An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CEATHRÚ SCEIDEAL)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Faoiseamh Eatramhach maidir le híocaíochtaí agus Costais Bhainistí áirithe

Alt 186

1. (1) Baineann an mhír seo le cuideachta a thagann laistigh de réim cánach corparáide maidir le bunadh ioncaim amhail ó dháta roimh an 7ú lá d'Aibreán, 1975.

(2) Sa mhír seo—

(a) ciallaíonn tréimhse iomchuí cuideachta an tréimhse dar tosach an dáta is luaithe a thagann an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide maidir le haon bhunadh ioncaim agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1976:

(b) ciallaíonn an méid iomchuí is iníoctha ag cuideachta comhiomlán na méideanna a shonraítear i bhfomhír (3) a dhlíonn an chuideachta a íoc sa bhliain 1974-75 nó, más lú é, comhiomlán na méideanna a shonraítear san fhomhír sin a dhlíonn an chuideachta a íoc sa bhliain 1975-76.

(3) Is iad na méideanna dá dtagraítear i bhfomhír (2) (b) íocaíochtaí—

(a) is aon ús bliantúil, blianacht nó íocaíocht bhliantúil eile agus aon íocaíochtaí eile den sórt sin a luaitear in alt 93 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

(b) is aon ús eile is iníoctha sa Stát ar airleacan ó bhanc a sheolann gnó baincéireachta bona fide sa Stát, nó ó dhuine a sheolann bona fide, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, gnó mar chomhalta de stocmhargadh sa Stát nó a sheolann bona fide gnó tí lascaine sa Stát agus measfar, chun críche na fomhíre seo, aon ús den sórt sin is iníoctha ag cuideachta a bheith íoctha ar é a chur chun dochair do chuntas na cuideachta i leabhair an duine lenarb iníoctha é; agus

(c) is aon ríchíos nó suim eile i leith paitinn a úsáid a íoctar go hiomlán as ioncam ar ar muirearaíodh cáin ioncaim nó cáin chorparáide:

Ar choinníoll go ndéileálfar leis na méideanna seo a leanas mar mhéideanna nach sonraítear san fhomhír seo—

(i) aon mhéid úis a ndéileálfar leis, má íocadh é roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, de bhua Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974 , mar mhéid nach bhfuil cáilithe chun faoisimh trí aisíoc nó ar shlí eile;

(ii) aon mhéid a ndéileálfar leis, má íocadh é an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, mar mhéid nach muirear ar ioncam de réir brí alt 10 (muirir ar ioncam a lamháil);

(iii) aon mhéid is inasbhainte le linn aon ioncam de chuid na cuideachta a bheith á ríomh; agus

(iv) aon mhéid is díbhinn nó dáileadh eile de chuid na cuideachta.

(4) Chun críocha na míre seo déanfar ioncam cuideachta ar a muirearófar cáin chorparáide in aghaidh aon tréimhse a chinneadh de réir forálacha alt 28 (8) (cuideachtaí beaga).

(5) Faoi réir fhomhír (6), déanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta lena mbaineann an mhír seo in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta de chuid na cuideachta atá, go hiomlán nó go páirteach, laistigh de thréimhse iomchuí na cuideachta, a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle—

A ×

B

_

C

×

D

_

E

×

F

__

100

i gcás—

arb é A an méid iomchuí is iníoctha ag an gcuideachta,

arb é B ioncam na cuideachta ar ar muirearaíodh cáin chorparáide in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta, mar aon le haon mhéid a lamháladh i leith muirir ar ioncam nó costais bhainistí i leith na coda sin, más ann, den tréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976,

arb é C méid iomlán ioncam na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta (lena n-áirítear ioncam infheistíochta frainceáilte, díbhínní a d'íoc aon chomhlacht corpraithe agus ioncam atá díolmhaithe, faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach, ó aon cháin nó nach n-áirítear chun críocha aon chánach nó a meastar nach ioncam é) sula ndéantar aon asbhaint i leith muirir ar ioncam nó costais bhainistí,

arb é D an líon míonna nó codáin de mhíonna sa chuid sin den tréimhse chuntasaíochta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976,

arb é E an líon míonna nó codáin de mhíonna i dtréimhse iomchuí na cuideachta, agus

arb é F an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain 1976-77.

