An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VII Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (Caibidil IX Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

14 1980

AN tACHT AIRGEADAIS, 1980

Caibidil VIII

Frithimghabháil

Leasú ar alt 516 (pionós mar gheall ar ráiteas bréagach chun liúntas a fháil) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

59. —I ndáil le cionta a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith, cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 516 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“516.—Duine—

(a) a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll breágach—

(i) in aon tuairisceán nó ráiteas maidir le cáin, nó

(ii) chun aon liúntas, laghdú, lacáiste nó aisíoc cánach a fháil dó féin nó d'aon duine eile,

(b) a chabhróidh agus a neartóidh nó a chuideoidh le duine eile, nó a ghríosóidh nó a aslóidh duine eile, go feasach agus go toiliúil—

(i) chun cuntas, tuairisceán, liosta, dearbhú nó ráiteas a bheidh bréagach nó calaoiseach a dhéanamh nó a sheachadadh maidir le maoin, brabúis nó gnóchain nó maidir le cáin, nó

(ii) chun dliteanas cánach a sheachaint go neamhdhleathach trí gan méid iomlán a ioncaim ó gach bunadh a nochtadh,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí a chur air.”.

Leasú ar alt 34 (doiciméid agus taifid a iniúchadh) den Acht Airgeadais, 1976 .

60. —Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2)  (a) Féadfaidh oifigeach údaraithe, gach tráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh nó áit ina seoltar aon trádáil nó ina gcleachtar aon ghairm nó ina ndéantar aon ní i ndáil leis an trádáil nó leis an ngairm agus—

(i) féadfaidh sé a cheangal ar an duine a sheolann an trádáil nó a chleachtann an ghairm, nó ar aon duine san áitreabh nó san áit sin atá fostaithe ag an duine a sheolann an trádáil nó a chleachtann an ghairm, aon leabhair, taifid, cuntais nó doicméid eile a bhaineann leis an trádáil nó leis an ngairm a thabhairt ar aird agus féadfaidh sé aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a bhaineann leis an trádáil nó leis an ngairm a thabhairt as agus a choimeád go ceann cibé tréimhse is réasúnach lena scrúdú,

(ii) féadfaidh sé aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na leabhair, de na taifid, de na cuntais nó de na doiciméid eile sin nó sleachta a thógáil astu,

(iii) féadfaidh sé scrúdú a dhéanamh ar aon mhaoin a bheidh ar liosta in aon chláir chomhardaithe nó cláir stoic nó in aon ráitis eile den sórt sin,

(iv) féadfaidh sé a cheangal ar an duine a sheolann an trádáil nó a chleachtann an ghairm, nó ar aon duine san áitreabh nó san áit sin atá fostaithe ag an duine a sheolann an trádáil nó a chleachtann an ghairm, gach cúnamh réasúnach a thabhairt don oifigeach údaraithe.

(b) Ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine a chleachtann gairm, nó ar aon duine atá fostaithe ag duine a chleachtann gairm, aon doiciméid a bhaineann le cliant a thabhairt ar aird d'oifigeach údaraithe, seachas cibé doiciméid—

(i) a bhaineann le táillí a íoc leis an duine a chleachtann an ghairm nó le hidirbhearta airgeadais eile de chuid an duine a chleachtann an ghairm, nó

(ii) a bhaineann ar dhóigh eile go hábhartha le dliteanas cánach an duine a chleachtann an ghairm,

agus, go háirithe, ní cheanglófar air aon fhaisnéis nó comhairle ghairmiúil de ghné rúnda a tugadh do chliant a nochtadh.”.