|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL Forálacha a bhaineann leis an Údarás) | Ar Aghaidh (AN TRíú SCEIDEAL MAOIN A AISTRíTEAR CHUN AN ÚDARÁIS) |
ACHT AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA UM CHOMHAIRLE, OIDEACHAS AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA, 1977
| [EN] | ||
| [EN] |
AN DARA SCEIDEAL Forálacha a bhaineann leis an mBord | |
| Téarma oifige comhaltaí. | 1. (1) Déanfar ocht gcomhalta den Bhord a bhunófar ar thosach feidhme alt 25 a cheapadh go ceann tréimhse trí bliana, ocht gcomhalta eile a cheapadh go ceann tréimhse ceithre bliana agus na comhaltaí eile a cheapadh go ceann tréimhse cúig bliana. | |
(2) Cinnfear trí chrannchur na comhaltaí a bheidh le ceapadh go ceann na dtréimhsí ar leithligh trí bliana, ceithre bliana agus cúig bliana. | ||
(3) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfomhír (1), is téarma cúig bliana a bheidh, faoi réir mhíreanna 5 agus 6, i dtéarma oifige comhalta den Bhord. | ||
| Comhaltaí a rachaidh as oifig a bheith cáilithe. | 2. Féadfar comhalta den Bhord a athcheapadh ar a théarma oifige do dhul in éag le himeacht aimsire. | |
| Eirí as oifig. | 3. Féadfaidh comhalta den Bhoird éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a sheolfar leis an bpost chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht ar an dáta a bheidh mí tar éis dáta na litreach a fháil, mura mbeidh an t-éirí-as tarraingthe siar i scríbhinn roimhe sin. | |
| Cur as oifig. | 4. Féadfaidh an tAire tráth ar bith comhalta den Bhord a chur as oifig. | |
| Dícháiliú. | 5. (1) I gcás a ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord ar é do ghlacadh le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ar é a ainmniú don toghchán sin (de réir mar a bheidh). | |
(2) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord. | ||
(3) Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáthchónaí sa Stát. | ||
| Corrfholúntais. | 6. (1) Líonfar corrfholúntas a tharlóidh i measc comhaltaí an Bhoird tríd an Aire do cheapadh duine de réir ordú faoi alt 26. | |
(2) Duine a cheapfar faoin mír seo sealbhóidh sé oifig go ceann a mbeidh fágtha den téarma dar ceapadh a réamhtheachtaí. | ||
| Cruinnithe. | 7. (1) Tionólfaidh an Bord trí chruinniú ar a laghad gach bliain a thosóidh tar éis tosach feidhme alt 25. | |
(2) Tionólfaidh an Bord cruinnithe speisialta aon tráth ar iarratas ón gcathaoirleach nó ó ocht gcomhalta eile den Bhord. | ||
| Nós imeachta. | 8. (1) Ochtar an córam do chruinniú den Bhord. | |
(2) Ag cruinniú den Bhord— | ||
(a) is é an cathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, | ||
(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú. | ||
(3) Cinnfear gach ceist ag cruinniú den Bhord le tromlach vótal na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | ||
(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí. | ||
(5) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialóidh an Bord, le buanordaithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird agus na gcoistí a cheapfar faoi alt 29. |