An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Cuid III An Ceart chun Dul ar Ais ag Obair)

2 1981

AN tACHT UM CHOSAINT MHÁITHREACHAIS D'FHOSTAITHE, 1981

Cuid IV

Achtacháin Eile a Leasú nó a Fheidhmiú

Leasú ar alt 2(2) d'Acht 1977.

24. —Leasaítear leis seo alt 2(2) d'Acht 1977 (a shonraíonn dífhostuithe nach bhfuil feidhm ag an Acht sin i ndáil leo) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“,nó

(c) dífhostú i gcás a gcuirfidh fostóir an fhostaí in iúl don fhostaí i scríbhinn i dtosach na fostaíochta go gcuirfear deireadh leis an bhfostaíocht tar éis d'fhostaí eile atá as láthair óna cuid oibre le linn di bheith ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise nó ar shaor-am faoin Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 , teacht ar ais ag obair leis an bhfostóir sin, agus go dtarlóidh dífhostú an fhostaí chéadluaite i dtráth cuí le gurbh fhusaide don fhostaí eile sin teacht ar ais ag obair.”.

Leasú ar alt 6(2) d'Acht 1977.

25. —Leasaítear leis seo alt 6(2) d'Acht 1977 (a shonraíonn na nithe a thugann go measfar gur dífhostú éagórach dífhostú ar ceann ar bith de na nithe sin is cúis leis) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(g) fostaí lena mbaineann Cuid II den Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe. 1981 (seachas duine a shonraítear in alt 2(1) den Acht seo), d'fheidhmiú a cirt faoin Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 , chun saoire mháithreachais, saoire mháithreachais bhreise nó saor-am a bheith aici faoin Acht sin; ar choinníoll—

(i) nach mbainfidh an ceanglas maidir le seirbhís leanúnach bliana leis an bhfostóir a dhífhostaigh í i ndáil le cás laistigh den mhír seo, agus

(ii) nach mbainfidh ailt 3 agus 4 den Acht seo le cás den sórt sin.”.

Forálacha a bhaineann i gcás nach gceadaítear d'fhostaí dul ar ais ag obair.

26. —(1) Baineann an t-alt seo le fostaí atá i dteideal faoi Chuid III, tar éis di alt 22 a chomhlíonadh go cuí, dul ar ais ag obair ach nach gceadaíonn a fostóir, an comharba nó fostóir comhlachaithe di sin a dhéanamh, agus ar fostaí í lena mbaineann Acht dá dtagraítear san fho-alt iomchuí den alt seo.

(2) Chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1979, measfar fostaí lena mbaineann an t-alt seo a bheith dífhostaithe de bharr iomarcaíochta agus gurb é an dáta dífhostaithe an dáta a bheidh sonraithe san fhógra iomchuí faoi alt 22(1).

(3) Chun críocha an Achta um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 , measfar gur foirceannadh conradh fostaíochta fostaí lena mbaineann an t-alt seo ar an dáta a bheidh sonraithe san fhógra iomchuí faoi alt 22(1).

(4) Chun críocha Acht 1977, measfar gur dífhostaíodh fostaí lena mbaineann an t-alt seo ar an dáta a bheidh sonraithe san fhógra iomchuí faoi alt 22(1), agus measfar gur dífhostú éagórach an dífhostú mura rud é, ag féachaint do na himthosca go léir, go raibh cúiseanna maithe leis an dífhostú.

Díospóidí maidir le teideal faoin Acht seo.

27. —(1) Aon díospóid (seachas éileamh faoi alt 8 d'Acht 1977, arna leathnú le halt 26) idir fostaí lena mbaineann Acht 1977 agus lena mbaineann Cuid II nó Cuid III agus a fostóir, an comharba nó fostóir comhlachaithe, i ndáil le teideal an fhostaí faoin Acht seo (nó le haon ní a thig as teideal den sórt sin nó a bhaineann leis) féadfaidh ceachtar páirtí sa díospóid í a tharchur chuig coimisinéir cirt nó chun an Bhinse.

(2) Éistfidh coimisinéir cirt nó an Binse na páirtithe i ndíospóid faoin alt seo agus aon fhianaise a thabharfaidh siad agus is iomchuí maidir leis an díospóid agus, i gcás coimisinéara cirt, déanfaidh sé moladh i ndáil leis an díospóid agus, i gcás an Bhinse, déanfaidh sé cinneadh i ndáil leis an díospóid.

(3) Beidh feidhm ag ailt 8(3), 8(4)(a), 8(5) go 8(10), 9(1), 10 agus 11 d'Acht 1977 i ndáil le díospóid faoin alt seo, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) déanfar tagairtí sna hailt sin d'éileamh ar shásamh faoin Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí do dhíospóid faoin alt seo;

(b) forléireofar alt 8(4)(a) amhail is dá gcuirfí “a tharchur chun” in ionad “a thabhairt os comhair”;

(c) déanfar an tagairt in alt 8(8)(a) do éilimh faoin alt sin a thabhairt os comhair an Bhinse a fhorléiriú mar thagairt do dhíospóid a tharchur faoin alt seo, agus forléireofar ailt 8(8)(d) agus 8(8)(g) dá réir sin;

(d) forléireofar alt 8(10) amhail is dá gcuirfí “faoin alt seo” in ionad “i ndáil le dífhostú is dífhostú éagórach chun críocha an Achta seo”;

(e) forléireofar alt 10 amhail is dá gcuirfí “ag iarraidh ordú á ordú don fhostóir an cinneadh a chur i gcrích de réir téarmaí an chinnte” in ionad “ag iarraidh sásaimh faoin Acht seo” i bhfo-alt (1), agus amhail is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás a gcinnfidh an Chúirt Chuarda in imeachtaí faoin alt seo go bhfuil fostaí i dteideal ordú a fháil faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh sí ordú den sórt sin.”;

(f) forléireofar alt 11 amhail is dá gcuirfí “faoin alt seo” in ionad “faoin Acht seo”.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus féadfaidh sé leis na rialacháin sin aon mhodhnuithe breise is gá leis a dhéanamh ar Acht 1977 nó aon mhodhnuithe is gá leis a dhéanamh ar rialacháin faoin Acht sin.

(5) San alt seo ciallaíonn “an Binse” an Binse Achomhairc Fostaíochta.

Leasú ar Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 .

28. — Leasaítear leis seo Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 5 (1) (d) (a cuireadh isteach leis an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979 ):

“(d) tréimhse a raibh an fostaí as láthair óna cuid oibre ar a feadh le linn di bheith ar shaoire mháithreachais, ar shaoire mháithreachais bhreise nó ar shaor-am faoin Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 .”.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973

1973, Uimh. 4

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967

1967, Uimh. 21

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979

1979, Uimh. 7

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1979

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

An tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977

1977, Uimh. 10