An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Stampa)

10 1990

AN tACHT AIRGEADAIS, 1990

CUID III

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid III).

97. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 ;

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ;

ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Airgeadais, 1985 ;

ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht Airgeadais, 1986 ;

ciallaíonn “Acht 1989” an tAcht Airgeadais, 1989 .

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

98. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht trí “capaill,” a chur isteach i ndiaidh “bólacht,” sa mhíniú ar “beostoc” i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 3 (seachadadh earraí) den Phríomh-Acht.

99. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht trí “, capaill bheo” a scriosadh as míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ).

Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht.

100. —Leasaítear leis seo alt 5 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (6)—

(a) trí “nó” a chur isteach i ndiaidh “dá phríomhfhoras,” i gclásal (II) d'fhomhír (ii) de mhír (e) (a cuireadh isteach le hAcht 1986), agus

(b) tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (II) d'fhomhír (ii) de mhír (e) (a cuireadh isteach le hAcht 1986):

“(III) gur duine é a bhfuil foras aige sa Stát agus gur sa tír ina measfaí, murach an fhomhír seo, na seirbhísí a bheith á soláthar, dá phríomhfhoras,”.

Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.

101. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht trí “capaill bheo agus” a scriosadh as an míniú ar “toradh talmhaíochta” i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach le hAcht 1978).

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

102. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1985)—

(a) i mír (a)—

(i) trí “23 faoin gcéad” a chur in ionad “25 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1986), agus

(ii) trí “, (bb)” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1988 ) a scriosadh,

(b) trí mhír (bb) (a cuireadh isteach le hAcht 1989) a scriosadh, agus

(c) i mír (d)—

(i) trí “2.3 faoin gcéad” a chur in ionad “2 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1989), agus

(ii) trí “agus cúnna beo, agus le fruiliú capall” a chur isteach i ndiaidh “beostoic”.

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

103. —Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “2.3 faoin gcéad” a chur in ionad “2 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1989) i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht.

104. —Leasaítear leis seo alt 15 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht—

(a) trí “agus ar chúnna beo” a chur isteach i ndiaidh “ar bheostoc” i mír (b) d'fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1985), agus

(b) trí “i mír (xviii)” a chur in ionad “i míreanna (xviii), (xx) agus (xxi)” i bhfo-alt (2).

Ní bheidh feidhm, go ceann tréimhse teoranta, ag alt 17 (sonraisc) den Phríomh-Acht maidir le seirbhísí áirithe.

105. —Maidir leis an tréimhse ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1990, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1990, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 17 den Phríomh-Acht i gcás soláthar seirbhísí a shonraítear i mír (va) (arna cur isteach leis an Acht seo) den Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1985) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

106. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) trí “, gan teagasc i dtiomáint feithiclí bóthair inneallghluaiste, seachas feithiclí atá deartha nó déanta chun earraí a iompar agus a bhfuil cumas iompair 1.5 tona nó níos mó acu, a áireamh,” a chur isteach i ndiaidh “den chineál céanna” i mír (ii),

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (viii) (a cuireadh isteach le hAcht 1985):

“(viiia) soláthar seirbhísí cultúrtha, agus earraí a bhfuil dlúthcheangal acu leis na seirbhísí sin, ag aon chomhlacht cultúrtha, cibé acu bunaithe le reacht nó faoi reacht nó ar shlí eile, atá aitheanta mar chomhlacht den sórt sin ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na míre seo, nach seirbhísí lena mbaineann mír (viii);”,

(c) trí mhíreanna (xx) agus (xxi) a scriosadh, agus

(d) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xxii):

“(xxiia) soláthar seirbhísí ag grúpa neamhspleách daoine (is grúpa ar eintiteas neamhspleách é, arna bhunú chun riarachán a éascú, ag daoine a bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí díolmhaithe ó cháin nó nach bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí faoi réir cánach) chun na seirbhísí a dhéanamh dá chomhaltaí is gá go díreach chun a gcuid gníomhaíochtaí a fheidhmiú agus i gcás nach ngnóthaíonn an grúpa óna comhaltaí ach aisíocaíocht chruinn i leith sciar gach comhalta de na comhchaiteachais;”.

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

107. —Leasaítear leis seo an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1985) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (i), i ndiaidh fhomhír (a):

“(aa) leictreachas:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le himdháileadh aon leictreachais i gcás gur imdháileadh é a dhéantar go hiomlán nó go formhór i dtaca le himdháileadh comharthaí cumarsáide,”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (v):

“(va) seirbhísí teileachumarsáide (lena n-áirítear soláthar earraí agus seirbhísí a chomhghabhann leis an gcéanna) arna soláthar ag Bord Telecom Éireann nó ag aon duine a bheidh ceadúnaithe de réir fho-alt (1) d'alt 111 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 , seachas seirbhísí den chineál a shonraítear i mír (d), (e) nó (f) d'fho-alt (3) d'alt 87 den Acht sin;”,

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (x) (a cuireadh isteach le hAcht 1986):

“(x) nuachtáin agus tréimhseacháin, a fhoilsítear de ghnáth uair sa choicís ar a laghad, arb é atá go hiomlán nó go formhór in ábhair gách eagráin, ó thaobh méid an ábhair chlóite iontu, faisnéis faoi na príomhchúrsaí reatha agus nithe is díol spéise don phobal i gcoitinne;”,

agus

(d) trí “, nach seirbhísí den chineál a shonraítear i mír (viiia) den Chéad Sceideal” a chur isteach i ndiaidh “eolaíochta” i mír (xiiih) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ).