|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VII Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Athrú ar Rátaí Cánach Corparáide: Forálacha Iarmhartacha) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
| [EN] | ||
| [EN] |
AN CHÉAD SCEIDEAL Creidmheasanna Cánach | |
|
Leasuithe de Dhroim Athruithe ar Mhéideanna Creidmheasanna Cánach i leith Dáiltí | ||
1. Is iad seo a leanas na forálacha dá dtagraítear in alt 36 (1): | ||
(a) ailt 45 (5), 64 (2), 66 (2), 67, 82 (2), 82 (7), 83 (4), 88 (2) agus 178 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , | ||
(b) i bhfomhír (ii) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1977 ) d'alt 66 (3) (b) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , an abairt “cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh”, | ||
(c) i bhfomhír (iii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den alt sin 66 (3) (b), an abairt “ráta caighdeánach faoin gcéad”, gach áit a bhfuil sé, agus | ||
(d) in alt 79 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , an míniú ar “A” i mír (b). | ||
2. Chun críocha alt 45 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i gcás gur thosaigh tréimhse chuntasaíochta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1991, agus go gcríochnóidh sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá ar thosaigh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1991, agus i gcuid eile dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1991, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad. | ||
3. (1) Baineann an mhír seo le dáileadh a dhéanfaidh cuideachta sa bhliain 1991-92 nó i mbliain mheasúnachta dá éis ar dáileadh é lena mbaineann alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 . | ||
(2) Ní bheidh feidhm, maidir le dáileadh lena mbaineann an mhír seo, ag alt 28 (7) den Acht Airgeadais, 1978 , ag alt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1983 , ná ag mír 4 de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1988 . | ||
(3) Déanfar an tagairt do chreidmheasanna cánach áirithe sa mhíniú ar “B” i bhfo-alt (2) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a fhorléiriú, i ndáil le dáiltí a fuair cuideachta a dhéanann dáileadh lena mbaineann an mhír seo— | ||
(a) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .619 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1983, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988, | ||
(b) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .7778 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983, | ||
(c) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .7083 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1988, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, agus | ||
(d) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .8572 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1989, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1991. |