An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Soláthar Seirbhísí) Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach)

16 1980

AN tACHT UM DHÍOL EARRAÍ AGUS SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ, 1980

CUID V

Mífhaisnéis

“Conradh”.

43. —Sa Chuid seo ciallaíonn “conradh” conradh chun earraí a dhíol, comhaontú fruilcheannaigh, comhaontú chun earraí a ligean lena mbaineann alt 38 nó conradh chun seirbhís a sholáthar.

Urchoisc áirithe ar chealú mar gheall ar mhífhaisnéis neamhurchóideach a chur ar neamhní.

44. —I gcás a ndearna duine conradh tar éis mífhaisnéis a bheith tugtha dó, agus

(a) go bhfuil an mhífhaisnéis tagtha chun bheith ina théarma den chonradh, nó

(b) go bhfuil an conradh comhlíonta,

nó iad araon, ansin, dá mbeadh sé i dteideal diomaite de sin an conradh a chealú gan calaois a líomhnú, beidh sé i dteideal amhlaidh, ach sin faoi réir fhorálacha na Coda seo d'ainneoin na nithe a luaitear i míreanna (a) agus (b).

Damáistí mar gheall ar mhífhaisnéis.

45. —(1) I gcás a ndearna duine conradh tar éis mífhaisnéis a bheith tugtha dó ag páirtí eile sa chonradh sin agus gur bhain caillteanas dó dá bharr, ansin, dá ndlífí damáistí ina leith den duine a thug an mhífhaisnéis dá mba go calaoiseach a thabharfaí an mhífhaisnéis, beidh an duine sin faoi dhliteanas amhlaidh d'ainneoin nach go calaoiseach a tugadh an mhífhaisnéis, mura gcruthóidh sé go raibh foras réasúnach aige chun a chreidiúint agus gur chreid sé go dtí an tráth a rinneadh an conradh gurbh fhíor an fhaisnéis a tugadh.

(2) I gcás a ndearna duine conradh tar éis mífhaisnéis a bheith tugtha dó seachas go calaoiseach, agus go mbeadh sé i dteideal, de bharr na mífhaisnéise, an conradh a chealú, ansin, má éilítear in aon imeachtaí a thig de bharr an chonartha gur cheart an conradh a chealú nó go bhfuil sé cealaithe, féadfaidh an chúirt a dhearbhú go bhfuil an conradh ar marthain agus damáistí a dhámhadh in ionad an chealaithe, más í a tuairim go mbeadh sé cothromasach sin a dhéanamh, ag féachaint do chineál na mífhaisnéise agus don chaillteanas a bheadh ann dá bharr dá seasfaí leis an gconradh, agus ag féachaint freisin don chaillteanas a bhainfeadh don pháirtí eile mar gheall ar an gcealú.

(3) Féadfar damáistí a dhámhadh in aghaidh duine faoi fho-alt (2) cibé acu atá damáistí dlite de faoi fho-alt (1) nó nach bhfuil, ach i gcás a mbeidh damáistí dlite de amhlaidh cuirfear aon dámhachtain faoi fho-alt (2) i gcuntas le linn a dhliteanas faoi fho-alt (1) a mheasúnú.

Forálacha áirithe lena n-eisiatar dliteanas mar gheall ar mhífhaisnéis a neamhniú.

46. —(1) Má bhíonn foráil in aon chomhaontú (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) a dhéanfadh eisiamh nó srianadh—

(a) ar aon dliteanas a mbeadh páirtí i gconradh faoina réir mar gheall ar aon mhífhaisnéis a thug sé sula ndearnadh an conradh, nó

(b) ar aon leigheas a bheadh ar fáil ag páirtí eile sa chonradh mar gheall ar mhífhaisnéis den sórt sin,

ní bheidh an fhoráil sin inchurtha i bhfeidhm mura dtaispeánfar í a bheith cóir réasúnach.

(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) difear d'aon cheart chun easaontas a chur chun eadrána.