An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Cáin Bhreisluacha) Ar Aghaidh (CUID V Cáin Mhaoine Cónaithe)

10 1990

AN tACHT AIRGEADAIS, 1990

CUID IV

Dleachtanna Stampa

Tobhach ar bhainc.

108. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a dó dhéag agus £15,000,000 a bhaint as an gcomhrann;

ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an lú lá de Mheán Fómhair, 1989, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn “suim iomchuí”, i ndáil le tuairisceán, suim a thaispeántar sa tuairisceán seachas suim a thaispeántar i leith airgead reatha coigríche;

ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin (ar tuairisceáin iad a bhaineann le brainsí cónaitheacha) a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 18ú lá d'Eanáir, 1989, an 15ú lá d'Fheabhra, 1989, an 31ú lá de Mhárta, 1989, an 28ú lá d'Aibreán, 1989, an 31ú lá de Bhealtaine, 1989, an 30ú lá de Mheitheamh, 1989, an 31ú lá d'Iúil, 1989, an 31ú lá de Lúnasa, 1989, an 29ú lá de Mheán Fómhair, 1989, an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1989, an 30ú lá de Shamhain, 1989, agus an 29ú lá de Nollaig, 1989:

ciallaíonn “méid sonraithe”, i ndáil le banc, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar maidir le Mír 302.2 i bhforlíonadh 1 de thuairisceáin an bhainc a asbhaint as comhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le taiscí Rialtais agus taiscí neamh-Rialtais, agus a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.

(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1990, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:

(a) 0.3 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £130,000,000 agus

(b) 0.4055 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £130,000,000:

Ar choinníoll, in aon chás nach mó ná £130,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.3 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc a sheachadadh.

(6) I gcás go mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc, tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta rite an Achta seo go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus, ina theannta sin, dlífidh sé mar phionós breise ón 13ú lá de Mheán Fómhair, 1990, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.

(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an mbanc a ríomh.

Tobhach ar infheistíochtaí i ngnóthais chomhinfheistíochta.

109. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “duine cuntasach”, i ndáil le gnóthas, duine a mbeidh úinéireacht dhlíthiúil shócmhainní an ghnóthais dílsithe dó agus folaíonn sé freisin aon sealbhóir aonad agus aon chuideachta bhainisteoireachta, gníomhaire, idirghabhálaí, bróicéir, nó aon duine eile a bhíonn ag gabháil d'aonaid a mhargú le cónaitheoirí sa Stát nó ar páirtí é in idirbheart lena ngabhann ceannach aonad i ngnóthas ag sealbhóir aonad;

tá le “an t-aerfort” an bhrí chéanna atá le “an t-aerphort” san Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947 ;

tá le “an Limistéar” an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht Airgeadais, 1980 ;

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe”, i ndáil le gnóthas agus i ndáil leis an tréimhse ón lú lá d'Fheabhra, 1990, go dtí an 30ú lá de Mheitheamh, 1990, agus gach ráithe dá éis sin, méid nó luach an chaipitil a bheidh infheistithe i ngnóthas sa tréimhse nó sa ráithe sin ag sealbhóirí aonad, nó thar a gceann, gan asbhaint a dhéanamh maidir le haon choimisiúin a íocadh nó le haon chaiteachais eile a tabhaíodh i ndáil leis an infheistíocht sin, i gcomaoin ceannach aonad sa ghnóthas sin ag na sealbhóirí aonad sin nó thar a gceann ach gan féachaint don chaipiteal a bheidh infheistithe i gcomaoin ceannach aonad eisiata ag sealbhóirí aonad nó thar a gceann;

ciallaíonn “Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht atá corpraithe sa Stát agus a bhfuil dliteanas teoranta aige nó, más faoi dhlí aon dlínse eile a corpraíodh nó a foirmíodh thairis sin é, a fhreagraíonn, faoin dlí sin, do chomhlacht atá corpraithe amhlaidh sa Stát;

ciallaíonn “dearbhú”, i ndáil le ceannach aonad ag daoine nach gcónaíonn sa Stát, dearbhú i scríbhinn—

(a) atá déanta i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí,

(b) a dhearbhaíonn nach sa Stát atá cónaí, tráth déanta an dearbhaithe, ar an duine nó, de réir mar a bheidh, ar na daoine go léir ag a bhfuil teideal tairbhiúil chuig an leas i ndáil leis na haonaid sin,

(c) ina bhfuil, maidir leis an duine, nó, de réir mar a bheidh, gach duine de na daoine, a luaitear i mír (b)—

(i) ainm an duine,

(ii) seoladh a phríomháite cónaithe, agus

(iii) ainm na tíre ina bhfuil cónaí air tráth déanta an dearbhaithe,

agus

(d) ina bhfuil cibé faisnéis eile a iarrfaidh na Coimisinéirí le réasún chun críocha an ailt seo;

tá le “dáileadh” an bhrí chéanna atá leis chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide;

ciallaíonn “aonaid eisiata”—

(a) aonaid nach bhfuil cónaí, mar a fhoráiltear sna hAchtanna Cánach Ioncaim, sa Stát ar na daoine ag a bhfuil an leas tairbhiúil iontu agus a ndearna na daoine sin, an tráth ar cheannaigh siad na haonaid, dearbhú ina leith leis an duine ónar ceannaíodh na haonaid sin;

