Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL An Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta)

16 1977


Uimhir 16 de 1977


AN tACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT CHUN IDIRDHEALÚ DE CHINEÁLACHA ÁIRITHE AR FHORAS GNÉIS NÓ STÁDAS PÓSTA A DHÉANAMH NEAMHDHLEATHACH I nDÁIL LE FOSTAÍOCHT, CHUN COMHLACHT A BHUNÚ DÁ nGAIRTEAR AN GHNÍOMHAIREACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, CHUN AN tACHT IN AGHAIDH IDIRDHEALÚ (PÁ), 1974 A LEASÚ AGUS SOCRÚ A DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [1 Meitheamh, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Caidrimh Thionscail, 1946 ;

ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974 ;

folaíonn “gníomh” neamhghníomh toiliúil;

folaíonn “fógrán” gach foirm fógráin, cibé acu is don phobal é nó nach ea agus cibé acu i nuachtán nó i bhfoilseachán eile, ar an teilifís nó ar an raidió nó trí fhógra a thaispeáint nó ar aon mhodh eile dó, agus forléireofar dá réir sin tagairtí d'fhógráin a fhoilsiú;

ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta a bhunaítear le halt 34;

ciallaíonn “neasghaol” banchéile, fearchéile, tuismitheoir, leanbh, seanathair, seanmháthair, ua, banua, deartháir nó deirfiúr;

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Oibreachais;

measfar go bhfolaíonn “dífhostú” fostaí d'fhoirceannadh a chonartha fostaíochta lena fhostóir (cibé acu a tugadh nó nár tugadh fógra roimh ré faoin bhfoirceannadh don fhostóir) in imthosca ina raibh nó ina mbeadh, mar gheall ar iompar an fhostóra, an fostaí i dteideal an conradh a fhoirceannadh gan fógra den sórt sin a thabhairt, nó ina raibh nó ina mbeadh sé réasúnach aige sin a dhéanamh, agus forléireofar “dífhostaithe” dá réir sin;

ciallaíonn “fostaí” duine a rinne conradh fostaíochta nó a oibríonn (nó, i gcás conradh atá foirceanta, a d'oibrigh) faoi chonradh fostaíochta le fostóir, cibé acu is conradh (nó ba chonradh) le haghaidh obair láimhe, obair chléireachais nó eile é, atá (nó a bhí) sainráite nó intuigthe, a rinneadh de bhriathra béil nó i scríbhinn, agus cibé acu is conradh (nó ba chonradh) seirbhíse nó printíseachta nó eile é, agus folaíonn sé státseirbhíseach de chuid an Stáit nó de chuid an Rialtais agus oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil de réir brí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , oifigeach nó seirbhíseach d'údarás cuain, do bhord sláinte, do choiste gairmoideachais nó do choiste talmhaíochta, agus forléireofar focail agus abairtí gaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “fostóir”, i ndáil le fostaí, an duine ag a bhfuil (nó, i gcás deireadh a bheith leis an bhfostaíocht, ag a raibh) an fostaí fostaithe faoi chonradh fostaíochta, agus chun críocha an mhínithe seo measfar státseirbhíseach de chuid an Stáit nó de chuid an Rialtais a bheith fostaithe ag an Stát nó ag an Rialtas (de réir mar a bheidh) agus measfar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil de réir brí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , nó d'údarás cuain, do bhord sláinte, do choiste gairmoideachais nó do choiste talmhaíochta a bheith fostaithe ag an údarás áitiúil, ag an údarás cuain, ag an mbord sláinte, ag an gcoiste gairmoideachais nó ag an gcoiste talmhaíochta (de réir mar a bheidh);

ciallaíonn “gníomhaireacht fostaíochta” duine a chuireann, ar bhrabach nó eile, seirbhísí ar fáil i ndáil le fostaíocht a fháil d'fhostaithe ionchais nó i ndáil le fostaithe a sholáthar d'fhostóirí;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “imscrúdú” imscrúdú faoi alt 39;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “fógra neamh-idirdhealúcháin” fógra faoi alt 44;

folaíonn “gairm” aon ghairm beatha nó slí bheatha;

tá le “ceardchumann” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1975.

(2) San Acht seo, aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe.

Idirdhealú chun críocha an Achta seo.

2. —Chun críocha an Achta seo, measfar idirdhealú tarlú in aon chás díobh seo a leanas—

(a) i gcás ar le níos lú fabhair, mar gheall ar ghnéas duine, a dhéileáiltear leis ná mar a dhéileáiltear le duine den ghnéas eile,

(b) i gcás ar le níos lú fabhair, mar gheall ar stádas pósta duine, a dhéileáiltear leis ná mar a dhéileáiltear le duine eile den ghnéas ceanna,

(c) i gcás, mar gheall ar ghnéas nó stádas pósta duine, go bhfuil air ceanglas a chomhlíonadh a bhaineann le fostaíocht nó comhaltas i gcomhlacht dá dtagraítear in alt 5, nach ceanglas é atá riachtanach don fhostaíocht nó don chomhaltas sin agus ar mó go mór an cion daoine den ghnéas eile nó (de réir mar a bheidh) de stádas difriúil pósta ach den ghnéas céanna atá in ann é a chomhlíonadh.

(d) i gcás duine a phionósú toisc go ndearna sé, de mheon macánta—

(i) tarchur faoi alt 19 nó faoi alt 7 d'Acht 1974,

(ii) gníomh is gníomh neamhdhleathach faoin Acht seo nó faoi Acht 1974 a chomhrac go dleathach,

(iii) fianaise a thabhairt in aon imeachtaí faoin Acht seo nó faoi Acht 1974, nó

(iv) fógra a thabhairt é a bheith ar intinn aige aon ní a dhéanamh dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) go (iii),

agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Idirdhealú ag fostóirí a bheith toirmiscthe.

3. —(1) Ní dhéanfaidh duine is fostóir, nó a gheobhaidh faoi chonradh le duine eile seirbhísí de chuid fostaithe leis an duine eile sin, idirdhealú in aghaidh fostaí nó fostaí ionchais nó in aghaidh fostaí de chuid an duine eile sin i ndáil le teacht ar fhostaíocht, le coinníollacha fostaíochta (seachas luach saothair nó aon choinníoll a bhaineann le scéim pinsin ghairme), le hoiliúint nó taithí le haghaidh nó i leith fostaíochta, le hardú céime nó athghrádú i bhfostaíocht nó le haicmiú post i bhfostaíocht.

(2) Ní bheidh ag fostóir, i ndáil lena fhostaithe ná i ndáil le fostaíocht faoi, rialacha ná treoracha a dhéanfadh idirdhealú in aghaidh fostaí nó aicme fostaithe, ná ní fheidhmeoidh ná ní oibreoidh sé cleachtas a bhfuil, nó ar dóigh go mbeadh, de thoradh air gníomh is sárú ar aon fhoráil den Acht seo ar í a ghlacadh i dteannta alt 2 (c).

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar duine do dhéanamh idirdhealú in aghaidh fostaí nó fostaí ionchais i ndáil le teacht ar fhostaíocht má dhéanann sé—

(a) in aon chomhshocraíochtaí a dhéanfaidh sé chun a chinneadh cé dó a dtairgfidh sé fostaíocht, nó

(b) trí cheanglais a shonrú, maidir le duine amháin nó le haicme daoine, chun tosú ar fhostaíocht nach bhfuil sonraithe maidir le daoine eile nó le haicmí eile daoine i gcás gan aon difríocht ábhartha a bheith idir na dálaí ina mbeadh na daoine sin nó na haicmí sin araon fostaithe,

fo-alt (1) a shárú.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar duine do dhéanamh idirdhealú in aghaidh fostaí nó fostaí ionchais i ndáil le coinníollacha fostaíochta mura dtairgfidh nó mura dtabharfaidh sé do dhuine nó d'aicme daoine na téarmaí céanna fostaíochta (seachas luach saothair nó aon téarma a bhaineann le scéim pinsin ghairme), na coinníollacha oibre céanna agus an chóir chéanna i ndáil le hobair bhreis-ama, uain-obair, gearr-am, aistriú, asleagan, iomarcaíocht, dífhostú (seachas dífhostú dá dtagraítear in alt 25) agus bearta araíonachta a thairgeann nó a thugann sé do dhuine eile nó d'aicme eile daoine i gcás gan aon difríocht ábhartha a bheith idir na dálaí ina bhfuil nó ina mbeadh na daoine nó na haicmí sin araon fostaithe.