(6) I gcás an méid cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta ar laistigh de thréimhse iomchuí na cuideachta di go léir nó do chuid di a laghdú de réir forálacha Chuid IV (Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú) is é méid an laghdaithe a dhéanfar faoin alt seo méid a mbeidh idir é agus an méid a chinnfear de réir forálacha fhomhír (5) an chomhréir chéanna a bheadh idir méid na cánach corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta dá mba nár achtaíodh an mhír seo agus an méid cánach corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta dá mba nár achtaíodh Cuid IV ná an mhír seo.

2. (1) Baineann an mhír seo le cuideachta infheistíochta (mar a shainítear in alt 15 (6)) a thagann faoi réim cánach corparáide i leith bunadh ioncaim amhail ó dháta roimh an 7ú lá d'Aibreán, 1975, agus atá i dteideal faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , faoiseamh a fháil i leith costais bhainistí don bhliain 1975-76.

(2) Déanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta lena mbaineann an mhír seo, in aghaidh aon tréimhse chuntasaíochta ar laistigh den bhliain 1975-76 di go léir nó do chuid di, a laghdú méid arna chinneadh de réir na foirmle—

A ×

B

_

C

×

D

_

12

×

F

__

100

i gcás—

arb é A méid na gcostas bainistí a d'íoc an chuideachta in aghaidh na bliana 1975-76 agus a bhfuil an chuideachta i dteideal faoisimh ina leith faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó, más lú é, méid a mbeidh idir é agus méid na gcostas bainistí a d'íoc an chuideachta in aghaidh na bliana 1974-75 agus a bhfuil an chuideachta i dteideal faoisimh ina leith faoin alt seo an chomhréir chéanna atá idir méid an ioncaim iomláin (lena n-áirítear ioncam infheistíochta frainceáilte, díbhínní a d'íoc aon chomhlacht corpraithe agus ioncam atá, faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach, díolmhaithe ó aon cháin nó nach n-áirítear chun críocha aon chánach nó a meastar nach ioncam é) de chuid na cuideachta don bhliain 1975-76 agus méid an ioncaim iomláin (arna ríomh mar an gcéanna) de chuid na cuideachta don bhliain 1974-75,

arb é B ioncam na cuideachta ar ar muirearaíodh cáin chorparaide in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta mar aon le haon mhéid a lamháladh i leith muirir ar ioncam nó costais bhainistí i leith na coda sin, más ann, den tréimhse chuntasa-aíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán 1976,

 arb  é C méid iomlán ioncam na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta (lena n-áirítear ioncam infheistíochta frainceáilte, díbhinní a d'íoc aon chomhlacht corpraithe agus ioncam atá díolmhaithe faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach ó aon cháin nó nach n-áirítear chun críocha aon chánach nó a meastar nach ioncam é) sula ndéantar aon asbhaint i leith muirir ar ioncam nó costais bhainistí,

arb é D an líon míonna nó codáin de mhíonna sa chuid sin den tréimhse chuntasaíochta laistigh den bhliain 1975-76, agus

arb é F an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain 1976-77.

(3) Beidh feidhm ag mír 1 (4) chun críocha na míre seo mar atá feidhm aici chun críocha mhír 1.

3. (1) Baineann an mhír seo le cuideachta (cibé acu a chónaíonn nó nach gcónaíonn an chuideachta sa Stát)

(a) a sheolann gnó saoil, frithpháirteach nó dílseánach, agus

(b) nach muirearaítear cáin chorparáide uirthi faoi Chás I de Sceideal D i leith an ghnó sin in aghaidh aon tréimhse chuntasaíochta ar laistigh den bhliain 1975-76 di nó d'aon chuid di, agus

(c) atá faoi réim cánach corparáide i leith bunadh ioncaim amhail ó dháta roimh an 7ú lá d'Aibreán, 1975.

