An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Leasuithe de Dhroim Athruithe ar Rátaí Cánach Corparáide) Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Dleacht Stampa ar Ionstraimí)

14 1982

AN tACHT AIRGEADAIS, 1982

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Scéimeanna Brabús-Roinnte

Alt 51.

Cuid I

Scéimeanna a Cheadú

1.—(1) Ar iarratas ó chomhlacht corpraithe (dá ngairtear “an chuideachta lena mbaineann” sa Sceideal seo) a mbeidh scéim bhrabús-roinnte a chomhlíonann fomhíreanna (3) agus (4) bunaithe aige, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir alt 52 den Acht seo, an scéim—

(a) má tá siad sásta amhail mar a luaitear i mír 2, agus

(b) mura ndealraíonn sé dóibh go bhfuil gnéithe den scéim nach bhfuil riachtanach chun sochair ar mhodh leasanna i scaireanna a sholáthar d'fhostaithe agus do stiúrthóirí ná nach bhfuil baint réasúnach acu leis an soláthar sin.

(2) I gcás rialú a bheith ag an gcuideachta lena mbaineann ar chuideachta nó cuideachtaí eile, féadfar a rá go sroicheann an scéim chuig gach ceann nó chuig aon cheann de na cuideachtaí ar a bhfuil rialú aici; agus sa Sceideal seo gairfear “grúp-scéim” de scéim a deir go sroicheann sí amhlaidh agus i ndáil le grúp-scéim, ciallaíonn an abairt “cuideachta rannpháirteach” an chuideachta lena mbaineann nó cuideachta a bhfuil rialú ag an gcuideachta lena mbaineann uirthi de thuras na huaire agus a ndeir an scéim go sroicheann sí chuici de thuras na huaire.

(3) Ní mór don scéim a fhoráil go mbunófar comhlacht daoine a bhfuil cónaí orthu sa Stát (dá ngairtear “na hiontaobhaithe” sa Sceideal seo) arb amhlaidh dóibh—

(a) go gceanglaíonn an scéim orthu scaireanna, a mbeidh na coinníollacha i gCuid II den Sceideal seo comhlíonta ina leith, a fháil as airgead a íocfaidh an chuideachta lena mbaineann leo nó, i gcás grúp-scéim, a íocfaidh cuideachta rannpháirteach leo;

(b) go bhfuil de dhualgas orthu scaireanna a bheidh faighte acu a leithreasú chuig pearsana aonair atá rannpháirteach sa scéim, i gcás nach pearsana aonair iad atá neamhcháilithe de bhua Chuid III den Sceideal seo; agus

(c) go bhfuil a gcuid feidhmeanna maidir leis na scaireanna a shealbhaíonn siad á rialáil ag iontaobhas atá comhdhéanta faoi dhlí an Stáit agus a bhfuil a théarmaí in ionstraim a chomhlíonann forálacha Chuid IV den Sceideal seo.

(4) Ní mór don scéim a fhoráil nach mbeidh iomlán mhargadhluachanna tosaigh na scaireanna a leithreasófar i mbliain mheasúnachta chuig aon rannpháirtí amháin níos mó ná £1,000.

(5) Is i scríbhinn a dhéanfar iarratas faoi fhomhír (1) agus beidh cibé sonraí ann, agus cibé fianaise mar thaca leis, a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

2.—(1) Duine, a dtarlaíonn dó—

(a) a bheith tráth ar bith ina fhostaí nó ina stiúrthóir lánaimsire de chuid na cuideachta lena mbaineann nó, i gcás grúpscéim, de chuid cuideachta rannpháirtí, agus

(b) a bheith ina fhostaí nó ina stiúrthóir den sórt sin gach uile thráth i gcaitheamh tréimhse cháilitheach nach faide ná cúig bliana dar críoch an tráth sin, agus

(c) a bheith inmhuirearaithe i leith cánach de réir Sceideal E maidir lena oifig nó lena fhostaíocht,

ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim a bheith sásta go mbeidh an duine sin cáilithe an tráth sin faoi réir Chuid III den Sceideal seo le bheith rannpháirteach sa scéim ar théarmaí comhionanna.

