An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Seirbhísí Dóiteáin a Eagrú) Ar Aghaidh (CUID IV Airgeadas agus Riarachán)

30 1981

AN tACHT SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN, 1981

CUID III

Comhrac Dóiteáin agus Sábháilteacht ó Dhóiteán

Oibleagáidí ginearálta maidir le sábháilteacht ó dhóiteán.

18. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le háitreabh nó le haon chuid d'áitreabh as a mbaintear na húsáidí seo a leanas—

(a) úsáid mar chóir chodlata nó chun aon chríche a bhaineann le cóir chodlata a chur ar fáil ach gan áitreabh a áireamh arb éard atá ann teach cónaithe atá á áitiú mar theaghais aonair;

(b) úsáid mar fhoras, nó mar chuid d'fhoras, a chuireann cóireáil nó cúram ar fáil;

(c) úsáid chun críocha siamsaíochta, caithimh aimsire nó teagaisc nó chun críche aon chlub, aon chumainn nó aon chomhlachais;

(d) úsáid chun críocha múinteoireachta, oiliúna nó taighde;

(e) úsáid chun aon chríche a bhaineann le rochtain chun an áitribh a bheith ag an bpobal, trí íocaíocht nó ar shlí eile; agus

(f) úsáid chun aon chríche forordaithe eile, ach gan iad seo a leanas a áireamh—

(i) áitreabh a úsáidtear mar mhonarcha de réir bhrí na nAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980;

(ii) áitreabh a úsáidtear mar stóras agus faoi réir cheadúnúcháin faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 ;

(iii) armlann, stóras nó áitreabh cláraithe de réir bhrí an Explosives Act, 1875; agus

(iv) lamairne ola de réir bhrí rialachán faoin Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 .

(2) Beidh de dhualgas ar gach duine i gceannas áitribh lena mbaineann an t-alt seo gach beart réasúnach a dhéanamh le bheith san airdeall ar dhóiteán tarlú san áitreabh sin, agus sábháilteacht daoine san áitreabh, i gcás dóiteán tarlú, a áirithiú a mhéid is féidir sin le réasún.

(3) Beidh de dhualgas ar gach duine, agus é in áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, é féin a iompar ar shlí a áiritheoidh, a mhéid is féidir sin le réasún, nach gcuirfear aon duine san áitreabh i mbaol ó dhóiteán mar gheall ar aon ghníomh nó aon neamhghníomh dá chuid.

(4) Féadfaidh údarás dóiteáin comhairle a thabhairt maidir le sábháilteacht ó dhóiteán d'úinéir nó d'áititheoir aon áitribh nó d'aon duine i gceannas aon áitribh.

Foirgneamh a d'fhéadfadh a bheith contúirteach.

19. —(1) San Acht seo ciallaíonn “foirgneamh a d'fhéadfadh a bheith contúirteach” aon fhoirgneamh a d'fhágfadh, i gcás dóiteán tarlú ann, go mbeadh daoine i gcontúirt a n-anama ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas—

(a) líon mór daoine bheith á thaithí nó ag fáil cóiríochta ann de ghnáth;

(b) gan fearais ná feistis ar bith ná fearais ná feistis leormhaithe ar bith a bheith ann—

(i) chun dóiteáin san fhoirgneamh a mhúchadh,

(ii) chun a chumasú do na háititheoirí éalú i gcás dóiteáin,

(iii) chun ráig dóiteáin a bhrath go huathoibríoch,

(iv) chun rabhadh a thabhairt do dhaoine i gcás dóiteáin,

(v) chun a áirithiú gur féidir an chóir éalaithe a úsáid go sábháilte agus go héifeachtúil i gcónaí, nó

(vi) le haghaidh soilsiú éigeandála;

(c) gur ábhair de chineál inlasta na hábhair as a bhfuil an foirgneamh déanta;

(d) gur troscán, cóiriú agus feistis de chineál inlasta atá san fhoirgneamh;

(e) gan leorchóir imeachta a bheith ar fáil as an bhfoirgneamh;

(f) gan aon fhógraí ná aon fhógraí leormhaithe a bheith ann maidir leis an nós imeachta is cóir a leanúint i gcás dóiteáin;

(g) gur de chineál inlasta nó pléascach nó inphléasctha aon ní a úsáidtear, a stóráiltear nó a thaisctear san fhoirgneamh;

(h) gur dhóigh do dhóiteán ann leathadh go gasta san fhoirgneamh nó chuig áitreabh eile;

(i) aon chóras soláthair cumhachta nó soilsiúcháin san áitreabh a bheith lochtach, uireasach nó á chothabháil go huireasach;

(j) aon chóras téacháin nó aerúcháin san áitreabh a bheith lochtach nó á chothabháil go huireasach nó a bheith ina fhiontar dóiteáin; nó

(k) aon chúis dá samhail.

