|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Cáin Bhreisluacha) | Ar Aghaidh (CUID V Dleachtanna Stampa) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1980
|
CUID IV Cáin Fháltas Caipitiúil | ||
| [EN] |
Leasú ar alt 19 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 . |
83. —Beidh éifeacht le halt 19 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , maidir le bronntanas nó oidhreacht arna ghlacadh an 1ú lá d'Aibreán, 1980, nó dá éis, ionann is dá gcuirfí “£150,000” in ionad “£100,000” gach áit a bhfuil sé. |
| [EN] |
Leasú ar alt 35 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 . |
84. —Beidh éifeacht le halt 35 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , maidir le bronntanas arna ghlacadh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, nó dá éis, nó le hoidhreacht arna glacadh an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas isteach i ndiaidh “sa cháin” i bhfo-alt (7) “mura rud é— |
| [EN] | (a) gurb é an duine deiridh sin an deontaí nó an comharba dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (1) agus gur leas teoranta an leas atá glactha aige, nó | |
| [EN] | (b) sa chás dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin (1), gurb é an duine deiridh sin an t-aistrí agus gur leas teoranta an leas atá glactha ag an bhfuíollaí”. |