(2) Chun críocha fhomhír (1), má bhíonn uimhir éagsúil scaireanna le leithreasú chuig rannpháirtithe i scéim ag féachaint do leibhéil a gcuid luach saothair, d'fhad a gcuid seirbhíse nó do dhálaí eile dá samhail, ní intuigthe as sin nach bhfuil na rannpháirtithe cáilithe le bheith rannpháirteach sa scéim ar théarmaí comhionanna.

3.—(1) Más rud é, tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim scéim a cheadú—

(a) go sáróidh rannpháirtí aon cheann dá oibleagáidí faoi mhíreanna (a), (c) agus (d) d'alt 52 (1),

(b) go sárófar, maidir le hoibriú na scéime, aon fhoráil de chuid Chaibidil IX de Chuid I den Acht seo, an scéim féin nó téarmaí an iontaobhais dá dtagraítear i mír 1 (3) (c),

(c) go gcuirtear a mhalairt de chóir ar dhóigh ar bith ar scaireanna d'aicme as ar leithreasaíodh scaireanna chuig rannpháirtithe i bhfarradh na scaireanna eile den aicme sin, go háirithe, a mhalairt de chóir maidir—

(i) leis an díbhinn is iníoctha,

(ii) le haisíoc,

(iii) leis na srianta a ghabhann leis na scaireanna, nó

(iv) le haon tairiscint scaireanna, urrús nó ceart ionaid nó breise, de chineál ar bith, i leith na scaireanna,

(d) go scoirfidh na Coimisinéirí Ioncaim de bheith sásta amhail mar a luaitear i mír 2,

féadfaidh siad, faoi réir fhomhír (3), an ceadú a tharraingt siar le héifeacht ón tráth sin nó ó cibé tráth is déanaí ná sin a shonróidh siad.

(2) Más rud é, tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim scéim a cheadú, go ndéanfar athrú ar an scéim nó ar théarmaí an iontaobhais dá dtagraítear i mír 1 (3) (c), ní bheidh éifeacht leis an gceadú tar éis dáta an athraithe mura mbeidh an t-athrú ceadaithe acu.

(3) Ní foras é le ceadú do scéim a tharraingt siar go gcuirtear cóir ar scaireanna nua-eisithe, i leith díbhinní is iníoctha i leith tréimhse dar tosach dáta roimh an dáta a eisíodh na scaireanna, nach bhfuil chomh fabhrach leis an gcóir a chuirtear ar scaireanna a eisíodh roimh an dáta sin.

4. (1) Más éagóir é leis an gcuideachta lena mbaineann—

(a) nár cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim scéim,

(b) nár cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim athrú mar a luaitear i mír 3 (2), nó

(c) gur tarraingíodh siar ceadú,

féadfaidh an chuideachta, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt dó na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de thríocha lá ón dáta a gcuirfear a gcinneadh in iúl di, a iarraidh go ndéanfadh na Coimisinéirí Achomhairc a héileamh ar fhaoiseamh a éisteacht agus a chinneadh.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fhomhír (1), déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh amhail mar a dhéantar le hachomharc chucu in aghaidh measúnachta agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí).

Cuid II

Coinníollacha maidir leis na Scaireanna

5. Ní mór na scaireanna a bheith ina gcuid den ghnáth-scairchaipiteal—

(a) is leis an gcuideachta lena mbaineann;

(b) is le cuideachta a bhfuil rialú aici ar an gcuideachta lena mbaineann; nó

(c) is le cuideachta ar cuideachta í, nó ar cuideachta í a bhfuil rialú aici ar chuideachta—

(i) atá ina comhalta de chomheagras a bhfuil úinéireacht aige ar an gcuideachta lena mbaineann nó ar chuideachta a bhfuil rialú aici ar an gcuideachta sin; agus

(ii) a bhfuil úinéireacht thairbhiúil aici ar chuid nach lú ná trí fhichiú de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta atá ar úinéireacht amhlaidh.

6. Ní mór na scaireanna—

(a) a bheith ina scaireanna d'aicme a luaitear ar stocmhargadh aitheanta;

(b) a bheith ina scaireanna i gcuideachta nach bhfuil faoi rialú ag cuideachta eile; nó

(c) a bheith ina scaireanna i gcuideachta atá faoi rialú ag cuideachta (seachas cuideachta arb éard í, nó arbh éard í dá mbeadh cónaí uirthi sa Stát, dlúthchuideachta de réir bhrí alt 94 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) a ndéantar a cuid scaireanna a lua ar stocmhargadh aitheanta.

