|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI Cáin Fháltas Caipitiúil) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Creidmheasanna Cánach) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
| [EN] | ||||||||||||
| [EN] |
CUID VII Ilghnéitheach | |||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 17 (cáin a bhaint as íocaíochtaí le fochonraitheoirí sa tionscal foirgníochta) den Acht Airgeadais, 1970 . |
131. —Leasaítear leis seo alt 17 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1970 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (13): | ||||||||||
| [EN] | “(14) Aon duine arb éagóir leis diúltú ag na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú údarúcháin a eisiúint faoin alt seo féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn á rá sin a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ó dháta an diúltaithe sin, iarratas a dhéanamh go ndéanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc a iarratas a éisteacht agus a chinneadh. | |||||||||||
| [EN] | (15) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc iarratas a bheidh déanta chucu faoi fho-alt (14) a éisteacht agus a chinneadh ionann is dá mba achomharc é in aghaidh cánach ioncaim agus, faoi réir fho-alt (16), beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí). | |||||||||||
| [EN] | (16) Ar achomharc a rinneadh faoi fho-alt (14) a éisteacht beidh aird ag na Coimisinéirí Achomhairc ar na nithe go léir a bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, nó a gceanglaítear orthu, aird a thabhairt orthu faoi fhorálacha an ailt seo. | |||||||||||
| [EN] | (17) Chun críocha achomharc a éisteacht nó a athéisteacht faoi fho-alt (14), féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun gníomhú thar a gceann.”. | |||||||||||
| [EN] |
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla. |
132. —(1) San alt seo— | ||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ; | |||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “alt leasaitheach 1989” alt 91 den Acht Airgeadais, 1989 ; | |||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an daicheadú blianacht bhreise” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4); | |||||||||||
| [EN] | tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt. | |||||||||||
| [EN] | (2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1990, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1989 ach “£48,061,329” a chur in ionad “£48,206,431”. | |||||||||||
| [EN] | (3) Beidh éifeacht le, fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1989 ach “£36,385,006” a chur in ionad “£37,052,550”. | |||||||||||
| [EN] | (4) D'fhonn iasachtaí i leith seirbhísí caipitiúla, agus d'fhonn ús ar an gcéanna, a fhuascailt, déanfar suim £44,965,113 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1990. | |||||||||||
| [EN] | (5) Déanfar an daicheadú blianacht bhreise a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire. | |||||||||||
| [EN] | (6) Féadfar aon mhéid den daicheadú blianacht bhreise, nach mó ná £34,561,200 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc. | |||||||||||
| [EN] | (7) Déanfar iarmhéid an daicheadú blianacht bhreise a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt. | |||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 51 (conarthaí ráthaíochta agus conarthaí iasachta i ndáil le cúnamh do thíortha forásacha) den Acht Airgeadais, 1978 . |
133. —Leasaítear leis seo alt 51 den Acht Airgeadais, 1978 , trí “£20,000,000” a chur in ionad “£10,000,000” i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||
| ||||||||||||
| [EN] |
Iasachtaí Rialtais a chomhshó, etc. |
134. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, aon uair agus a mhinice is cuí leis— | ||||||||||
| [EN] | (a) tairiscint a dhéanamh, ar cibé modh agus i leith cibé cásanna is dóigh leis is iomchuí, nó | |||||||||||
| [EN] | (b) fógra a thabhairt, ar cibé modh agus i leith cibé cásanna is dóigh leis is iomchuí, go bhfuil ar intinn aige tairiscint a dhéanamh ar lá sonraithe nó ag am sonraithe de lá áirithe, | |||||||||||
