 1974 , cuirfear an méid seo a leanas—

“(3) I gcás, maidir le haon bhliain mheasúnachta, nach bhfaighidh duine—

(a) is stiúrthóir nó fostaí de chuid cuideachta cáinfhaoisimh nó de chuid comhlachta chorpraithe a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin, nó

(b) atá fostaithe ag duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin,

aon díolaíochtaí i leith seirbhísí a rinne sé don chuideachta sin nó ar mhaithe léi nó a rinne sé d'aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin nó ar mhaithe leis, nó go bhfaighidh sé díolaíochtaí i leith na seirbhísí sin nach leor, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, mar chomaoin i leith na seirbhísí a rinneadh amhlaidh, agus go bhfaighidh sé dáileadh i leith scaireanna atá aige sa chuideachta sin, measfar nach dáileadh chun críocha Sceideal F agus gur díolaíochtaí de chuid an duine sin an méid sin den dáileadh sin (dá ngairtear an chuid iomchuí den dáileadh san alt seo) ar chomaoin é, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, i leith na seirbhísí a rinneadh amhlaidh agus beidh cáin inmhuirearaithe ar an méid sin faoi Sceideal E mar dhíolaíochtaí a íocadh leis ar an dáta a rinneadh an dáileadh sin, agus is é an méid de na díolaíochtaí a mhuirearófar amhlaidh méid is comhionann le méid comhiomlán na coda iomchuí den dáileadh agus méid an chreidmheasa cánach is cuí di, agus chun na críche sin is é a bheidh i méid an chreidmheasa cánach is cuí don chuid iomchuí den dáileadh méid an chreidmheasa cánach a mbeadh teideal ag an duine chuige i leith an dáilte iomchuí dá mba dháileadh ar leithligh a rinne an chuideachta cháinfhaoisimh an dáileadh iomchuí.”.

(3) Leasófar alt 54 (5) den Acht Airgeadais, 1974 , trí “a ndéantar an dáileadh” a chur in ionad “a n-íoctar an díbhinn” i mír (b), agus tá an t-alt sin 54 (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.

AN TABLA

(5) Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh chun críche an ailt seo an leor na díolaíochtaí a d'íoc cuideachta le duine mar chomaoin i leith seirbhísí a rinneadh, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh—

(a) an sórt seirbhísí a rinne an duine sin,

(b) na díolaíochtaí a fuair an duine sin ón gcuideachta i leith seirbhísí a rinneadh amhlaidh nuair nach raibh scaireanna aige sa chuideachta nó nuair nach raibh na scaireanna aige a ndéantar an dáileadh ina leith agus arb iad is ábhar dá mbreithniú de bhua an ailt seo,

(c) méid na ndíolaíochtaí a bheifí ag súil le réasún a íocfaí i leith na seirbhísí sin, agus

(d) aon fhianaise a thabharfaidh an duine sin nó a thabharfar thar a cheann i dtaobh leordhóthanacht na ndíolaíochtaí áirithe sin.

(4) In alt 54 (6) den Acht Airgeadais, 1974 , cuirfear “a ndéantar dáileadh” in ionad “a n-íoctar díbhinn”, “a fuair an dáileadh” in ionad “a fuair an díbhinn”, “go bhfuair sé an dáileadh” in ionad “go bhfuair sé an díbhinn” agus “a rinneadh an dáileadh” in ionad “ab iníoctha an díbhinn”, agus tá an t-alt sin 54 (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.

AN TABLA

(6) I gcás scaireanna a ndéantar dáileadh ina leith a bheith ag duine i gcuideachta cháinfhaoisimh is duine a bhfuil baint aige le duine eile (ar duine é an duine eile sin ba dhuine a mbainfeadh fo-alt (3) leis dá mba aige a bhí na scaireanna agus dá mba é a fuair an dáileadh), ansin, chun críocha an fho-alt sin (3), measfar gur ag an dara duine a luaitear atá na scaireanna agus measfar go bhfuair sé an dáileadh i leith na scaireanna ar an dáta a rinneadh an dáileadh.