(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar duine do dhéanamh idirdhealú in aghaidh fostaí i ndáil le hoiliúint nó taithí le haghaidh fostaíochta nó i ndáil le fostaíocht má dhiúltaíonn sé na deiseanna nó na saoráidí céanna i ndáil le comhairle fostaíochta, oiliúint (ar láthair na hoibre nó in áit eile) agus taithí oibre a thairiscint nó a thabhairt don fhostaí sin a thairgeann nó a thugann sé d'fhostaithe eile i gcas gan aon difríocht ábhartha a bheith idir na dálaí ina bhfuil an fostaí sin agus na fostaithe eile sin fostaithe.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar duine do shárú an fho-ailt sin má dhéanann sé idirdhealú in aghaidh fostaí maidir leis an dóigh a dtairgeann nó a dtugann sé don fhostaí sin teacht a bheith aige ar dheiseanna ar ardú céime in imthosca ina dtairgtear nó ina dtugtar an teacht sin do dhuine incheaptha cáilithe eile nó má dhiúltaíonn sé nó má mhainníonn sé d'aonturas sna himthosca sin teacht ar dheiseanna ar ardú céime a thairiscint nó a thabhairt don fhostaí sin.

(7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar duine do dhéanamh idirdhealú in aghaidh fostaí nó fostaí ionchais i gcás a n-aicmíonn sé poist faoi threoir gnéis agus nach cás dá dtagraítear in alt 17 (2) an t-aicmiú.

Clásal comhionannais.

4. —(1) Mura bhfuil (go díreach nó faoi threoir comhaontú comhchoiteann de réir brí Acht 1974 nó eile) clásal comhionannais ar áireamh téarmaí chonradh faoina bhfuil duine fostaithe, measfar clásal den sórt sin a bheith iontu.

(2) Is éard é clásal comhionannais foráil a bhaineann le téarmaí conartha (seachas téarma a bhaineann le luach saothair nó le scéim pinsin ghairme) faoina bhfuil duine fostaithe agus a bhfuil d'éifeacht léi, i gcás an duine a bheith fostaithe in imthosca nach bhfuil difear ábhartha idir an obair a dhéanann an duine sin agus an obair a dhéanann duine den ghnéas eile (dá ngairtear “an duine eile” san alt seo) san fhostaíocht chéanna—

(a) más rud é (ar leith ón gclásal comhionannais), maidir le haon téarma den chonradh, gur téarma is lú fabhar atá nó a bheidh ann don duine ná téarma dá shamhail sa chonradh faoina bhfuil an duine eile fostaithe, déileálfar leis an téarma sin i gconradh an duine mar théarma a bheidh modhnaithe ar dhóigh nach lú fabhar é, agus

(b) más rud é (ar leith ón gclásal comhionannais) nach mbeidh, aon tráth, i gconradh an duine téarma ar comhréir le téarma is sochar don duine eile atá sa chonradh faoin bhfuil an duine eile fostaithe, déileálfar le conradh an duine mar chonradh a bhfuil téarma den sórt sin ann.

(3) Ní oibreoidh clásal comhionannais i ndáil le héagsúlacht idir conradh fostaíochta duine agus conradh fostaíochta an duine eile má chruthaíonn an fostóir gur go cinnte de dhroim difear ábhartha (seachas difear gnéis) idir an dá chás an éagsúlacht.

(4) I gcás a dtairgfidh duine fostaíocht ar théarmaí áirithe do dhuine agus go mbeadh, ar é do ghlacadh leis an tairiscint, aon cheann de na téarmaí sin le modhnú nó aon téarma breise le cur leo de bhua an ailt seo, measfar go sáraíonn an tairiscint ailt 3 (1) agus 3 (4).

Idirdhealú i ndáil le comhaltas i gcomhlachtaí áirithe a bheith toirmiscthe.

5. —Ní dhéanfaidh comhlacht is eagraíocht d'oibrithe, nó eagraíocht d'fhostóirí nó eagraíocht ghairme nó cheirde nó a rialaíonn dul le gairm nó bheith ag gabháil do ghairm idirdhealú in aghaidh duine i ndáil le comhaltas sa chomhlacht sin (ná i ndáil le haon sochair a sholáthraíonn an comhlacht sin) ná i ndáil le dul leis an ngairm sin nó bheith ag gabháil don ghairm sin.

Idirdhealú i ndáil le hoiliúint ghairmiúil a bheith toirmiscthe.

6. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine ná aon chomhlacht oideachais nó oiliúna a thairgfidh cúrsa oiliúna gairmiúla, idirdhealú in aghaidh duine (ar iarratas ó fhostóir, ceardchumann nó grúpa fostóirí nó grúpa ceardchumann nó eile) maidir le haon chúrsa den sórt sin a thairgfear do dhaoine os cionn na haoise a bhfuil dualgas reachtúil ar na daoine sin freastal ar scoil—

(a) sna téarmaí ar a dtairgfear aon chúrsa den sórt sin nó aon saoráid gaolmhar leis,

(b) trína dhiúltú nó a mhainniú deis a thabhairt teacht ar aon chúrsa nó saoráid den sórt sin, nó

(c) sa tslí ina soláthraítear aon chúrsa nó saoráid den sórt sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “oiliúint ghairmiúil” aon chóras teagaisc a chuireann ar chumas duine atá á theagasc an t-eolas nó an cumas teicniúil is gá chun gníomhaíocht cheirde a sheoladh agus a bhféadfaí a mheas ina leith gur le hoiliúint don ghníomhaíocht sin go heisiatach a bhaineann sí a fháil, a choimeád, a thabhairt cothrom le dáta nó chun foirfeachta.

Idirdhealú ag gníomhaireachtaí fostaíochta a bheith toirmiscthe.

7. —(1) Ní dhéanfaidh gníomhaireacht fostaíochta idirdhealú—

(a) sna téarmaí ar a dtairgeann sí aon seirbhísí dá cuid a sholáthar,

(b) trína dhiúltú nó a mhainniú aon seirbhísí dá cuid a sholáthar, nó

(c) sa tslí ina soláthraíonn sí aon seirbhísí dá cuid.

(2) Folaíonn tagairtí i bhfo-alt (1) do sheirbhís de chuid gníomhaireachta fostaíochta treoir gairmeacha agus aon seirbhís a bhaineann le fostaíocht.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (1) i gcás nach mbaineann an tseirbhís ach le fostaíocht a bhféadfadh an fostóir diúltú go dleathach í a thairiscint don duine áirithe.

(4) Ní bheidh gníomhaireacht fostaíochta faoi aon dliteanas faoin alt seo má chruthaíonn sí—

(a) gur ghníomhaigh sí ar iontaoibh ráitis ón bhfostóir áirithe á rá nár ghníomh neamhdhleathach, mar gheall ar oibriú fho-alt (3), a gníomh, agus

(b) gur réasúnach di dul ar iontaoibh an ráitis.

(5) Fostóir a dhéanfaidh go feasach, d'fhonn seirbhísí gníomhaireachta fostaíochta a fháil, ráiteas den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (a) agus is ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £200 a chur air.

Fógraíocht idirdhealaitheach a bheith toirmiscthe.

8. —(1) Ní fhoilseoidh ná ní thaispeánfaidh duine, ná ní chuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar nó go dtaispeánfar, fógrán a bhainfidh le fostaíocht agus a chuirfidh in iúl go bhfuil idirdhealú beartaithe nó a dtuigfí uaidh le réasún go bhfuil sin beartaithe.

(2) Chun críche fho-alt (1), i gcás a mbeidh i bhfógrán focal nó abairtín ag míniú nó ag tuairisciú poist agus gur focal nó abairtín é a thugann gnéas áirithe le tuiscint nó gurb amhlaidh dó, d'ainneoin nach dtugann sé gnéas áirithe le tuiscint, gur tuairisc é ar phost nó ar shlí bheatha, nó go dtagraíonn sé do phost nó do shlí bheatha, ar dhaoine de ghnéas amháin go heisiatach a mbíodh sé acu nó a sheoladh é, measfar go gcuireann an fógrán in iúl go mbeartaítear idirdhealú mura gcuireann an fógrán a mhalairt in iúl.

(3) Duine a dhéanfaidh ráiteas is eol dó a bheith bréagach d'fhonn foilsiú nó taispeáint a áirithiú contrártha d'fho-alt (1) beidh sé, ar an bhfoilsiú nó ar an taispeáint sin a bheith déanta, ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £200 a chur air.

É toirmiscthe idirdhealú a thabhairt chun críche nó féachaint lena thabhairt chun críche.

9. —Ní thabharfaidh duine ar dhuine eile ná ní fhéachfaidh sé le tabhairt air aon ní is idirdhealú a dhéanamh i ndáil le fostaíocht.

Idirdhealú i gcomhaontaithe comhchoiteanna, etc.

10. —(1) (a) I gcás foráil is idirdhealú a bheith i gcomhaontú nó in ordú lena mbaineann an fo-alt seo, is foráil ar neamhní í.

 (b) Baineann an fo-alt seo—

(i) le comhaontú comhchoiteann,

(ii) le hordú rialaithe fostaíochta de réir brí Chuid IV d'Acht 1946, agus

(iii) le comhaontú fostaíochtaí cláraithe de réir brí Chuid III d'Acht 1946 arna chlárú sa Chlár de Chomhaontuithe Fostaíochta.

(2) I gcás téarma (sainráite nó intuigthe) is idirdhealú a bheith i gconradh fostaíochta, is téarma ar neamhní an téarma sin.