7. Ní mór na scaireanna—

(a) a bheith láníoctha;

(b) a bheith neamhinfhuascailte; agus

(c) gan a bheith faoi réir aon srianta seachas srianta a ghabhann leis na scaireanna go léir den aicme chéanna.

8. Ach amháin i gcás ar scaireanna iad i gcuideachta arb amhlaidh dá gnáth-scairchaipiteal, an tráth a bhfaighidh na hiontaobhaithe na scaireanna, go gcuimsíonn sé scaireanna d'aon aicme amháin, ní mór formhór na scaireanna eisithe den aicme chéanna a bheith á sealbhú ag daoine seachas—

(a) daoine a fuair a gcuid scaireanna de bhun ceart nó deis a tugadh dóibh mar stiúrthóir nó mar fhostaí de chuid na cuideachta lena mbaineann nó de chuid aon chuideachta eile agus ní de bhun tairisceana don phobal;

(b) iontaobhaithe a shealbhaíonn scaireanna thar ceann daoine a fuair a gcuid leasanna tairbhiúla sna scaireanna de bhun ceart nó deis den sórt a luaitear i bhfomhír (a); agus

(c) i gcás ina dtagann na scaireanna faoi réim mhír 6 (c) ach nach dtagann siad faoi réim mhír 6 (a), cuideachtaí a bhfuil rialú acu ar an gcuideachta a bhfuil a scaireanna i gceist nó cuideachtaí ar cuideachta chomhlachaithe dá gcuid an chuideachta sin de réir bhrí alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

Cuid III

Pearsana Aonair nach bhfuil Cáilithe le bheith Rannpháirteach

9. Ní bheidh pearsa aonair cáilithe go leithreasófaí scaireanna chuige faoin scéim aon tráth áirithe mura bhfuil sé an tráth sin nó mura raibh sé laistigh den ocht mí dhéag roimhe sin ina stiúrthóir nó ina fhostaí de chuid na cuideachta lena mbaineann nó, más grúpscéim an scéim, de chuid cuideachta rannpháirtí.

10. Ní bheidh pearsa aonair cáilithe go leithreasófaí scaireanna chuige faoin scéim aon tráth áirithe i mbliain mheasúnachta más rud é go ndearnadh, an bhliain mheasúnachta sin, scaireanna a leithreasú chuige faoi scéim cheadaithe eile arna bunú ag an gcuideachta lena mbaineann nó—

(a) ag cuideachta a rialaíonn an chuideachta sin nó atá faoi rialú aici nó atá faoi rialú cuideachta a rialaíonn an chuideachta sin freisin, nó

(b) ag cuideachta ar comhalta í de chomheagras a bhfuil úinéireacht aige ar an gcuideachta sin nó a bhfuil úinéireacht go páirteach ag an gcuideachta sin uirthi mar chomhalta de chomheagras.

11.—(1) Ní bheidh pearsa aonair cáilithe go leithreasófaí scaireanna chuige faoin scéim aon tráth áirithe má bhíonn aige an tráth sin, nó má bhí aige aon tráth áirithe laistigh den dá mhí dhéag roimhe sin, leas ábhartha i ndlúthchuideachta arb éard í—

(a) an chuideachta a bhfuil a scaireanna le leithreasú; nó

(b) cuideachta a bhfuil rialú aici ar an gcuideachta sin nó atá ina comhalta de chomheagras a bhfuil úinéireacht aige ar an gcuideachta sin.