(5) In alt 54 (7) den Acht Airgeadais, 1974 , cuirfear “dáileadh nó cuid de dháileadh” in ionad “a tugadh díbhinn nó cuid de dhíbhinn”, agus tá an t-alt sin 54 (7), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo;

AN TABLA

(7) Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh chun críche an ailt seo an i gcomaoin seirbhísí a rinneadh dáileadh nó cuid de dháileadh, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh—

(a) na haicmí scaireanna go léir a d'eisigh an chuideachta áirithe,

(b) an aicme nó na haicmí scaireanna sa chuideachta sin atá ag an duine réamhráite, an líon scaireanna den sórt sin atá aige, luach ainmniúil na scaireanna sin agus an méid a shuibscríobh sé ina leith,

(c) an ráta díbhinne a íocadh ar scaireanna gach aicme,

(d) cé acu atá scaireanna den aicme atá ar teachtadh ag an duine réamhráite ar teachtadh ag aon duine eile agus, má tá, líon na scaireanna atá ar teachtadh amhlaidh, agus

(e) aon ábhar eile i dóigh leo is iomchuí chun tuairim a bhunú faoin bhfo-alt seo.

47. (1) Beidh éifeacht le halt 55 (3) den Acht Airgeadais, 1974 , chun críocha cánach corparáide, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an tagairt d'alt 310 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá mba thagairt í, nó gur fholaigh sí tagairt, d'alt 19.

(2) In alt 55 (4) den Acht Airgeadais, 1974 , cuirfear “le halt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ” in ionad “le halt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ”, agus tá an t-alt sin 55 (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.

AN TABLA

(4) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar go mbeidh brabúis nó gnóchain le cur i gcuntas mar fháltas trádála as siocair amháin go bhfuil siad ar áireamh sa ríomh a cheanglaítear le halt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

48. Beidh éifeacht le halt 74 den Acht Airgeadais, 1974 , maidir le cáin chorparáide mar atá éifeacht leis maidir le cáin ioncaim, agus beidh le tagairtí do na hAchtanna Cánach Ioncaim, do bhlianta measúnachta agus d'asbhaint le linn brabúis trádála a bheith á muirearú éifeacht dá réir sin ionann is dá mba thagairtí iad, nó gur fholaigh siad tagairtí, do na hAchtanna Cánach Corparáide, do thréimhsí cuntasaíochta agus d'asbhaint arna dhéanamh le linn an t-ioncam trádála a bheith á ríomh le haghaidh cánach corparáide.

49. Beidh éifeacht le Cuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1975 , maidir le cáin chorparáide mar atá éifeacht léi maidir le cáin ioncaim agus beidh éifeacht léi dá réir sin ionann is dá mba rud é—

(1) gur thagairtí, nó gur thagairtí a fholaíonn tagairtí, do thréimhsí cuntasaíochta agus do cháin chorparáide tagairtí do bhlianta measúnachta agus do cháin, agus

(2) gur cuireadh an mhír seo a leanas in ionad mhír 2—

“2. A mhéid a bhaineann le faoiseamh faoi fho-alt (5) nó (6) d'alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó alt 16 nó 19 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó le ríomh brabúis nó gnóchain nó caillteanais trádála nó gairme do thréimhse chuntasaíochta cuideachta dar críoch aon lá tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1975, measfar éifeacht a bheith le h-alt 19, le míreanna (b) agus (c) d'alt 20 agus le hailt 21 agus 22 amhail ó dháta an Achta Airgeadais, 1963 , a rith agus maidir le léasanna a deonaíodh tráth ar bith.”.

50. Ní dhéanfaidh na leasuithe sa Chuid seo den Sceideal seo difear don dliteanas cánach ioncaim in aghaidh blianta measúnachta a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, ná don dliteanas cánach brabús corparáide in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh ar an dáta sin nó roimhe, ná do mheasúnú, bailiú nó gnóthú ceachtar de na cánacha sin nó úis orthu ná d'aon imeachtaí eile a bhaineann leis na cánacha sin nó leis an ús sin.