(2) Déanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta lena mbaineann an mhír seo, in aghaidh aon tréimhse chuntasíochta ar laistigh den bhliain 1975-76 di go léir nó do chuid di, a laghdú méid arna chinneadh de réir na foirmle—

A ×

B

_

C

×

D

_

12

×

F

__

100

i gcás—

arb é A méid na gcostas bainistí a d'íoc an chuideachta in aghaidh na bliana 1975-76 agus a bhfuil an chuideachta i dteideal faoisimh ina leith faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (nó a mbeadh sí i dteideal amhlaidh dá mba nár muirearaíodh cáin ioncaim ar an gcuideachta in aghaidh na bliana 1975-76 de réir na bhforálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967, is infheidhmithe ar Chás I de Sceideal D) arna laghdú méid, arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain 1975-76 agus an méid a mbeadh an faoiseamh do na costais sin le srianadh i ngeall ar fhomhír (a) den choinníoll a ghabhann le halt 214 (1), agus chun na críche sin is í an bhliain dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1976, an tréimhse ar ina haghaidh a dhéanfar an ríomh de réir na bhforálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , is infheidhmithe ar Chás I de Sceideal D,

arb é B ioncam na cuideachta ar ar muirearaíodh cáin chorparáide in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta mar aon le haon mhéid a lamháladh i leith muirir ar ioncam nó costais bhainistí i leith na coda sin, más ann, den tréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976,

arb é C méid iomlán ioncam na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta (lena n-áirítear ioncam infheistíochta frainceáilte, díbhinní a d'íoc aon chomhlacht corpraithe agus ioncam atá díolmhaithe faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach ó aon cháin nó nach n-áirítear chun críocha aon chánach nó a meastar nach ioncam é) sula ndéantar aon asbhaint i leith muirir ar ioncam nó costais bhainistí,

arb é D an líon míonna nó codáin de mhíonna sa chuid sin den tréimhse chuntasaíochta laistigh den bhliain 1975-76, agus

arb é F an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain 1976-77.

(3) Beidh feidhm ag mír 1 (4) chun críocha na míre seo mar atá feidhm aici chun críocha mhír 1.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Talmhaíochta, 1931

1931, Uimh. 8

Assurance Companies Act, 1909

1909, c. 49

Na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1874 go 1974

An tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975

1975, Uimh. 20

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Aerphoirt Neamhchustam, 1947

1947, Uimh. 5

Finance Act, 1920

1920, c. 18

Finance Act, 1922

1922, c. 17

An tAcht Airgid, 1924

1924, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais, 1959

1959, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1960

1960, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1964

1964, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais, 1966

1966, Uimh. 17

An tAcht Airgeadais, 1967

1967, Uimh. 17

An tAcht Airgeadais, 1968

1968, Uimh. 33

An tAcht Airgeadais, 1969

1969, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais, 1970

1970, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1971

1971, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1972

1972, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1974

1974, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais, 1975

1975, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956

1956, Uimh. 47

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958

1958, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

1968, Uimh. 7

An tAcht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe)

(Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956

1956, Uimh. 8

An tAcht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974

1974, Uimh. 17

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

An tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927

1927, Uimh. 16

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969

1969, Uimh. 32

Inland Revenue Regulation Act, 1890

1890, c. 21

An tAcht Arachais, 1936

1936, Uimh. 45

Na hAchtanna Arachais, 1909 go 1969

An tAcht Léiriúcháin, 1937

1937, Uimh. 38

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971

1971, Uimh. 6

An tAcht Forbairte Minearál, 1940

1940, Uimh. 31

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

An tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927

1927, Uimh. 7

An tAcht um Dheontais Infheistíochta Loingis, 1969

1969, Uimh. 11

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29

An tAcht Arachais Sláinte Shaorálaigh, 1957

1957, Uimh. 1