An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Rialú agus Riaradh an Údaráis) Ar Aghaidh (CUID V Airgeadas an Údaráis)

13 1977

ACHT AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA UM CHOMHAIRLE, OIDEACHAS AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA, 1977

CUID IV

Coistí Talmhaíochta

Feidhmeanna coistí talmhaíochta.

36. —(1) Ullmhóidh gach coiste talmhaíochta, le cabhair ón bPríomh-Oifigeach Talmhaíochta, clár bliantúil um chomhairle agus oideachas talmhaíochta dá chontae agus cuirfidh sé an clár faoi bhráid an Údaráis chun go mbreithneoidh an Bord é i ndáil leis an gclár bliantúil dá dtagraítear in alt 32 agus féadfaidh sé—

(a) athmheas a dhéanamh ar oibriú an chláir sin agus na scéimeanna a oibríonn an tAire sa chontae agus moltaí a dhéanamh ina thaobh sin, de réir mar is iomchuí, chun an Aire agus an Bhoird;

(b) tuarascálacha a iarraidh ó am go ham ar an bPríomh-Oifigeach Talmhaíochta faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ag an gclár comhairle agus oideachais don chontae;

(c) tuarascálacha a iarraidh ó am go ham ar oifigigh chuí an Aire i dtaobh na scéimeanna a oibríonn sé sa chontae agus a iarraidh ar na hoifigigh sin bheith i láthair ag cruinnithe den choiste ag a bpléitear nithe a bhaineann leis na scéimeanna sin; agus

(d) moltaí a dhéanamh chun an Aire, tríd an gComhairle Ghinearálta dá dtagraítear in alt 43, maidir le beartas agus forbairt talmhaíochta.

(2) (a) Beidh ag gach coiste talmhaíochta, i dteannta na gcumhachtaí agus na bhfeidhmeanna a luaitear i bhfo-alt (1), na feidhmeanna a d'fheidhmigh nó a chomhlíon sé nó ab infheidhmithe nó ab inchomhlíonta aige, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ach amháin na feidhmeanna a aistrítear chun an Údaráis faoi ailt 12 agus 15.

(b) Déanfar an míniú in alt 2 d'Acht 1931 ar an abairt “crícheanna talmhaíochta agus tionnscal eile tuatha” a fhorléiriú faoi réir an ailt seo.

(3) Chun críche an Achta seo ciallaíonn “Príomh-Oifigeach Talmhaíochta”, i ndáil le contae, an t-oifigeach don Údarás ar sannadh freagracht chuige chun na feidhmeanna sin de chuid coiste talmhaíochta a aistrítear chun an Údaráis faoi ailt 12 agus 15 a fheidhmiú sa chontae.

Leasuithe ar Acht 1931.

37. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1931 tríd an méid seo a leanas a scriosadh—

(a) “foraoiseacht” mar a bhfuil sé i míniú na habairte “crícheanna talmhaíochta agus tionnscal eile tuatha” in alt 2 agus “agus teagasc do thabhairt ann” sa mhíniú sin; agus

(b) “nó scéimeanna foraoiseachta” in alt 39;

agus tá an míniú sin agus an t-alt sin 39, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i dTábla I a ghabhann leis an alt seo.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo agus aisghairm ailt 35, 36 (2) agus 38 (2) d'Acht 1931 agus alt 2 (2) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958 , leis an Acht seo, féadfaidh coiste talmhaíochta crainn foraoise a dháileadh le haghaidh criosanna fothaine agus críocha eile de réir scéim a mbeidh glactha ag an gcoiste léi agus a bheidh ceadaithe ag an Aire.

(3) Leasaítear leis seo míreanna (e) agus (f) d'alt 30 (2) d'Acht 1931 trí “cúig chéad púnt” a chur in ionad “chéad púnt” agus tá na míreanna sin arna leasú amhlaidh leagtha amach i dTábla II a ghabhann leis an alt seo.