(b) aonaid de chuid gnóthais a bheidh athcheannaithe nó fuascailte ó shealbhóir aonad ag cuideachta bhainisteoireachta ar iarratas ón sealbhóir aonad sin;

(c) aonaid i ngnóthas a bheidh ceannaithe ag sealbhóir aonad, nó thar a cheann, as brabúis nó ioncam neamhdháilte ó aonaid a bhí á sealbhú cheana féin ag an sealbhóir aonad sin sa ghnóthas sin;

(d) aonaid a bheidh ceannaithe ag comhlacht daoine, nó thar ceann comhlachta daoine, a bunaíodh chun críocha carthanúla agus chuige sin amháin nó ag na hiontaobhaithe ar iontaobhas a bunaíodh amhlaidh ag gníomhú dóibh thar ceann an iontaobhais sin agus i gcás gur carthanas chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim an comhlacht nó an t-iontaobhas sin;

(e) aonaid a bheidh ceannaithe ag árachóir nó thar ceann árachóra ag gníomhú dó i gcúrsa a ghnó mar árachóir;

(f) aonaid i ngnóthas a bheidh ceannaithe ag sealbhóir aonad, nó thar a cheann, mar mhalairt ar aonaid a shealbhaigh sé i ngnóthas eile ar choinníoll gur fochistí de chuid bratchiste na gnóthais sin araon;

(g) aonaid a bheidh ceannaithe ag scéim pinsean gairme, nó thar a ceann;

(h) aonaid a bheidh ceannaithe ag duine, nó thar ceann duine, ag gníomhú dó i gcúrsa a ghnó san aerfort nó sa Limistéar;

(i) aonaid a bheidh ceannaithe ag gnóthas, nó thar ceann gnóthais, is gnóthas lena mbaineann an t-alt seo;

ciallaíonn “árachóir” sealbhóir ar údarú faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976 (I.R. Uimh. 115 de 1976), nó faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984);

ciallaíonn “idirghabhálaí” aon duine a sholáthraíonn saoráidí iomchuí i ndáil le gnóthas;

ciallaíonn “cuideachta bhainisteoireachta”, i ndáil le gnóthas, cuideachta a dhéanann bainisteoireacht, i gcúrsa oibríochtaí trádála a sheolann an chuideachta, ar na hinfheistíochtaí go léir agus ar na gníomhaíochtaí eile go léir de chuid ghnó an ghnóthais, nó ar aon chuid den chéanna;

ciallaíonn “scéim pinsean gairme” aon scéim nó comhshocraíocht—

(a) atá i gceist in ionstraim nó comhaontú amháin nó níos mó, agus

(b) a sholáthraíonn sochair, nó ar féidir sochair a sholáthar fúithi, i ndáil le daoine atá fostaithe i bhfostaíocht de thuairisc ar bith agus a chónaíonn sa Stát, agus

(c) (i) a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críche Chaibidil II den Acht Airgeadais, 1972 , nó

(ii) a bhfuil breithniú á dhéanamh ar an iarratas chun í a cheadú faoi Chaibidil II den Acht Airgeadais, 1972 , nó

(iii) is scéim reachtúil lena mbaineann alt 17 den Acht Airgeadais, 1972 ;

ciallaíonn “ráithe” tréimhse trí mhí tar éis dháta rite an Achta seo ar críoch di an 31ú lá de Mhárta, an 30ú lá de Mheitheamh (seachas an 30ú lá de Mheitheamh, 1990), an 30ú lá de Mheán Fómhair agus an 31ú lá de Nollaig;

ciallaíonn “saoráidí iomchuí”, i ndáil le gnóthas—

(a) aonaid an ghnóthais a mhargú sa Stát,

(b) gníomhú sa Stát mar idirghabhálaí i gceannach aonaid an ghnóthais ag daoine, nó thar ceann daoine, a chónaíonn sa Stát nó i ndíol aonad den sórt sin le daoine den sórt sin, agus

(c) saoráidí a sholáthar sa Stát, thar ceann an ghnóthais, ar saoráidí iad chun íocaíochtaí a dhéanamh le sealbhóirí a chuid aonad, nó chun a chuid aonad a athcheannach nó a fhuascailt;

ciallaíonn “gnóchain iomchuí”, i ndáil le gnóthas, gnóchain a fhabhraíonn don ghnóthas ar gnóchain iad a bheadh ina ngnóchain inmhuirearaithe dá mbeidís i lámha duine a chónaíonn sa Stát;

ciallaíonn “ioncam iomchuí”, i ndáil le gnóthas, aon mhéideanna ioncaim, brabús nó gnóchan a eascraíonn chuig an ngnóthas, nó is infhaighte aige, ar méideanna ioncaim, brabús nó gnóchan iad—