(2) Beidh feidhm ag fomhír (1) i ndáil le cuideachta ar dhlúthchuideachta a bheadh inti mura mbeadh—

(a) alt 94 (1) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ; nó

(b) alt 95 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(3) (a) Sa mhír seo tá le “dlúthchuideachta” an bhrí a shanntar dó le halt 94 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(b) Chun críche na míre seo—

(i) beidh éifeacht le halt 97 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ach tagairt do 15 faoin gcéad a chur in ionad aon tagairt atá ann do 5 faoin gcéad, chun a chinneadh an bhfuil nó an raibh leas ábhartha ag duine i gcuideachta, agus

(ii) beidh éifeacht le halt 103 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976

(I) i gcás inar grúp-scéim an scéim atá i gceist, ach tagairt do na cuideachtaí rannpháirteacha go léir a chur in ionad an chéad tagairt don chuideachta i mír (ii) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin, agus

(II) tagairt do 15 faoin gcéad a chur in ionad an tagairt atá sa mhír sin do 5 faoin gcéad.

Cuid IV

Forálacha Maidir leis an Ionstraim Iontaobhais

12. Forálfaidh an ionstraim iontaobhais go dtabharfaidh na hiontaobhaithe do rannpháirtí, a luaithe is féidir tar éis aon scaireanna a leithreasú chuige, fógra i scríbhinn i dtaobh an leithreasaithe—

(a) á shonrú cad é uimhir agus tuairisc na scaireanna sin; agus

(b) á rá cad é a margadhluach tosaigh.

13.—(1) Ní mór foráil a bheith san ionstraim iontaobhais á thoirmeasc ar na hiontaobhaithe aon scaireanna a dhiúscairt, ach amháin mar a luaitear i míreanna (a), (b) nó (c) d'alt 52 (3), le linn na tréimhse coinneála (cibé acu trína n-aistriú chuig an rannpháirtí nó ar shlí eile).

(2) Ní mór foráil a bheith san ionstraim iontaobhais á thoirmeasc ar na hiontaobhaithe aon scaireanna a dhiúscairt tar éis dheireadh na tréimhse coinneála agus roimh an dáta scaoilte ach amháin—

(a) de bhun ordachán arna thabhairt ag an rannpháirtí nó thar a cheann nó ag aon duine, nó thar ceann aon duine, a bhfuil an leas tairbhiúil ina chuid scaireanna dílsithe dó de thuras na huaire, agus

(b) le hidirbheart nach mbeadh sárú ar oibleagáid an rannpháirtí faoi mhír (c) nó mír (d) d'alt 52 (1) i gceist leis.

14. Ní mór foráil a bheith san ionstraim iontaobhais á cheangal ar na hiontaobhaithe—

(a) faoi réir aon ordachán den sórt dá dtagraítear in alt 54 (3), aon airgead nó luach airgid a bheidh faighte acu i leith nó faoi threoir aon scair de chuid rannpháirtí a íoc leis, seachas airgead arb éard é suim dá dtagraítear in alt 52 (1) (c) nó luach airgid arb éard é scaireanna nua de réir bhrí alt 55; agus

(b) gan déileáil, ach amháin de bhun ordachán arna thabhairt ag an rannpháirtí nó thar a cheann (nó ag aon duine nó thar ceann aon duine dá dtagraítear i mír 13 (2) (a)) le haon cheart a thugtar, maidir le haon scaireanna dá chuid, go ndéanfaí scaireanna, urrúis nó cearta eile d'aon tuairisc a leithroinnt chuige.

15. Ní mór don ionstraim iontaobhais é a chur d'oibleagáid ar na hiontaobhaithe—

(a) cibé taifid is gá a choimeád chun a chumasú do na hiontaobhaithe a n-oibleagáidí faoi Chaibidil IX de Chuid I den Acht seo a chur i gcrích; agus

(b) i gcás ina ndlífidh an rannpháirtí cáin ioncaim a íoc faoi Sceideal E mar gheall ar aon teagmhas tarlú, aon fhíricí a bhaineann le cinneadh an dliteanais sin a chur in iúl dó.

Cuid V

Léiriú

16. Sa Sceideal seo forléireofar “rialú” de réir alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

17. Chun críocha an Sceidil seo is comhalta í cuideachta de chomheagras a bhfuil úinéireacht aige ar chuideachta eile más cuideachta í de chúig chuideachta ar a mhéid a bhfuil úinéireacht thairbhiúil acu ar thrí cheathrú ar a laghad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta eile agus a bhfuil úinéireacht thairbhiúil ag gach cuideachta díobh ar an bhfichiú cuid ar a laghad den chaipiteal sin.