An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Rialú agus Riaradh an Údaráis)

13 1977

ACHT AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA UM CHOMHAIRLE, OIDEACHAS AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA, 1977

CUID II

An tÚdarás Náisiúnta Talmhaíochta

Bunú an Údaráis.

9. —(1) Bunófar comhlacht dá ngairfear an tUdarás Náisiúnta Talmhaíochta chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Bainfidh forálacha an Chéad Sceidil leis an Údarás.

Díscaoileadh an Fhorais.

10. —Díscaoiltear an Foras leis seo.

Feidhmeanna ginearálta an Údaráis.

11. —Beidh, faoi réir forálacha an Achta seo, d'fheidhmeanna ginearálta ag an Údarás, seirbhísí oideachais, comhairle agus taighde talmhaíochta a sholáthar, nó a chur faoi deara na seirbhísí sin a sholáthar, agus an fios eolaíochta agus an fios praiticiúil is gá sa tionscal talmhaíochta a chur ar fáil.

Feidhmeanna oideachais.

12. —(1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 11 agus faoi réir fho-alt (2), beidh ag an Údarás na feidhmeanna i ndáil le hoideachas talmhaíochta (seachas ard-oideachas) a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á bhfeidhmiú nó á gcomhlíonadh, nó infheidhmithe nó inchomhlíonta, ag an Aire nó ag coistí talmhaíochta, agus féadfaidh an tUdarás, go háirithe—

(a) cúrsaí lánaimsire nó páirtaimsire, cónaitheach nó neamhchónaitheach, sa talmhaíocht a chur ar fáil agus a eagrú;

(b) léachtaí agus ranganna sa talmhaíocht a chur ar fáil agus a eagrú;

(c) seimineáir agus comhchomhairlí i ndáil le hoideachas talmhaíochta agus le fadhbanna agus feachtais shonracha i ndáil leis an gcéanna a chur ar fáil agus a eagrú;

(d) deontais a thabhairt d'institiúidí a chuireann cúrsaí staidéir sa talmhaíocht ar fáil;

(e) scoláireachtaí a chur ar fáil do mhic léinn talmhaíochta in institiúidí ard-oideachais, nó i cibé institiúidí eile a cheadóidh an tAire; agus

(f) a shocrú agus a áirithiú go ndéanfaidh mic léinn, de réir mar a mheasfar is inmhianaithe, freastal ar chúrsaí sa talmhaíocht nó in ábhair ghaolmhara a chuireann institiúidí oideachais eile ar fáil.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear le halt 17, ní dhéanfaidh an tUdarás, ach amháin le ceadú roimh ré ón Aire, cúrsaí in ard-oideachas ná cúrsaí a mheasfaidh an tAire a bheith ar comhchaighdeán leo a chur ar fáil ná deontais a thabhairt d'institiúidí a chuireann cúrsaí den sórt sin ar fáil.

Comhoibriú le hinstitiúidí oideachais eile.

13. —(1) Déanfaidh an tUdarás—

(a) dlúth-chaidreamh a choimeád leis an Aire Oideachais agus le hinstitiúidí oideachais eile, agus

(b) é féin a choimeád ar an eolas maidir leis na cúrsaí atá ar fáil ag mic léinn san eolaíocht talmhaíochta agus in eolaíochtaí gaolmhara a chuir an tAire Oideachais agus institiúidí oideachais eile ar fáil agus féadfaidh sé, ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar, a shocrú go ndéanfaidh mic léinn freastal ar na cúrsaí sin (nó ar ranganna áirithe is cuid de na cúrsaí sin), is mic léinn atá ar na rollaí do chúrsaí a chuir an tUdarás ar fáil.

(2) Féadfaidh an tUdarás freisin, ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar, comhshocraíochtaí comhréire a dhéanamh le go ndéanfaidh mic léinn atá ar rolla do chúrsaí a chuir an tAire Oideachais agus institiúidí oideachais eile ar fáil freastal ar ranganna nó ar chúrsaí a sheolann an tUdarás.