(a) a íoctar nó a íocfar le sealbhóirí aonad mar íocaíochtaí iomchuí, nó

(b) as a ndéantar nó as a ndéanfar íocaíochtaí iomchuí le sealbhóirí aonad, nó

(c) a ndéantar nó a ndéanfar iad a charnadh, nó a infheistiú in aon mhaoin, chun sochair do shealbhóirí aonad,

agus ar méideanna iad a bheadh, dá n-eascróidís chuig pearsa aonair a chónaíonn sa Stát, ina n-ioncam, i lámha na pearsan aonair, chun críocha cánach ioncaim;

ciallaíonn “íocaíocht iomchuí” íocaíocht a dhéanfaidh gnóthas le sealbhóir aonad de bhíthin cearta a tugadh don sealbhóir aonad de thoradh aonad nó aonaid sa ghnóthas a shealbhú, seachas íocaíocht a dhéanfar i ndáil le haonad a chealú, a fhuascailt nó a athcheannach;

ciallaíonn “brabúis iomchuí”, i ndáil le gnóthas, ioncam iomchuí agus gnóchain iomchuí an ghnóthais;

ciallaíonn “bratchiste” gnóthas atá roinnte ina fhochistí éagsúla agus a bhfuil teideal ag na sealbhóirí aonad ann cearta i bhfochiste amháin a mhalartú ar chearta i bhfochiste eile;

ciallaíonn “gnóthas” gnóthas ar ceann dá phríomhchuspóirí caipiteal a cruinníodh ón bpobal a chomhinfheistiú i maoin ar bith agus a bhféadfar, ar iarratas ó na sealbhóirí aonad, na haonaid dá chuid a athcheannach nó a fhuascailt, go díreach nó go neamhdhíreach, as sócmhainní an ghnóthais, agus folaíonn sé iontaobhas aonad, UCITS, nó gnóthas infheistíochta eile dá samhail agus, i gcás gnóthais infheistíochta dá samhail, ar gnóthas é, i dtuairim na gCoimisinéirí, lena mbaineann an t-alt seo d'ainneoin gur cuideachta é an gnóthas sin a eisíonn scaireanna chuig an bpobal cibé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar na scaireanna sin a athcheannach nó a fhuascailt go díreach nó go neamhdhíreach as sócmhainní an ghnóthais;

folaíonn “aonaid” scaireanna agus aon ionstraimí eile a thugann teideal chun sciar d'infheistíochtaí nó d'ioncam gnóthais a fháil nó chun dáileadh a fháil ó ghnóthas;

tá le “UCITS” an bhrí a shanntar dó le halt 19 den Acht Airgeadais, 1989 ;

ciallaíonn “sealbhóir aonad”, i ndáil le gnóthas, aon duine atá, de thoradh aonad a shealbhú, nó faoi théarmaí aonaid, sa ghnóthas, i dteideal sciar d'aon infheistíochtaí nó d'aon bhrabúis iomchuí de chuid an gnóthais a fháil, nó i dteideal dáileadh a fháil ón ngnóthas;

ciallaíonn “iontaobhas aonad” scéim iontaobhais aonad chláraithe de réir bhrí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972 .

(2) Seachadfaidh duine cuntasach ráiteas i scríbhinn ar na Coimisinéirí ina dtaispeánfar an méid inmheasúnaithe maidir leis an duine cuntasach sin—

(a) i leith na tréimhse ón 1ú lá d'Fheabhra, 1990, go dtí an 30ú lá de Mheitheamh, 1990, laistigh de 30 lá ón 30ú lá de Mheitheamh, 1990, agus

(b) i leith gach ráithe, laistigh de 30 lá ó dheireadh gach ráithe den sórt sin:

Ar choinníoll, más fóirsteanach déanamh amhlaidh agus má chomhaontaigh na Coimisinéirí leis, go bhféadfaidh duine, ar duine cuntasach é i ndáil le gnóthas, ráiteas a sheachadadh mar a cheanglaítear faoi na forálacha roimhe seo den fho-alt seo agus íocaíocht a dhéanamh mar a cheanglaítear faoi fho-alt (4) thar ceann duine amháin nó níos mó ar daoine cuntasacha freisin iad maidir leis an ngnóthas sin, agus, i gcás aon seachadadh nó íocaíocht a dhéanfar thar ceann duine cuntasaigh amháin nó níos mó, measfar gur seachadadh é agus gur íocaíocht í ag gach duine acu chun críocha an ailt seo.

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le trí faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

(4) Déanfaidh an duine cuntasach an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh duine cuntasach de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) I gcás go mainneoidh an duine cuntasach aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a shonraítear san fho-alt sin nó go mainneoidh an duine cuntasach aon dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc tráth seachadta an ráitis sin, dlífidh an duine sin, i dteannta na dleachta a íoc, ús a íoc uirthi de réir 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó gach coda de mhí ó dheireadh na ráithe lena mbaineann an ráiteas go dtí an lá a n-íocfar an dleacht agus beidh an t-ús sin inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid é den dleacht is iníoctha.

(6) Tabharfaidh duine cuntasach do na Coimisinéirí cibé sonraí a mheasfaidh na Coimisinéirí is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar dhuine cuntasach a sheachadadh.

