|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Coistí Talmhaíochta) | Ar Aghaidh (CUID VI Iarmhartach agus Eatramhach) |
ACHT AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA UM CHOMHAIRLE, OIDEACHAS AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA, 1977
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID V Airgeadas an Údaráis | |
| [EN] |
Meastacháin bhliantúla ar chaiteachais agus ar fháltais. |
44. —(1) Ullmhóidh an Bord, maidir le gach bliain airgeadais, meastachán i cibé foirm a cheanglóidh an tAire— |
| [EN] | (a) ar an airgead is gá chun íoc as caiteachais an Údaráis ag feidhmiú a fheidhmeanna agus a dhualgais dó an bhliain sin, agus | |
| [EN] | (b) ar na fáltais a fhaibhreoidh chun an Údaráis ó gach bunadh an bhliain sin. | |
| [EN] | (2) Tabharfar aird sa mheastachán ar fhorálacha an chláir bhliantúil gníomhaíochtaí dá dtagraítear in alt 32. | |
| [EN] | (3) Déanfar an meastachán, ar bheith glactha leis ag an mBord, a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú. | |
| [EN] | (4) Cuirfidh an tAire in iúl, nuair a bheidh a cheadú á thabhairt aige, na leasuithe (más ann) sa mheastachán a mheasfaidh sé is gá. Féadfaidh an Bord, áfach, le toiliú an Aire, caiteachas a thabhú— | |
| [EN] | (a) nach mbeidh soláthar dó sa mheastachán mar a cheadaigh an tAire i dtosach é ach a measfar ina dhiaidh sin gur gá é, nó | |
| [EN] | (b) ar mó é ná an caiteachas glan iomlán a cheadaigh an tAire i dtosach, má mheastar ina dhiaidh sin gur gá an bhreis sin. | |
| [EN] |
Cláir bhliantúla um chomhairle agus oideachas. |
45. —Nuair a bheidh meastachán á ullmhú faoi alt 44, tabharfaidh an Bord aird ar na cláir bhliantúla um chomhairle agus oideachas a bheidh ullmhaithe ag gach coiste talmhaíochta faoi alt 36 (1) agus ar cibé cláir bhliantúla oideachais a chuirfidh institiúidí a chuireann cúrsaí staidéir ar fáil sa talmhaíocht faoi bhráid an Aire mar a luaitear in alt 12 (1) (d). |
| [EN] |
An dáta chun meastachán a chur faoi bhráid an Aire. |
46. —Féadfaidh an tAire dáta a shocrú ar air nó roimhe a chuirfear faoina bhráid an meastachán i leith na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. |
| [EN] |
Ioncam coistí talmhaíochta ó ranníocaí áitiúla bliantúla. |
47. —Déanfaidh an tUdarás an t-ioncam a fhaibhreoidh chuige as na ranníocaí áitiúila bliantúla ó choistí talmhaíochta faoi alt 39 (6) a úsáid go heisiatach leis na feidhmeanna sin a chomhlíonadh i ndáil le hoideachas agus comhairle talmhaíochta a aistrítear chuige faoi ailt 12 agus 15 agus a bhí, roimh thosach feidhme na n-alt sin, á bhfeidhmiú nó á gcomhlíonadh, nó infheidhmithe nó inchomhlíonta, ag coiste talmhaíochta. |
| [EN] |
Dearlaic Stáit don Údarás. |
48. —(1) D'fhonn cabhrú leis an Údarás a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh go héifeachtúil, íocfar leis an Údarás gach bliain airgeadais, de réir mar is gá, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas— |
| [EN] | (a) deontas i leith caiteachais an Údaráis ag ceannach talún agus áitreabh, ag foirgniú oifigí agus foirgneamh agus ag ceannach innealra, feithiclí agus trealaimh de chineál caipitiúil, agus | |
| [EN] | (b) deontas i leith caiteachais eile an Údaráis. | |
| [EN] | (2) Déanfaidh an tAire, faoi réir fho-ailt (3) agus (4), méid gach deontais díobh sin a chinneadh, le ceadú an Aire Airgeadais, tar éis aon fhaisnéis a bheidh tugtha faoi fho-alt (5) a bhreithniú go cuí. | |
| [EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), ní bheidh an deontas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) níos lú, i ndearbhthéarmaí, ná an méid iomlán a sholáthraigh an tOireachtas an bhliain airgeadais díreach roimh dháta bunaithe an Údaráis i leith gníomhaíochtaí an Údaráis an bhliain airgeadais lena mbaineann an deontas. | |
| [EN] | (4) Chun críche fho-alt (3) ciallaíonn “i ndearbhthéarmaí” go gcuirfear i gcuntas go hiomlán aon athrú a tháinig ar luach airgid sa tréimhse idir dáta bunaithe an Údaráis agus tosach na bliana airgeadais lena mbaineann an deontas. | |
| [EN] | (5) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé faisnéis maidir le hioncam agus caiteachas an Bhoird a iarrfaidh an tAire ó am go ham. | |
