An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID IV Cáin Fháltas Caipitiúil)

14 1980

AN tACHT AIRGEADAIS, 1980

CUID III

Cáin Bhreisluacha

Méadú ar an ráta cánach ar earraí agus seirbhísí áirithe.

80. —Maidir le hearraí a sholáthrófar nó a allmhaireofar, nó seirbhísí a sholáthrófar, an 1ú lá de Bhealtaine, 1980, nó dá éis—

(a) beidh éifeacht le halt 11 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ) den Acht Cánach Breisluacha, 1972 , ionann is dá gcuirfí an mhír seo a leanas in ionad mhír (c):

“(c) 25 faoin gcéad den mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar aon earraí nó seirbhísí seachas earraí nó seirbhísí ar ar inmhuirearaithe cáin de réir cheachtar de na rátaí a shonraítear i míreanna (a) agus (b) nó atá luaite sa Chéad Sceideal, ach lena n-áirítear gléasanna glacadóireachta raidió ar de chineál tís nó de chineál iniompair iad nó ar de chineál iad atá oiriúnach lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair agus ar ghramafóin, radaghramafóin agus seinnteoirí ceirníní.”, agus

(b) beidh éifeacht le halt 49 den Acht Airgeadais, 1979 , ionann is dá ndéanfaí na focail “an ráta cánach breisluacha ar ghléasanna glacadóireachta raidió ar de chineál tís nó de chineál iniompair iad nó ar de chineál iad atá oiriúnach lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair, agus ar ghramafóin, radaghramafóin agus seinnteoirí ceirníní, a mhéadú ó 10 faoin gcéad den méid nó den luach, cibé acu é, ar inmhuirearaithe cáin ar na hearraí sin ina leith go dtí 20 faoin gcéad den méid nó den luach sin agus, dá réir sin,” a scriosadh agus na focail “an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 , a leasú” a chur in ionad na bhfocal “leasófar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972

Leasú ar alt 8 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 .

81. —Déantar leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Bhealtaine, 1980, alt 8 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ), a leasú—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e) d'fho-alt (3):

“(e) duine, seachas duine lena mbaineann mír (a), (b), (c) nó (d), nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán i leith earraí agus seirbhísí inchánach arna soláthar aige thar £3,000 in aon tréimhse arb éard í 6 thréimhse inchánach chomhleanúnacha”, agus

(b) trí “, (3) (e)” a chur isteach i ndiaidh “(3) (b) (iii)” agus trí “aon cheann” a chur in ionad “ceachtar” i bhfo-alt (4) mar a bhfuil an focal sin san fho-alt sin agus tá an fo-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(4) Más rud é, de bhua fho-alt (3) nó (6), nach raibh duine ina dhuine inchánach, agus go dtarlóidh athrú imthosca a leanfaidh thar dheireadh na tréimhse inchánach díreach i ndiaidh na tréimhse inchánach nó na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (b) (iii), 3 (e) nó (9), cibé acu é, ina dtarlóidh an t-athrú sin agus gurb é a thiocfaidh de nach féidir a mheas a thuilleadh, chun críocha an Achta seo, nach duine inchánach é de bhua aon cheann de na fo-ailt sin, measfar, chun na gcríocha sin, gur duine inchánach é díreach tar éis deireadh na tréimhse inchánach sin is túisce a luaitear.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 .

82. —Leasaítear leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1980, an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xv):

“(xv) glacadh geallta atá faoi réir na dleachta máil a forchuireadh le halt 24 den Acht Airgid, 1926 , agus geallta i gcás inar rás capall nó rás cúnna an beart atá faoi réir an ghill agus gur ag an gcruinniú ag a mbeidh an rás sin ar siúl agus san áit ina mbeidh an cruinniú sin ar siúl a chuirfear an geall;”.