(7) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (6), déanfaidh duine cuntasach, má cheanglaítear air déanamh amhlaidh le fógra ó na Coimisinéirí, tuairisceán ar na nithe seo a leanas a ullmhú agus a sheachadadh ar na Coimisinéirí laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra, eadhon—

(a) ainm agus seoladh gach duine a chónaíonn sa Stát agus a ndearna an duine cuntasach aon ní acu seo a leanas ina leith i gcúrsa saoráidí iomchuí a sholáthar i ndáil le gnóthas le linn cibé tréimhsí a bheidh sonraithe san fhógra, eadhon—

(i) gníomhú mar dhuine cuntasach i gceannach aonad sa ghnóthas ag, nó thar ceann, aon duine acu sin nó i ndíol aonad den sórt sin le daoine den sórt sin,

(ii) saoráidí a sholáthar i ndáil leis an ngnóthas do dhéanamh íocaíochtaí le haon duine acu sin a bhfuil aonaid de chuid an ghnóthais á sealbhú aige, agus

(iii) saoráidí a sholáthar le haghaidh athcheannach nó fuascailt aonad de chuid an ghnóthais a bhí á sealbhú ag aon duine acu sin,

agus

(b) más iomchuí, maidir le gach duine den sórt sin—

(i) ainm agus seoladh gach gnóthais—

(I) ar cheannaigh an duine sin aonaid dá chuid, nó ar ceannaíodh thar a cheann iad, nó ar díoladh leis iad, ar an tslí sin sa tréimhse sin,

(II) ar soláthraíodh saoráidí thar a cheann i ndáil leis an ngnóthas do dhéanamh íocaíochtaí leis an duine sin sa tréimhse sin, agus

(III) ar soláthraíodh saoráidí thar a cheann le haghaidh an gnóthas do dhéanamh athcheannach nó fuascailt sa tréimhse ar aonaid sa ghnóthas a bhí á sealbhú ag an duine sin,

agus

(ii) (I) luach nó luach iomlán na n-aonad a cheannaigh an duine sin, nó a ceannaíodh thar a cheann, nó a díoladh leis, sa tslí sin,

(II) méid na n-íocaíochtaí a rinne an gnóthas amhlaidh leis an duine sin, agus

(III) luach nó luach iomlán na n-aonad a bhí á sealbhú ag an duine sin agus a d'athcheannaigh nó a d'fhuascail an gnóthas amhlaidh,

agus, maidir leis an tuairisceán sin, beidh na Coimisinéirí i dteideal a cheangal go dtabharfaí ar aird aon leabhair nó taifid de chuid an duine chuntasaigh a bhaineann leis an gceannach aonad sin nó leis an soláthar saoráidí sin, agus beidh siad i dteideal iniúchadh a dhéanamh orthu.

(8) Ní mór do dhuine, má cheanglaítear air déanamh amhlaidh trí fhógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí, sonraí i ndáil le díol nó ceannach aonad i ngnóthas ag an duine sin a sheachadadh ar na Coimisinéirí laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra agus ní mór dó, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air é, ráiteas ag fíorú na sonraí sin a sheachadadh orthu, mar aon le cibé fianaise, ráitis agus doiciméid a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí i ndáil leis an díol nó leis an gceannach sin.

(9) I gcás go mainneoidh duine cuntasach aon ráiteas a sheachadadh a cheanglaítear le fo-alt (2), nó aon dleacht a íoc de bhun fho-alt (4), agus go mbeidh an mhainneachtain sin ina bun le ceachtar díobh seo a leanas nó leo araon, eadhon—

(a) ráiteas neamhiomlán nó neamhchruinn, agus

(b) íocaíocht dleachta neamh-leordhóthanach,

dlífear pionós £2,000, nó 25 faoin gcéad den dleacht iomlán ab iníochta murach go ndearna sé mainneachtain, cibé acu is mó, a chur air.

(10) Beidh an dleacht a mhuirearófar faoi fho-alt (3) agus aon ús a mhuirearófar faoi fho-alt (5) inghnóthaithe ó aon duine amháin nó níos mó díobh seo a leanas—

(a) na daoine cuntasacha lena mbaineann,

(b) i gcás aon duine cuntasach lena mbaineann a bheith marbh, a ionadaithe pearsanta, agus

(c) aon ghlacadóir, leachtaitheoir nó riarthóir a bheidh ceaptha chun maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthaí an duine chuntasaigh lena mbaineann.

(11) Aon duine cuntasach a mbeidh fógra i scríbhinn seirbheáilte ag na Coimisinéirí air á cheangal air ráiteas a sheachadadh faoi fho-alt (2) nó i dtaobh na dleachta is iníoctha faoi fho-alt (3) mar aon le haon ús is iníoctha faoi fho-alt (5), dlífear, ar é do mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh, nó an dleacht sin más ann, agus ús mar a bheidh leagtha amach san fhógra sin a íoc, laistigh de 30 lá ón dáta ar eisíodh an fógra sin, na pionóis seo a leanas a chur air—

(a) i gcás an fógra sin a bheith seirbheáilte ar dhuine cuntasach maidir le haonaid atá á sealbhú aige mar shealbhóir aonad, £2,000 nó 25 faoin gcéad den dleacht mar aon le haon ús is iníoctha, cibé acu is mó, agus £100 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain,

(b) i gcás an fógra sin a bheith seirbheáilte ar aon duine cuntasach eile, £20,000 nó 25 faoin gcéad den dleacht mar aon le haon ús is iníoctha, cibé acu is mó, agus £500 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain,

agus féadfaidh na Coimisinéirí, chun críocha an fho-ailt seo, méid na dleachta is iníoctha a mheas ó aon fhaisnéis a bheidh ar fáil dóibh.