| [EN] | chun aon sealbhán láithreach stoic d'iasachtaí Rialtais, nó chun aon chuid den chéanna (dá ngairtear an “stoc láithreach” san alt seo) a chomhshó ina shealbhán stoic (dá ngairtear an “stoc tairgthe” san alt seo)— | |||||||||||
| [EN] | (i) d'iasacht láithreach nó d'iasachtaí láithreacha eile Rialtais a bheidh sonraithe, nó | |||||||||||
| [EN] | (ii) d'iasacht nó d'iasachtaí nua Rialtais, nó | |||||||||||
| [EN] | (iii) d'iasacht láithreach nó d'iasachtaí láithreacha eile Rialtais a bheidh sonraithe, i bpáirt, agus d'iasacht nó d'iasachtaí nua Rialtais, i bpáirt, | |||||||||||
| [EN] | faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis. | |||||||||||
| [EN] | (2) (a) I gcás tairiscint chomhshó a bheith déanta faoin alt seo maidir le stoc láithreach, ansin, maidir le gach stocshealbhóir lena ndearnadh an tairiscint agus a ghlacfaidh go cuí le comhshó de réir na tairisceana, déanfar a shealbhán den stoc nó, má fhoráiltear amhlaidh i dtéarmaí agus i gcoinníollacha na tairisceana, déanfar cuid dá shealbhán den stoc (de réir mar a bheidh), a chomhshó ina stoc tairgthe ina mbeidh cibé méid, agus sin ar cibé téarmaí agus coinníollacha, is infheidhme de réir na tairisceana. | |||||||||||
| [EN] | (b) Faoi réir fho-alt (3), is ar cibé modh a bheidh sonraithe i dtéarmaí agus i gcoinníollacha na tairisceana comhshó a dhéanfar glacadh faoin bhfo-alt seo. | |||||||||||
| [EN] | (3) (a) I gcás stoc a bheidh i leabhair an Bhainc in ainmneacha dhá dhuine nó níos mó, is iad seo a leanas na daoine a fhéadfaidh glacadh a dhéanamh ina leith faoi fho-alt (1)— | |||||||||||
| [EN] | (i) má bhíonn na daoine sin go léir beo, tromlach díobh, | |||||||||||
| [EN] | (ii) má bhíonn duine amháin nó níos mó de na daoine sin, ach nach mbeidh siad go léir, marbh, an t-aon duine amháin, nó tromlach de na daoine, a mhaireann, nó | |||||||||||
| [EN] | (iii) má bhíonn na daoine sin go léir marbh, ionadaí pearsanta, nó tromlach d'ionadaithe pearsanta, an duine deiridh acu a fuair bás. | |||||||||||
| [EN] | (b) I gcás stoc a bheidh i leabhair an Bhainc in ainm duine aonair amháin, agus go mbeidh an duine sin marbh, féadfaidh ionadaí pearsanta nó tromlach d'ionadaithe pearsanta an duine sin glacadh a dhéanamh i leith an stoic faoi fho-alt (1). | |||||||||||
| [EN] | (4) I gcás duine, a bhfuil aon stoc d'iasacht Rialtais ina ainm féin amháin nó ina ainm féin i gcomhpháirt, a bheith faoi mhíchumas a shonraítear sa chéad cholún den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus go ndéanfar tairiscint chomhshó faoin alt seo maidir leis an stoc sin go léir nó le haon chuid de, ansin féadfaidh an duine iomchuí a shonraítear sa dara colún den Tábla sin glacadh leis an tairiscint thar a cheann, agus féadfar an glacadh sin a dhéanamh go haonarach nó i gcomhpháirt (lena n-áirítear i gcomhpháirt sa chaoi is gur tromlach é), de réir mar a bheidh. | |||||||||||
| ||||||||||||
| [EN] | (5) I gcás ina ndéanfar tairiscint chomhshó faoi fho-alt (1)— | |||||||||||
| [EN] | (a) féadfaidh iontaobhaithe agus daoine eile a mbeidh aon stoc láithreach á sealbhú acu i gcáil mhuiníneach agus daoine ag a bhfuil rialú nó bainistí aon stoic den sórt sin, dá rogha féin, glacadh le comhshó de réir théarmaí agus coinníollacha na tairisceana nó féadfaidh siad gan glacadh léi, agus ní bheidh aon duine den sórt sin faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais a thig as glacadh léi nó gan glacadh léi amhlaidh (de réir mar a bheidh), agus | |||||||||||
| [EN] | (b) cibé acu a ghlacfar nó nach nglacfar le tairiscint de bhua an fho-ailt seo, ní athrú é ar infheistiú na gcistí iontaobhais de réir bhrí aon fhorála san ionstraim a chruthaigh nó a rialaíonn an t-iontaobhas trínar gá toiliú aon duine le haon athrú den sórt sin nó trína sriantar nó trína rialaítear an t-athrú sin ar shlí eile. | |||||||||||
