An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Mífhaisnéis) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Téarmaí Córa Réasúnacha)

16 1980

AN tACHT UM DHÍOL EARRAÍ AGUS SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ, 1980

CUID VI

Ilghnéitheach

Earraí gan iarraidh.

47. —(1) I gcás—

(a) a gcuirfear earraí gan iarraidh chuig duine d'fhonn go bhfaighidh sé iad agus go nglacfaidh sé leo, agus

(b) nár chomhaontaigh an faighteoir iad a fháil ná iad a thabhairt ar ais,

agus—

(i) nár ghlac an seoltóir seilbh ar na hearraí i rith na tréimhse sé mhí i ndiaidh an dáta a fuarthas iad agus nár dhiúltaigh an faighteoir go míréasúnach cead a thabhairt don seoltóir sin a dhéanamh, nó

(ii) gur thug an faighteoir fógra don seoltóir 30 lá ar a laghad roimh dhul in éag don tréimhse sin agus, i rith na 30 lá ina dhiaidh sin, nár ghlac an seoltóir seilbh ar na hearraí agus nár dhiúltaigh an faighteoir go míréasúnach cead a thabhairt don seoltóir sin a dhéanamh,

ansin féadfaidh an faighteoir déileáil leis na hearraí amhail is dá mba bhronntanas neamhchoinníollach dó iad agus múchfar aon cheart a bhí ag an seoltóir chun na n-earraí.

(2) Is i scríbhinn a bheidh an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus dearbhóidh sé—

(a) ainm agus seoladh an fhaighteora agus an seoladh ina bhféadfaidh an seoltóir seilbh a ghlacadh ar na hearraí (murab é an seoladh céanna é) agus

(b) gur earraí nár iarradh na hearraí.

(3) Duine nach mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil ceart chun íocaíochta ann agus a dhéanfaidh, i gcúrsa aon ghnó, éileamh ar íocaíocht nó a dhearbhóidh ceart láithreach nó ceart ionchasach chun íocaíochta a bheith aige ar earraí arb eol dó gur earraí gan iarraidh iad a cuireadh chuig duine eile d'fhonn go bhfaigheadh seisean iad, beidh sé ciontach i gcion.

(4) Duine nach mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil ceart chun íocaíochta ann agus—

(a)  a bhagróidh imeachtaí dlí a thionscnamh,

(b)  a  chuirfidh ainm aon duine ar liosta mainnitheoirí nó féichiúnaithe nó a chuirfidh faoi deara é a chur ann nó a bhagróidh sin a dhéanamh, nó

(c)  a agróidh aon nós imeachta bailiúcháin nó a chuirfidh faoi deara é a agairt nó a bhagróidh sin a dhéanamh,

i gcúrsa aon ghnó agus d'fhonn aon íocaíocht a fháil ar earraí arb eol dó nó ar cheart gurb eol dó gur earraí gan iarraidh iad,

beidh sé ciontach i gcion.

(5) San alt seo—

folaíonn “fáil” fruiliú,

folaíonn “seoladh” seachadadh,

folaíonn “seoltóir” aon duine ar thar a cheann nó le toiliú uaidh a sheoltar na hearraí agus aon duine eile a dhéanann éileamh tríd an seoltóir nó aon duine den sórt sin nó faoi,

ciallaíonn “gan iarraidh”, i ndáil le hearraí a sheolfar chuig aon duine, go bhfuil siad á seoladh gan aon iarraidh roimh ré uaidh ná thar a cheann.

Taifid in eolaire.

48. —(1) Ní bheidh aon íocaíocht dlite de dhuine agus beidh sé i dteideal aon íocaíocht a ghnóthú a rinne sé ar mhodh muirir de bharr gur chuir sé taifead a bhaineann leis an duine sin nó lena thrádáil nó lena ghnó isteach in eolaire nó gur shocraigh sé é a chur isteach amhlaidh, mura mbeidh ordú nó nóta a chomhlíonann an t-alt seo sínithe aige nó thar a cheann agus, i gcás nóta aontaithe leis an muirear, go ndearnadh cóip den nóta a thabhairt dó lena choimeád sular síníodh an nóta.

