An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Ilghnéitheach)

16 1980

AN tACHT UM DHÍOL EARRAÍ AGUS SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ, 1980

AN SCEIDEAL

Téarmaí Córa Réasúnacha

Alt 2 (3).

1. Le linn bheith á chinneadh, chun críocha alt 13, 31, 40 nó 46 den Acht seo nó alt 55 d'Acht 1893 (a chuirtear isteach le halt 22 den Acht seo) an téarma cóir réasúnach téarma áirithe is í an triail a bheidh ann gur téarma cóir réasúnach é lena cur san áireamh ag féachaint do na himthosca a bhí, nó ar cheart dóibh le réasún a bheith, ar eolas nó ar intinn ag na páirtithe tráth an chonartha a dhéanamh.

2. Ní foláir aird a thabhairt go háirithe ar aon cheann díobh seo a leanas ar dealraitheach gur ní ábhartha é:

(a)  a  láidre atá staideanna margántaíochta na bpáirtithe i gcóimheas lena chéile, á cur san áireamh (i measc nithe eile) malairt bealaí ar ar féidir freastal ar riachtanais an chustaiméara;

(b)  ar aslaíodh an custaiméir chun aontú leis an téarma nó an raibh deis aige, agus é ag glacadh leis an téarma, conradh den tsamhail chéanna a dhéanamh le daoine eile, ach gan iallach a bheith air glacadh le téarma den tsamhail chéanna;

(c)  arbh eol don chustaiméir nó ar cheart le réasún gurbh eol dó go raibh an téarma ann agus cad a bhí cuimsithe ann (ag féachaint, i measc nithe eile, d'aon ghnás de chuid na trádála agus d'aon chúrsa déileála roimhe sin idir na páirtithe);

(d)  i gcás a ndéanann an téarma aon dliteanas ábhartha a eisiamh nó a shrianadh mura gcomhlíontar coinníoll éigin, ar ní réasúnach é, tráth an chonartha, bheith ag coinne gurbh indéanta an coinníoll sin a chomhlíonadh;

(e)  an ndearnadh aon earraí atá i gceist a mhonarú, a phróiseáil nó a oiriúnú ar ordú speisialta an chustaiméara.

3. Sa Sceideal seo—

folaíonn “conradh” “comhaontú”,

folaíonn “téarma” “comhaontú” agus “foráil”.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

Sale of Goods Act, 1893

1893, c. 71

An tAcht Fost-Cheannaigh, 1946

1946, Uimh. 16

Reacht na dTréimhsí, 1957

1957, Uimh. 6

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

An tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978

1978, Uimh. 1