(2) San alt seo folaíonn “foirgneamh” aon chuid d'fhoirgneamh ach ní fholaíonn sé—

(a) áitreabh arb éard atá ann teach cónaithe atá á áitiú mar theaghais aonair;

(b) áitreabh is monarcha de réir bhrí na nAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980;

(c) áitreabh arb éard atá ann stóras atá faoi réir cheadúnúcháin faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 ;

(d) armlann, stóras nó áitreabh cláraithe de réir bhrí an Explosives Act, 1875; nó

(e) lamairne ola de réir bhrí rialachán faoin Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 .

Fógraí um shábháilteacht ó dhóiteán.

20. —(1) Féadfaidh údarás dóiteáin fógra (dá ngairtear fógra um shábháilteacht ó dhóiteán san Acht seo) de réir an ailt seo a sheirbheáil ar úinéir nó ar áititheoir aon fhoirgnimh a measann an t-údarás gur foirgneamh é a d'fhéadfadh a bheith contúirteach.

(2) Féadfar le fógra um shábháilteacht ó dhóiteán maidir le foirgneamh—

(a) a thoirmeasc an foirgneamh, nó cuid shonraithe den fhoirgneamh, a úsáid chun na críche nó chun aon cheann de na críocha a shonrófar san fhógra;

(b) a thoirmeasc an foirgneamh, nó cuid shonraithe den fhoirgneamh, a úsáid chun na críche nó chun aon cheann de na críocha a shonrófar san fhógra, mura ndéanfar nó go dtí go ndéanfar réamhchúraimí sonraithe chun sástacht an údaráis dóiteáin trí fhearais nó trí fheistis shonraithe a chur ar fáil san fhoirgneamh nó trí athruithe sonraithe a dhéanamh ar dhéanmhas an fhoirgnimh nó trí bhreisithe sonraithe a chur leis, nó trí throscán, trí chóiriú, trí fheistis nó trí aon ábhar nó ní eile a aistriú as an bhfoirgneamh, nó trí aon ní ar bith eile a dhéanamh maidir leis an bhfoirgneamh nó a bhfuil ann.

(3) Féadfar le fógra um shábháilteacht ó dhóiteán ceanglais a chur ar úinéir nó ar áititheoir foirgnimh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) síneacha asbhealaigh, soilsiú éigeandála agus fógraí faoin nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás dóiteáin, a chur ar fáil agus a chothabháil;

(b) na socruithe a bheidh le déanamh maidir le trealamh agus feistis chun dóiteán a bhrath, chun dóiteán a chosc, chun dóiteáin a mhúchadh agus chun rabhadh a thabhairt i gcás dóiteáin, a chur ar fáil agus a chothabháil agus chun a áirithiú go bhféadfar an chóir éalaithe a úsáid go sábháilte agus go héifeachtúil gach uile thráth ábhartha;

(c) feistiú, cothabháil agus úsáid córas cumhachta, soilsiúcháin, téacháin agus aerúcháin an fhoirgnimh;

(d) na socruithe a bheidh le déanamh chun earraí nó ábhair atá inlasta, pléascach nó inphléasctha a úsáidtear, a stóráiltear nó a thaisctear san fhoirgneamh, a stóráil go sábháilte;

(e) na bearta a bheidh le déanamh chun a áirithiú go bhfaighidh daoine ar fostú san fhoirgneamh teagasc nó oiliúint iomchuí ar shábáilteacht ó dhóiteán, agus ar a mbeidh le déanamh i gcás dóiteáin, agus go gcoimeádfar taifid ar an teagasc nó ar an oiliúint sin;

(f) druileanna aslonnúcháin um shábháilteacht ó dhóiteán a sheoladh ag eatraimh shonraithe agus taifid a choimeád ar na druileanna sin;

(g) duine nó daoine iomchuí a bheidh ar fostú san fhoirgneamh a ainmniú chun bheith freagrach as bearta um shábháilteacht ó dhóiteán san fhoirgneamh; agus

(h) teorainn a chur leis an líon daoine is cead a bheith san fhoirgneamh aon tráth ar leith.