(12) Bunóidh agus cothóidh na Coimisinéirí clár de dhaoine, seachas sealbhóirí aonad, atá, nó a d'fhéadfadh teacht chun bheith, ina ndaoine cuntasacha agus soláthróidh siad saoráidí d'iniúchadh an chláir sin ag an bpobal cibé tráthanna agus ar cibé coinníollacha a mheasfaidh na Coimisinéirí a bheith réasúnach.

(13) Gach duine ar duine cuntasach é ar dháta rite an Achta seo, seachas duine ar duine cuntasach é de bhíthin amháin gur sealbhóir aonad é, déanfaidh sé (d'fhonn clárú mar dhuine den sórt sin), laistigh den tréimhse 60 lá tar éis dháta rite an Achta seo, ráiteas a thabhairt do na Coimisinéirí ina leagfar amach cibé sonraí a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí i ndáil le bunú agus cothabháil an chláir dá bhforáiltear i bhfo-alt (12).

(14) Tar éis dháta rite an Achta seo gach duine a thiocfaidh chun bheith ina dhuine cuntasach nó a bheartóidh teacht chun bheith ina dhuine cuntasach, seachas duine a thiocfaidh chun bheith nó a bheartóidh teacht chun bheith ina dhuine cuntasach de bhíthin amháin gur sealbhóir aonad é nó gur sealbhóir aonad a bheidh ann, déanfaidh sé (d'fhonn clárú mar dhuine den sórt sin), tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag sula mbeidh an duine sin páirteach i soláthar saoráidí iomchuí, an ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (13) a thabhairt do na Coimisinéirí.

(15) Aon duine cuntasach a mhainneoidh déanamh de réir fhorálacha fho-alt (13) nó fho-alt (14) dlífear pionós £20,000 a chur air mar aon le pionós breise £100 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain.

(16) Aon sealbhóir aonad a cheannóidh aonaid i ngnóthas, lena n-áirítear aonaid i bhfoirm stocdheimhniú chuig iompróir, ó dhaoine nó trí dhaoine nach bhfuil cláraithe faoi fhorálacha fho-alt (12), dlífear pionós £2,000, nó suim ar cóimhéid le 25 faoin gcéad den chaipiteal a bheidh infheistithe ag an sealbhóir aonad ag ceannach na n-aonad sin, cibé acu is mó, a chur air, agus beidh aon phionós den sórt sin inghnóthaithe ar an tslí chéanna amhail is dá mba chuid é den dleacht ab iníochta:

Ar choinníoll go bhféadfaidh aon sealbhóir aonad lena mbaineann an fo-alt seo, laistigh de 30 lá tar éis na haonaid sin a fháil, an ráiteas sin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a sheachadadh agus an dleacht sin dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a íoc.

(17) (a) Déanfaidh na Coimisinéirí cibé rialacháin a mheasfaidh siad is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo nó chun a chumasú dóibh a bhfeidhmeanna faoin alt seo a chomhlíonadh.

(b) Gach rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act,1891.

110. —(1) San alt seo ciallaíonn “an Chéad Sceideal” an Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

(2) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid I den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “BOND, COVENANT, or INSTRUMENT of any kind whatsoever” sa Chéad Sceideal.

(3) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid II den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal.

(4) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid III den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal.

(5) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid IV den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “DUPLICATE or COUNTERPART of any instrument chargeable with any duty” sa Chéad Sceideal.

(6) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid V den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “LEASE” sa Chéad Sceideal.

(7) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid VI den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “MORTGAGE, BOND, DEBENTURE, COVEN-ANT (except a marketable security) and WARRANT OF ATTOR-NEY to confess and enter up judgement” sa Chéad Sceideal.

(8) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid VII den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “RELEASE or RENUNCIATION of any property, or of any right or interest in any property” sa Chéad Sceideal.

(9) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid VIII den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “SURRENDER of any property, or of any right or interest in any property” sa Chéad Sceideal.

(10) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid IX den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “SHARE WARRANT issued under the provisions of the Companies Acts, and STOCK CERTIFICATE to bearer” sa Chéad Sceideal.

(11) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal trí na Ceannteidil “REC-ONVEYANCE, RELEASE or RENUNCIATION of any security” agus “RENUNCIATION. See RECONVEYANCE and RELEASE” a scriosadh.

(12) Beidh éifeacht le fo-ailt (4) agus (6) maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar an lú lá de Mheán Fómhair, 1990, nó dá éis.

Leasú ar alt 58 (directions as to duty in certain cases) den Stamp Act, 1891.

111. —Leasaítear leis seo alt 58 (arna leasú le halt 47 den Acht Airgeadais, 1981 ) den Stamp Act, 1891, trí “paragraph 8” a chur in ionad “paragraph 4” i bhfo-alt (8).

Dleacht stampa ar aistrithe talún foirgníochta.

