An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II An tÚdarás Náisiúnta Talmhaíochta) Ar Aghaidh (CUID IV Coistí Talmhaíochta)

13 1977

ACHT AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA UM CHOMHAIRLE, OIDEACHAS AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA, 1977

CUID III

Rialú agus Riaradh an Údaráis

Bord an Údaráis

An Bord a bhunú.

25. —(1) Beidh Bord ann ar a dtabharfar Bord an Údaráis Náisiúnta Talmhaíochta chun rialú ginearálta an Údaráis agus riaradh ginearálta gnóthaí an Údaráis a chur i gcrích.

(2) Bainfidh forálacha an Dara Sceideal leis an mBord.

Comhdhéanamh an Bhoird.

26. —(1) Cathaoirleach agus líon nach mó ná trí ghnáth-chomhalta is fiche a bheidh ar an mBord.

(2) Faoi réir fho-alt (3), is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird, lena n-áirítear an cathaoirleach.

(3) (a) Ceapfar comhalta amháin den Bhord ar ainmniú an Aire Oideachais, comhalta amháin ar a laghad ar ainmniú an Aire agus comhalta amháin ar a laghad ar ainmniú na Comhairle Ginearálta dá dtagraítear in alt 43. Déanfar an chuid eile de na comhaltaí, is comhaltaí a bheidh ionadaitheach d'eagraíochtaí talmhaíochta agus tuaithe, d'fhoireann an Údaráis, de na hOllscoileanna, d'fhorais a chuireann cúrsaí staidéir sa talmhaíocht a luaitear in alt 12 (1) (d) ar fáil agus do cibé leasanna talmhaíochta eile a fhorordófar, a roghnú le hainmniú de réir forálacha ordú a bheidh déanta chun na críche sin ag an Aire agus inseoidh aon ordú den sórt sin an nós imeachta chun corrfholúntais i gcomhaltas an Bhoird a líonadh.

(b) San ordú dá dtagraítear i mír (a), féadfaidh an tAire, i ndáil leis an mBord a bhunófar ar thosach feidhme alt 25, socrú a dhéanamh, maidir leis an gcomhalta nó leis na comhaltaí a bheidh ionadaitheach d'fhoireann an Údaráis, go ndéanfar, ar dháta sonraithe nó roimhe, ionadaí nó ionadaithe don fhoireann sin a roghnú le hainmniú agus, d'ainneoin nach mbeidh, sa tréimhse idir dáta an Bhoird sin a bhunú agus dáta an ionadaí nó na n-ionadaithe sin a cheapadh chun an Bhoird, aon chomhaltaí ann a bheidh ionadaitheach don fhoireann sin, ní bheidh aon ní a dhéanfaidh an Bord nó an tUdarás nó a dhéanfar thar a gceann neamhbhailí dá bhíthin sin amháin.

(c) Chun críocha mhír 1 den Dara Sceideal, measfar maidir le haon chomhalta a cheapfar chun an Bhoird de bhua mhír (b) den fho-alt seo gur ar dháta an Bhoird a bhunú a ceapadh é.

Cathaoirleach.

27. —Sealbhóidh an cathaoirleach oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair) a chinnfidh an tAire ó am go ham. Beidh ráta luach saothair an chathaoirligh faoi réir toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Caiteachais comhaltaí.

28. —Féadfar cibé caiteachais taistil agus cothabhála a mheasfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a bheith réasúnach, a íoc as ioncam an Údaráis le comhaltaí den Bhord.

Coistí.

29. —(1) Féadfaidh an Bord coistí a cheapadh chun cúnamh agus comhairle a thabhairt dó i ndáil le haon fheidhm dá chuid.

(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith ar choiste.

(3) Féadfaidh an Bord duine a cheapadh ina chathaoirleach ar choiste a cheapfar faoin alt seo.

(4) Féadfar cibé caiteachais taistil agus cothabhála a mheasfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a bheith réasúnach a íoc, as ioncam an Údaráis, le comhaltaí de choiste a ceapadh go cuí faoi fho-alt (1).

Cumhachtaí agus dualgais.