(4) I gcás ina gceanglaítear le fógra um shábháilteacht ó dhóiteán aon obair a dhéanamh agus go líomhnóidh an t-úinéir nó an t-áititheoir gur cheart gur ar an áititheoir nó an úinéir a bheadh caiteachas iomlán nó cuid de chaiteachas na hoibre, féadfaidh sé ordú a iarraidh ar an gCúirt Dúiche maidir leis na caiteachais nó lena gcionroinnt agus beidh dlínse ag an gCúirt cibé ordú is cóir léi a dhéanamh.

(5) I gcás inarb é tuairim údaráis dóiteáin go ndéantar substaint atá inlasta, pléascach nó inphléasctha a úsáid, a stóráil nó a thaisceadh tadhlach le foirgnimh i slí a d'fhágfadh go mbeadh daoine i gcontúirt a n-anama, féadfaidh an t-údarás fógra um shábháilteacht ó dhóiteán a sheirbheáil ar úinéir nó ar áititheoir na talún ar a ndéantar an tsubstaint a úsáid, a stóráil nó a thaisceadh á cheangal bearta sonraithe a dhéanamh chun an chontúirt a laghdú go dtí leibhéal réasúnach.

(6) Féadfar le fógra um shábháilteacht ó dhóiteán tréimhse ama a shonrú ina mbeidh aon cheanglas le comhlíonadh.

(7) Fógra um réamhchúram in aghaidh dóiteáin a bheidh i bhfeidhm faoin Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 , díreach roimh thosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur fógra um shábháilteacht ó dhóiteán é.

(8) Coimeádfaidh gach údarás dóiteáin ag a oifigí clár d'fhógraí um shábháilteacht ó dhóiteán a sheirbheáil sé agus beidh an clár ar oscailt lena iniúchadh ag aon duine gach uile thráth réasúnach.

Achomharc i gcoinne fógra um shábháilteacht ó dhóiteán.

21. —(1) Aon duine ar a seirbheálfar fógra um shábháilteacht ó dhóiteán féadfaidh sé, laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta na seirbheála, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne an fhógra ar aon fhoras nó forais acu seo a leanas:

(a) nach é úinéir ná áititheoir an fhoirgnimh nó na talún é,

(b) nach foirgneamh a d'fhéadfadh a bheith contúirteach é an foirgneamh,

(c) go bhfuil an fógra míréasúnach de bharr gur andóigh dóiteán tarlú san fhoirgneamh nó de bharr gur andóigh daoine a bheith i mbaol a n-anama de dheasca dóiteáin nó de dheasca substaint lena mbaineann fógra faoi alt 20 (5) a úsáid, a stóráil nó a thaisceadh,

(d) go mbeadh caiteachas míréasúnach nó cur isteach míréasúnach ar úsáid an fhoirgnimh nó na talún ag baint le ceanglais an fhógra a chomhlíonadh,

(e) gur sonraíodh leis an bhfógra spás aimsire róghearr ar fad chun na ceanglais nó aon cheann acu a chomhlíonadh.

(2) Tabharfar fógra i dtaobh an achomhairc don údarás dóiteáin agus beidh an t-údarás sin i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc a éisteacht.

(3) Ar an achomharc a éisteacht féadfaidh an Chúirt, mar is cuí léi—

(a) an fógra a dhaingniú gan choinníoll, nó

(b) an fógra a dhaingniú faoi réir cibé modhnuithe, athruithe nó breiseanna is réasúnach leis an gCúirt, nó

(c) an fógra a neamhniú.

(4) I gcás ina ndaingneoidh an Chúirt an fógra, faoi réir modhnuithe, athruithe nó breiseanna, beidh éifeacht leis an bhfógra faoi réir na modhnuithe, na n-athruithe nó na mbreiseanna sin.