112. —(1) D'ainneoin fhorálacha alt 77 (2) den Stamp Act, 1891, agus alt 10 den Finance Act, 1900, más rud é, i ndáil le díol nó leasú aon talún nó mar chuid d'aon chomhshocraíocht a ghabhann leis an gcéanna, go mbeidh teach cónaithe nó árasán foirgnithe, á fhoirgniú nó le foirgniú ar an talamh sin, beidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim trína gcuirtear an díol nó an léasú sin i gcrích—

(a) i gcás an díola sin, faoin gCeannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ar mhéid is ionann agus a gcomhiomlán seo a leanas—

(i) aon chomaoin a íocadh i leith an talamh sin a dhíol, agus

(ii) aon chomaoin a íocadh, nó a íocfar, i leith an teach cónaithe nó an t-árasán a fhoirgniú ar an talamh sin;

(b) i gcás an léasaithe sin, faoin gCeannteidéal “LEASE” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ar mhéid is ionann agus a gcomhiomlán seo a leanas—

(i) aon chomaoin (seachas cíos) a íocadh i leith an talamh sin a léasú, agus

(ii) aon chomaoin a íocadh, nó a íocfar, i leith an teach cónaithe nó an t-árasán a fhoirgniú ar an talamh sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar teach cónaithe nó árasán a bheith foirgnithe, á fhoirgniú nó le foirgniú i ndáil le díol nó léasú aon talún, nó mar chuid d'aon chomhshocraíocht a ghabhann leis an gcéanna, má bhí tús curtha leis an bhfoirgniú sular forghníomhaíodh aon ionstraim trínar cuireadh an díol nó an léasú i gcrích.

(3)  (a) Más rud é, i gcás ionstraim díola nó léasaithe ar bith lena mbaineann an t-alt seo, nach féidir, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, an chomaoin chomhiomlán lena mbaineann mír (a) nó (b) d'fho-alt (1) a fhionnadh ar an dáta a dtíolacfar an ionstraim lena stampáil, ansin beidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar an ionstraim amhail is dá mba ionann méid na comaoine comhiomláine is inmhuirearaithe faoi fho-alt (1) agus 10 oiread mhargadhluach oscailte neamhualaithe na talún ar dháta na hionstraime díola nó léasaithe nó cibé iolrú is lú ná sin, ach nach lú ná 5, ar mhargadhluach oscailte na talún is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim ag féachaint don fhaisnéis iomchuí a bheidh ar fáil dóibh.

(b) I gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go mba mhó méid na dleachta stampa a íocadh faoi fhorálacha an fho-ailt seo ná an dleacht stampa a bheadh muirearaithe ar an ionstraim faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1) dá bhféadfaí an chomaoin chomhiomlán a íocadh nó a bhí le híoc i leith an tí chónaithe nó an árasáin a fhionnadh ar dháta stampála na hionstraime, ansin déanfar méid na dleachta stampa breise sin a aisíoc, ar iarratas a bheith déanta chuig na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 3 bliana tar éis dháta stampála na hionstraime, leis an duine nó leis na daoine a d'íoc an dleacht stampa agus íocfar ús simplí ar an aisíocaíocht sin de réir ráta aon faoin gcéad, nó cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí ón dáta ar íocadh an dleacht bhreise go dtí dáta na haisíocaíochta sin agus ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte as íocaíocht úis faoin bhfo-alt seo agus ní áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.

(4) D'fhonn a chinneadh cé acu a bheidh nó nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le haon ionstraim, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal go seachadfaí orthu, i cibé foirm a shonróidh siad, ráiteas nó dearbhú reachtúil—

(a) ó dhuine ar bith a raibh baint dhíreach nó neamhdhíreach aige le díol nó léasú na talún nó le foirgniú tí chónaithe nó árasáin ar an talamh, agus

(b) ó dhlíodóir ar bith atá ag gníomhú thar ceann aon duine lena mbaineann mír (a),

maidir le fíorais ar bith is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is iomchuí chun cinneadh den sórt sin a dhéanamh.

(5) In aon ionstraim lena mbaineann an ceannteideal “CONVEY-ANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities”, nó an ceannteideal “LEASE” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, beidh ráiteas, i cibé foirm a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim, á dheimhniú cibé acu atá nó nach bhfuil forálacha an ailt seo infheidhme maidir leis an ionstraim sin, agus measfar gurb ionann deimhniú mícheart a sheachadadh agus ráiteas mícheart a sheachadadh chun críocha alt 94 den Acht Airgeadais, 1983 .

(6) I gcás dleacht stampa a bheith muirearaithe ar aon ionstraim faoi threoir an ailt seo agus nach mbeidh tús curtha leis an bhfoirgniú laistigh de dhá bhliain tar éis dháta stampála na hionstraime, ansin measfar nach raibh feidhm ag an alt seo maidir leis an ionstraim agus dá réir sin déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas a bheith déanta chucu, laistigh de 3 bliana tar éis dháta stampála na hionstraime, ag an duine nó na daoine a d'íoc an dleacht stampa, méid na dleachta stampa a d'íoc an duine nó na daoine sin, agus nárbh inmhuirearaithe murach na forálacha eile den alt seo, a aisíoc leis an duine nó leis na daoine sin agus íocfar ús simplí ar an aisíocaíocht sin de réir ráta aon faoin gcéad nó cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí ón dáta ar íocadh an dleacht bhreise go dtí dáta na haisíocaíochta sin agus ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte as íocaíocht úis faoin bhfo-alt seo agus ní áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.

(7) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(8) (a) San alt seo—

folaíonn “foirgniú” aon fheabhsú a dhéanamh ar aon talamh, agus aon athrú a dhéanamh ar ghné aon talún, sula dtógfar teach cónaithe nó árasán ar an talamh sin;

folaíonn “talamh” aon leas in aon talamh ach ní fholaíonn sé an toradh a bheidh ar aon ghníomh foirgníochta.