| [EN] | (6) Má bhíonn amhras ann i dtaobh ar de chineál caipitiúil nó nach ea aon mhír caiteachais dá luaitear i bhfo-alt (1), is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire ar an ábhar. | |
| [EN] |
Caiteachais an Údaráis. |
49. —Faoi réir ailt 47 agus 48, úsáidfear ioncam an Údaráis ag íoc caiteachais an Údaráis, lena n-áirítear, go sonrach: |
| [EN] | (a) na heisíocaíochtaí agus na caiteachais bhliantúla i leith oifigí, áitribh agus trealamh an Údaráis, | |
| [EN] | (b) luach saothair agus caiteachais chathaoirleach, chéad Stiúrthóir agus fhoireann an Údaráis, caiteachais comhaltaí an Bhoird agus comhaltaí na gcoistí a bheidh ceaptha faoi alt 29 agus aoisliúntais chéad Stiúrthóir agus fhoireann an Údaráis, | |
| [EN] | (c) an costas a bhaineann le haon chláir thaighde, oideachais nó comhairle talmhaíochta a sheolann an tUdarás nó a sheoltar thar a cheann, | |
| [EN] | (d) an costas a bhaineann le deontais chun íoc as costas cláir shonracha taighde talmhaíochta nó buntaighde tréidliachta, taighde sonrach talmhaíochta nó buntaighde sonrach tréidliachta agus deontais d'institiúidí oideachais, | |
| [EN] | (e) an costas a bhaineann le cláir áitiúla comhairle agus oideachais, | |
| [EN] | (f) an costas a bhaineann le scoláireachtaí agus dámhachtaintí eile a chur ar fáil chun taighde iarchéime talmhaíochta nó buntaighde tréidliachta a dhéanamh agus le haghaidh ard-oideachais, | |
| [EN] | (g) an costas a bhaineann le cúrsaí staidéir, seimineáir, comhchomhairlí, léachtaí agus taispeántais is iomchuí d'fheidhmeanna an Údaráis a chur ar fáil agus a eagrú, | |
| [EN] | (h) an costas a bhaineann le torthaí taighde talmhaíochta nó buntaighde tréidliachta agus le foilseacháin i ndáil le hoideachas talmhaíochta agus comhairle talmhaíochta a fhoilsiú agus a leathadh, agus | |
| [EN] | (i) an costas a bhaineann le cibé gníomhaíochtaí eile de chuid an Údaráis ar comhréir lena fheidhmeanna (lena n-áirítear aon fheidhmeanna a sannadh faoi alt 20), a bheidh ceadaithe ag an mBord agus ag an Aire ó am go ham. | |
| [EN] |
Cumhacht airgead a fháil ar iasacht. |
50. —(1) Féadfaidh an tUdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, airgead a fháil ar iasacht trí rótharraingt bainc, nó ar dhóigh eile, chun a fheidhmeanna a riaradh agus a oibriú. |
| [EN] | (2) I gcás a mbeidh an t-airgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo le haisíoc thar théarma áirithe blianta, féadfaidh an tUdarás an t-airgead a fháil ar iasacht ar urrús thalamh agus mhaoin (seachas an t-eastát ar a dtugtar Caisleán agus Díméad Bhaile Sheonach agus dá dtagraítear in Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945, agus in Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1959 ) an Údaráis nó ar cibé urrús eile is inghlactha ag an iasachtóir agus féadfaidh sé íoc na príomhshuime a gheofar ar iasacht amhlaidh agus an úis ar an gcéanna a mhuirearú ar ioncam an Údaráis. | |
| [EN] |
Cuntais agus iniúchadh. |
51. —(1) Coimeádfaidh an tUdarás, i cibé foirm a bheidh ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair nó a chaith an tUdarás, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais, clár comhardaithe agus, go háirithe, na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire ó am go ham uaidh féin nó ar iarratas ón Aire Airgeadais. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an tUdarás na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais, den chlár comhardaithe agus d'aon chuntais eile a choimeádfar de bhun ordú ón Aire, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara go leagfar cóipeanna díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| [EN] |
Tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile. |
52. —Déanfaidh an Bord— |
| [EN] | (a) a luaithe is caothúil tar éis deireadh gach bliana airgeadais, tuarascáil ar obair an Údaráis an bhliain airgeadais sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire agus leagfar cóip de gach tuarascáil den sórt sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus | |
| [EN] | (b) cibé faisnéis a thabhairt don Aire a iarrfaidh sé ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Údaráis. |