Forálacha a bhaineann le mná cabhartha agus le haltraí sláinte poiblí.

11. —(1) Leasaítear leis seo Acht na mBan Cabhartha, 1944 (Uimh. 10 de 1944) , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “bean chabhartha” in alt 2 :

“ciallaíonn na focail ‘bean chabhartha’ bean nó fear atá cláraithe sa rolla de mhná cabhartha agus, dá réir sin, déanfar gach focal lena ngabhann brí na baininscne a fhorléiriú ionann is dá ngabhfadh brí na firinscne leis freisin;”.

(2) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, ní sárú ar an Acht seo é ag duine deis teacht ar oiliúint nó ar fhostaíocht mar bhean chabhartha nó mar altra sláinte poiblí a thabhairt do dhaoine de ghnéas áirithe.

Fostaíochtaí a eisiatar ó fheidhm an Achta.

12. —(1) Ní bhaineann an tAcht seo le fostaíocht—

(a) in Oglaigh na hÉireann,

(b) sa Gharda Síochána,

(c) sa tseirbhís phríosúin, nó

(d) in áit chónaí phríobháideach nó ag neasghaol.

(2) (a) D'ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an tAire a dhearbhú le hordú go mbainfidh an tAcht seo le cibé aicme nó aicmí fostaíochta dá dtagraítear san fho-alt sin agus a shonrófar san ordú, agus amhail ó thosach feidhme an ordaithe bainfidh an tAcht seo leis an aicme sin nó leis na haicmí sin.

(b) I gcás a mbeartóidh an tAire ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, leagfar dréacht den ordú beartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach.

(3) Ní bhainfidh ailt 19, 20 (b), 21 ná 28 leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla nó Coimisinéirí na Státseirbhíse do roghnú duine lena cheapadh chun oifige nó poist.

Cosaint maidir le cásanna áirithe a bhaineann le neamhchomhlíonadh dualgas, etc.

13. —Ní cheanglóidh aon ní san Acht seo ar fhostóir—

(a) duine a fhostú i bpost nach ngabhfaidh air féin na dualgais a ghabhann leis an bpost sin ná nach nglacfaidh leis na coinníollacha faoina gcomhlíontar na dualgais sin, ná

(b) duine nach ngabhfaidh air féin na dualgais a ghabhann leis an bpost atá aige a choimeád ina fhostaíocht.

Cosaint maidir le forálacha reachtúla áirithe agus iad a aisghairm nó a leasú.

14. —(1) D'ainneoin aon fhorála den Acht seo, ní idirdhealú de shárú an Achta seo aon ní a dhéanfaidh fostóir do chomhlíonadh aon cheanglais de chuid nó faoi réim Achta lena mbaineann an t-alt seo.

(2) (a) Féadfaidh an tAire le hordú aon Acht lena mbaineann an t-alt seo nó aon fhoráil de chuid Achta den sórt sin a aisghairm nó a leasú.

(b) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoin bhfo-alt seo rachaidh sé i gcomhairle le cibé ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí agus eagraíochtaí ceardchumann nó eagraíochtaí fostóirí is cuí leis.

(c) I gcás a mbeartóidh an tAire ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, leagfar cóip den ordú beartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach.

(3) Baineann an t-alt seo—

(a) leis an Acht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 ,

(b) le hAcht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 ,

(c) leis an Acht Monarchan, 1955 ,

(d) leis an Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 .

Cosaint maidir le cúrsaí oiliúna áirithe, etc.

15. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo neamhdhleathach é d'aon duine oiliúint a shocrú nó a chur ar fáil do dhaoine de ghnéas áirithe in obair de chineál, d'fhoirm nó d'earnáil nach raibh aon duine den ghnéas sin fruilithe, nó ar fíorbheag duine den ghnéas sin a bhí fruilithe, léi sa tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch tráth tosaithe na hoiliúna, nó daoine den ghnéas sin a ghríosú leas a bhaint as deiseanna chun an obair sin a dhéanamh.

Cosaint maidir le cóireáil speisialta i ndáil le toirche, etc.

16. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo neamhdhleathach é d'fhostóir cóireáil speisialta a shocrú nó a chur ar fáil do mhná i ndáil le toirche nó luí seoil.

Poist a bheith eisiata i gcás ar cáilíocht ghairme gnéas.

17. —(1) Ní bhaineann an tAcht seo le haon ghníomh a bhfuil ceangal nó baint aige le fostú duine i gcás ar cáilíocht ghairme le haghaidh poist a ndéantar an gníomh ina leith gnéas an duine.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gur cáilíocht ghairme le haghaidh poist gnéas duine sna cásanna seo a leanas—

(a) i gcás a gceanglaíonn nádúr an phoist, ar fhoras fiseolaíochta (gan neart ná lúth coirp a áireamh) nó ar fhoras fíre chun críche cineáil áirithe siamsaíochta, duine de ghnéas áirithe a bheith ann mar go mbeadh, mura mbeadh sin, difríocht ábhartha i nádúr an phoist dá mba dhuine den ghnéas eile a chomhlíonfadh é,

(b) i gcás ar cuid de dhualgais an phoist seirbhísí pearsanta agus gur gá daoine den dá ghnéas a bheith fruilithe leis na dualgais sin,

(c) i gcás ar daoine de ghnéas amháin (go hiomlán nó go páirteach) atá i mbunachas nó in institiúid is daoine ar gá aire, maoirseacht nó cóireáil ar leith lena n-aghaidh agus go bhfuil baint ag fostú daoine den ghnéas sin le sainchineál an bhunachais nó na hinstitiúide nó leis an gcineál aire, maoirseachta nó cóireála a thugtar ann,

(d) i gcás, mar gheall ar an gcineál dualgas a ghabhann le post, gur den chóir, ar fhoras príobháideachta nó modhúlachta, gur daoine de ghnéas áirithe a d'fhostófaí,

(e) i gcás ar gá, mar gheall ar chineál na fostaíochta, cóiríocht chodlata agus sláintíochta a sholáthar go comhchoiteann d'fhostaithe agus gur mhíréasúnach bheith ag súil go soláthrófaí cóiríocht den sórt sin go leithleach nó nár phraiticiúil d'fhostóir soláthar den sórt sin a dhéanamh.

(f) i gcás ar gá gur duine de ghnéas áirithe a bheadh sa phost mar gur dóigh go ngabhfadh leis an bpost sin dualgais a chomhlíonadh lasmuigh den Stát in áit arb amhlaidh do na dlíthe nó do na gnásanna ann gur duine den ghnéas sin go heisiatach a d'fhéadfadh na dualgais a chomhlíonadh.

Oifigigh chomhionannais.

18. —Ó thosach feidhme an ailt seo oifigeach comhionannais a thabharfar ar oifigeach pá chomhionainn (agus is é sin a ghairtear de san Acht seo) agus, dá réir sin, forléireofar na tagairtí go léir in Acht 1974 d'oifigeach pá chomhionainn mar thagairtí d'oifigeach comhionannais.

Díospóidí a tharchur chun na Cúirte.

19. —(1) Faoi réir ailt 26, 27 (1) agus 27 (2), féadfaidh aon duine lena mbainfidh díospóid i dtaobh idirdhealú a bheith déanta nó gan a bheith déanta ag duine a tharchur chun na Cúirte.

(2) I gcás díospóid a tharchur faoin alt seo chun na Cúirte, féachfaidh an Chúirt leis an díospóid a shocrú trí oifigeach caidrimh thionscail dá cuid nó tarchuirfidh sí an díospóid chuig oifigeach comhionannais lena imscrúdú agus moladh a dhéanamh, nó tarchuirfidh sí an díospóid amhlaidh i gcás nach n-éireoidh leis an oifigeach caidrimh thionscail socrú a dhéanamh.

(3) I gcás díospóid a tharchur faoin alt seo chuig oifigeach comhionannais imscrúdóidh sé an díospóid agus eiseoidh sé moladh ina leith.

(4) Cuirfear moladh faoin alt seo i bhfios—

(a) i gcás díospóid a tarchuireadh faoin alt seo, don Chúirt agus do na páirtithe sa díospóid, nó

(b) i gcás tarchur faoi alt 20, don Chúirt, don Aire agus do cibé duine nó daoine is dealraitheach don oifigeach comhionannais baint a beith acu leis.

(5) Ach amháin i gcás inar féidir cúis réasúnach a shuíomh, déanfar tarchur faoin alt seo a thaisceadh tráth nach déanaí ná sé mhí ón dáta a chéad-tharla an gníomh a líomhnaítear gurb é an t-idirdhealú é.

(6) Féadfar, faoi réir fho-alt (7), na cumhachtaí a thugtar d'oifigeach comhionannais le halt 6 (4) d'Acht 1974 i ndáil le fostóir a fheidhmiú i ndáil le duine seachas fostóir.

(7) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine aon teastas cáilíochta (nó cóip de) ó fhostóir nó aon tuarascáil (nó cóip di), rúnda nó eile, a bhaineann le carachtar aon duine eile, nó lena oiriúnacht le haghaidh fostaíochta, a sholáthar nó a bhfuil i dteastas nó i dtuarascáil den sórt sin a nochtadh.