| [EN] | (6) (a) Aon chumhacht nó treoir (cibé acu an roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a cruthaíodh nó a tugadh í) chun airgead a infheistiú i stoc de chuid iasachta Rialtais a mbeidh tairiscint chomhshó déanta ina leith faoin alt seo, forléireofar í agus beidh éifeacht léi ionann is dá bhfolódh sí cumhacht nó treoir (de réir mar a bheidh) chun infheistiú a dhéanamh sa stoc tairgthe agus ní dhéanfar aon chumhacht nó treoir den sórt sin a fhoirceannadh de bhíthin an chomhshó sin agus dá bhíthin sin amháin. | |||||||||||
| [EN] | (b) Aon chumhacht aturnae a údaraíonn don aturnae stoc sonraithe de chuid iasachta Rialtais a aistriú, forléireofar í agus beidh éifeacht léi, i ndáil le tairiscint chomhshó— | |||||||||||
| [EN] | (i) a bheidh déanta faoin alt seo i leith an stoic, agus | |||||||||||
| [EN] | (ii) a dhéanann socrú le haghaidh an stoc sin go léir, nó cuid de, a chomhshó, | |||||||||||
| [EN] | mar chumhacht a údaraíonn don aturnae glacadh, dá rogha féin, le tairiscint chomhshó faoin alt seo agus, má dhéantar an comhshó sin go stoc tairgthe, an stoc sin a aistriú de réir na cumhachta sin tráth comhshó. | |||||||||||
| [EN] | (c) I gcás ina ndéanfar stoc láithreach a chomhshó faoin alt seo ina stoc eile de chuid iasachta Rialtais, beidh an stoc eile sin, mar aon leis na díbhinní air, faoi réir na n-iontaobhas, na muirear, na gceart, na distringas agus na srianta céanna a ghabh leis an stoc céadluaite agus leis na díbhinní air, agus aon chumhachtaí, treoracha, iarrataí maidir le díbhinní agus doiciméid eile a bhain leis an stoc céadluaite nó leis na díbhinní air, beidh feidhm acu maidir leis an stoc eile sin agus leis na díbhinní air. | |||||||||||
| [EN] | (7) Más rud é, maidir le haon iarmhéid i gciste fiachmhúchta iasachta Rialtais a mbeidh tairiscint chomhshó déanta ina leith faoin alt seo, nach mbeidh sé ag teastáil faoi chomhair fuascailtí ar an iasacht, íocfar an t-iarmhéid isteach sa Státchiste agus cuirfear i gcuntas é mar airgead a cruinníodh trí fhiach a chruthú. | |||||||||||
| [EN] | (8) Déanfar an caiteachas go léir a thabhóidh an tAire ag cur an méid seo in éifeacht a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis. | |||||||||||
| [EN] | (9) Aisghairtear leis seo an tAcht um Iasachta Rialtais (Comhshó), 1951 . | |||||||||||
| [EN] | (10) San alt seo— | |||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an Banc” Banc Ceannais na hÉireann; | |||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “iasacht Rialtais” aon urrús arna mhuirearú ar an bPríomh-Chiste agus arna chruthú agus arna eisiúint, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin. | |||||||||||
| [EN] |
Athrú ar ainmníocht airgeadra na scaire caipitiúla a íoctar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta. |
135. —Aon íocaíochtaí a dhéanfar chun ainmníocht airgeadra aon choda den scair chaipitiúil a íocann an Stát leis an mBanc Eorpach Infheistíochta a athrú, féadfar iad a dhéanamh as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis. | ||||||||||
| [EN] |
Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1982 . |
136. —Leasaítear leis seo Cuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1982 , maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 4: | ||||||||||
| [EN] | “4A. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid, lena n-áirítear cigire, a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an Sceideal seo dóibh a dhéanamh nó a chomhlíonadh.”. | |||||||||||
| [EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986 . |
137. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986 , maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an mír seo leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 14: | ||||||||||
| [EN] | “15. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid, lena n-áirítear cigire, a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an Sceideal seo dóibh a dhéanamh nó a chomhlíonadh.”. | |||||||||||
| [EN] |
Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le hurrúis arna n-eisiúint ar lascaine. |
