An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Cuid II Saoire Mháithreachais) Ar Aghaidh (Cuid IV Achtacháin Eile a Leasú nó a Fheidhmiú)

2 1981

AN tACHT UM CHOSAINT MHÁITHREACHAIS D'FHOSTAITHE, 1981

Cuid III

An Ceart chun Dul ar Ais ag Obair

Ceart ginearálta chun dul ar ais ag obair ar dheireadh a bheith le saoire mháithreachais, etc.

20. —(1) Faoi réir na Coda seo, ar dheireadh a bheith le tréimhse a raibh fostaí lena mbaineann an Chuid seo as láthair ó obair ar a feadh le linn di bheith ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise, beidh sí i dteideal dul ar ais ag obair—

(a) leis an bhfostóir a raibh sí ag obair leis díreach roimh thosach na tréimhse sin nó, más rud é, le linn di bheith as láthair óna cuid oibre, gur tharla athrú úinéireachta ar an ngnóthas ina raibh sí fostaithe díreach sula raibh sí as láthair, le húinéir an ghnóthais ar dheireadh a theacht le tréimhse na hasláithreachta (dá ngairtear “an comharba” san Acht seo),

(b) sa phost a bhí aici díreach roimh thosach na tréimhse sin, agus

(c) faoin gconradh fostaíochta a raibh sí fostaithe faoi díreach roimh thosach na tréimhse sin, nó, i gcás ar tharla athrú úinéireachta den sórt dá dtagraítear i mír (a), faoi chonradh fostaíochta leis an gcomharba is ionann agus an conradh a raibh sí fostaithe faoi díreach roimh thosach na tréimhse sin, agus (i gceachtar cás) faoi théarmaí nó coinníollacha nach lú fabhar ná na téarmaí agus na coinníollacha a bheadh infheidhmithe ina cás dá mbeadh sí gan a bheith as láthair amhlaidh óna cuid oibre.

(2) Chun críche fho-alt (1) (b), más rud é nach é a gnáthphost nó an post is iondúil a bhíodh aici an post a bhí ag fostaí díreach roimh thosach na tréimhse a raibh sí as láthair ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise ar a feadh, beidh sí i dteideal dul ar ais ag obair ina gnáthphost nó sa phost is iondúil a bhíodh aici nó sa phost sin a luaithe is féidir gan í do shárú, ná gan a fostóir do shárú, forála de reacht nó d'ionstraim arna dhéanamh faoi reacht.

(3) San alt seo ciallaíonn “post”, i ndáil le fostaí, an cineál oibre a bhfuil sí fostaithe lena dhéanamh de réir a conartha fostaíochta agus na cáile agus na háite ina bhfuil sí fostaithe amhlaidh.

Ceart chun fostaíocht oiriúnach eile in imthosca áirithe ar dhul ar ais ag obair.

21. —(1) I gcás teideal a bheith ag fostaí dul ar ais ag obair de réir alt 20 ach nach indéanta le réasún dá fostóir nó don chomharba a cheadú di dul ar ais ag obair de réir an ailt sin, beidh sí i dteideal, faoi réir na Coda seo, go ndéanfadh a fostóir, an comharba nó fostóir comhlachaithe fostaíocht oiriúnach eile faoi chonradh nua fostaíochta a thairiscint di.

(2) Bainfidh na forálacha seo a leanas le conradh nua fostaíochta faoin alt seo:

(a) is obair de shaghas atá oiriúnach i ndáil leis an bhfostaí lena mbaineann agus is iomchuí di lena dhéanamh sna himthosca an obair a cheanglófar a dhéanamh faoi;

(b) maidir leis na téarmaí nó na coinníollacha a bhaineann leis an áit ina gceanglaítear an obair faoi a dhéanamh, leis an gcáil ina bhfostófar an fostaí lena mbaineann agus aon téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta, ní lú fabhar go substaintiúil di iad ná téarmaí agus coinníollacha a conartha fostaíochta díreach roimh thosach na tréimhse a raibh sí as láthair óna cuid oibre ar a feadh le linn di bheith ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise.

Fógra go bhfuiltear chun dul ar ais ag obair.

22. —(1) Beidh an teideal chun dul ar ais ag obair de réir alt 20, nó go dtairgfí fostaíocht oiriúnach eile faoi alt 21, faoi réir fostaí a bhí as láthair óna cuid oibre le linn di bheith ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise de réir an Achta seo do thabhairt fógra i scríbhinn, tráth nach déanaí ná ceithre sheachtain roimh an dáta is dóigh léi a rachaidh sí ar ais ag obair, dá fostóir (nó do chur faoi deara fógra a thabhairt dó amhlaidh) nó, i gcás arb eol di gur tharla athrú úinéireachta ar an ngnóthas lena mbaineann, don chomharba, go bhfuil sé ar intinn aici dul ar ais ag obair agus i dtaobh an dáta is dóigh léi a rachaidh sí ar ais ag obair.

(2) Déanfar fógra faoi fho-alt (1) a dhaingniú go hiardain i scríbhinn tráth nach luaithe ná ceithre sheachtain agus tráth nach déanaí ná dhá sheachtain roimh an dáta is dóigh leis an bhfostaí lena mbaineann go rachaidh sí ar ais ag obair.

Dui ar ais ag obair a chur siar.

23. —Más rud é, mar gheall ar stop leis an obair nó scor d'obair in ionad fostaíochta fostaí, a bheidh ann ar an dáta a bheidh sonraithe i bhfógra faoi alt 22 a thug sí, gur míréasúnach a bheith ag súil go rachadh fostaí ar ais ag obair ar an dáta a sonraíodh san fhógra, féadfaidh sí, ina ionad sin, dul ar ais ag obair nuair a atosófar ar an obair san ionad fostaíochta tar éis an stop nó an scoir, nó a luaithe is féidir le réasún tar éis an atosaithe sin.