Tarchur chun na Cúirte ag an Aire.

20. —I gcás ar dealraitheach don Aire—

(a) go bhfuil idirdhealú á dhéanamh go ginearálta in aghaidh daoine nó go bhfuil cleachtas dá dtagraítear in alt 3 (2) á fheidhmiú nó á oibriú,

(b) gur tharla idirdhealú i ndáil le duine áirithe nach ndearna tarchur faoi alt 19 i ndáil leis an idirdhealú agus nach bhfuil sé réasúnach bheith ag súil go ndéanfaidh sé tarchur den sórt sin,

(c) gur thug duine ar dhuine eile nó gur fhéach sé le tabhairt air aon ní is idirdhealú a dhéanamh i ndáil le fostaíocht, nó

(d) go ndearnadh foilsiú nó taispeáint contrártha d'alt 8,

féadfaidh an tAire an t-ábhar a tharchur chun na Cúirte agus déileálfar leis an ábhar ionann is dá mba tharchur díospóide faoi alt 19 é.

Imscrúdú díospóidí ag an gCúirt.

21. —(1) Féadfaidh duine nó (i gcás tarchur faoi alt 20) an tAire achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh moladh faoi alt 19 nó féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte le cinneadh a fháil nár feidhmíodh an moladh.

(2) Eistfidh agus cinnfidh an Chúirt achomharc faoin alt seo agus cuirfidh sí a cinneadh i bhfios—

(a) i gcás tarchur faoi alt 19, do na páirtithe, nó

(b) i gcás tarchur faoi alt 20, don Aire agus do cibé duine nó daoine is dealraitheach don Chúirt baint a bheith acu leis.

(3) (a) Is go príobháideach a sheolfar éisteacht faoin alt seo, ach seolfaidh an Chúirt an éisteacht go poiblí má iarrann páirtí sa díospóid nó duine dá dtagraítear in alt 20 uirthi é sin a dhéanamh.

(b) I gcás éisteacht faoin alt seo a bheith á seoladh go poiblí féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi go mbaineann aon chuid den éisteacht le hábhar ar chóir, ar mhaithe le haon pháirtí sa díospóid, nó le haon duine dá dtagraítear in alt 20, déileáil leis i modh rúin, an chuid sin den éisteacht a sheoladh go príobháideach.

(c) Bainfidh ailt 14 agus 21 d'Acht 1946 le hachomharc faoin alt seo.

(d) Taiscfear achomharc faoin alt seo sa Chúirt tráth nach déanaí ná 42 lá tar éis dáta an mholta iomchuí faoi alt 19 agus sonróidh an fógra forais an achomhairc.

(4) Féadfaidh páirtí i ndíospóid a chinnfidh an Chúirt faoi fho-alt (2) nó, i gcás cinneadh den sórt sin maidir le ní a tarchuireadh faoi alt 20, féadfaidh an tAire nó duine lena mbaineann achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phointe dlí.

Cinneadh ón gCúirt faoi alt 21.

22. —Déanfaidh cinneadh ón gCúirt faoi alt 21 ní amháin nó níos mó díobh seo a leanas—

(a) a dhearbhú gur tharla nó (de réir mar a bheidh) nár tharla idirdhealú,

(b) a mholadh do dhuine nó do dhaoine lena mbaineann gníomh sonraithe a dhéanamh,

(c) cúiteamh a dhámhadh de réir an Achta seo,

(d) maidir le cás a tarchuireadh chun na Cúirte faoi alt 20 (c) nó 20 (d), a dhearbhú gur thug nó (de réir mar a bheidh) nár thug an duine lena mbaineann ar dhuine eile nó gur fhéach sé nó (de réir mar a bheidh) nár fhéach sé le tabhairt air aon ní is idirdhealú a dhéanamh i ndáil le fostaíocht nó go ndearnadh nó (de réir mar a bheidh) nach ndearnadh foilsiú nó taispeáint contrártha d'alt 8 agus, más cuí leis an gCúirt é, gníomh sonraithe a mholadh don duine lena mbaineann a dhéanamh.

Méid cúitimh faoi alt 22 nó fineáil bhreise faoi alt 25 nó 26.

23. —(1) Is é an méid a bheidh i gcúiteamh faoi alt 22 cibé méid a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach ag féachaint d'imthosca uile an cháis ach ní bheidh sé níos mó in aon chás ná luach saothair 104 sheachtain de réir an ráta a bhí á fháil ag an duine áirithe ar dháta an idirdhealaithe nó a bheadh á fháil aige mura mbeadh an t-idirdhealú.

(2) Ní bheidh méid aon fhíneála breise a ghearrfar faoi alt 25 nó 26 níos mó in aon chás ná luach saothair 104 sheachtain de réir an ráta a bhí á fháil ag an duine áirithe ar dháta an idirdhealaithe nó a bheadh á fháil aige mura mbeadh an t-idirdhealú.

Cinneadh ón gCúirt a bheith gan feidhmiú.

24. —(1) I gcás a ndéanfaidh duine lena mbaineann nó (i gcás tarchur faoi alt 20) an tAire gearán leis an gCúirt nár feidhmíodh cinneadh faoi alt 22 (b) go 22 (d), beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas :

(i) breithneoidh an Chúirt an gearán agus éistfidh sí gach duine is dealraitheach don Chúirt leas a bheith aige san ábhar agus ar mian leis go n-éistfí é;

(ii) más deimhin leis an gCúirt tar éis an bhreithnithe sin go bhfuil bonn leis an ngearán, féadfaidh an Chúirt le hordú a threorú don duine nár fheidhmigh an cinneadh cibé nithe a dhéanamh dá dtiocfaidh, i dtuairim na Cúirte, an cinneadh a bheith feidhmithe ag an duine sin.

(2) Más rud é, i gcás an Chúirt do dhéanamh ordú faoi fho-alt (1), nach ndéanfar an treoir san ordú a chomhlíonadh laistigh de dhá mhí ó dháta an ordaithe a dhéanamh (nó, i gcás achomharc faoi alt 21 (4), laistigh de dhá mhí ó dháta an ordaithe ón Ard-Chúirt ar an achomharc), beidh an duine ar díríodh an treoir chuige ciontach i gcion agus dlífear ar é a ciontú go hachomair fíneáil nach mó ná £100 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £10 in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.

(3) (a) Ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, i dteannta fíneáil a ghearradh, más cuí leis an gcúirt agus an duine (dá ngairtear an gearánaí san alt seo) ar ina fhabhar a rinneadh an cinneadh, agus é féin nó ionadaí uaidh a bheith i láthair agus do thoiliú leis, suim a dhámhadh don ghearánaí nach mó ná cibé méid is dóigh leis an gcúirt a bheadh faighte ag an ngearánaí ón duine a ndearnadh an cinneadh ina aghaidh mar dhamáistí i leith luach saothair i ndáil leis an ábhar arb é ábhar an chinnidh é, ach nach mó in aon chás ná luach saothair 104 sheachtain.

(b) Íocfar leis an ngearánaí damáistí a dhámhfar faoi mhír (a).

(c) Is cosaint mhaith é in aon chaingean shibhialta a thionscnóidh an gearánaí maidir le luach saothair a luaitear i mír (a), an duine ciontaithe d'íoc suim a dámhadh faoin mír sin.

(d) Gan dochar d'aon cheart atá ag aon duine eile achomharc a dhéanamh, beidh de cheart ag an ngearánaí achomharc a dhéanamh go feadh méid na ndamáistí, chun na hArd-Chúirte nó (de réir mar a bheidh) chun an bhreithimh den Chúirte Cuarda ar ina chuaird atá ceantar (nó cuid de cheantar) an Bhreithimh den Chúirt Dúiche a rinne an dámhadh, agus is cinneadh críochnaitheach ar achomharc den sórt sin an cinneadh.

Dífhostú mar gheall ar ghníomh faoi alt 2.

25. —(1) I gcás fostaí a dhífhostú as a fhostaíocht go heisiatach nó go príomha toisc go ndearna sé, de mheon macánta, aon ní a shonraítear in alt 2 (d) (i) go 2 (d) (iv), beidh a fhostóir ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £100 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000, a chur air.

(2) In ionchúiseamh i gcion faoin alt seo is ar an bhfostóir a bheidh a chruthú don chúirt nárbh í an chúis dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an t-aonchúis nó an phríomhchúis a bhí leis an dífhostú.

(3) (a) Ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, más cuí léi agus an fostaí áirithe nó ionadaí uaidh a bheith i láthair agus do thoiliú leis—

(i) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an fostaí a athfhostú sa phost a bhí aige díreach sular dífhostaíodh é ar na téarmaí agus na coinníollacha ar a raibh sé fostaithe díreach sular dífhostaíodh é, maille le téarma go measfar gur thosaigh an t-athfhostú lá an dífhostaithe,

(ii) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an fostaí a athfhruiliú sa phost a bhí aige díreach sular dífhostaíodh é nó i bpost eile a bheadh réasúnta oiriúnach dó ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir, nó

(iii) fíneáil a ghearradh ar an duine ciontaithe, i dteannta fíneáil a gearradh faoi fho-alt (1), nach mó ná an méid a bheadh, i dtuairim na cúirte, faighte ag an bhfostaí ón bhfostóir áirithe mar luach saothair dá mba nár tharla an dífhostú.