Treoracha ó CEE a fheidhmiú.

14. —Déanfaidh an tUdarás, nuair a iarrfaidh an tAire air é, cúrsaí sa talmhaíocht a chur ar fáil chun treoracha ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a fheidhmiú.

Feidhmeanna comhairlitheacha.

15. —Gan dochar do ghinearáltacht alt 11, beidh ag an Údarás, i ndáil le comhairle agus teagasc sa talmhaíocht, cibé feidhmeanna a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á bhfeidhmiú nó á gcomhlíonadh nó infheidhmithe nó inchomhlíonta ag coistí talmhaíochta nó ag an Aire, agus féadfaidh an tUdarás, go háirithe—

(a) seirbhís chomhairlitheach a chur ar fáil i ngach contae a bheidh ceaptha chun cabhrú le teaghlaigh feirme agus le daoine eile atá ag gabháil don talmhaíocht leis an úsáid is fearr a bhaint as a n-acmhainní agus chun iad a spreagadh, trí chleachtais níos fearr agus bainistí fheabhsaithe, chun táirgeadh agus ioncam a mhéadú agus a gcaighdeán maireachtála i gcoitinne a ardú;

(b) bearta a dhéanamh do spreagadh, trí chomhiarracht agus eile, dálaí eacnamaíochta agus sóisialta lucht talmhaíochta gach contae a fheabhsú;

(c) socrú a dhéanamh chun comhairle agus teagasc sa talmhaíocht a leathadh trí chuairteanna ar fheirmeacha agus ar dhóigheanna eile;

(d) socrú a dhéanamh chun comhairle a thabhairt i ndáil le bainistí feirme;

(e) a shocrú go seolfar turgnaimh agus taispeántais ghoirt agus bheostoic;

(f) bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear, de réir mar is iomchuí, na torthaí ó thaighde talmhaíochta i bhfios chomh tapaidh agus chomh forleathan agus is féidir do lucht talmhaíochta;

(g) bearta a ghlacadh chun a áirithiú go dtabharfar do lucht talmhaíochta—

(i) eolas iomlán a luaithe is féidir i dtaobh scéimeanna agus saoráidí chun talmhaíocht a fhorbairt a oibríonn an tAire agus gníomhaireachtaí eile, agus

(ii) ugach chun leas a bhaint as na scéimeanna agus na saoráidí sin;

(h) seimineáir, comhchomhairlí agus léachtaí a chur ar fáil agus a eagrú i ndáil le comhairle talmhaíochta agus i dtaobh sainfhadhbanna agus feachtais i ndáil leis an gcéanna.

Caidreamh leis an Aire agus le gníomhaireachtaí eile.

16. —Déanfaidh an tUdarás—

(a) dlúth-chaidreamh agus comhar a chothú, de réir mar is gá, leis an Aire agus le gníomhaireachtaí eile ag oibriú cibé scéimeanna agus saoráidí le haghaidh forbairt na talmhaíochta a bheidh á riaradh acu, agus

(b) cibé saoráidí agus cúnamh a chur ar fáil a theastóidh ón Aire chun treoracha ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i ndáil le forbairt na talmhaíochta a fheidhmiú.

Feidhmeanna taighde.

17. —(1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 11 agus faoi réir fho-alt (4), is feidhm de chuid an Údaráis taighde talmhaíochta agus buntaighde tréidliachta a athbhreithniú, a éascú, a chomhoirdniú, a chur chun cinn agus a ghabháil de láimh agus gríosú agus cabhrú leis an gcéanna, agus beidh ag an Údarás freisin i ndáil le taighde den sórt sin, na feidhmeanna sin a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á bhfeidhmiú nó á gcomhlíonadh nó infheidhmithe nó inchomhlíonta ag an Aire.