(5) Ní bheidh éifeacht leis an bhfógra—

(a) go dtí go mbeidh ceithre lá dhéag caite ó dháta seirbheála an fhógra, nó

(b) má dhéantar achomharc a shaothrú agus an fógra a dhaingniú, le modhnuithe nó gan mhodhnuithe, go dtí an dáta a bhfógrófar breith na Cúirte.

(6) Is é an Breitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa dúiche ina bhfuil an foirgneamh nó an talamh a fheidhmeoidh an dlínse a thugtar don chúirt sin leis an alt seo.

(7) Ní bheidh aon ábhar achomhairc ann chun na Cúirte Cuarda i gcoinne breith ón gCúirt Dúiche faoin alt seo.

(8) (a) Fógra um réamhchúram in aghaidh dóiteáin a sheirbheálfar faoin Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 , laistigh de cheithre lá dhéag roimh thosach feidhme an ailt seo, measfar gur fógra um shábháilteacht ó dhóiteán é agus glacfar leis gur tagairt d'úinéir nó d'áititheoir an fhoirgnimh tagairt san fhógra do dhílseánach.

(b) Féadfar achomharc i gcoinne an fhógra a shaothrú agus a chinneadh faoin alt seo agus féadfaidh úinéir nó áititheoir an fhoirgnimh, maidir le hachomharc a bheidh ar feitheamh faoin Acht sin, leanúint leis an achomharc sin agus cinneadh a fháil faoin alt seo amhail is dá mba rud é, i gceachtar cás, go raibh an t-alt seo i bhfeidhm an dáta a seirbheáladh an fógra.

Cumhachtaí iniúchta a bheith ag daoine údaraithe.

22. —(1) San alt seo ciallaíonn “duine údaraithe” duine a bheidh údaraithe chun críocha an ailt seo ag údarás dóiteáin.

(2) Beidh aon duine údaraithe i dteideal dul isteach gach uile thráth réasúnach (ach tabharfaidh sé ar aird, má éilítear air é, a údarás i scríbhinn gur duine den sórt sin é) ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh (seachas teach cónaithe a bheidh á áitiú mar theaghais aonair) agus an céanna a iniúchadh chun críocha an Achta seo.

(3) Féadfaidh aon duine údaraithe—

(a) iniúchadh a dhéanamh ar aon soláthar uisce i bhfoirgneamh nó ar aon talamh;

(b) iniúchadh a dhéanamh ar na taifid uile a cheanglaítear a choimeád le fógra um shábháilteacht ó dhóiteán nó le rialacháin;

(c) a cheangal go gcuirfidh úinéir nó áititheoir aon talún nó aon fhoirgnimh nó aon duine a bheidh ar fostú aigesean in iúl dó cad í an úsáid a bhaintear as an talamh nó as an bhfoirgneamh nó as aon chuid áirithe den chéanna, cad é an líon daoine a bhíonn ar fostú nó ag fáil cóiríochta ann nó á thaithí de ghnáth, cad í an tsubstaint as a bhfuil aon fhoirgneamh déanta agus modh a dhéanta agus aon ní eile a mheasfaidh an duine údaraithe a bheith bainteach le hábhar.

(4) Féadfaidh údarás dóiteáin trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar úinéir nó ar áititheoir talún nó foirgnimh cibé pleananna (lena n-áirítear léaráidí imlíneacha nó léaráidí toiseacha simplí) den talamh nó den fhoirgneamh, agus cibé faisnéis i scríbhinn a éileoidh sé a chur ar fáil don údarás, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an t-údarás, agus beidh de dhualgas ar an úinéir nó ar an áititheoir déanamh de réir an fhógra.

(5) I bhfeidhmiú a chumhachtaí dó faoin alt seo beidh duine údaraithe i dteideal cibé daoine agus trealamh a mheasann sé is gá a thabhairt isteach leis ar thalamh nó isteach i bhfoirgneamh chun cabhrú leis agus chun scrúdú agus tástáil a dhéanamh ar aon chóras aerúcháin, téacháin, cumhachta nó soilsiúcháin agus ar aon ábhair nó substaintí a dhéantar a úsáid, a stóráil nó a thaisceadh ar an talamh nó san fhoirgneamh agus samplaí a thógáil chun tástáil a dhéanamh ar aon ábhair nó substaintí den sórt sin.