(b) Íocfar leis an bhfostaí áirithe méid fíneála a gearradh faoi mhír (a).

(c) Gan dochar d'aon cheart a bheidh ag aon duine eile achomharc a dhéanamh, beidh de cheart ag an bhfostaí áirithe achomharc a dhéanamh go feadh méid na fíneála, chun na hArd-Chúirte nó (de réir mar a bheidh) chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar ina chuaird atá cean tar (nó aon chuid de cheantar) an Bhreithimh den Chúirt Dúiche a ghearr an fhíneáil, agus is cinneadh críochnaitheach ar achomharc den sórt sin an cinneadh.

(d) Is cosaint mhaith é in aon chaingean shibhialta a thionscnóidh an fostaí áirithe maidir leis an luach saothair a luaitear i mír (a) duine ciontaithe d'íoc fíneáil a gearradh faoin mír sin.

Forálacha is forlíonadh ar alt 25.

26. —(1) I gcás duine nár tionscnaíodh ionchúiseamh i gcion faoi alt 25 i ndáil lena dhífhostú do dhéanamh gearáin leis an gCúirt gur dífhostaíodh as a fhostaíocht é go heisiatach nó go príomha toisc go ndearna sé, de mheon macánta, ní a shonraítear in alt 2 (d) (i) go 2 (d) (iv), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas :

(a) imscrúdóidh an Chúirt an gearán agus éistfidh sí gach duine ar dealraitheach don Chúirt leas a bheith aige san ábhar agus ar mian leis go n-éistfí é;

(b) is go príobháideach a sheolfar imscrúdú faoin bhfo-alt seo ach seolfaidh an Chúirt an t-imscrúdú go poiblí má iarrann ceachtar de na daoine lena mbaineann uirthi sin a dhéanamh;

(c) i gcás imscrúdú faoin bhfo-alt seo a bheith á sheoladh go poiblí, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi go mbaineann aon chuid den imscrúdú le hábhar ar chóir, ar mhaithe le haon duine lena mbaineann, déileáil leis i modh rúin, an chuid sin den imscrúdú a sheoladh go príobháideach;

(d) más deimhin leis an gCúirt, tar éis an imscrúdaithe sin, go bhfuil bonn leis an ngearán, féadfaidh an Chúirt—

(i) a ordú go ndéanfaidh an fostóir áirithe an duine dífhostaithe a athfhostú sa phost a bhí aige díreach sular dífhostaíodh é ar na téarmaí agus na coinníollacha ar a raibh sé fostaithe díreach sular dífhostaíodh é, maille le téarma go measfar gur thosaigh an t-athfhostú lá an dífhostaithe,

(ii) a ordú go ndéanfaidh an fostóir áirithe an duine dífhostaithe a athfhruiliú sa phost a bhí aige díreach sular dífhostaíodh é nó i bpost eile a bheadh réasúnta oiriúnach dó ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir, nó

(iii) a threorú le hordú don fhostóir áirithe cibé cúiteamh a íoc leis an duine dífhostaithe a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach sna himthosca, ach nach mó in aon chás ná luach saothair 104 sheachtain;

(e) Féadfaidh fostóir nó duine dífhostaithe a ndearnadh ordú ina leith faoin bhfo-alt seo achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phointe dlí.

(2) Faoi réir fho-alt (5), mura ndéanfar ordú ón gCuirt faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh laistigh de dhá mhí ó dháta an ordaithe a dhéanamh (nó, i gcás achomharc faoi fho-alt (5) in aghaidh an ordaithe, laistigh de dhá mhí ó dháta an ordaithe ón gCúirt Chuarda ar an achomharc nó, i gcás achomharc faoi fho-alt (1) (e), laistigh de dhá mhí ó dháta an ordaithe ón Ard-Chúirt ar an achomharc), beidh an duine dar tugadh an treoir ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £100 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £10 in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.

(3) (a) Ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, más cuí léi agus an duine dífhostaithe nó ionadaí uaidh a bheith i lathair agus do thoiliú leis—

(i) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an duine dífhostaithe a athfhostú sa phost a bhí aige díreach sular dífhostaíodh é ar na téarmaí agus na coinníollacha ar a raibh sé fostaithe díreach sular dífhostaíodh é, maille le téarma go measfar gur thosaigh an t-athfhostú lá an dífhostaithe,

(ii) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an duine dífhostaithe a athfhruiliú sa phost a bhí aige díreach sular dífhostaíodh é nó i bpost eile a bheadh réasúnta oiriúnach dó ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir, nó

(iii) fíneáil a ghearradh ar an duine ciontaithe, i dteannta fíneáil a gearradh faoi fho-alt (2), nach mó ná an méid a bheadh, i dtuairim na cúirte, faighte ag an duine dífhostaithe ón bhfostóir áirithe mar luach saothair dá mba nár tharla an dífhostú.

(b) Íocfar leis an bhfostaí áirithe méid fíneála a gearradh faoi mhír (a).

(c) Gan dochar d'aon cheart a bheidh ag aon duine eile achomharc a dhéanamh, beidh de cheart ag an bhfostaí áirithe achomharc a dhéanamh go feadh méid na fíneála, chun na hArd-Chúirte nó (de réir mar a bheidh) chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar ina chuaird atá ceantar (nó aon chuid de cheantar) an Bhreithimh den Chúirt Dúiche a ghearr an fhíneáil, agus is cinneadh críochnaitheach ar achomharc den sórt sin an cinneadh.

(d) Is cosaint mhaith in aon chaingean shibhialta a thionscnóidh an fostaí áirithe maidir leis an luach saothair a luaitear i mír (a) duine ciontaithe d'íoc fíneáil a gearradh faoin mír sin.

(4) Ach amháin i gcás inar féidir cúis réasúnach a shuíomh, déanfar gearán faoin alt seo a thaisceadh tráth nach déanaí ná sé mhí ó dháta an dífhostaithe.

(5) Duine dá dtabharfar treoir in ordú faoi fho-alt (1) féadfaidh sé, d'ainneoin alt 17 d'Acht 1946, achomharc a dhéanamh in aghaidh an ordaithe chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar ina chuaird a sheolann an duine gnó.

Díospóidí a bhaineann le dífhostú faoi alt 3(4) a tharchur chun na Cúirte.

27. —(1) Féadfaidh duine a mbeidh díospóid ann i dtaobh alt 3 (4) a bheith sáraithe nó gan a bheith sáraithe i ndáil lena dhífhostú an díospóid a tharchur chun na Cúirte.

(2) I gcás a ndéanfar díospóid faoin alt seo a tharchur chun na Cúirte, bainfidh alt 26 leis an díospóid ionann is dá mba ghearán faoin alt sin í.

(3) Duine a ghlacfaidh i leith dífhostú áirithe sásamh a dámhadh faoi alt 9 nó 10 d'Acht 1974 nó faoi alt 7 den Acht um Dhífhostú Eagórach, 1977 , ní bheidh sé i dteideal sásamh a ghlacadh a dámhadh faoin Acht seo i leith an dífhostaithe sin, agus duine a ghlacfaidh i leith dífhostú áirithe sásamh a dámhadh faoin Acht seo ní bheidh sé i dteideal sásamh a ghlacadh a dámhadh faoi alt 9 nó 10 d'Acht 1974 nó faoi alt 7 den Acht um Dhífhostú Eagórach, 1977 , i leith an dífhostaithe sin.

Ceart an fhostaí, etc., chun faisnéise áirithe.

28. —(1) I gcás a mbeartóidh duine (dá ngairtear an fostaí san alt seo) díospóid a tharchur chun na Cúirte faoi alt 19, féadfaidh sé an fáth a bhí leis an ngníomh a gcreideann an fostaí gur idirdhealú é a fháil amach ón duine eile lena mbaineann agus tabharfaidh an duine eile sin an fáth i scríbhinn don fhostaí.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin foirmeacha a fhorordú a bheidh le húsáid chun críocha an ailt seo agus teorainneacha ama a shonrú chun fáthanna a thabhairt faoi fho-alt (1).

Leasú ar alt 1 d'Acht 1974.

29. —Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1974 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an Chúirt” :

“measfar go bhfolaíonn ‘dífhostú’ fostaí d'fhoirceannadh a conartha fostaíochta lena fostóir (cibé acu a tugadh nó nár tugadh fógra roimh ré faoin bhfoirceannadh don fhostóir) in imthosca ina raibh nó ina mbeadh, mar gheall ar iompar an fhostóra, an fostaí i dteideal an conradh a fhoirceannadh gan fógra den sórt sin a thabhairt, nó ina raibh nó ina mbeadh sé réasúnach aici sin a dhéanamh, agus forléireofar ‘dífhostaithe’ dá réir sin;”.