TABLA I

foluíonn an abairt “crícheanna talmhaíochta agus tionnscal eile tuatha” cabhrú le gach tionnscal no aon tionnscal acu so leanas, agus é d'fheabhsú agus do shaothrú, sé sin le rá, talmhaíocht, garradóireacht, déiríocht, síolrú capall, bó agus eallaigh eile stuic agus éanlaithe clóis, beachaireacht, saothrú agus ullamhú lín, agus aon fho-thionnscal a bhaineann go dlúth le haon tionscal acu san agus foluíonn an abairt sin, leis, cabhrú le riachtanaisí agus tora talmhaíochta d'iompar agus do roinnt nó san do chur in usacht;

39. Cuirfear ar chur an Aire agus cuirfidh seisean chun crícheanna scéimeanna talmhaíochta no chun aon chríocha dleathacha eile de chuid coistí talmhaíochta pé airgead a sholáthróidh an tOireachtas ó am go ham chun na crícheanna san.

TABLA II

(e) sara ndéanfaidh coiste talmhaíochta aon chonnra tré n-a mbeadh ar an gcoiste sin suim cúig chéad púnt no aon tsuim is mó ná san d'íoc cuirfidh an coiste sin fé ndeár fógra puiblí deich lá ar a laighead do thabhairt tré fhógraíocht no ar aon tslí eile á rá cadé an saghas agus cad chuige an connra san agus ag iarraidh tairisgintí chun a chólíonta;

(f) ar dhéanamh connartha tré n-a mbeidh ar choiste talmhaíochta suim cúig chéad púnt no aon tsuim is mó ná san d'íoc, éileoidh agus tógfaidh an coiste sin ón té 'na mbeidh an connra san le cólíona aige leor-urrús go gcomhlíonfar an connra san go cuibhe;

Comhoibriú le comhlachtaí eile.

38. —Féadfaidh coiste talmhaíochta, faoi réir cheadú an Aire agus de réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, uamadh le comhlacht nó comhlachtaí eile chun áitribh a fhoirgniú agus chun talamh agus foirgnimh a léasú, a cheannach nó a fháil ar dhóigh eile chun comhúsáide an choiste agus an chomhlachta nó na gcomhlachtaí eile sin ag feidhmiú a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna faoi seach dóibh.

Scéimeanna talmhaíochta.

39. —(1) Déanfaidh gach coiste talmhaíochta, maidir lena fheidhmeanna faoin Acht seo, an scéim talmhaíochta lena mbaineann alt 33 d'Acht 1931 a chur faoi bhráid an Aire, cibé lá a shonróidh sé nó roimh an lá sin.

(2) Nuair a bheidh an scéim breithnithe ag an Aire eiseoidh sé deimhniú san fhoirm fhorordaithe chuig an gcoiste a d'ullmhaigh an scéim á údarú don choiste ranníoc (dá ngairtear an ranníoc áitiúil bliantúil san Acht seo) a éileamh ar chomhairle an chontae ina bhfuil limistéar feidhmiúcháin an choiste maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil lena mbaineann an scéim talmhaíochta, ina mbeidh cibé méid is cuí leis an Aire a shonrú sa deimhniú sin ag féachaint—

(a) do mheastachán na gcaiteachas agus na bhfáltas sa scéim talmhaíochta, agus

(b) do mheastachán na gcaiteachas agus na bhfáltas a thug an Bord don Aire faoi alt 44 maidir le seirbhísí um chomhairle agus oideachas talmhaíochta a chur ar fáil sa chontae.

(3) Sonróidh gach deimhniú faoin alt seo na codanna faoi seach den ranníoc áitiúil bliantúil a bhaineann leis na meastacháin leithleacha caiteachas agus fáltas a luaitear i bhfo-alt (2).

(4) Déanfaidh gach coiste talmhaíochta, ar dheimhniú faoin alt seo a fháil ón Aire, éileamh san fhoirm fhorordaithe a chur láithreach chuig comhairle an chontae lena mbaineann ag éileamh an ranníoca iomláin a bheidh sonraithe sa deimhniú maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil lena mbaineann sé.

(5) Déanfaidh gach comhairle contae ar a ndéanfaidh coiste talmhaíochta éileamh faoin alt seo méid an éilimh, gan asbhaint de chineál ar bith, a íoc leis an gcoiste sin cibé tráth nó tráthanna a shonróidh an tAire agus ar cibé modh a luafaidh sé.

