An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Na Rátaí Dleachta Máil ar Bhiotáille)

28 1981

AN tACHT AIRGEADAIS (UIMH. 2), 1981

CUID IV

Ilghnéitheach

Alt 54 den Acht Airgeadais, 1970 , a chur chun feidhme.

18. —(1) Beidh feidhm ag alt 54 den Acht Airgeadais, 1970 , agus measfar feidhm a bheith aige riamh, amhail is—

(a) dá bhfolódh na tagairtí san alt sin d'urrúis tagairtí do chomhaontuithe arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais agus a fhorálann iasachtaí a thabhairt don Aire Airgeadais d'fhonn airgead a chruinniú don Státchiste agus tagairtí do chomhaontuithe atá ag foghabháil nó ag comhghabháil leo, agus

(b) dá bhfolódh na tagairtí san alt sin do chostais—

(i) tagairtí do chostais a thabhófar i ndáil leis an imscrúdú ar thograí do chomhaontuithe, leis an gcaibidlíocht ar théarmaí comhaontuithe, agus le déanamh comhaontuithe, ar páirtí iontu an tAire Airgeadais, agus ar comhaontuithe iad—

(I) faoina bhfaibhríonn airgead chuig an Státchiste, nó

(II) faoina n-íoctar as bunadh eile caiteachas a bheadh, murach na comhaontuithe sin, le glanadh trí íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste (cibé acu as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ar shlí eile é).

(ii) tagairtí do chostais a thabhófar le toiliú an Aire Airgeadais i ndáil leis an imscrúdú ar thograí do chomhaontuithe, leis an gcaibidlíocht ar théarmaí comhaontuithe, agus le déanamh comhaontuithe, ar páirtí nó páirtithe iontu Aire de chuid an Rialtais (seachas an tAire Airgeadais) nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí, agus ar comhaontuithe iad—

(I) faoina bhfaibhríonn airgead chuig an Státchiste, nó

(II) faoina n-íoctar as bunadh eile caiteachas a bheadh, murach na comhaontuithe sin, le glanadh trí íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste (cibé acu as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ar shlí eile é), agus

(iii) tagairtí do chostais a thabhófar i ndáil leis an imscrúdú ar thograí do chomhaontuithe chun urrúis a eisiúint, leis an gcaibidlíocht ar théarmaí na gcomhaontuithe sin agus le déanamh na gcomhaontuithe sin.

(2) Maidir leis na tagairtí i bhfo-alt (1) (b) den alt seo don imscrúdú ar thograí do chomhaontuithe agus don chaibidlíocht ar théarmaí comhaontuithe, measfar go bhfolaíonn siad tagairtí d'imscrúduithe agus do chaibidlíochtaí mar iad i gcásanna nach ndéantar comhaontuithe.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

19. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile (seachas na dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste a fhorchuirtear le halt 8 den Acht seo) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal agus forléiriú

20. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin I, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1981, agus beidh siad ar áireamh sa chomhlua “na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1981”.

(4) Déanfar Cuid III den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.