(b) Chun críocha an ailt seo, aon tagairt d'aisíoc dleachta stampa le duine a d'íoc í folaíonn sí tagairt d'aon duine eile a dheimhníonn do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil sé i dteideal airgead atá dlite don duine a ghnóthú.

(9) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar an lú lá de Mheán Fómhair, 1990, nó dá éis.

Comhaontuithe maidir le dleacht stampa a íoc ar ionstraimí.

113. —(1) Más rud é, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, nach bhfuil sé fóirsteanach ná praiticiúil d'aon duine atá ag seoladh gnó agus—

(a) atá, i gcúrsa an ghnó sin, ina pháirtí in ionstraimí ar a ndlitear dleacht stampa a íoc faoin gCéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, nó

(b) a ghníomhaíonn mar ghníomhaire d'aon pháirtí den sórt sin,

dleacht stampa a íoc maidir le gach ionstraim ar leith den sórt sin, ansin féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim comhaontú a dhéanamh leis an duine sin go seachadfar cuntais orthu, in aghaidh tréimhsí sonraithe, ina dtabharfar cibé sonraí a bheidh ag teastáil i dtaobh na n-ionstraimí sin.

(2) Beidh an comhaontú i cibé foirm, agus beidh cibé téarmaí agus coinníollacha ann, a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is cuí.

(3) I gcás comhaontú a bheith déanta faoin alt seo idir na Coimisinéirí Ioncaim agus aon duine, agus—

(a) go ndéanfar aon ionstraim lena mbaineann an comhaontú a eisiúint i rith na tréimhse a mbeidh an comhaontú i bhfeidhm, agus

(b) go mbeidh ráiteas san ionstraim sin á rá gur íocadh nó go n-íocfar an dleacht stampa iomchuí leis na Coimisinéirí Ioncaim de réir fhorálacha an ailt seo,

ansin ní bheidh aon dleacht stampa inmhuirearaithe ar an ionstraim sin ach ina ionad sin, agus mar imshocraíocht air, muirearófar, maidir leis na hionstraimí lena mbaineann an comhaontú agus a eisíodh i rith gach tréimhse cuntais faoin gcomhaontú sin, dleacht stampa ar cóimhéid le comhiomlán na méideanna dleachta stampa a bheadh. murach forálacha an ailt seo, inmhuirearaithe ar gach ionstraim ar leith lena mbaineann, agus déanfaidh an duine an dleacht stampa is inmhuirearaithe faoin bhfo-alt seo (mar imshocraíocht den chineál a dúradh) a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim nuair a bheidh an cuntas á sheachadadh aige.

(4) I gcás go mainneoidh duine aon chuntas a cheanglaítear le haon chomhaontú faoin alt seo a sheachadadh nó an dleacht is iníoctha tráth seachadta aon chuntais den sórt sin a íoc, dlífear pionós nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den mhainneachtain a chur ar an duine agus dlífidh sé freisin, i dteannta na dleachta, ús a íoc uirthi (ar ús é is inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht é) de réir ráta 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí ón dáta a dtosaíonn an mhainneachtain.

(5) (a) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas, eadhon—

(i) alt 19 den Acht Airgeadais, 1950 ;

(ii) alt 57 den Acht Airgeadais, 1958 ;

(iii) alt 24 den Acht Airgeadais, 1964 ;

(iv) alt 55 den Acht Airgeadais, 1979 .

(b) Tiocfaidh mír (a) i ngníomh 12 mhí tar éis dháta rite an Achta seo.

Aistrithe ag céilí a bheith díolmhaitheó dhleacht stampa.

114. —I dteannta fhorálacha alt 14 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 (a bhaineann le díolúine ó dhleacht stampa agus ó tháillí áirithe i gcás nascthionóntacht in áras an teaghlaigh a chruthú), ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon ionstraim trína ndéanann céile nó céilí i bpósadh aon mhaoin a aistriú chuig ceachtar céile nó chuig an mbeirt chéile sa phósadh sin.

UCITS a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa ar chuideachtaí caipitiúla.

115. —Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid IV den Acht Airgeadais, 1973 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 67:

“Srian le feidhm (Caibidil II)

67A.—Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le haon ghnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) lena mbaineann Treoir 85/611/CEE* ón gComhairle, dar dáta 20 Nollaig, 1985, agus aon Treoir ag leasú na Treorach sin ón gComhairle.”.

Leasú ar alt 19 (tíolacadh nó aistriú ar dhíol —teorainn le dleacht stampa i gcás idirbhearta áirithe idir chomhlachtaí corpraithe) den Acht Airgeadais. 1952.

