|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Faoiseamh in aghaidh Caiteachais Airithe ar Aitreabh Cónaithe) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1979
| [EN] | ||
| [EN] |
AN CHEAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin | |
|
CUID I Leasuithe de dhroim Athruithe ar Rátaí Cánach | ||
I ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1979-80, agus do bhlianta measúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas: | ||
(a) in alt 1 (1), scriosfar an míniú ar “ráta tosaigh” (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977 ), | ||
(b) in alt 153 (1) (dd), scriosfar “nó rátaí” gach áit a bhfuil sé, | ||
(c) in alt 497, scriosfar “an ráta tosaigh nó” gach áit a bhfuil sé, agus “de réir mar is iomchuí”, agus | ||
(d) alt 525 (1), scriosfar fomhír (i) (a). | ||
|
CUID II Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta | ||
Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas: | ||
(a) in alt 138— | ||
(i) i bhfo-alt (1), in ionad “£1,730” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£2,230”, in ionad “£865” cuirfear “£1,115” agus in ionad “£1,845” cuirfear “£2,345”, agus | ||
(ii) i bhfo-alt (2), in ionad “£865” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£1,115” agus in ionad “£935” cuirfear “£1,185”, | ||
(b) in alt 141, i bhfo-alt (1A), in ionad “£240” cuirfear “£218”. |