|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL An Chomhairle) |
AN tACHT UM CHOMHAIRLE NÁISIÚNTA NA gCÁILÍOCHTAÍ OIDEACHAIS, 1979
| [EN] | ||||||
| [EN] |
AN DARA SCEIDEAL Boird Staidéar | |||||
1. Is iad a bheidh ar bhord staidéar an Stiúrthóir agus cibé líon de na comhaltaí eile is cuí leis an gComhairle agus féadfaidh sé, de rogha na Comhairle, gurb iad a bheidh air, ar leith ón Stiúrthóir, go páirteach daoine is comhaltaí den Chomhairle agus go páirteach daoine eile, nó daoine eile go heisiatach nach comhaltaí den Chomhairle. | ||||||
2. Féadfaidh an Chomhairle duine a cheapadh le bheith ina chathaoirleach ar bhord staidéar. | ||||||
3. Maidir le ceapadh duine ag an gComhairle chun bheith ina chomhalta de bhord staidéar beidh sin faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le téarmaí agus seilbh oifige an chomhalta) is cuí leis an gComhairle, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a fhorchur le linn di an ceapadh a dhéanamh. | ||||||
4. Féadfar cibé caiteachais taistil agus cothabhála a chinnfidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a íoc as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle le comhaltaí de bhord staidéir. | ||||||
5. Féadfaidh an Chomhairle tráth ar bith bord staidéar a dhíscaoileadh nó comhalta de bhord staidéar (seachas an Stiúrthóir) a chur ó bheith ina chomhalta den bhord. | ||||||
| ||||||