(2) Ní foláir ordú ar thaifead in eolaire a dhéanamh trí fhoirm ordaithe nó trí stáiseanóireacht eile is leis an duine ar leis, nó ar lena thrádáil nó lena ghnó, a bhaineann an taifead agus a mbeidh ainm agus seoladh (nó ceann amháin nó níos mó de sheoltaí) an duine sin i gcló uirthi, agus ní foláir don nóta ina mbeidh aontú duine le muirear méid an mhuirir a lua díreach os cionn áit an tsínithe, agus

(a) ní foláir dó an t-eolaire nó an t-eolaire atá beartaithe a chéannú agus—

(i) an dáta a bheartaítear an t-eolaire a fhoilsiú nó dáta na heisiúna ina bhfuil an taifead le cur agus ainm agus seoladh an duine a chuireann amach é a lua,

(ii) má tá an t-eolaire nó an eisiúint sin le cur ar díol, an praghas ar a bhfuil sé le tairiscint chun díola agus an líon is lú cóipeanna a bheidh ar fáil lena ndíol a lua, agus

(iii) má tá an t-eolaire nó an eisiúint sin lena dháileadh in aisce (cibé acu atá sé le cur ar díol freisin nó nach bhfuil), an líon is lú cóipeanna a bheidh le dáileadh a lua agus

(b) ní foláir dó sonraí réasúnacha a thabhairt faoin taifead a mbeadh an muirear iníoctha ina leith.

(3) Beidh duine ciontach i gcion má éilíonn sé íocaíocht, nó má dhearbhaíonn sé ceart láithreach nó ceart ionchasach chun íocaíochta a bheith aige, in aghaidh muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó má dhéanann sé aon bheart mar thaca le héileamh ar íocaíocht, gan fios a bheith aige nó gan cúis réasúnach a bheith aige a chreidiúint maidir leis an taifead lena mbaineann an muirear gur ordaíodh é de réir an ailt seo nó go ndearnadh nóta ceart aontaithe a shíniú mar is cuí.

(4) San alt seo ní fholaíonn “eolaire” eolaire aibítreach an teileafóin a eisíonn an Roinn Poist agus Telegrafa.

Sonraisc.

49. —(1) Chun críocha ailt 47 (3) agus 48 (3), measfar, maidir le haon sonrasc nó le haon doiciméad dá shamhail a chuireann suim airgid in iúl amhail is dá mbeadh sí dlite, gur dearbhú ar cheart chun íocaíochta é.

(2) Féadfaidh an tAire a cheangal le hordú go mbeidh ar aon sonrasc nó ar aon doiciméad dá shamhail a luann méid aon íocaíochta ráiteas ar mhodh forordaithe agus ina mbeidh íosmhéid sonraithe, á rá nach bhfuil aon éileamh á dhéanamh chun na híocaíochta.

(3) Duine a eiseoidh sonrasc nó doiciméad dá shamhail nach gcomhlíonann ceanglais ordú faoi fho-alt (2) beidh sé ciontach i gcion.

Cumhacht chun glacadh le conradh a tharraingt siar.

50. —Féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú, faoi réir cibé coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú, i gcás conradh chun earraí a dhíol nó chun earraí a fhruiliú faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó faoi chomhaontú ligin lena mbaineann alt 38 nó chun seirbhís a sholáthar d'aicme a bheidh sonraithe san ordú a rinne duine i gcúrsa gnó in áit seachas a áit ghnó féin nó in imthosca sonraithe eile, go mbeidh tréimhse shonraithe ann a mbeidh an custaiméir i dteideal laistigh di an glacadh a thug sé i leith an chonartha a tharraingt siar.

Sonraí a cheanglaítear a bheith i gconarthaí, i ráthaíochtaí agus i scríbhinní a bhaineann leo.

51. —(1) Féadfaidh an tAire a cheangal le hordú, tar éis cibé comhchomhairle a mheasfaidh sé a bheith riachtanach, go ndéanfaidh duine a dhíolann aicme shonraithe earraí nó a sholáthraíonn aicme shonraithe seirbhíse cibé sonraí a bheidh sonraithe san ordú a chur in aon aicme shonraithe conartha nó in aon ráthaíocht, fógra nó scríbhinn eile i ndáil le conradh den sórt sin.

(2) Beidh duine a sháróidh ordú faoi fho-alt (1) ciontach i gcion.

Fógra maidir le foirm chaighdeánach conartha a úsáid.