CUID II

Feidhmiú agus Oiriúnú an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975

1. In alt 2 (1), in ionad na mínithe ar “cuideachta rialaithe” agus ar “rialú” cuirfear—

“tá le ‘dlúthchuideachta’ an bhrí a shanntar dó le halt 94 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus tá le ‘rialú’ an bhrí a shanntar dó le halt 102 den Acht sin”.

2. In alt 33 (7) (b), cuirfear “más dlúthchuideachta é (nó nach dlúthchuideachta é” in ionad “más cuideachta rialaithe í (nó nach cuideachta rialaithe” agus tá an t-alt sin 33 (7) (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(b) tá baint ag duine, ina cháil mar iontaobhaí socraíochta, le haon phearsa aonair ar socraitheoir é i ndáil leis an tsocraíocht, le haon duine a bhfuil baint aige le pearsa aonair den sórt sin agus le comhlacht corpraithe a meastar baint a bheith aige leis an tsocraíocht sin, agus measfar baint a bheith ag comhlacht corpraithe le socraíocht aon bhliain áirithe más dlúthchuideachta é (nó nach dlúthchuideachta é ar an aon-chúis nach bhfuil cónaí air sa Stát) aon tráth i rith na bliana agus go n-áirítear an tráth sin ar na scairshealbhóirí iontaobhaithe na socraíochta nó tairbhí fúithi;

3. In alt 35—

(1) i bhfo-ailt (1), (3) agus (5) in ionad “cuideachta rialaithe” gach áit a bhfuil na focail sin cuirfear “dlúthchuideachta” agus i bhfo-alt (3) in ionad “cuideachtaí rialaithe” cuirfear “dlúthchuideachtaí” agus tá na fo-ailt sin (1), (3) agus (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo, agus

(2) scriosfar fo-alt (4),

AN TABLA

(1) Má aistríonn cuideachta is dlúthchuideachta, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, sócmhainn chuig aon duine ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí agus ar chomaoin ar lú a méid nó a luach ná margadhluach na sócmhainne, cionroinnfear cóimhéid na difríochta idir scaireanna eisithe na cuideachta, agus déileálfar de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo le sealbhóirí na scaireanna sin.

(3) Más dlúthchuideachta an duine ar leis aon cheann de na scaireanna sin ar dháta an aistrithe, déanfar cóimhéid na méide a cionroinneadh ar na scaireanna a bhí ar úinéireacht amhlaidh faoi fho-alt (1) chun na dlúthchuideachta sin a chionroinnt idir scaireanna eisithe na dlúthchuideachta sin, agus déileálfar de réir fho-alt (2) le sealbhóirí na scaireanna sin, agus mar sin de trí aon líon dlúthchuideachtaí.

(5) Bainfidh an t-alt seo le cuideachta atá faoi réim alt 36 mar a bhaineann sé le dlúthchuideachta.

4. In alt 36 (1) (8), in ionad “ar chuideachta rialaithe í” gach áit a bhfuil na focail sin cuirfear “ar dhlúthchuideachta í” agus tá an t-alt sin 36 (1) (8), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig cuideachta—

(a) nach gcónaíonn sa Stát, agus

(b) ar dhlúthchuideachta í dá gcónódh sí sa Stát.

(8) Más cuideachta nach bhfuil cónaí uirthi sa Stát an duine is úinéir ar aon scaireanna sa chuideachta an tráth a d'fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe chuig an gcuideachta ach ar dhlúthchuideachta í dá mbeadh cónaí uirthi sa Stát, déanfar cóimhéid na méide a cionroinneadh faoi fho-alt (3) as an ngnóchan inmhuirearaithe ar na scaireanna a bheidh ar úinéireacht amhlaidh a chionroinnt idir scaireanna eisithe na cuideachta chéadluaite, agus déileálfar le sealbhóiri na scaireanna sin de réir fho-alt (2), agus mar sin de trí aon líon cuideachtaí.