(2) I ndáil le taighde talmhaíochta agus buntaighde tréidliachta, féadfaidh an tUdarás, go háirithe—

(a) deontais a thabhairt, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis a fhorchur, do dhaoine a bheidh ag gabháil do thaighde den sórt sin lena saoráidí chun an taighde a dhéanamh a mhéadú agus a fhorbairt,

(b) cibé nua-shaoráidí a mheasfaidh sé is inmhianaithe a chur ar fáil chun taighde den sórt sin a dhéanamh agus socrú a dhéanamh i ndáil lena n-úsáid, lena rialú agus lena riaradh ag an Údarás nó thar a cheann nó ar shlí eile,

(c) socrú a dhéanamh i ndáil leis an Údarás d'úsáid, do rialú agus do riaradh cibé saoráidí a aistreofar chuige chun taighde den sórt sin a dhéanamh,

(d) dul i gcomhairle le daoine a bheidh ag gabháil do thaighde den sórt sin, agus comhairle a thabhairt dóibh, i dtaobh a gclár taighde,

(e) ánrachtaí a dhámhadh, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis a fhorchur, do dhaoine a bhfuil saothar suntasach déanta acu i ndáil le taighde den sórt sin,

(f) cúrsaí staidéir a chur ar fáil agus a eagrú do mhic léinn ard-chúrsa i dtaighde den sórt sin agus in ábhair ghaolmhara,

(g) seimineáir, comhchomhairlí, léachtaí agus taispeántais i ndáil le taighde den sórt sin agus le hábhair ghaolmhara agus le fadhbanna sonracha agus cláir ina leith a chur ar fáil agus a eagrú,

(h) toradh taighde den sórt sin a leathadh, nó a chur faoi deara go leathfar é, go dtí daoine leasmhara, lena n-áirítear, go sonrach, daoine a sholáthraíonn seirbhísí comhairlitheacha i ndáil leis an gcéanna,

(i) toradh taighde den sórt sin a fhoilsiú nó a chur faoi deara go bhfoilseofar é,

(j) deontais a thabhairt, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis a fhorchur, chun cabhrú le cláir shonracha taighde talmhaíochta nó buntaighde tréidliachta, nó le taighde sonrach talmhaíochta nó le buntaighde sonrach tréidliachta, agus

(k) scoláireachtaí agus dámhachtaintí eile a chur ar fáil le haghaidh taighde iarchéime talmhaíochta nó buntaighde iarchéime tréidliachta.

(3) I gcás amhras i dtaobh an gníomhaíocht chuí nó nach ea maidir leis an Údarás aon ghníomhaíocht i ndáil le taighde tréidliachta, is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire.

(4) Ní bheidh ar áireamh feidhmeanna an Údaráis aon fheidhm a shanntar don Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán leis an Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 .

(5) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Ní bheidh ar áireamh feidhmeanna na hInstitiúide aon fheidhm a shanntar don Údarás Náisiúnta Talmhaíochta le hAcht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle, Oideachas agus Taighde Talmhaíochta, 1977 .”

(6) Má bhíonn easaontas ann i dtaobh an gníomhaíocht chuí nó nach ea maidir leis an Údarás nó leis an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán aon ghníomhaíocht i ndáil le taighde, cinnfidh an tAire agus an tAire Tionscail agus Tráchtála an t-ábhar.

Dualgas sonrach an Údaráis i ndáil le taighde.

18. —Coimeádfaidh an tUdarás dlúth-chaidreamh leis na hOllscoileanna, le forais ard-oideachais eile agus le comhlachtaí eile a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí taighde chun é féin a choimeád ar an eolas i dtaobh gníomhaíochtaí na bhforas agus na gcomhlachtaí sin i ndáil le taighde talmhaíochta agus tréidliachta agus d'fhonn dúbailt saothair a sheachaint agus, chun na críche sin, féadfaidh an tUdarás, faoi réir cheadú an Bhoird, uamadh leis na forais agus na comhlachtaí sin ag gabháil do thaighde.

Gníomhaíochtaí sonracha a shannadh.