52. —(1) Féadfaidh an tAire a cheangal le hordú, i ndáil le haon duine a bheidh ag gníomhú i gcúrsa gnó a sheolann sé agus a bhainfidh úsáid as foirm chaighdeánach conartha (arb éard é conradh chun earraí a dhíol, comhaontú fruilcheannaigh, comhaontú chun earraí a ligean nó conradh chun seirbhís a sholáthar), go dtabharfaidh sé cibé fógra don phobal a shonróidh an t-ordú á rá go bhfuil úsáid á bhaint aige as an bhfoirm chaighdeánach sin agus cibé acu atá nó nach bhfuil sé toilteanach conradh a dhéanamh ar aon téarmaí eile.

(2) Beidh duine a sháróidh ordú faoi fho-alt (1) ciontach i gcion.

Méid an chló i gconarthaí clóite agus i ndoiciméid eile.

53. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, i ndáil le hearraí nó seirbhísí i gcoitinne nó i ndáil le haon aicme shonraithe earraí nó seirbhísí, aon duine a dhíolann earraí den sórt sin nó a sholáthraíonn seirbhísí den sórt sin i gcúrsa gnó a thoirmeasc ar úsáid a bhaint as aon chonradh clóite nó ráthaíocht chlóite nó as aon doiciméad eile d'aicme shonraithe mura mbeidh sin clóite i gcló ina mbeidh cibé méid ar a laghad a bheidh forordaithe san ordú.

(2) I bhfo-alt (1) folaíonn tagairtí do chló clóscríobh, liteagrafaíocht, fótagrafaíocht agus modhanna eile chun focail a léiriú nó a mhacasamhlú i bhfoirm infheicthe.

(3) Beidh duine a sháróidh ordú faoi fho-alt (1) ciontach i gcion.

Conarthaí a cheanglaítear a bheith i scríbhinn.

54. —Féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú, i ndáil le hearraí nó seirbhísí d'aicme a thuairisceofar san ordú, gur i scríbhinn a bheidh conradh (arb éard é conradh chun earraí a dhíol, comhaontú chun earraí a ligean, seachas faoi chomhaontú fruilcheannaigh, nó conradh chun seirbhís a sholáthar) i gcás ar mar thomhaltóir a dhéileálfaidh an ceannaitheoir, an fruilitheoir nó faighteoir na seirbhíse, agus aon chonradh den aicme sin nach mbeidh i scríbhinn ní bheidh sé infheidhmithe in aghaidh an cheannaitheora, an fhruilitheora nó fhaighteoir na seirbhíse.

Feidhmeanna an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí.

55. —(1) Beidh na feidhmeanna breise seo a leanas ag an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí—

(a) cleachtais nó cleachtais bheartaithe i ndáil le haon cheann de na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar dhaoine le haon fhoráil den Acht seo a choimeád faoi bhreithniú ginearálta,

(b) scrúduithe a dhéanamh ar aon chleachtais nó cleachtais bheartaithe den sórt sin i gcás a measfaidh an Stiúrthóir, ar mhaithe leis an bpobal, gur chuí scrúduithe den sórt sin a dhéanamh nó i gcás a n-iarrfaidh an tAire amhlaidh é,

(c) a iarraidh ar dhaoine atá ag gabháil, nó a bheartaíonn dul ag gabháil, do chleachtais de shórt atá, nó ar dóigh dóibh a bheith, contrártha do na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu le haon fhoráil den Acht seo, scor de na cleachtais sin nó staonadh uathu.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú cibé feidhmeanna breise is cuí leis chun críocha an Achta seo a thabhairt don Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí.

Comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais.

56. —Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi alt 51, 52, 53, 54 nó 55 ach amháin tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais, i gcás a ndéanfadh an t-ordú difear don ghnó arna údarú le ceadúnas chun gnó baincéireachta a sheoladh a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , nó d'aon ghnó atá díolmhaithe le halt 7(4) den Acht sin.

Forléiriú ar ailt 9 agus 18 den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 .

57. —Forléireofar ailt 9 (6) (h) agus 18 den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 (ailt a bhaineann leis an Aire, le húdarás áitiúil nó leis an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí d'ionchúiseamh cionta) amhail is dá mba d'imeachtaí achoimre agus dóibh sin amháin a thagraíonn siad.