|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VIII Frithimghabháil) | Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1980
| [EN] |
Caibidil IX Cáin Ghnóchan Caipitiúil | ||
| [EN] |
Leasú ar na forálacha a bhaineann le daoine pósta san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . |
61. —Leasaítear leis seo an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin— | |
| [EN] | (a) in alt 2, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | ||
| [EN] | “(3) (a) Déanfar tagairtí san Acht seo do bhean phósta a chónaíonn lena fearchéile a fhorléiriú de réir fho-alt (1) d'alt 192 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , | ||
| [EN] | (b) Chun críocha mhír (a), forléireofar an tagairt san fho-alt sin (1) a dúradh do bhanchéile mar thagairt do bhean phósta.”, | ||
| [EN] | (b) in alt 13, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | ||
| [EN] | “(4) Más rud é, ar leith ó fho-alt (1), gur lú ná £500 an méid ar a mbeidh pearsa aonair inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil ina leith faoi alt 5 (1) do bhliain mheasúnachta (dá ngairtear “an méid céadluaite” ina dhiaidh seo san fho-alt seo), agus go bhfuil céile na pearsan aonair (ar bean phósta í a chónaíonn lena fearchéile, nó arb é an fearchéile sin é, aon tráth le linn na bliana measúnachta sin), ar leith ó fho-alt (1), inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil ar aon mhéid don bhliain sin, beidh éifeacht le halt 16 (1) i ndáil leis an gcéile ionann is dá ndéanfaí an tsuim £500 a luaitear ann a mhéadú méid is ionann agus an difríocht idir an méid céadluaite agus £500.”, | ||
| [EN] | (c) in alt 25 (9A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ), tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann le mír (b): | ||
| [EN] | “Ar choinníoll nach bhféadfaidh níos mó ná teach cónaí (nó cuid de theach cónaí) amháin cáiliú le haghaidh faoisimh mar gur áit chónaí gaoil chleithiúnaigh de chuid an éilitheora é aon tráth áirithe.”, agus | ||
| [EN] | (d) i mír 10 de Sceideal 4, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2): | ||
| [EN] | “(2) Beidh feidhm ag alt 196 (forálacha speisialta maidir le cáin ar ioncam banchéile) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil mar atá feidhm aige i ndáil le cáin ioncaim.”. | ||
| [EN] |
Tagairtí do sterling san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a scriosadh. |
62. —Leasaítear leis seo an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin— | |
| [EN] | (a) in alt 7 (1), trí “agus sterling” a scriosadh i mír (b), agus | ||
| [EN] | (b) in alt 46, trí “ná i sterling” i bhfo-alt (6) a scriosadh, | ||
| [EN] | agus tá an mhír sin (b) agus an fo-alt sin (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
|