(6) Íocfaidh gach coiste talmhaíochta, as an ranníoc áitiúil bliantúil, leis an Údarás gach bliain, gan asbhaint, cibé tráth nó tráthanna agus ar cibé modh a shonróidh an tAire, an méid a bheidh luaite sa deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus a bhaineann leis na caiteachais agus na fáltais a luaitear i mír (b) den fho-alt sin.

(7) Ní bheidh an ranníoc áitiúil bliantúil, aon bhliain airgeadais áitiúil, níos mó ná níos lú ná na teorainneacha faoi seach a shonraítear in alt 1 (1) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1974 .

(8) Déanfaidh comhairle contae, gach bliain airgeadais áitiúil, méid an ranníoca áitiúil bhliantúil a mhuirearú sa limistéar arb é an contae é, gan aon cheantar uirbeach ann (más ann) a áireamh.

Leasú ar Acht 1944.

40. —Leasaítear leis seo alt 5 (1) d'Acht 1944 trí “no aon cheanglas sonrach d'aon reacht a bhaineann leis an gcoiste sin” a chur isteach i ndiaidh “ar bith” i mír (c) agus tá an mhír sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(c) coiste talmhaíochta do chontae áirithe d'fhágaint aon bhreithe, orduithe nó aithne de chúirt ar bith nó aon cheanglas sonrach d'aon reacht a bhaineann leis an gcoiste sin gan cólíonadh, no

“bliain toghcháin”.

41. —Chun críocha na nAchtanna Talmhaíochta agus an Achta seo ciallaíonn “bliain toghcháin” aon bhliain ina ndéantar toghcháin le haghaidh comhaltaí d'údaráis áitiúla de bhun na nAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1974.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1931.

42. —(1) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le Acht 1931 tríd an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 2:

“2. Beidh gach coiste talmhaíochta comhdhéanta de dhaoine is comhaltaí agus de dhaoine nach comhaltaí den chomhairle agus is é líon na gcomhaltaí de gach coiste den sórt sin ar comhaltaí den chomhairle iad—

(a) i gcás ar iolrú ar chúig líon comhaltaí an choiste, trí chúigiú den líon sin, agus

(b) in aon chás eile, an líon arb é an chéad slánuimhir eile é os cionn trí chúigiú de líon na gcomhaltaí.”

(2) Gach duine, seachas comhalta de chomhairle contae, a cheapfar ina chomhalta de choiste talmhaíochta ceapfar é ar é a ainmniú ag cibé eagraíochtaí tuaithe saorálacha atá gníomhach sa chontae agus a shonróidh an tAire le hordú (go ginearálta nó i ndáil le gach contae nó grúpa contaetha) agus, faoi réir forálacha na nAchtanna Talmhaíochta agus an Achta seo, is é an líon a ainmneoidh gach eagraíocht den sórt sin cibé líon a chinnfidh an tAire le hordú.

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le coiste talmhaíochta tráth a thosóidh an chéad chruinniú bliantúil den Chomhairle Contae a cheapfaidh comhaltaí an choiste is túisce a thionólfar tar éis comhaltaí na comhairle a thoghadh den chéad uair tar éis dáta an Achta seo a rith.

Comhairle Ghinearálta Coistí Talmhaíochta.

43. —Féadfaidh coiste talmhaíochta, faoi réir cibé teorainneacha a shocróidh an tAire ó am go ham, ranníocaí bliantúla a thabhairt—

(a) do chomhlachas na gcoistí talmhaíochta ar a dtugtar Comhairle Ghinearálta na gCoistí Talmhaíochta a bunaíodh le haghaidh comhairle i dtaobh a leasanna comhchoiteanna agus chun nithe a bhaineann le talmhaíocht a phlé, nó

(b) i gcás an Chomhairle sin do dhul as, d'aon chomhlachas nó comhlacht a bhunófar dá éis sin agus a mbeidh, i dtuairim an Aire, cuspóirí agus feidhmeanna den sórt céanna aige.