|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Comhaontuithe Fruilcheannaigh) | Ar Aghaidh (CUID V Mífhaisnéis) |
AN tACHT UM DHÍOL EARRAÍ AGUS SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ, 1980
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV Soláthar Seirbhísí | |
| [EN] |
Gealltanais intuigthe maidir le cáilíocht seirbhíse. |
39. —Faoi réir alt 40, beidh na téarmaí seo a leanas intuigthe i ngach conradh chun seirbhís a sholáthar i gcás a mbeidh an soláthróir ag gníomhú i gcúrsa gnó— |
| [EN] | (a) go mbeidh an scil ag an soláthróir is gá chun an tseirbhís a thabhairt, | |
| [EN] | (b) go ndéanfaidh sé an tseirbhís a sholáthar le scil, cúram agus dúthracht chuí, | |
| [EN] | (c) má úsáidtear ábhair, gur ábhair iad a bheidh slán agus oiriúnach go réasúnach chun na críche dá n-éilítear iad, agus | |
| [EN] | (d) má sholáthraítear earraí faoin gconradh, gur earraí iad a bheidh i riocht díola de réir bhrí alt 14(3) d'Acht 1893 (a chuirtear isteach le halt 10 den Acht seo). | |
| [EN] |
Téarmaí intuigthe a eisiamh. |
40. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, féadfar aon téarma i gconradh ar téarma intuigthe é de bhua alt 39 a chealú nó a athrú le téarma sainráite de chuid an chonartha nó i gcúrsa déileála idir na páirtithe nó le gnáthamh, más de chineál an gnáthamh go gcuireann sé ceangal ar an dá pháirtí sa chonradh, ach amháin i gcás ar mar thomhaltóir a dhéileálfaidh faighteoir na seirbhíse go gcaithfear a thaispeáint gur téarma cóir réasúnach an téarma sainráite agus go bhfuil sé tugtha d'aire an fhaighteora go sonrach. |
| [EN] | (2) Ní chuirfidh téarma sainráite téarma a bheidh intuigthe leis an gCuid seo ar ceal mura mbeidh sé ar neamhréir leis. | |
| [EN] | (3) An tagairt i bhfo-alt (1) do théarma a chealaíonn nó a athraíonn téarma is intuigthe de bhua alt 39, is tagairt í do théarma a airbheartaíonn oibriú aon fhorála den alt sin, nó feidhmiú cirt a thugtar le haon fhoráil den alt sin, nó aon dliteanas a bheidh ar an soláthróir mar gheall ar théarma a shárú is intuigthe le haon fhoráil den alt sin, a eisiamh nó a shrianadh nó a mbeidh d'éifeacht leis eisiamh nó srianadh den sórt sin a dhéanamh. | |
| [EN] | (4) Aon tagairt san alt seo do théarma i gconradh folaíonn sí tagairt do théarma atá, cé nach téarma é atá i gconradh, corpraithe sa chonradh ag téarma eile den chonradh. | |
| [EN] | (5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo neamhbhailí— | |
| [EN] | (a) téarma i gcomhaontú chun leictreachas a sholáthar a dhíolmhaíonn an soláthróir ó dhliteanas (a thig ar shlí eile seachas faillí dá chuid féin) mar gheall ar bhriseadh, athrú nó locht ar an soláthar; | |
| [EN] | (b) téarma i gcomhaontú i leith iompar idirnáisiúnta paisinéirí nó earraí ar talamh, ar farraige nó san aer, lena n-áirítear comhaontú idir páirtithe ar sa Stát atá a n-áiteanna gnó nó a dtithe cónaithe. | |
| [EN] | (6) Ní bhainfidh alt 39 le conradh chun paisinéirí nó earraí a iompar ar talamh, ar farraige, san aer nó ar uisce-bhealach intíre ó áit amháin go háit eile laistigh den Stát go dtí cibé dáta a fhorálfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Iompair, cibé acu i ndáil le conarthaí den sórt sin i gcoitinne nó i ndáil le conarthaí d'aicme a mhínítear san ordú i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle amhlaidh. | |
| [EN] |
Ráitis a airbheartaíonn cearta faighteora seirbhíse a shrianadh. |
41. —(1) Bainfidh fo-ailt (2) agus (3) le haon ráiteas ar dóigh go nglacfar leis go dtaispeánann sé go ndéantar ceart nó feidhmiú cirt a thugtar le halt 39 nó dliteanas a thig de bhua an ailt sin a shrianadh nó a eisiamh seachas faoi alt 40. |
| [EN] | (2) Is cion ag duine aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh i gcúrsa gnó i ndáil le ráiteas dá dtagraíonn fo-alt (1): | |
| [EN] | (a) fógra ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a thaisealbhadh in aon chuid d'aon áitreabh, nó | |
| [EN] | (b) fógrán ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a fhoilsiú nó a chur faoi deara é a fhoilsiú, nó | |
| [EN] | (c) earraí, nó earraí i gcoimeádán, ar a mbeidh aon ráiteas den sórt sin a sholáthar, nó | |
| [EN] | (d) doiciméad ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a thabhairt, nó a chur faoi deara é a thabhairt, ar aon slí eile. | |
| [EN] | (3) Chun críocha an ailt seo déileálfar le ráiteas á chur in iúl nach malartófar earraí, nó nach n-aisíocfar airgead, nó nach dtabharfar ach nótaí creidmheasa in aghaidh earraí a tugadh ar ais, mar ráiteas lena mbaineann fo-alt (1) mura mbeidh sé cáilithe chomh soiléir sin nach bhféadfar é a fhorléiriú mar ráiteas is infheidhme in imthosca ina mbeidh faighteoir na seirbhíse ag iarraidh ceart a fheidhmiú a thugtar le haon cheann d'fhorálacha alt 39. | |
| [EN] | (4) Is cion ag duine earraí, nó earraí i gcoimeádán, ar a mbeidh, nó aon doiciméad ina mbeidh, aon ráiteas, a thabhairt i gcúrsa gnó d'fhaighteoir seirbhíse, gan spleáchas d'éifeacht dhlíthiúil an ráitis, a leagann amach, a theorannaíonn nó a thuairiscíonn cearta a thugtar don fhaighteoir nó dliteanais maidir leis an bhfaighteoir i ndáil le hearraí a fuair sé nó aon ráiteas ar dóigh go nglacfar leis mar ráiteas den sórt sin mura mbeidh dearbhú soiléir suntasach ag gabháil leis an ráiteas sin nach dochar ar aon slí do na cearta conarthacha atá ag an bhfaighteoir de bhua alt 39 an ráiteas iomchuí. | |
| [EN] |
Easaontacht dlíthe. |
42. —I gcás arbh é dlí na hÉireann, ar leith ó théarma á rá gur chóir gurbh é dlí tíre éigin eile nó téarma sa chéill chéanna, dlí cuí chonradh chun seirbhís a sholáthar i gcúrsa gnó nó i gcás téarma a bheith in aon chonradh den sórt sin a airbheartóidh forálacha de chuid dlí tíre éigin eile a chur in ionad fhorálacha uile, nó aon cheann d'fhorálacha, ailt 39 agus 40, nó arb é a éifeacht sin a dhéanamh, bainfidh na hailt sin, d'ainneoin an téarma sin, leis an gconradh. |