An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN TRÍÚ SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairter) Ar Aghaidh (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Faoiseamh Eatramhach maidir le híocaíochtaí agus Costais Bhainistí áirithe)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Alt 166

CUID I

Achtacháin a bhaineann le Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte a Leasú

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Leasú

(1)

(2)

(3)

Uimh. 6 de 1967

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 .

Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 355—

“(5) Níl feidhm ag aon ní san alt seo nó i Sceideal 6, Cuid II, chun críocha cánach corparáide.”.

In alt 361 (1), in ionad “cánach brabús corparáide” cuirfear “cánach corparáide”, agus tá an t-alt sin 361 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a shonrófar san ordú déanta le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát maidir le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide agus aon chánacha den ghné chéanna, a bheidh forchurtha le dlíthe an Stáit nó dlíthe na críche sin, agus gur fóirsteanach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, ansin, faoi réir forálacha na Coda seo, beidh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí d'ainneoin aon ní in aon achtachán.

I mír 1 (1) de Sceideal 10, scriosfar an míniú ar “ioncam” agus sa mhíniú ar “na cánacha Éireannacha” in ionad “cáin bhrabús chorparáide” cuirfear “cáin chorparáide”, agus tá an mhír sin 1 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(1) Sa Sceideal seo, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “comhshocraíochtaí” comhshocraíochtaí atá i bhfeidhm de thuras na huaire de bhua alt 361, nó alt 12 den Acht Airgeadais, 1950 , nó alt 14 den Acht Airgeadais, 1955 ;

ciallaíonn “na cánacha Éireannacha” cáin ioncaim agus cáin chorparáide;

ciallaíonn “cáin choigríche”, maidir le haon chríoch ina bhfuil feidhm dlí ag comhshocraíochtaí, aon cháin is inmhuirearaithe faoi dhlíthe na críche sin agus ar féidir creidmheas a lamháil ina leith faoi na comhshocraíochtaí.

I mír 2 de Sceideal 10, cuirfear an fhomhír seo a leanas in ionad fhomhír (2)—

“(2) I gcás aon ioncaim laistigh de réim cánach corparáide, úsáidfear an creidmheas do laghdú na cánach corparáide is inmhuirearaithe i leith an chéanna.”.

I mír 3 (2) de Sceideal 10, i ndiaidh “cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta” cuirfear isteach “ná i gcoinne cánach corparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta”; agus i ndiaidh “an bhliain sin” cuirfear isteach “nó an tréimhse chuntasaíochta sin”, agus tá an mhír sin 3 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(2) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta ná i gcoinne cánach corparáide in aghaidh aon tréimshe cuntasaíochta mura mbeidh an duine ar i leith a ioncaim is inmhuirearaithe an cháin ina chónaí sa Stát an bhliain sin nó an tréimhse chuntasaíochta sin.

I mír 4 de Sceideal 10, in ionad “cánach brabús corparáide” cuirfear “cánach corparáide”, agus tá an mhír sin 4, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

4. Ní bheidh méid an chreidmheasa a bheidh le lamháil i gcoinne cánach corparáide do cháin choigríche i leith aon ioncaim níos mó ná méid na cánach corparáide is inchurtha i leith an ioncaim sin.

I mír 5 (3) de Sceideal 10, in ionad “nó alt 35 den Acht Airgeadais, 1968 ” cuirfear “nó faoi alt 163 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus tá an mhír sin 5 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(3) Má bhíonn creidmheas i leith cánach coigríche le lamháil i leith aon ioncaim agus go mbeadh, mura mbeadh forálacha na fomhíre seo, aon fhaoiseamh le lamháil i leith an ioncaim sin faoi alt 365 nó faoi alt 163 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ní lamhálfar an faoiseamh sin.

I mír 8 (1) de Sceideal 10, i ndiaidh “chun críocha cánach ioncaim” cuirfear isteach “nó cánach corparáide”, agus tá an mhír sin 8 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(1) Nuair a bheidh creidmheas i leith cánach coigríche le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den mhír seo maidir le méid an ioncaim sin a ríomh chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide.

I mír 8 (2) de Sceideal 10, i ndiaidh “an cháin ioncaim” cuirfear isteach “nó an cháin chorparáide”; agus i ndiaidh “i gcoinne cánach ioncaim” cuirfear isteach “nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh”, agus tá an mhír sin 8 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(2) I gcás ina mbraithfidh an cháin ioncaim nó an cháin chorparáide is iníoctha ar an méid a fuarthas sa Stát, measfar an méid sin a bheith arna mhéadú de mhéid an chreidmheasa is inlamháilte i gcoinne cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh.