19. —(1) Féadfaidh an tUdarás, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, socrú a dhéanamh le go ndéanfaidh an tAire nó gníomhaireacht eile aon ghníomhaíocht i ndáil le haon fheidhm de chuid an Údaráis.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, liosta a ullmhú de na gníomhaíochtaí sin de chuid an Údaráis a fhéadfaidh an tAire nó gníomhaireacht eile a dhéanamh, ar iarratas ón Údarás, agus féadfar aon ghníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh, d'ainneoin fho-alt (1), gan toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí an athuair.

Tuilleadh feidhmeanna a shannadh.

20. —Féadfaidh an tAire le hordú, faoi réir toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé, cibé feidhmeanna dá chuid is oiriúnach leis i ndáil le Treoir Uimh. 72/159/CEE ón gComhairle dar dáta an 17ú lá d'Aibreán, 1972, i dtaobh nuachóiriú feirmeacha a shannadh don Údarás.

Comhairle don Aire.

21. —Tabharfaidh an tUdarás comhairle don Aire i dtaobh aon ábhar i ndáil le hoideachas, comhairle nó taighde talmhaíochta nó le buntaighde tréidliachta a n-iarrfaidh an tAire tuairimí an Údaráis ina thaobh.

Táillí.

22. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tUdarás taillí a mhuirearú, a ghlacadh agus a ghnóthú as taighde talmhaíochta nó buntaighde tréidliachta a dhéanamh thar ceann aon duine, gnólacht, foras nó gníomhaireacht agus as seirbhísí, cúrsaí, seimineáir, léachtaí agus taispeántais a chuirfidh ar tUdarás ar fáil nó a eagróidh sé.

(2) Ní fhéadfar, áfach, aon táille a mhuirearú—

(a) maidir le haon chomhairle a thabharfaidh an tUdarás de dhroim iarratais ón Aire faoi alt 21, ná

(b) maidir le haon saoráidí, cúnamh nó cúrsaí teagaisc a chuirfidh an tUdarás ar fáil faoi alt 14 nó 16 (b),

ach an costas a bhainfidh don Údarás ag cur na seirbhísí dá dtagraítear san fho-alt seo ar fáil is caiteachas é de chuid an Údaráis agus cuirfear i gcuntas é nuair a bheidh méid an deontais bhliantúil dá dtagraítear in alt 48 (1) (b) á chinneadh.

Tabhartais.

23. —(1) Féadfaidh an tUdarás—

(a) bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir, agus

(b) ranníocaí a ghlacadh ó eagraíochtaí feirme, ó chomharchumainn agus ó chomhlachtaí eile daoine i leith na gcostas a thabhóidh an tUdarás ag feidhmiú aon fheidhme dá chuid ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh an tUdarás agus an ranníocóir.

(2) Ní ghlacfaidh an tUdarás aon bhronntanas ná ranníoc má bhíonn aon choinníollacha a chuirfidh an deontóir nó an ranníocóir lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna an Údaráis.

Oifigí agus áitribh.

24. —(1) Féadfaidh an tUdarás cibé oifigí agus áitribh is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh a sholáthar dó féin.

(2) Chun críche fho-alt (1), féadfaidh an tUdarás, faoi réir fho-alt (3)—

(a) aon talamh, oifigí nó áitribh a cheannach nó a thógáil ar léas,

(b) oifigí agus áitribh a fhoirgniú, a threalmhú agus a chothabháil,

(c) aon talamh, oifigí nó áitribh a bheidh ar teachtadh aige agus nach mbeidh ag teastáil uaidh a thuilleadh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh a dhíol nó a léasú, agus

(d) a mhéid a údaróidh an tAire, uamadh le comhlachtaí eile chun talamh, oifigí nó áitribh a léasú nó a fháil ar dhóigh eile agus chun oifigí nó áitribh a fhoirgniú.

(3) Ní fhéadfaidh an tUdarás aon talamh, oifigí ná áitreabh a dhíol ná a cheannach ach amháin le cead i scríbhinn ón Aire.