(6) Aon duine—

(a) a dhiúltóidh cead a thabhairt do dhuine údaraithe dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh nó aon duine nó trealamh a thabhairt leis agus é ag feidhmiú a chumhachta faoin alt seo, nó

(b) a chuirfidh toirmeasc nó bac ar dhuine údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo, nó

(c) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon phlean nó faisnéis, atá duine údaraithe nó an t-údarás i dteideal a éileamh faoin alt seo, a thabhairt don duine údaraithe arna iarraidh sin air nó don údarás dóiteáin de bhun fógra i scríbhinn, nó

(d) a thabharfaidh go toiliúil nó go meargánta, do dhuine údaraithe nó d'údarás dóiteáin, faisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó

(e) a mhainneoidh aon cheanglas den alt seo a chomhlíonadh,

beidh sé ciontach i gcion.

(7) I gcás ina ndiúltófar cead isteach ar thalamh nó i bhfoirgneamh a thabhairt do dhuine údaraithe agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo féadfaidh an t-údarás dóiteáin barántas a iarraidh ar an gCúirt Dúiche á údarú dó dul isteach amhlaidh.

Ordú ón Ard-Chúirt maidir le húsáid talún agus foirgneamh.

23. —(1) Má mheasann údarás dóiteáin go bhfuil daoine i bhfiontar chomh mór sin i gcás dóiteáin gur cheart úsáid talún áirithe nó foirgnimh áirithe, nó úsáid coda den chéanna, a shrianadh nó a thoirmeasc láithreach go dtí go ndéanfar bearta sonraithe chun an fiontar a laghdú go dtí leibhéal réasúnta, féadfaidh sé ordú a iarraidh ar an Ard-Chúirt chun úsáid na talún nó an fhoirgnimh a shrianadh nó a thoirmeasc dá réir sin.

(2) Is trí fhoriarratas a dhéanfar an t-iarratas maidir leis an ordú, agus féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach is cuí léi a dhéanamh.

(3) Beidh éifeacht le haon ordú den sórt sin d'ainneoin téarmaí aon cheada a tugadh faoi aon achtachán eile chun an talamh nó an foirgneamh nó cuid den chéanna a úsáid.

Áitreabh a cheadúnú faoi achtacháin eile.

24. —Ní mór don té a iarrfaidh—

(a) deimhniú le haghaidh ceadúnas (seachas eischeadúnas) a dheonú nó a athnuachan faoi na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1981,

(b) deimhniú clárúcháin a dheonú nó a athnuachan faoi Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1981,

(c) ceadúnas i leith áitribh—

(i) faoin Acht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935 , nó

(ii) faoi Chuid IV den Public Health Acts Amendment Act, 1890, nó

(d) deimhniú i leith áitribh faoi na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1979,

fógra míosa i scríbhinn (nó fógra i leith cibé tréimhse is giorra ná sin a gcomhaontóidh an t-údarás dóiteáin glacadh leis in imthosca speisialta an cháis) i dtaobh an iarratais a thabhairt don údarás dóiteáin ar ina limistéar feidhme atá an t-áitreabh, agus féadfaidh an t-údarás dóiteáin láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird i leith an iarratais ar an iarratas sin a éisteacht.

Comhrac dóiteáin agus éigeandálaí.

25. —Féadfaidh údarás dóiteáin aon oibríochtaí de chineál éigeandála a dhéanamh nó cúnamh a thabhairt á ndéanamh, bíodh fiontar dóiteáin i gceist nó ná bíodh, agus féadfaidh údarás dóiteáin, dá réir sin, cibé socrú a dhéanamh chun daoine a tharrtháil nó a chaomhnú agus chun maoin a chosaint amhail mar a mheasann sé is gá chun críocha na feidhme sin.

Pleananna Oibríochtaí Dóiteáin agus Éigeandála.

26. —(1) Ní mór do gach údarás dóiteáin a chothabhálann briogáid dóiteáin pleananna le haghaidh oibríochtaí dóiteáin agus éigeandála a ullmhú (agus, de réir mar is gá, a athmheas) chun a léiriú cad é an socrú atá déanta ag an údarás i dtaobh eagrú, fearais, trealamh, stáisiúin dóiteáin, soláthairtí uisce agus gníomhaithe múchta, oiliúint, nós imeachta oibriúcháin agus cibé nithe eile a bhaineann le hábhar. agus chun déileáil le hoibríochtaí de chineál éigeandála faoi alt 25.