I mír 12 de Sceideal 10, in ionad “cánach brabús corparáide” cuirfear “cánach corparáide”, agus tá an mhír sin 12, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

12. I gcás ina bhféadfar, faoi na comhshocraíochtaí, faoiseamh a thabhairt sa Stát nó sa chríoch ar maidir léí a bheidh na comhshocraíochtaí déanta i leith aon ioncaim agus go ndealraíonn sé nach bhfuil an mheasúnacht i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide a bheidh déanta maidir leis an ioncam déanta maidir le méid iomlán an ioncaim nó gur measúnacht neamhchruinn í ag féachaint don chreidmheas a bheidh le tabhairt, má bhíonn, faoi na comhshocraíochtaí, féadfar cibé measúnachtaí breise a dhéanamh is gá chun a áirithiú go measúnófar méid iomlán an ioncaim agus go dtabharfar an creidmheas iomchuí, más aon chreidmheas é, ina leith, agus má bhíonn íoc an ioncaim ar iontaoibh aon duine sa Stát, féadfar aon mheasúnacht bhreise den sórt sin i leith ioncaim a dhéanamh ar fháltaí an ioncaim faoi Chás IV de Sceideal D.

I mír 13 (1) de Sceideal 10, i ndiaidh “na bliana measúnachta iomchuí”, cuirfear isteach “nó na tréimhse cuntasaíochta iomchuí”, agus tá an mhír sin 13 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(1) Faoi réir mhír 14, aon éileamh ar liúntas ar mhodh creidmheasa do cháin choigríche i leith aon ioncaim déanfar é i scríbhinn chun an chigire tráth nach déanaí ná sé bliana ó dheireadh na bliana measúnachta iomchuí nó na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, agus, má dhéanann an cigire agóid i gcoinne aon éilimh den tsórt sin, éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc í ionann is dá mba achomharc chucu i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim í agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomharc a athéisteacht nó cás a shonrú ag lorg tuairime na hArd-Chúirte ar phointe dlí.

I mír 13 (2) de Sceideal 10, scriosfar “ciallaíonn ‘an bhliain mheasúnachta iomchuí’”; i ndiaidh “do cháin choigríche i leith aon ioncaim” cuirfear isteach “ciallaíonn ‘an bhliain mheasúnachta ionchuí’”; agus i ndiaidh “i leith an chéanna” cuirfear isteach “agus ciallaíonn ‘an tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ an tréimhse chuntasaíochta a bhfuil cáin chorparáide le muirearú ar an ioncam sin ina haghaidh nó a mbeadh cáin chorparáide le muirearú amhlaidh ina haghaidh dá mbeadh aon cháin chorparáide inmhuirearaithe i leith an chéanna”, agus tá an mhír sin 13 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(2) Sa mhír seo, maidir le creidmheas do cháin choigríche i leith aon ioncaim, ciallaíonn “an bhliain mheasúnachta iomchuí” an bhliain mheasúnachta a bhfuil cáin ioncaim le muirearú ar an ioncam sin ina haghaidh nó a mbeadh cáin ioncaim le muirearú amhlaidh ina haghaidh dá mbeadh aon cháin ioncaim inmhuirir i leith an chéanna agus ciallaíonn “an tréimhse chuntasaíochta iomchuí” an tréimhse chuntasaíochta a bhfuil cáin chorparáide le muirearú ar an ioncam sin ina haghaidh nó a mbeadh cáin chorparáide le muirearú amhlaidh ina haghaidh dá mbeadh aon cháin chorparáide inmhuirearaithe i leith an chéanna.

I mír 14 de Sceideal 10, in ionad “cáin bhrabús corparáide” cuirfear “cáin chorparáide”, agus tá an mhír sin 14, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

14. I gcás méid aon chreidmheas a bheidh tugtha faoi na comhshocraíochtaí a bheith iomarcach nó neamhdhóthanach de dhroim aon choigeartú ar mhéid aon chánach is iníoctha sa Stát nó sa chríoch ar maidir léi a bheidh na comhshocraíochtaí déanta, ní bheidh feidhm ag aon ní san Acht seo nó sna hachtacháin a bhaineann le cáin chorparáide ag teorannú an ama chun measúnachtaí nó éilimh ar fhaoiseamh a dhéanamh, maidir le haon mheasúnacht nó éileamh de dhroim an choigeartaithe, is measúnacht nó éileamh a bheidh arna dhéanamh tráth nach déanaí ná sé bliana ón am a bheidh iomlán na measúnachtaí, na gcoigeartuithe agus na gcinntí eile sin arna ndéanamh agus a bhainfidh le hábhar le linn a bheith á chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil aon chreidmheas le tabhairt agus, má tá, cé mhéid é.