Leasú ar alt 9 d'Acht 1974.

30. —Leasaítear leis seo alt 9 (3) d'Acht 1974 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, más cuí léi agus an bhean dífhostaithe nó ionadaí uaithi a bheith i láthair agus do thoiliú leis—

(i) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an bhean dífhostaithe a athfhostú sa phost a bhí aici díreach sular dífhostaíodh í ar na téarmaí agus na coinníollacha ar a raibh sí fostaithe díreach sular dífhostaíodh í, maille le téarma go measfar gur thosaigh an t-athfhostú lá an dífhostaithe,

(ii) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an bhean dífhostaithe a athfhruiliú sa phost a bhí aici díreach sular dífhostaíodh í nó i bpost eile a bheadh réasúnta oiriúnach di ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir, nó

(iii) fíneáil a ghearradh ar an duine ciontaithe, i dteannta fíneáil a gearradh faoi fho-alt (1), nach mó ná an méid a bheadh, i dtuairim na cúirte, faighte ag an mbean dífhostaithe ón bhfostóir áirithe mar luach saothair dá mba nár tharla an dífhostú, ach nach mó in aon chás ná luach saothair 104 sheachtain.”.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1974.

31. —(1) Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad ailt 10 (1) (d), 10 (3) (a) agus 10 (4), faoi seach, d'Acht 1974 :

“(1) (d) más deimhin leis an gCuirt, tar éis an imscrúdaithe sin, go bhfuil bonn leis an ngearán, féadfaidh an Chúirt—

(i) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an bhean dífhostaithe a athfhostú sa phost a bhí aici díreach sular dífhostaíodh í ar na téarmaí agus na coinníollacha ar a raibh sí fostaithe díreach sular dífhostaíodh í, maille le téarma go measfar gur thosaigh an t-athfhostú lá an dífhostaithe,

(ii) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an bhean dífhostaithe a athfhruiliú sa phost a bhí aici díreach sular dífhostaíodh í nó i bpost eile a bheadh réasúnta oiriúnach di ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir, nó

(iii) a threorú le hordú don fhostóir cibé cúiteamh a íoc leis an mbean dífhostaithe a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach sna himthosca, ach nach mó in aon chás ná luach saothair 104 sheachtain.

(3) (a) Ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, más cuí léi agus an duine dífhostaithe nó ionadaí uaithi a bheith i láthair agus do thoiliú leis—

(i) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an bhean dífhostaithe a athfhostú sa phost a bhí aici díreach sular dífhostaíodh í ar na téarmaí agus na coinníollacha ar a raibh sí fostaithe díreach sular dífhostaíodh í, maille le téarma go measfar gur thosaigh an t-athfhostú lá an dífhostaithe,

(ii) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an bhean dífhostaithe a athfhruiliú sa phost a bhí aici díreach sular dífhostaíodh í nó i bpost eile a bheadh réasúnta oiriúnach di ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir, nó

(iii) fíneáil a ghearradh ar an duine ciontaithe, i dteannta fíneáil a gearradh faoi fho-alt (2), nach mó ná an méid a bheadh, i dtuairim na cúirte, faighte ag an mbean dífhostaithe ón bhfostóir áirithe mar luach saothair dá mba nár tharla an dífhostú, ach nach mó in aon chás ná luach saothair 104 sheachtain.

(4) Ach amháin i gcás inar féidir cúis réasúnach a shuíomh, déanfar gearán faoin alt seo a thaisceadh tráth nach déanaí ná sé mhí ó dháta an dífhostaithe.”.

Cosaint in ionchúisimh áirithe faoin Acht um Aitribh Oifige, 1958 .

32. —(1) Is cosaint mhaith in ionchúiseamh i gcion is sárú ar rialacháin faoi alt 13 den Acht um Aitribh Oifige, 1958 , an cosantóir do shuíomh chun sástacht na cúirte nach raibh sé réasúnach bheith ag súil go gcomhlíonfaí na rialacháin ag féachaint d'imthosca uile an cháis agus, go háirithe, don Acht seo a rith.

(2) Scoirfidh an t-alt seo d'éifeacht a bheith leis cúig bliana tar éis an chéad ordú a dhéanamh faoi alt 55 nó, mura mbeidh ach ordú amháin den sórt sin déanta, cúig bliana tar éis an t-ordú sin a dhéanamh.

Cumhacht na hArd-Chúirte urghaire a dheonú.

33. —(1) I gcás lena mbaineann an t-alt seo is dleathach don Ard-Chúirt urghaire a dheonú ar fhoriarratas ón Aire chun cosc a chur le hidirdhealú de chineál a bheidh sonraithe san ordú ón Ard-Chúirt a dhéanamh ag duine a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) Baineann an t-alt seo le cás ina ndeimhneoidh an tAire don Ard-Chúirt gur cosúil, tar éis don Chúirt cinneadh a dhéanamh in ábhar a tarchuireadh chuici faoi alt 20 (seachas faoi alt 20 (b)) go ndéanfar tuilleadh idirdhealaithe, go dtabharfar nó go bhféachfar le tabhairt go ndéanfar foilsiú nó taispeáint (de réir mar a bheidh), ag duine a ndearnadh an cinneadh i ndáil leis, den chineál is ábhar don chinneadh sin.

An Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta a bhunú.

34. —(1) Féadfaidh an Rialtas le hordú lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha ailt 34 go 52.

(2) Bunófar an lá bunaithe comhlacht dá ngairfear an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta (dá ngairtear “an Ghníomhaireacht” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(3) Bainfidh an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an nGníomhaireacht.

Feidhmeanna ginearálta na Gníomhaireachta.

35. —Beidh ag an nGníomhaireacht, i dteannta aon fheidhmeanna eile a shanntar di le haon fhoráil eile den Acht seo, na feidhmeanna ginearálta seo a leanas—

(a) oibriú chun deireadh a chur le hidirdhealú i ndáil le fostaíocht,

(b) comhionannas deiseanna d'fhir agus do mhná a chur ar aghaidh i ndáil le fostaíocht,

(c) oibriú Acht 1974 agus an Achta seo a choimeád faoi bhreithniú agus, aon uair a mheasfaidh sí gur gá é, tograí a chur faoi bhráid an Aire chun ceachtar de na hAchtanna sin, nó iad araon, a leasú.

Feidhmeanna áirithe de chuid an Aire a aistriú chun na Gníomhaireachta.

36. —(1) Beidh na feidhmeanna a thugtar don Aire le hailt 20, 21 (1) agus 33 agus le halt 7 (2) d'Acht 1974 arna n-aistriú, de bhua an ailt seo, chuig an nGnomhaireacht an lá bunaithe.

(2) Déanfar, an lá bunaithe agus dá éis, na tagairtí don Aire in ailt 19 (4) (b), 21 (2) (b), 21 (4) agus 24 (1), agus in ailt 7 (4) agus 8 (1) (b) d'Acht 1974, a fhorléiriú mar thagairtí don Ghníomhaireacht.

Gníomhaíochtaí taighde agus faisnéise.

37. —(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht cibé taighde a ghabháil de láimh nó faoina coimirce agus cibé gníomhaíochtaí a bhaineann le leathadh faisnéise a ghabháil de láimh nó faoina coimirce a mheasfaidh sí is gá agus is dealraitheach a bheith fóirsteanach chun aon cheann dá feidhmeanna a fheidhmiú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an Ghníomhaireacht treoirlínte nó cóid chleachtais i ndáil le hidirdhealú a dhréachtú agus a fhoilsiú mar fhaisnéis d'fhostóirí i ndáil le fostaíocht.

(3) Féadfaidh an Ghníomhaireacht táillí a bhaint amach as aon seirbhísí a sholáthróidh sí faoin alt seo.

Reachtaíocht a athbhreithniú.

38. —(1) I gcás ar dóigh, i dtuairim na Gníomhaireachta, d'oibriú nó d'éifeacht aon Acht lena mbaineann alt 14, nó aon fhoráil d'Acht den sórt sin nó aon ionstraim reachtúil arna déanamh faoi Acht den sórt sin feidhm a bheith aige, nó bheith ina bhac, ar dheireadh a chur le hidirdhealú i ndáil le fostaíocht nó ar chomhionannas deiseanna d'fhir agus do mhná a chur ar aghaidh i ndáil le fostaíocht, féadfaidh an Ghníomhaireacht más cuí léi, agus déanfaidh sí má éilíonn an tAire uirthi é, Acht, foráil nó ionstraim den sórt sin, nó oibriú nó éifeacht an chéanna, a athbhreithniú.

(2) D'fhonn cabhrú léi athbhreithniú a dhéanamh faoin alt seo, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le cibé ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí agus eagraíochtaí ceardchumann nó eagraíochtaí fostóirí is cuí léi.

(3) (a) I gcás a ndéanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú faoin alt seo féadfaidh sí tuarascáil a thabhairt don Aire ar an athbhreithniú, agus déanfaidh sí sin i gcás a mbeidh an t-athbhreithniú iarrtha ag an Aire.

