|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID VII Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Forálacha a bhaineann leis an mBord) |
ACHT AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA UM CHOMHAIRLE, OIDEACHAS AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA, 1977
| [EN] | ||
| [EN] |
AN CHEAD SCEIDEAL Forálacha a bhaineann leis an Údarás | |
| Séala an Údaráis. | 1. Beidh an tUdarás ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus gnáthshéala aige agus beidh cumhacht aige agairt agus bheith inagartha ina ainm corpraithe agus talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt. | |
| Fianú an tséala. | 2. (1) Déanfar gnáthshéala an Údaráis, nuair a chuirfear ar dhoiciméad é, a fhianú le síniú comhalta den Bhord agus le síniú an Stiúrthóra nó le síniú comhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin. | |
(2) Tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Údaráis agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tUdarás agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe de réir na míre seo, déanfar, mura suífear a mhalairt, é a ghlacadh i bhfianaise agus a mheas gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais. | ||
| Conarthaí nó ionstraimí nach mbeidh faoi shéala. | 3. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa aonair a dhéanfadh nó a d'fhorghníomhódh é, féadfar é a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Údaráis ag aon duine a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta chuige sin ag an mBord. |