|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IX Cáin Ghnóchan Caipitiúil) | Ar Aghaidh (CUID III Cáin Bhreisluacha) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID II Custaim agus Mál | |
| [EN] |
Léiriú (Cuid II). |
88. —Sa Chuid seo— |
| [EN] | ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975); | |
| [EN] | ciallaíonn “Ordú 1979” an tOrdú dFhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979). | |
| [EN] |
Hidreacarbóin. |
89. —(1) Déanfar an lacáiste dleachta ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra dá bhforáiltear in alt 56 (3) den Acht Airgeadais, 1988 , a ríomh de réir £2.56 an heictilítear maidir le hola éadrom hidreacarbóin mhianra a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi, an 1ú lá d'Fheabhra, 1990, nó dá éis, de réir an ráta a shonraítear in alt 40 (1) den Acht Airgeadais, 1989 . |
| [EN] | (2) Déanfar an dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a fhorchuirtear le halt 41 (1) den Acht Airgeadais, 1976 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1990, de réir £0.393 an galún in ionad an ráta a shonraítear i mír 5 (9) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 285) (Dleachtanna Máil), 1987 (I.R. Uimh. 19 de 1987 ). | |
| [EN] |
Uiscí boird. |
90. —Déanfar an dleacht máil ar uiscí boird a fhorchuirtear le mír 9 (2) d'Ordú 1975 (a cuireadh isteach le halt 37 (1) den Acht Airgeadais, 1981 ) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1990, de réir £0.29 an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 69 (3) den Acht Airgeadais, 1986 . |
| [EN] |
Teilifíseáin. |
91. —Déanfar an dleacht máil ar theilifíseáin a fhorchuirtear le mír 5 (1) d'Ordú 1979 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1990, de reír an Seachtú Sceideal in ionad an Sceidil a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 274) (Teilifíseáin), 1985 (I.R. Uimh. 41 de 1985). |
| [EN] |
Fís-seinnteoirí. |
92. —Déanfar an dleacht máil ar fhís-seinnteoirí a fhorchuirtear le mír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 260) (Dleacht Máil ar Fhís-Seinnteoirí), 1982 (I.R. Uimh. 49 de 1982) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1990, de réir £20 in aghaidh gach fís-seinnteora in ionad an ráta a shonraítear in alt 59 den Acht Airgeadais, 1983 . |
| [EN] |
Ceirníní gramafóin. |
93. —Ní dhéanfar an dleacht máil ar cheirníní gramafóin, a fhorchuirtear le mír 5 (1) d'Ordú 1979, a mhuirearú ná a thobhach an 1ú lá d'Fheabhra, 1990, nó aon lá dá éis. |
| [EN] |
Lasáin. |
94. —Ní dhéanfar an dleacht máil ar lasáin, a fhorchuirtear le mír 13 (2) d'Ordú 1975, a mhuirearú ná a thobhach an 1ú lá d'Fheabhra, 1990, nó aon lá dá éis. |
| [EN] |
Lastóirí meicniúla. |
95. —Ní dhéanfar an dleacht máil ar lastóirí meicniúla, a fhorchuirtear le halt 75 (2) den Acht Airgeadais, 1980 , a mhuirearú ná a thobhach an 1ú lá d'Fheabhra, 1990, nó aon lá dá éis. |
| [EN] |
Táirgí tobac. |
96. —(1) San alt seo agus san Ochtú Sceideal tá le “toitíní”, “todóga”, “tobac píopa milsithe”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a-choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979), agus leis an Acht Airgeadais, 1988 . |
| [EN] | (2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón lú lá d'Iúil, 1990, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear san Ochtú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1989 . |