(b) Féadfaidh tuarascáil faoin bhfo-alt seo moltaí a bheith inti go leasófar aon reacht, ionstraim reachtúil nó foráil riaracháin a athbhreithníodh amhlaidh.

Cumhacht na Gníomhaireachta imscrúduithe a sheoladh.

39. —(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, chun aon chríche a bhaineann le comhlíonadh a feidhmeanna, imscrúdú a sheoladh agus déanfaidh sí sin i gcás a n-iarrfaidh an tAire é.

(2) D'fhonn cabhrú léi imscrúdú áirithe a dhéanamh féadfaidh an Ghníomhaireacht, le ceadú an Aire, duine amháin nó níos mó a fhostú ag a bhfuil cáilíochtaí a measfaidh an Ghníomhaireacht baint a bheith acu leis an imscrúdú sin.

(3) Féadfaidh comhalta amháin nó níos mó den Ghníomhaireacht a bheidh údaraithe chuige sin ag an nGníomhaireacht imscrúdú a sheoladh.

(4) Ní sheolfar imscrúdú i ndáil leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla nó le Coimisinéirí na Státseirbhíse do roghnú duine lena cheapadh in oifig nó i bpost.

Téarmaí tagartha d'imscrúduithe.

40. —Ní sheolfaidh an Ghníomhaireacht imscrúdú go dtí go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a) ceapfaidh an Ghníomhaireacht téarmaí tagartha don imscrúdú nó, más imscrúdú é a d'iarr an tAire ar an nGníomhaireacht a sheoladh, ceapfaidh an tAire na téarmaí sin tar éis comhairle a ghlacadh leis an nGníomhaireacht;

(b) tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra go bhfuiltear chun imscrúdú a sheoladh trí fhógra a fhoilseofar i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a léitear sa Stát mura rud é go mbaineann na téarmaí tagartha le duine sonrach agus sa chás sin tabharfar an fógra i scríbhinn don duine sin.

Cumhacht na Gníomhaireachta faisnéis agus doiciméid a fháil agus finnéithe a thoghairm.

41. —(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, chun críocha imscrúdaithe, gach ní nó aon ní díobh seo a leanas a dhéanamh—

(a) a cheangal ar aon duine, trí fhógra a sheachadfar dó go pearsanta nó leis an bpost cláraithe, cibé faisnéis a bheidh sonraithe san fhógra agus a bheidh ag teastáil uaithi le haghaidh an imscrúdaithe a thabhairt di,

(b) a cheangal ar aon duine, trí fhógra a sheachadfar dó go pearsanta nó leis an bpost cláraithe, aon doiciméad sonrach faoina chumhacht nó faoina rialú a thabhairt ar aird di nó a chur chuici,

(c) finnéithe a ghairm, trí fhógraí a sheachadfar dóibh go pearsanta nó leis an bpost cláraithe, chun freastal os a comhair,

(d) na finnéithe a fhreastalóidh os a comhair a cheistiú.

(2) Ní sheachadfar fógra faoi fho-alt (1) mura mbeidh cead faighte ón Aire ag an nGníomhaireacht é a sheachadadh, nó mura sonróidh téarmaí tagartha an imscrúdaithe go gcreideann an Ghníomhaireacht maidir le duine a bheidh ainmnithe sna téarmaí tagartha—

(a) go bhfuil idirdhealú déanta nó á dhéanamh aige,

(b) go bhfuil mainniú déanta nó á dhéanamh aige clásal comhionannais faoi alt 4 a chomhlíonadh,

(c) go bhfuil alt 8 (1) nó alt 9 sáraithe aige,

(d) go raibh nó go bhfuil cleachtas ar siúl aige dá dtagraítear in alt 3 (2), nó

(e) go bhfuil mainneachtain déanta nó á déanamh aige clásal pá chomhionainn (de réir brí alt 7 d'Acht 1974) a chomhlíonadh.

(3) Beidh ag finné a fhreastalóidh os comhair na Gníomhaireachta agus ag duine a chuirfidh doiciméad chun na Gníomhaireachta nó a thabharfaidh faisnéis di teideal chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh aige dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(4) Beidh fógra faoi fho-alt (1) sínithe ag comhalta amháin ar a laghad den Ghníomhaireacht.

(5) Féadfaidh an Ghníomhaireacht cibé íocaíochtaí i leith cothabhála agus costas taistil a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí a íoc le duine a fhreastalóidh os a comhair mar fhinné.

Cion maidir le himscrúduithe, etc.

42. —(1) Duine—

(a) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh faisnéis a thabhairt don Ghníomhaireacht a d'iarr sí agus a sonraíodh i bhfógra faoi alt 41 (1) nó aon doiciméad a thabhairt ar aird don Ghníomhaireacht nó a chur chuici is doiciméad faoina chumhacht nó faoina rialú agus a d'iarr an Ghníomhaireacht i bhfógra den sórt sin air a thabhairt ar aird,

(b) ar é a thoghairm go cuí freastal mar fhinné os comhair na Gníomhaireachta, a mhainneoidh nó a dhiúltóidh freastal,

(c) a dhiúltóidh, agus é i láthair mar fhinné os comhair na Gníomhaireachta, mionn a ghlacadh nó dearbhasc a dhéanamh nuair a iarrfaidh an Ghníomhaireacht go dlíthiúil air sin a dhéanamh nó a dhiúltóidh aon cheisteanna a fhreagairt a n-iarrfaidh an Ghníomhaireacht go dlíthiúil freagra orthu, nó

(d) a dhéanfaidh aon ní arbh é a bheadh ann, dá mba chúirt bhreithiúnais an Ghníomhaireacht ag a raibh an chumhacht duine a chimiú mar gheall ar dhíspeagadh cúirte, díspeagadh ar an gcúirt sin,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000, a chur air, agus i gcás ar cion dá dtagraítear i míreanna (a) go (c) den fho-alt seo an cion féadfaidh an Chúirt a chiontóidh amhlaidh é a ordú dó an mhír áirithe a bheidh i gceist a chomhlíonadh.

(2) Má dhéanann duine dar seachadadh fógra faoi alt 41 (1) doiciméad a bheidh sonraithe san fhógra a athrú, a shochtadh, a cheilt nó a dhíothú nó má thugann sé ráiteas bréagach le linn faisnéis a bheidh sonraithe san fhógra a thabhairt don Ghníomhaireacht, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Moltaí agus tuarascálacha ón nGníomhaireacht.

43. —(1) Tar éis di nó le linn di imscrúdú a dhéanamh féadfaidh an Ghníomhaireacht moltaí a eascróidh as an imscrúdú a dhéanamh d'aon duine (lena n-áirítear an tAire) chun feidhm ghinearálta amháin nó an dá fheidhm ghinearálta a shonraítear di in ailt 35 (a) agus 35 (b) a chur chun cinn.

(2) A luaithe is féidir tar éis di imscrúdú a sheoladh ullmhóidh an Ghníomhaireacht nó cuirfidh sí faoi deara go n-ullmhófar tuarascáil ar an imscrúdú, agus beidh i dtuarascáil den sórt sin aon chinntí de chuid na Gníomhaireachta a d'eascair as an imscrúdú.

(3) I gcás ar imscrúdú a d'éiligh an tAire an t-imscrúdú cuirfear cóip den tuarascáil iomchuí faoin alt seo chuig an Aire a luaithe is féidir tar éis í a ullmhú.

(4) Cuirfidh an Ghníomhaireacht nó (i gcás tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (3)) an tAire faoi deara, a luaithe is féidir tar éis fo-alt (2) agus (i gcás ar iomchuí é) fo-alt (3) a bheith comhlíonta, tuarascáil faoin alt seo a fhoilsiú nó a chur ar fáil ar dhóigh eile don phobal agus tabharfaidh sí fógra don phobal go bhfuil an tuarascáil sin foilsithe nó ar fáil.

(5) Ní dhéanfar aon fhaisnéis a gheobhaidh an Ghníomhaireacht de bhua na gcumhachtaí a thugtar di le halt 41 maidir le haon eagraíocht oibrithe nó aon duine nó maidir leis an ngnó a sheolann aon duine, agus nach mbeidh ar fáil ar dhóigh eile, a chur i dtuarascáil faoin alt seo gan toiliú ón eagraíocht oibrithe nó ón duine lena mbaineann (mura mbeadh sé ar neamhréir le dualgais na Gníomhaireachta agus le cuspóir na tuarascála an fhaisnéis sin a bheith gan cur sa tuarascáil sin), agus ní dhéanfaidh aon duine a bhfuil baint aige le haon imeachtaí faoin Acht seo aon fhaisnéis den sórt sin a nochtadh gan an toiliú sin.

Fógra neamhidirdhealúcháin.

