|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA UM CHOMHAIRLE, OIDEACHAS AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA, 1977) | Ar Aghaidh (CUID II An tÚdarás Náisiúnta Talmhaíochta) |
ACHT AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA UM CHOMHAIRLE, OIDEACHAS AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA, 1977
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar Acht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle, Oideachas agus Taighde Talmhaíochta, 1977 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla. | |
| [EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
| [EN] | ciallaíonn “na hAchtanna Talmhaíochta” na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1974; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1931” an tAcht Talmhaíochta, 1931 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1944” an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1944 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958 ; | |
| [EN] | folaíonn “talmhaíocht”— | |
| [EN] | (a) gairneoireacht, déiríocht, pórú capall, beithíoch, muc agus beostoic eile, coimeád éanlaithe clóis agus beachaireacht, | |
| [EN] | (b) saothrú, táirgeadh agus sábháil barraí, lena n-áirítear féar, | |
| [EN] | (c) leasuithe agus leasacháin a úsáid agus a oibriú, | |
| [EN] | (d) táirgeadh agus próiseáil feola agus táirgí beostoic eile, bainne agus táirgí déiríochta eile, uibheacha agus táirgí éanlaithe clóis eile, meala agus táirgí beach eile, torthaí agus táirgí gairneoireachta eile, agus | |
| [EN] | (e) cothú ainmhithe, bainistí feirme, bainistí tí feirme, eacnamaíocht talmhaíochta, margaíocht agus gníomhaíochtaí agus eolaíochtaí eile a bhaineann le talmhaíocht nó a bhfuil de bhrí iontu talmhaíocht a fheabhsú nó a fhorbairt, | |
| [EN] | agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tUdarás” an tUdarás Náisiúnta Talmhaíochta a bhunófar faoi alt 9; | |
| [EN] | folaíonn “buntaighde tréidliachta” taighde i ndáil le galair ainmhithe agus éanlaithe clóis, ach ní fholaíonn sé— | |
| [EN] | (a) fáithmheas, thar ceann an Aire, táin-úinéirí, tréad-úinéirí nó cleachtóirí tréidliachta, ar ghalair in ainmhithe nó in éanlaith chlóis trí scrúdú clinice nó saotharlainne ar ainmhithe nó éin aonair, beo nó marbh, nó ar a n-ablaigh, nó ar shamplaí a baineadh astu, nó | |
| [EN] | (b) imscrúduithe, tástálacha, fiosrúcháin nó trialacha a éiríonn as feachtais scriosta galar agus rialaithe sláinteachais a oibríonn an tAire; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Bord” Bord an Údaráis is Bord a bhunófar faoi alt 25; | |
| [EN] | ciallaíonn “an cathaoirleach” cathaoirleach an Bhoird; | |
| [EN] | ciallaíonn “coiste talmhaíochta” coiste arna bhunú faoi alt 13 d'Acht 1931; | |
| [EN] | ciallaíonn “contae” contae riaracháin agus ní fholaíonn sé contaebhuirg; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Stiúrthóir” Stiúrthóir an Údaráis; | |
| [EN] | folaíonn “oideachas” oiliúint agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |
| [EN] | ciallaíonn “bliain airgeadais” bliain dar tosach an lú lá d'Eanáir agus tá an bhrí chéanna le “bliain airgeadais áitiúil” i ndáil le coiste talmhaíochta; | |
| [EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais; | |
| [EN] | ciallaíonn “ard-oideachas” oideachas i bhforas ard-oideachais mar a mhínítear in Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971 ; | |
| [EN] | tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , ach folaíonn sé coiste talmhaíochta; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Foras” an Foras Talúntais a bunaíodh leis an Acht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta; | |
| [EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le hordú ón Aire; | |
| [EN] | folaíonn “taighde” taighde i ndáil le foraoiseacht agus pórú plandaí, agus imscrúdú, tástáil, turgnamh, anailísiú agus staidéar, ach ní fholaíonn sé, ach amháin i gcás a mbeidh a cheadú tugtha i scríbhinn ag an Aire nó a n-iarrfaidh sé é— | |
| [EN] | (a) tástáil— | |
| [EN] | (i) ar bheostoc i leith nó i dteannta feachtas póraithe náisiúnta a oibríonn an tAire, nó | |
| [EN] | (ii) ar shíolta féir, gránach, fréamhacha nó glasraí, prátaí nó plandaí i leith nó i dteannta scéimeanna deimhniúcháin a oibríonn an tAire, nó maidir leis an Aire d'ullmhú liostaí de chineálacha inghlactha nó molta de na síolta, de na prátaí nó de na plandaí sin (chun aon treoir ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa nó eile a chur i bhfeidhm) nó chun cearta dílseánaigh a dheonú do phóróirí cineálacha nua de shíolta, de phrátaí nó de phlandaí den sórt sin, nó | |
| [EN] | (iii) ar shamplaí de shíolta a tógadh de réir alt 13 den Acht Síolta Talmhaíochta, 1936 , nó | |
| [EN] | (b) tástail nó anailísiú thar ceann an phobail, monaróirí nó próiseálaithe, nó d'eile de bhun ceanglais reachtúla, ar shamplaí de leasacháin, d'ábhair bheatha, de mhíolnimheanna, de mheascáin mhianrúla nó de tháirgí talmhaíochta. | |
| [EN] | (2) Tagairt san Acht seo do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. | |
| [EN] | (3) Tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. | |
| [EN] | (4) Déanfar tagairt san Acht seo d'achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo. | |
| [EN] |
Orduithe. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú aon ní a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a rinneadh faoin Acht seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm. | |
| [EN] |
Orduithe a leagan. |
4. —Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. |
| [EN] |
Caiteachais. |
5. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
| [EN] |
Airgead a dhiúscairt. |
6. —Déanfar airgead a gheobhaidh an tAire faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais. |
| [EN] |
Aisghairm. |
7. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déantar leis seo gach achtachán atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |
| [EN] | (2) Go dtí go dtiocfaidh aon fhoráil áirithe den Acht seo i bhfeidhm, fanfaidh an fhoráil chomhréire den achtachán aisghairthe i bhfeidhm. | |
| [EN] | (3) Déanfar aon doiciméad a thagraíonn d'aon achtachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairt don Acht seo nó don fhoráil chomhréire den Acht seo. | |
| [EN] |
Orduithe agus rialacháin do leanúint i bhfeidhm. |
8. —Gach ordú agus rialachán a rinneadh faoi achtachán aisghairthe agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo (nó, de réir mar a bheidh, roimh thosach feidhme na forála iomchuí den Acht seo) leanfaidh siad i bhfeidhm agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm ionann is dá mba faoin Acht seo a rinneadh iad. |