|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1981
| [EN] | ||
| [EN] |
AN CHÉAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin | |
|
Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta | ||
1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas: | ||
(a) in alt 138A, in ionad “£500” cuirfear “£650”, | ||
(b) in alt 138B(1), in ionad “£400” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£600”, | ||
(c) in alt 141(1A), i míreanna (b) agus (c), in ionad “£390” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£500”. | ||
2. Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , trí “£500” a chur in ionad “£330” i bhfo-alt (1). | ||
3. Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais, 1971 , trí “£400” a chur in ionad “£330” gach áit a bhfuil sé agus trí “£1,000” a chur in ionad “£660” i bhfo-alt (2). |