44. —(1) I gcás ar deimhin leis an nGníomhaireacht, le linn di nó tar éis di imscrúdú a sheoladh, maidir le duine—

(a) go bhfuil idirdhealú déanta nó á dhéanamh aige,

(b) go bhfuil mainniú déanta nó á dhéanamh aige clásal comhionannais faoi alt 4 a chomhlíonadh,

(c) go bhfuil alt 8 (1) nó alt 9 sáraithe aige,

(d) go raibh nó go bhfuil cleachtas ar siúl aige dá dtagraítear in alt 3 (2), nó

(e) go bhfuil mainneachtain déanta nó á déanamh aige clásal pá comhionainn (de réir brí alt 7 d'Acht 1974) a chomhlíonadh,

féadfaidh sí fógra neamh-idirdhealúcháin a sheirbheáil ar an duine sin.

(2) (a) I gcás a mbeartóidh an Ghníomhaireacht fógra neamhidirdhealúcháin a sheirbheáil, déanfaidh sí, sula seirbheálfaidh sí é, scéala i scríbhinn i dtaobh an bheartaithe sin aici a thabhairt don duine a mbeartaítear an fógra a sheirbheáil air,

(b) Sonróidh scéala faoin bhfo-alt seo an gníomh nó an neamhghníomh arb é an t-idirdhealú, an mhainneachtain, an sárú nó an cleachtas é agus cuirfidh in iúl don duine áirithe go dtig leis uiríolla a dhéanamh chun na Gníomhaireachta i dtaobh an bheartaithe laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe sa scéala.

(c) Féadfaidh duine a fuair scéala faoin bhfo-alt seo uiríolla a dhéanamh chun na Gníomhaireachta i dtaobh an fhógra neamh-idirdhealúcháin bheartaithe laistigh de 28 lá ó dháta an scéala a fháil.

(d) I gcás a ndéanfar uiríolla go cuí faoin bhfo-alt seo breithneoidh an Ghníomhaireacht iad sula seirbheálfaidh sí fógra neamh-idirdhealúcháin.

(3) Déanfaidh fógra neamh-idirdhealúcháin mar a leanas :—

(a) sonróidh sé an gníomh nó an neamhghníomh arb é an t-idirdhealú, an mhainneachtain, an sárú nó an cleachtas é,

(b) ceanglóidh sé ar an duine ar a seirbheálfar é gan an t-idirdhealú nó an sárú a dhéanamh nó (i gcás ar iomchuí é) an clásal pá chomhionainn (de réir brí alt 7 d'Acht 1974) nó an clásal comhionannais faoi alt 4 a chomhlíonadh,

(c) sonróidh sé, i gcás idirdhealú, na bearta a cheanglaíonn an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh an duine ar a seirbheálfar é le nach ndéanfaidh sé an t-idirdhealú, agus

(d) ceanglóidh sé ar an duine ar a seirbheálfar é a chur in iúl don Ghníomhaireacht, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, agus d'aon daoine eile a bheidh sonraithe amhlaidh cad iad na bearta atá déanta chun an fógra a chomhlíonadh agus aon fhaisnéis eile a bheidh sonraithe amhlaidh a thabhairt don Ghníomhaireacht laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh.

(4) Féadfar fógra neamh-idirdhealúcháin a sheirbheáil trína sheachadadh go pearsanta nó leis an bpost cláraithe.

Achomharc in aghaidh fógra neamh-idirdhealúcháin.

45. —(1) Féadfaidh duine ar ar seirbheáladh fógra neamh-idirdhealúcháin achomharc a dhéanamh chun na Cúirte laistigh de 42 lá ó dháta na seirbheála in aghaidh an fhógra nó aon cheanglais de chuid an fhógra.

(2) I gcás nach ndéanfar achomharc faoi fho-alt (1), tiocfaidh fógra neamh-idirdhealúcháin i ngníomh ar an tréimhse 42 lá dá dtagraítear san fho-alt sin a bheith caite.

(3) I gcás a mbeidh an Chúirt tar éis achomharc faoi fho-alt (1) a éisteacht, féadfaidh sí an fógra a dhaingniú go hiomlán nó go páirteach (fara leasú nó gan leasú ar an bhfógra) nó an t-achomharc a cheadú.

(4) I gcás a ndaingneoidh an Chúirt fógra neamh-idirdhealúcháin, tiocfaidh an fógra (arna dhaingniú amhlaidh go hiomlán nó go páirteach) i ngníomh cibé dáta a shocróidh an Chúirt.

(5) I gcás a gceadóidh an Chúirt achomharc faoi fho-alt (1), scoirfidh an fógra neamh-idirdhealúcháin a ndearnadh an t-achomharc ina aghaidh d'éifeacht a bheith leis.

Clár d'fhógraí neamh-idirdhealúcháin.

46. —Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht clár, a bheidh ar oscailt lena iniúchadh ag aon duine gach tráth réasúnach, de gach fógra neamh-idirdhealúcháin a bheidh tagtha i ngníomh.

Cumhacht na Gníomhaireachta urghairí a lorg.

47. —(1) I gcás lena mbaineann an t-alt seo is dleathach don Ard-Chúirt urghaire a dheonú, ar fhoriarratas ón nGníomhaireacht, chun cosc a chur le hidirdhealú de chineál a bheidh sonraithe san ordú ón Ard-Chúirt a dhéanamh ag duine a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) Baineann an t-alt seo le cás ina ndeimhneoidh an Ghníomhaireacht don Ard-Chúirt, sa tréimhse cúig bliana dar tosach an dáta a tháinig fógra neamh-idirdhealúcháin i ngníomh, gur cosúil go ndéanfaidh an duine ar seirbheáladh an fógra air tuilleadh idirdhealaithe nó tuilleadh sáraithe nó mainneachtana dá dtagraítear in alt 44 (1).

Cúnamh ón nGníomhaireacht i gcás tarchur áirithe chun na Cúirte nó chuig oifigeach comhionannais.

48. —(1) Duine a mheasfaidh idirdhealú a bheith á dhéanamh nó déanta ina leith ag duine eile, nó mainneachtain nó faillí a bheith á dhéanamh nó déanta ag an duine eile sin clásal pá chomhionainn (de réir brí alt 7 d'Acht 1974) nó clásal comhionannais faoi alt 4 a chomhlíonadh nó cinneadh nó ordú ón gCúirt faoi alt 21 nó 26 nó faoi alt 8 nó 10 d'Acht 1974 a fheidhmiú, féadfaidh sé cúnamh a iarraidh ar an nGníomhaireacht le tarchur a dhéanamh chun na Cúirte nó chuig oifigeach comhionannais.

(2) Más rud é, tar éis don Ghníomhaireacht iarratas faoi fho-alt (1) a bhreithniú, gur deimhin léi go bhfuil ceist thábhachtach prionsabail éirithe de bharr an iarratais, nó gur dealraitheach don Ghníomhaireacht nach réasúnach bheith ag ceapadh go bhféadfadh an t-iarratasóir an cás is ábhar don tarchur atá beartaithe a thíolacadh go leordhóthanach gan chúnamh, féadfaidh an Ghníomhaireacht, dá rogha féin, cúnamh a thabhairt don iarratasóir leis an tarchur a dhéanamh.

(3) Is é an cúnamh a thabharfar faoin alt seo cibé cúnamh is cuí leis an nGníomhaireacht, dá rogha féin.

Cuntais agus iniúchadh.

49. —(1) Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh sí.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus déanfar na cuntais sin, ar iad a bheith iniúchta amhlaidh, a thíolacadh (mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu) don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna de na cuntais iniúchta agus den tuarascáil a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil, etc.

50. —(1) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar a gníomhaíochtaí i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimhe sin dar críoch an dáta sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht don Aire aon fhaisnéis a iarrfaidh sé ó am go ham maidir lena gníomhaíochtaí.

Deontais don Ghníomhaireacht.

51. —(1) Féadfar deontas a íoc leis an nGníomhaireacht gach bliain airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, ina mbeidh cibé méid a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais i leith chaiteachais na Gníomhaireachta ag comhlíonadh a fheidhmeanna di.

(2) Féadfaidh an Ghníomhaireacht airgead a infheistiú ar cibé modh a cheadóidh an tAire.

Cumhacht na Gníomhaireachta airgead a fháil ar iasacht.

52. —Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le toiliú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a theastóidh uaithi chun soláthar a dhéanamh do chaiteachas reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.

Rialacháin.

53. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh le héifeacht a thabhairt don Acht seo.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil nach mbainfidh foráil áirithe (nó forálacha áirithe) den Acht seo a bheidh sonraithe sna rialacháin le ceapachán lena mbaineann an fo-alt seo.

(b) Baineann an fo-alt seo le ceapadh in oifig nó i bpost a bheidh sonraithe sna rialacháin agus a bheidh déanta nó le déanamh roimh dheireadh na tréimhse sé mhí ó thosach feidhme an ailt seo de dhroim roghnú arna dhéanamh ag na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla nó ag Coimisinéirí na Státseirbhíse.

Caiteachais.

54. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Tosach feidhme.

55. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas ailt 34 go 52) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

Gearrtheideal agus forléiriú.

56. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Acht 1974 agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.