30. —(1) Beidh ar an mBord—

(a) maoirseacht ghinearálta a dhéanamh ar obair an Údaráis agus bheith freagrach as cuspóirí an Údaráis a bhaint amach agus as cibé cláir oideachais, comhairle agus taighde a chomhlánú agus a fheidhmiú lena nglacfar, de réir alt 32, le ceadú an Aire,

(b) a chinntiú go ndéanfar feidhmeanna an Údaráis a chur i gcrích go héifeachtach agus a fheidhmiú le héifeacht chuí,

(c) a chinntiú, i gcomhar leis na coistí talmhaíochta, go mbeidh an éifeacht is mó is féidir ag na seirbhísí a chuirfidh an tUdarás ar fáil ar tháirgíocht talmhaíochta go háitiúil agus, chun na críche sin—

(i) socróidh sé, faoi réir alt 33, de réir mar is gá nó is riachtanach, go suífear in ionaid iomchuí saineolaithe sna brainsí éagsúla talmhaíochta agus oideachais talmhaíochta chun sainchúnamh agus saintreoir a thabhairt dá chomhairleoirí talmhaíochta áitiúla agus do lucht talmhaíochta, agus

(ii) cuirfidh sé ar fáil i ngach contae cibé cóiríocht oifige agus cóiríocht eile is gá nó is riachtanach chun gurb éifeachtaí a chomhlíonfaidh a fhoireann chomhairlitheach talmhaíochta áitiúil a ndualgais,

(d) córas comhoirdnithe eolais a chur ar fáil i ngach contae do lucht talmhaíochta i dtaobh na seirbhísí go léir atá ar fáil chun an talmhaíocht a fhorbairt, ag an Aire, ag an Údarás nó ar dhóigh eile, agus tabharfaidh sé cúnamh agus spreagadh do lucht talmhaíochta leas a bhaint as na seirbhísí sin,

(e) cibé faisnéis a thabhairt don Aire a iarrfaidh sé ó am go ham i dtaobh gníomhaíochtaí an Údaráis agus an dul chun cinn atá déanta in a leith, agus

(f) cead isteach a thabhairt gach tráth réasúnach ina thailte agus ina áitreabh d'aon oifigeach cuí-údaraithe de chuid an Aire, cibé faisnéis a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún chun a dhualgais a chomhlíonadh go sásúil i ndáil le hairgeadas an Údaráis agus ligean dó scrúdú a dhéanamh ar cibé doiciméid agus taifid a mheasfaidh sé le réasún is gá chun na críche sin.

(2) Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle leis an Aire i dtaobh na n-ábhar go léir a bhaineann le beartas oideachais, comhairle agus taighde agus féadfaidh sé tograí a chur faoi bhráid an Aire i dtaobh na n-ábhar sin.

Stiúrthóir agus Foireann an Údaráis

Stiúrthóir.

31. —(1) Beidh Stiúrthóir ar an Údarás.

(2) Is é an Stiúrthóir príomh-oifigeach an Údaráis agus, faoi réir treoracha an Bhoird agus an Achta seo, déanfaidh sé gníomhaíochtaí agus foireann an Údaráis a rialú agus a stiúradh.

(3) Is é an tAire a cheapfaidh an chéad Stiúrthóir agus, faoi réir fho-alt (10), sealbhóidh an Stiúrthóir sin oifig go ceann cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí luach saothair) a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, socrú a dhéanamh le hordú le go n-íocfar, i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a shonrófar san ordú, aoisliúntais i bhfoirm pinsin, cnapshuime nó aisce leis an gcéad Stiúrthóir nó ina leith.

(5) Ní dheonóidh an Bord aon phinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht ar bith eile, ná ní dhéanfaidh an Bord aon chomhshocraíocht chun pinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile den sórt sin a chur ar fáil, ar an gcéad Stiúrthóir d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, ach amháin de réir ordú faoi fho-alt (4).

(6) Is é an Bord, faoi réir thoiliú an Aire, a cheapfaidh gach Stiúrthóir seachas an chéad Stiúrthóir.

(7) Caithfidh an Stiúrthóir a chuid ama go léir lena dhualgais mar Stiúrthóir agus ní shealbhóidh sé aon oifig ná post eile gan toiliú an Bhoird.

(8) Féadfaidh an Stiúrthóir tograí a chur faoi bhráid an Bhoird i dtaobh aon ní a bhaineann le gníomhaíochtaí an Údaráis.

(9) Ní bheidh an Stiúrthóir ína chomhalta den Bhord ná d'aon choiste a cheapfaidh an Bord faoi alt 29.

(10) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Rialtais, an Stiúrthóir a chur as oifig tráth ar bith.

Clár bliantúil gníomhaíochtaí.

32. —(1) Ullmhóidh an Bord, i leith gach bliana airgeadais, clár, i cibé foirm a iarrfaidh an tAire, a inseoidh na gníomhaíochtaí a bheidh leagtha amach ag an Údarás don bhliain sin.