Uimh. 14 de 1970

An tAcht Airgeadais, 1970 .

Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad alt 57 (1)—

“(1) San alt seo tá le ‘na hAchtanna Cánach Corparáide’ an bhrí a thugtar le halt 155 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .”.

In alt 57 (2), in ionad “alt 363 den Acht sin,”, cuirfear “alt 167 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,”, agus tá an t-alt sin 57 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(2) Chun críocha alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht sin, agus an mhínithe ar “faoiseamh ó chánachas dúbailte” in alt 167 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , áireofar gurbh iníoctha aon mhéid cánach faoi dhlí aon chríche lasmuigh den Stát ab iníoctha mura mbeadh faoiseamh lena mbaineann an t-alt seo agus a tugadh faoin dlí sin (is faoiseamh a bhfuil socrú déanta ina leith i gcomhshocraíochtaí i dtaobh faoiseamh ó chánachas dúbailte is comhshocraíochtaí is ábhar d'ordú faoin alt sin 361); agus forléireofar dá réir sin tagairtí sna hailt sin agus sa Sceideal sin do chánachas dúbailte, do cháin is iníoctha nó is inmhuirir nó do cháin nach inmhuirir go díreach nó trí asbhaint.

In alt 57 (3), in ionad “sna hAchtanna Cánach Brabús Corparáide” cuirfear “sna hAchtanna Cánach Corparáide” agus in ionad “na nAchtanna Cánach Brabús Corparáide” cuirfear “na nAchtanna Cánach Corparáide”, agus tá an t-alt sin 57 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh go ginearálta chun forálacha an ailt seo nó aon chomhshocraíochtaí ag a bhfuil feidhm dlí faoin alt sin 361 a chur i bhfeidhm agus féadfaidh, go háirithe ach gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, foráil a chur sna rialacháin—

(a) chun críocha an ailt seo nó na rialachán, chun go gcuirfear chun feidhme (gan mhodhnú nó mar aon le modhnú) aon fhoráil atá sa hAchtanna Cánach Ioncaim nó in aon rialachán a rinneadh fúthu nó sna hAchtanna Cánach Corparáide nó in aon rialachán a rinneadh fúthu, lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí, agus

(b) nach ndéanfar iomlán aon díbhinne, ná aon chuid de dhíbhinn, a íocadh as brabúis nó gnóchain arb éard iad nó ar cuid díobh brabúis nó gnóchain a dtabharfar faoiseamh ó chánachas dúbailte ina leith de bhua an ailt seo a áireamh mar ioncam nó brabúis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim nó na nAchtanna Cánach Corparáide.

Ní dhéanfaidh na leasuithe sa Chuid seo den Sceideal seo difear don dliteanas cánach ioncaim in aghaidh blianta measúnachta a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, ná don dliteanas cánach brabús corparáide in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh an dáta sin nó roimhe, ná do mheasúnú, bailiú nó gnóthú ceachtar de na cánacha sin nó úis orthu ná d'imeachtaí eile a bhaineann leis na cánacha sin nó leis an ús sin.

CUID II

Achtacháin a bhaineann le Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte a Aisghairm

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 6 de 1967

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 .

Ailt 363 agus 364. Mír 3 (1) de Sceideal 10.

Mír 7 de Sceideal 10.

I mír 8 (3) (c) de Sceideal 10, na focail “, chun críocha cánach ioncaim”.

 

Uimh. 33 de 1968

An tAcht Airgeadais, 1968 .

Alt 35.

Ní dhéanfaidh an aisghairm sa Chuid seo den Sceideal seo difear don dliteanas cánach ioncaim in aghaidh blianta measúnachta a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, ná don dliteanas cánach brabús corparáide in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh an dáta sin nó roimhe, ná do mheasúnú, bailiú nó gnóthú ceachtar de na cánacha sin nó úis orthu ná d'imeachtaí eile a bhaineann leis na cánacha sin nó leis an ús sin.