An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Iarmhartach agus Eatramhach) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Forálacha a bhaineann leis an Údarás)

13 1977

ACHT AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA UM CHOMHAIRLE, OIDEACHAS AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA, 1977

CUID VII

Ilghnéitheach

Foireann a sholáthar do choistí talmhaíochta.

70. —(1) Cuirfidh an tUdarás ar fáil do gach coiste talmhaíochta—

(a) seirbhísí Príomh-Oifigigh Thalmhaíochta (mar a mhínítear in alt 36 (3) chun críocha an Achta seo) chun gníomhú mar rúnaí agus mar chuntasóir don choiste sin agus chun cibé dualgais eile a chomhlíonadh ar dhualgais iad de chuid an oifigigh a shealbhaigh an post mar Phríomh-Oifigeach Talmhaíochta don choiste sin díreach roimh thosach feidhme ailt 12 agus 15, agus

(b) seirbhísí cibé foireann chléireachais a bheidh oiriúnach agus riachtanach chun an obair chléireachais a dhéanamh a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo ag an gcoiste sin.

(2) Íocfaidh gach coiste talmhaíochta, gach bliain airgeadais, leis an Údarás i leith na seirbhísí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) cibé suim ar a gcomhaontófar idir an coiste agus an tUdarás nó, cheal comhaontaithe, a chinnfidh an tAire.

Cuntais coistí talmhaíochta a iniúchadh.

71. —Chun críche cheanglais na nAchtanna Rialtais Áitiúil i ndáil le hiniúchadh cuntas údarás áitiúil, measfar gur oifigeach don choiste talmhaíochta áirithe an Príomh-Oifigeach Talmhaíochta agus is oifigeach don choiste sin é.

Dualgais, etc. faoi Achtanna Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945 agus 1959.

72. —Gach dualgas, oibleagáid agus srian a cuireadh ar an bhForas le hAcht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945, agus le hAcht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1959 , tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an Údarás a bhunú, ina dhualgas, ina oibleagáid nó ina shrian, de réir mar a bheidh, ar an Údarás.