(2) Tabharfar aird sa chlár—

(a) ar na cláir bhliantúla um chomhairle agus oideachas talmhaíochta a bheidh ullmhaithe ag gach ceann de na coistí talmhaíochta dá dtagraítear in alt 36, agus

(b) ar na cláir bhliantúla oideachais a bheidh curtha isteach ag institiúidí a fhaigheann deontais ón Údarás agus a chuireann cúrsaí staidéir sa talmhaíocht ar fáil mar a luaitear in alt 12 (1) (d).

(3) Cuirfear an clár mar a bheidh glactha leis ag an mBord faoi bhráid an Aire lena cheadú. Féadfaidh an tAire, agus an cead sin á thabhairt aige, cibé leasuithe eile a chur in iúl a mheasfaidh sé is gá a dhéanamh ar an gclár. Féadfaidh an Bord, áfach, le ceadú an Aire, cibé athrú a dhéanamh ar an gclár a mheasfaidh an Bord ina dhiaidh sin is gá.

(4) Féadfaidh an tAire dáta a shocrú nach foláir, ar an dáta sin nó roimhe, an clár i leith na bliana dá éis sin a chur faoina bhráid.

Foireann.

33. —(1) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh an tUdarás cibé foireann a fhostú is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Acht amháin mar a fhoráiltear in alt 31 (6) agus faoi réir fho-alt (3), is é an Bord a cheapfaidh, nó is faoi údarás an Bhoird a cheapfar, comhaltaí fhoireann an Údaráis.

(3) (a) Sula gceapfaidh an Bord duine chun poist ar fhoireann an Údaráis, is post ar ceann de na cáilíochtaí íosta dó céim ó ollscoil aitheanta nó cibé cáilíocht eile is comhcháilíocht i dtuairim an Aire, ceapfaidh an Bord painéal ar a mbeidh duine a ainmneoidh Coimisinéirí na Státseirbhíse faoi mhír (b) agus daoine a mheasfaidh an Bord a bheith oiriúnach agus inniúil chuige sin chun na hiarratais a scrúdú agus duine a mholadh le ceapadh, agus breithneoidh an Bord moladh an phainéil,

(b) Déanfaidh Coimisinéirí na Státseirbhíse, aon uair a iarrfaidh an Bord orthu é, duine a ainmniú chun críocha mhír (a).

(4) Faoi réir ailt 34 agus 65, cinnfidh an Bord ó am go ham cáilíochtaí, líon, gráid, seilbh oifige agus coinníollacha seirbhíse comhaltaí fhoireann an Údaráis ach amháin an chéad Stiúrthóir.

(5) Faoi réir ailt 34 agus 65, íocfar le foireann an Údaráis (ach amháin an chéad Stiúrthóir) cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord le comhthoiliú an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí.

Scéimeanna foirne.

34. —(1) A luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an ailt seo, déanfaidh an Bord, faoi réir alt 65 agus tar éis comhairle a ghlacadh leis na comhlachais foirne aitheanta agus leis na ceardchumainn lena mbaineann scéim foirne nó scéimeanna foirne a ullmhú agus a chur isteach chun foireann an Údaráis a rialáil, a rialú agus a bhainistí agus cuirfidh sé in iúl maidir leis na gráid éagsúla foirne (i gcoitinne nó go leithleach, de réir mar is iomchuí) an luach saothair, an tseilbh oifige, na cáilíochtaí agus na coinníollacha seirbhíse is iomchuí.

(2) Déanfaidh an tUdarás scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le ceadú an Aire agus le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim faoin alt seo a leasú.

Aoisliúntas.

35. —(1) A luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an ailt seo, déanfaidh an Bord, faoi réir alt 66, scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun aoisliúntais i bhfoirm pinsin, cnapshuime nó aisce a dheonú do chomhaltaí iomchuí d'fhoireann an Údaráis nó ina leith.

(2) Déanfaidh an tUdarás scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith le ceadú an Aire agus le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim faoin alt seo a leasú.

(4) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh liúntais iníoctha leo faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon liúntas, nó i dtaobh méid aon liúntais, is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh, ach sin faoi réir chomhaontú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(6) Ní dheonóidh an Bord aon phinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht eile ná ní dhéanfaidh an Bord aon chomhshocraíochtaí eile chun pinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile den sórt sin a chur ar fáil, ar chomhalta d'fhoireann an Údaráis (ach amháin an chéad Stiúrthóir) d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, ach amháin de réir scéime faoin alt seo.

(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.