|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Comhrac Dóiteáin agus Sábháilteacht ó Dhóiteán) |
AN tACHT SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN, 1981
| [EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
CUID IV Airgeadas agus Riarachán | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Deontais d'údaráis dóiteáin. |
32. —Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ranníocaí bliantúla nó ranníocaí eile a íoc le húdaráis dóiteáin i leith an chaiteachais a thabhóidh siad le seirbhís dóiteáin a chur ar fáil. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Deontais le haghaidh taighde. |
33. —Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ranníoc a dhéanamh i leith cistí aon duine nó aon chomhlachta a bheidh ag déanamh taighde a bhaineann le comhrac dóiteáin nó le sábháilteacht ó dhóiteán nó ag réiteach lena dhéanamh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Tuarascálacha agus staidreamh. |
34. —Beidh de dhualgas ar gach údarás dóiteáin cibé tuarascálacha agus staidreamh a thabhairt don Aire a éileoidh sé maidir le dóiteáin a tharla i limistéar feidhme an údaráis agus maidir le hiniúchtaí i dtaobh sábháilteacht ó dhóiteán agus gníomhaíochtaí gaolmhara. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Caiteachais údarás dóiteáin. |
35. —(1) Déanfar caiteachais chomhairle chontae Bhaile Átha Cliath mar údarás dóiteáin a mhuirearú ar an gcontae, gan buirg Dhún Laoghaire a áireamh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Déanfar na caiteachais, mar údarás dóiteáin, a thabhóidh comhairle aon chontae eile ina bhfuil buirg nó ceantar uirbeach, agus ar údarás dóiteáin de thuras na huaire bardas nó comhairle na buirge nó an cheantair uirbigh sin, a mhuirearú ar an gcontae, gan aon bhuirg nó ceantar uirbeach den sórt sin a áireamh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Beidh údarás dóiteáin i dteideal táille a ghearradh ar úsáidirí nó ar thairbhithe seirbhíse dóiteáin i leith seirbhísí a chuireann sé ar fáil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Díolúine don Aire, d'údaráis dóiteáin agus d'údaráis sláintíochta. |
36. —Ní bheidh aon ábhar caingne ná imeachta eile ann i gcoinne an Aire ná insaothraithe ina choinne, ná i gcoinne údaráis dóiteáin nó údaráis sláintíochta, ná i gcoinne aon oifigeach nó seirbhíseach d'aon údarás den sórt sin nó aon duine fruilithe ag údarás den sórt sin, chun damáistí a ghnóthú i leith díobhála do dhaoine nó do mhaoin a líomhnaítear gur faillí i gcomhlíonadh aon fheidhmeanna a thugtar leis an Acht seo ba chúis leis an díobháil nó gur chuir an fhaillí sin léi. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Rialacháin um shábháilteacht ó dhóiteán. |
37. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforálfar na réamhchúraimí a bheidh le glacadh in áitreabh lena mbaineann alt 18 chun daoine agus maoin a chosaint ar fhiontar ó dhóiteán. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Féadfaidh feidhm a bheith ag na rialacháin maidir le haon úsáid áirithe áitribh nó aon aicme sonraithe áitreabh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Féadfar leis na rialacháin, gan dochar do ghinearáltacht na bhfo-alt sin roimhe seo, ceanglais a shonrú maidir le haon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) síneacha asbhealaigh, soilsiú éigeandála agus fógraí faoin nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás dóiteáin, a chur ar fáil agus a chothabháil; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) cóir éalaithe i gcás dóiteáin a chur ar fáil, a chothabháil agus a choimeád saor ó bhac; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) cóir a chur ar fáil agus a chothabháil chun a áirithiú go bhféadfar aon chóir éalaithe a úsáid go sábháilte agus go héifeachtúil gach uile thráth ábhartha; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (d) cóir a chur ar fáil agus a chothabháil chun dóiteáin a chosc agus a mhúchadh agus cóir a chur ar fáil agus a chothabháil chun dóiteáin a bhrath agus chun rabhadh a thabhairt i gcás dóiteáin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (e) druileanna aslonnúcháin um shábháilteacht ó dhóiteán a sheoladh ag eatraimh shonraithe agus taifid a choimeád ar na druileanna sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (f) déanamh inmheánach áitribh agus na hábhair a úsáidtear sa déanamh sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (g) toirmeasc iomlán a chur ar throscán, ar chóiriú nó ar threalamh d'aon tuairisc shonraithe, nó ar earraí nó ábhair de chineál inlasta, a bheith in áitreabh nó á n-úsáid ann, nó toirmeasc a chur ar iad a bheith ann nó á n-úsáid ann mura gcomhlíonfar caighdeáin shonraithe nó coinníollacha sonraithe; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (h) feistiú, cothabháil agus úsáid córas soláthair cumhachta, soilsiúcháin, téacháin agus aerúcháin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) a áirithiú go bhfaighidh daoine a bheidh ar fostú san áitreabh teagasc agus oiliúint iomchuí ar a mbeidh le déanamh i gcás dóiteáin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (j) an líon uasta daoine is cead a bheith san áitreabh nó in aon chuid den áitreabh aon tráth áirithe; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (k) a áirithiú, in imthosca sonraithe, go mbeidh líon sonraithe freastalaithe ar stáisiún i gcodanna sonraithe den áitreabh; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (l) taifid ar theagasc nó ar oiliúint a tugadh, nó ar nithe a rinneadh, de bhun na rialachán, a choimeád, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (m) leorchóir rochtana le haghaidh fearas agus trealaimh dóiteáin a chur ar fáil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) Ní dhéanfaidh aon ní i rialacháin faoin alt seo laghdú ar fheidhmeanna údarás dóiteáin faoin Acht seo ná ar dhualgas a fhorchuirtear ar aon duine faoi fho-alt (2) nó (3) d'alt 18. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Fógraí a sheirbheáil. |
38. —(1) Déanfar aon fhógra a cheanglaítear a thabhairt nó a sheirbheáil faoin Acht seo a dhíriú chuig an duine i gceist agus tabharfar é nó seirbheálfar é ar cheann de na slite seo a leanas— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) trína dhíriú chuige faoina ainm agus trína sheachadadh dó, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (d) mura féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fháil amach ó fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear an fógra a thabhairt i leith aon áitribh, trína sheachadadh do dhuine os cionn 16 bliana d'aois a chónaíonn nó atá ar fostú san áitreabh nó trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an áitreabh nó ina aice. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Mura féidir ainm an áititheora a fháil amach ó fhiosrú réasúnach féadfar fógra faoin alt seo a dhíriú go dtí “an t-áititheoir”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Chun críche an ailt seo measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta atá cláraithe faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus measfar gnáthchónaí a bheith ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe eile. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||