(2) Tabharfaidh an t-údarás dóiteáin cóip don Aire de gach plean arna dhéanamh nó arna athmheas faoin alt seo agus féadfaidh seisean, más cuí leis é, a ordú go ndéanfar pleananna údarás tadhlach a chomhordú.

(3) Is feidhm fhorchoimeádta plean a dhéanamh agus a athmheas.

Ceannas ar oibríochtaí ag dóiteán nó éigeandáil eile.

27. —(1) I gcás briogáid dóiteáin amháin nó níos mó a bheith i láthair ag dóiteán i limistéar feidhme údaráis dóiteáin, déanfar feighlíocht agus ceannas iomlán na n-oibríochtaí uile chun an dóiteán a mhúchadh a dhílsiú mar a leanas—

(a) má chothabhálann an t-údarás dóiteáin briogáid dóiteáin agus má bhíonn an bhriogáid dóiteáin sin i láthair ag an dóiteán — don duine atá de thuras na huaire i bhfeighil na briogáide dóiteáin sin ag an dóiteán;

(b) mura gcothabhálann an t-údarás dóiteáin briogáid dóiteáin ach má bhíonn comhaontú déanta aige le húdarás dóiteáin chun a fheidhmeanna comhraic dóiteáin a chomhlíonadh agus má bhíonn briogáid an údaráis dóiteáin sin i láthair ag an dóiteán — don duine atá de thuras na huaire i bhfeighil na briogáide dóiteáin sin ag an dóiteán;

(c) in aon chás eile — don duine atá de thuras na huaire i bhfeighil briogáide dóiteáin údaráis dóiteáin arb í an bhriogáid í a shroicheann an dóiteán i dtosach.

(2) Féadfaidh údaráis dóiteáin trí chomhaontú socrú a dhéanamh, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), chun feighlíocht agus ceannas iomlán na n-oibríochtaí uile chun dóiteán a mhúchadh a dhílsiú d'aon duine atá de thuras na huaire i bhfeighil briogáide dóiteáin ag dóiteán agus chun feighlíocht agus ceannas den sórt sin a aistriú ó dhuine go céile.

(3) Mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, aon bhriogáid dóiteáin de chuid údaráis dóiteáin i láthair ag dóiteán, beidh feighlíocht agus ceannas iomlán na n-oibríochtaí uile chun an dóiteán a mhúchadh ag an gcomhalta sinsearach den Gharda Síochána a bheidh i láthair ag an dóiteán.

(4) Féadfaidh an tAire le rialacháin socrú a dhéanamh—

(a) maidir le ceannas aon oibríochtaí de chuid údaráis dóiteáin faoi alt 25, seachas oibríochtaí chun dóiteán a mhúchadh, agus

(b) maidir le feighlíocht agus ceannas iomlán oibríochtaí den sórt sin a dhílsiú agus maidir le feighlíocht agus ceannas den sórt sin a aistriú ó dhuine go céile i cibé imthosca a fhorordófar.

(5) San Acht seo ciallaíonn “an duine i gceannas”, maidir le dóiteán nó éigeandáil eile, an duine dá ndílsítear, leis an alt seo nó faoi, feighlíocht agus ceannas iomlán na n-oibríochtaí uile chun dóiteán a mhúchadh nó aon oibríochtaí eile de chuid údaráis dóiteáin faoi alt 25.

Cumhachtaí foghabhálacha.

28. —(1) Féadfaidh an duine i gceannas dóiteáin nó éigeandála eile, go pearsanta, nó trí chomhalta de bhriogáid dóiteáin a bheidh i láthair ag an teagmhas, nó trí chomhalta den Gharda Síochána, nó trí cibé duine eile a bheidh údaraithe aige, gach uile ní a dhéanamh (le forneart, más gá) is dóigh leis is gá nó is oiriúnach chun an dóiteán a mhúchadh nó chun daoine nó maoin a chosaint nó a tharrtháil agus, go sonrach, féadfaidh sé—

(a) dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh a bhfuil cúis ann chun a chreidiúint go bhfuil dóiteán tar éis briseadh amach air nó ann nó gur air nó ann atá an éigeandáil nó dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh eile;

(b) a chur faoi deara go ndéanfaidh na háititheoirí aon talamh nó aon fhoirgneamh a fhágáil;

(c) aon fhoirgneamh nó aon chuid d'fhoirgneamh a leagan nó a scartáil;

(d) aon soláthar uisce, poiblí nó príobháideach, a úsáid;

(e) uisce a thógáil as aon sruthchúrsa, loch, linn nó foinse eile, aiceanta nó saorga;

(f) aon ní a aistriú as cóngar an dóiteáin nó na héigeandála eile.