116. —Leasaítear leis seo alt 19 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Airgeadais, 1952

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D'ainneoin go raibh na comhlachtaí corpraithe, ar tíolacadh nó ar aistríodh an leas tairbhiúil sa mhaoin eatarthu, i gcomhlachas lena chéile de réir bhrí fho-alt (2) den alt seo an tráth a forghníomhaíodh aon ionstraim, ní dhéileálfar leo mar chomhlachtaí a bhí i gcomhlachas amhlaidh mura rud é an tráth sin, de bhreis air sin—

(a) go raibh teideal tairbhiúil ag comhlacht amháin acu chuig 90 faoin gcéad ar a laghad d'aon bhrabúis a bhí ar fáil lena ndáileadh ar scairshealbhóirí an chomhlachta eile sin nó go raibh teideal tairbhiúil ag tríú comhlacht den sórt sin chuig 90 faoin gcéad ar a laghad d'aon bhrabúis a bhí ar fáil lena ndáileadh ar scairshealbhóirí gach comhlachta acu, agus

(b) go mbeadh teideal tairbhiúil ag comhlacht amháin acu chuig 90 faoin gcéad ar a laghad d'aon sócmhainní de chuid an chomhlachta eile sin a bheadh ar fáil lena ndáileadh ar a scairshealbhóirí tráth foirceanta nó go mbeadh teideal tairbhiúil ag tríú comhlacht den sórt sin chuig 90 faoin gcéad ar a laghad d'aon sócmhainní a bheadh ar fáil lena ndáileadh ar scairshealbhóirí gach comhlachta acu tráth foirceanta,

agus chun críocha an ailt seo, ciallaíonn—

(i) an céatadán, a bhfuil teideal tairbhiúil ag comhlacht corpraithe amháin chuige d'aon bhrabúis atá ar fáil lena ndáileadh ar scairshealbhóirí comhlachta corpraithe eile, agus

(ii) an céatadán, a mbeadh teideal tairbhiúil ag comhlacht corpraithe amháin chuige, d'aon sócmhainní de chuid comhlachta corpraithe eile tráth foirceanta,

an céatadán a bhfuil, nó a mbeadh, teideal tairbhiúil ag an gcéad chomhlacht corpraithe chuige amhlaidh cibé acu go díreach nó trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile.”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (3):

“(c) faoina raibh an t-aistreoir agus an t-aistrí le scor de bheith i gcomhlachas lena chéile de réir bhrí fho-ailt (2) agus (2A) den alt seo,”.

Faoiseamh o dhleacht stampa aistrithe i gcás cuideachtaí áirithe a athchóiriú nó a chónascadh.

117. —(1) Más rud é, i gcúrsa athchóiriú nó cónascadh bona fide ar chuideachtaí, is athchóiriú nó cónascadh atá de réir alt 31 den Acht Airgeadais, 1965 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1989 ), ach amháin nach bhfuil an chuideachta láithreach áirithe cláraithe sa Stát ach go bhfuil sí cláraithe go cuí i mBallstát eile de chuid Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, go bhfaighidh cuideachta is aistrí an gnóthas, nó cuid den ghnóthas, atá suite sa Stát de chuid na cuideachta láithrí áirithe, ansin ní bheidh dleacht stampa faoin gceannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any stocks or marketable securities” ná faoin gceannteideal “CONVEYANCE or TRANS-FER on sale of any property other than stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, inmhuirearaithe ar aon ionstraim arna déanamh chun an gnóthas sin nó an chuid sin den ghnóthas a aistriú nó i ndáil leis an aistriú sin.

(2) Measfar éifeacht a bheith leis an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar an 20ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis.

Deireadh a chur le díolúine ó dhleacht stampa.

118. —Scoirfidh alt 5 (a bhaineann le Corparáid an Chairde Talmhaíochta c.p.t. a bheith díolmhaithe ó dhleachtanna stampa áirithe) den Acht Airgid (Diúitéthe Custam agus Stampa), 1929, agus ailt 12 (4) agus 53 (1) den Acht Cairde Talmhaíochta, 1978 , d'éifeacht a bheith leo ar dháta rite an Achta seo.

Leasú ar alt 64 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

119. —Leasaítear leis seo alt 64 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , i bhfo-alt (4), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal go léir ó “, agus dá réir sin” go dtí deireadh an fho-ailt sin:

“agus, dá réir sin, chun críocha alt 68 den Acht Airgeadais, 1973 , is idirbheart inmhuirearaithe scaireanna a eiseoidh cuideachta in ionad scaireanna a fuasclaíodh faoin alt seo más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, gur mó luach iarbhír na scaireanna a eiseofar amhlaidh ná luach iarbhír na scaireanna tosaíochta a fuasclaíodh ar dháta a bhfuascailte agus, i gcás nach idirbheart inmhuirearaithe chun na gcríoch sin eisiúint na scaireanna, is é méid ar a mbeidh dleacht stampa inmhuirearaithe, faoi alt 69 den Acht Airgeadais, 1973 , ar an ráiteas iomchuí i ndáil leis an idirbheart sin an difríocht idir—

(a) an méid ar arbh inmhuirearaithe an dleacht amhlaidh mura mbeadh na scaireanna eisithe in ionad scaireanna a fuasclaíodh faoin alt seo, agus

(b) luach na scaireanna a fuasclaíodh ar dháta a bhfuascailte.”.

Ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa (coillearnacha tráchtála).

120. —(1) San alt seo ciallaíonn “crainn” coillearnacha a bhainistítear ar bhonn tráchtála agus le hionchas brabúis a réadú.

(2) Baineann an t-alt seo le hionstraim, is tíolacas nó aistriú ar dhíol talún, nó léasú talún, i gcás deimhniú a bheith san ionstraim á rá go bhfuil crainn (de réir bhrí an ailt seo) ag fás ar chuid shubstaintiúil den talamh sin.

(3) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo, maidir le cibé cuid den chomaoin i leith an díola nó an léasaithe arb ionannas di luach na gcrann atá ag fás ar an talamh.

* I.O. Uimh. L375, 31.12.1985.