138. —(1) San alt seo— | ||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “úinéir”, tráth ar bith, i ndáil le hurrúis, an duine a mbeadh teideal aige chun fáltais na fuascailte dá ndéanfadh an duine a d'eisigh na hurrúis iad a fhuascailt an tráth sin; | |||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “urrúis”— | |||||||||||
| [EN] | (a) urrúis neamhúsmhara arna n-eisiúint ar lascaine ag an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Billí Státchiste agus Nótaí Státchiste, agus | |||||||||||
| [EN] | (b) Billí Idirghabhála um Earraí Talmhaíochta arna n-eisiúint ag an Aire Talmhaíochta; | |||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar is cuí. | |||||||||||
| [EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 28 den Acht Airgeadais, 1984 , maidir le heisiúintí urrús a dhéanfar tar éis dháta an Achta seo a rith, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)— | |||||||||||
| [EN] | “(2) Baineann an t-alt seo le hurrúis de réir bhrí alt 138 den Acht Airgeadais, 1990 . | |||||||||||
| [EN] | (3) Más rud é, maidir le húinéir urrúis (arb é an t-úinéir é de réir bhrí alt 138 den Acht Airgeadais, 1990 )— | |||||||||||
| [EN] | (a) go ndíolfaidh sé an t-urrús nó go ndiúscróidh sé i slí eile é, nó | |||||||||||
| [EN] | (b) go bhfaighidh sé, tráth fuascailte an urrúis, méid is mó ná an méid a d'íoc sé as an urrús sin tráth a eisiúna nó i slí éigin eile, | |||||||||||
| [EN] | beidh aon bhrabús, gnóchan nó barrachas a eascróidh chuig an úinéir as an díol, as an diúscairt nó as an bhfáil sin díolmhaithe ó cháin (dé réir bhrí an ailt sin 138) i gcás nach bhfuil gnáthchónaí sa Stát ar an úinéir sin: | |||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le cáin chorparáide is inmhuirearaithe ar ioncam brainse Éireannaigh nó gníomhaireachta Éireannaí de chuid cuideachta nach gcónaíonn sa Stát.”. | |||||||||||
| [EN] |
Cúram agus bainisteoireacht cánacha agus dleachtanna. |
139. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim. | ||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. |
140. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1990 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||
| [EN] | (2) Déanfar Codanna I agus VII (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil. | |||||||||||
| [EN] | (3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin. | |||||||||||
| [EN] | (4) Déanfar Cuid III a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1989, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1990, a ghairm díobh le chéile. | |||||||||||
| [EN] | (5) Déanfar Cuid IV a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |||||||||||
| [EN] | (6) Déanfar Cuid V a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1983 . | |||||||||||
| [EN] | (7) Déanfar Cuid VI a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |||||||||||
| [EN] | (8) Measfar gur tháinig Cuid I i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1990. | |||||||||||
| [EN] | (9) Measfar gur tháinig Cuid III (seachas ailt 98 go 101, mír (c) (ii) d'alt 102, ailt 104 go 106 agus míreanna (b) go (d) d'alt 107) i bhfeidhm, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar an agus ón lú lá de Mhárta, 1990, glacfaidh mír (c) d'alt 107 éifeacht amhail ar an agus ón lú lá d'Iúil, 1990, glacfaidh mír (b) d'alt 107 éifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1990, agus glacfaidh ailt 98, 99 agus 101, mír (c), (ii) d'alt 102, alt 104 agus mír (c) d'alt 106 éifeacht amhail ar an agus ón lú lá d'Eanáir, 1991. | |||||||||||
| [EN] | (10) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo. | |||||||||||
| [EN] | (11) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. | |||||||||||
| [EN] | (12) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír, do chlásal nó d'fhochlásal is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír, don chlásal nó don fhochlásal den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. | |||||||||||