(2) (a) Féadfaidh an duine i gceannas ag dóiteán nó ag éigeandáil eile a cheangal go ndéanfar aon soláthar uisce a bheidh ar fáil a rialú ó na príomhphíopaí in aon slí a ordóidh sé chun soláthar agus brú uisce níos fearr a chur ar fáil.

(b) Féadfaidh sé, má mheasann sé gur gá sin chun maoin eile a chosaint, a chur faoi deara go ndéanfar uisce nó gníomhaí múchta eile a dhíriú ar an maoin sin.

(c) Ní bheidh aon ábhar caingne ann i gcoinne údaráis dóiteáin, i gcoinne an duine i gceannas ag dóiteán nó éigeandáil eile ná i gcoinne aon duine a bheidh ag gníomhú faoina chumhachtaí faoin bhfo-alt seo.

(3) Duine ar bith a dhéanfaidh go toiliúil toirmeasc nó bac a chur ar an duine i gceannas ag dóiteán nó éigeandáil eile, nó ar aon duine faoina údarás, nó ar aon chomhalta den Gharda Síochána, na cumhachtaí a thugtar don duine nó don chomhalta sin faoin alt seo a fheidhmiú, beidh sé ciontach i gcion.

(4) I gcás damáiste a dhéanamh do mhaoin i bhfeidhmiú cumhachta a thugtar leis an alt seo, measfar, chun gach críche agus go háirithe chun críche aon chonartha árachais, gur de dheasca an dóiteáin nó na héigeandála a tharla an damáiste.

(5) Aon chlásal nó coinníoll, arna chur i gconradh árachais, a airbheartaíonn eisiamh a dhéanamh ar an bhfiontar damáiste a thagann ó chumhacht a fheidhmiú a thugtar leis an alt seo, nó arb é a eisiamh is éifeacht dó, beidh sé ar neamhní i gcás go mbeadh an fiontar damáiste, a thagann go díreach ón dóiteán nó ón éigeandáil arb ina leith a fheidhmítear an chumhacht, faoi bhrí an chonartha.

Soláthar uisce poiblí le haghaidh comhrac dóiteáin.

29. —(1) Bainfidh na feidhmeanna atá ag údarás sláintíochta chun soláthar uisce a chur ar fáil le huisce a sholáthar le haghaidh comhrac dóiteáin agus maidir le hiodraint dóiteáin a chur ar fáil agus a chothabháil i cibé áiteanna a éileoidh an t-údarás dóiteáin.

(2) Má chuireann údarás dóiteáin in iúl d'údarás sláintíochta nach bhfuil socrú réasúnach déanta chun soláthar uisce a chur ar fáil le haghaidh comhrac dóiteáin, rachaidh an t-údarás sláintíochta i gcomhairle leis an údarás dóiteáin faoi na bearta is gá a dhéanamh agus déanfaidh sé cibé bearta ar a gcomhaontófar.

Pionóis mar gheall ar bhréag-rabhaidh.

30. —Gach duine a dhéanfaidh go feasach nó a chuirfidh faoi deara go ndéanfar (trí rabhchán dóiteáin sráide, trí scéala teileafóin, trí ráiteas díreach, trí theachtaireacht nó eile) bréag-rabhadh a thabhairt do bhriogáid dóiteáin a bheidh á cothabháil ag údarás dóiteáin, beidh sé ciontach i gcion.

Damáiste do hiodrant dóiteáin.

31. —Duine ar bith a bhainfidh le hiodrant dóiteáin nó le gaireas ar bith chun uisce a tharraingt ó phríomhphíopa le haghaidh comhrac dóiteáin, nó a dhéanfaidh damáiste dó nó a chuirfidh bac air ar dhóigh ar bith seachas i ndáil le hoibríochtaí briogáide dóiteáin nó chun aon chríche a bheidh údaraithe ag an údarás sláintíochta, beidh sé ciontach i gcion.