5. In ionad alt 36 (4) (d) cuirfear—

“(d) maidir le gnóchan inmhuirearaithe a bhfuil cáin inmhuirearaithe ar an gcuideachta ina leith de bhua fo-alt (2) nó (7) d'alt 4 (cáin a mhuirearú ar neamhchónaitheoirí) nó a bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta ina leith de bhua alt 8 (2) (b) den Acht Cánach Corparáide, 1976 (cuideachtaí nach gcónaíonn sa Stát).”.

6. Beidh éifeacht le halt 44 chun críocha cánach corparáide mar atá éifeacht leis chun críocha cánach gnóchan caipitiúil.

7. Beidh éifeacht le halt 49 (6) chun críocha cánach corparáide mar atá éifeacht leis chun críocha cánach gnóchan caipitiúil.

8. I mír 2 (1) de Sceideal 1, in ionad “alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ” cuirfear “alt 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ” agus tá an mhír sin 2 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) Eisiafar ón gcomaoin i leith sócmhainní a dhiúscairt a cuireadh i gcuntas le linn an gnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt sin a bheith á ríomh faoin Sceideal seo aon airgead nó luach airgid ar ar muirearaíodh cáin ioncaim mar ioncam de chuid an duine a rinne an diúscairt nó a cuireadh i gcuntas mar fháltas le linn ioncam, brabúis, gnóchain nó caillteanais an duine sin a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim:

Ar choinníoll nach measfar go mbaineann an t-eisiamh ó chomaoin faoin bhfomhír seo le ríomh de réir forálacha Chás I de Sceideal D chun srian a chur le faoiseamh i leith costas bainistí faoi alt 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

9. In ionad mhír 3 (3) (a) (ii) (iii) de Sceideal 1 cuirfear—

“(ii) inar as airgead a fuarthas ar iasacht a íocadh an caiteachas sin,

(iii) inar mhuirearaigh an chuideachta ar chaipiteal an t-ús go léir nó aon chuid den ús ar an airgead iasachta sin is inchurtha i leith tréimhse dar chríoch dáta na diúscartha nó dáta roimhe sin, agus

(iv) ina mbeidh an chuideachta inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil i leith an ghnóchain,”.

10. I mír 22 (1) (a) de Sceideal 1 in ionad “cuideachta rialaithe”, gach áit a bhfuil na focail sin, cuirfear “dlúthchuideachta” agus tá an mhír sin 22 (1) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(a) i gcás ina mbeidh aon duine de na daoine a rialaíonn dlúthchuideachta, nó aon duine a bhfuil (i dtéarmaí alt 33) baint aige le duine a rialaíonn dlúthchuideachta, tar éis sócmhainní a aistriú chuig an gcuideachta tráth ar bith, lena n-áirítear tráth ar bith roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus

11. Beidh éifeacht le mír 3 (4) de Sceideal 3 chun críocha cánach corparáide mar atá éifeacht léi chun críocha cánach gnóchan caipitiúil.

12. Beidh éifeacht le mír 11 (6) de Sceideal 4 maidir le cáin chorparáide mar atá éifeacht léi maidir le cáin ghnóchan caipitiúil agus beidh éifeacht dá réir sin le tagairtí do cháin ghnóchan caipitiúil ionann is dá mba thagairtí iad, nó gur fholaigh siad tagairtí, do cháin chorparáide.

13. Ní dhéanfaidh na leasuithe sa Chuid seo den Sceideal seo difear don dliteanas cánach ghnóchan caipitiúil in aghaidh blianta measúnachta a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, ná do mheasúnú, bailiú nó gnóthú na cánach sin nó úis uirthi ná d'imeachtaí eile a bhaineann leis an gcáin sin nó leis an ús sin.