An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Creidmheasanna Cánach) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Cumainn Fhoirgníochta: Athrú Stádais)

10 1990

AN tACHT AIRGEADAIS, 1990

AN DARA SCEIDEAL

Athrú ar Rátaí Cánach Corparáide: Forálacha Iarmhartacha

Alt 37 (2).

CUID I

Feidhm ailt 6 (3), 13 (1B), 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976

1. Beidh éifeacht le halt 6 (3) agus leis an gcoinníoll a ghabhann le halt 13 (1B) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an lú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, ionann is dá mba bhliain airgeadais gach ceann ar leith acu seo a leanas—

(a) an tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1990, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, agus

(b) an tréimhse dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1991, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1992.

2. (1) Chun críocha fhomhír (3) agus ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i gcás gur thosaigh tréimhse chuntasaíochta roimh an lú lá d'Aibreán, 1991, agus go gcríochnóidh sí ar an lá sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá ar thosaigh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1991, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.

(2) I gcás go ndéileálfar, faoi fhomhír (1), le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh, measfar, chun críocha an ailt sin 184, gurb í an cháin chorparáide a mhuirearófar i leith an chuid lena ndéileálfar amhlaidh, sa mhéid go ndéanann an ráta cánach corparáide a mheastar a bheith muirearaithe difear di, an cháin chorparáide a bheadh muirearaithe dá mba thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid sin.

(3) Beidh éifeacht le hailt 182 (3) agus 184 (3) den Acht sin maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, ionann is dá mba 25 faoin gceád an ráta caighdeánach don bhliain 1991-92 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis.

CUID II

Leasú ar Chaibidil VI (Cáin Chorparáide: Faoiseamh i ndáil le hIoncam Airithe de chuid Cuideachtaí Monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980

1. (1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a thosaíonn roimh an lú lá d'Aibreán, 1991, agus a chríochnaíonn ar an lá sin nó dá éis, beidh éifeacht le halt 41 (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Airgeadais, 1980 , dá ngairtear “alt 41 (2)” feasta sa Chuid seo, ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad na bhfocal ó “a laghdú tríocha a trí de dhaichead tríthe” go dtí deireadh an fho-ailt:

“a laghdú—

(a) tríocha a trí de dhaichead tríthe, sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoi alt 6 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1990, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, agus

(b) trí cheathrú, sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1991, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1992,

agus maidir leis an gcáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin—

(i) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (a) an méid sin a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1990, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

(ii) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (b), an méid sin a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1991, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1992, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 41 (2), maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, trí “trí cheathrú” a chur in ionad “tríocha a trí de dhaichead tríthe”.

2. (1) Leasaítear leis seo ailt 47 (2) agus 48 (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Airgeadais, 1980 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an lú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis—

(a) i mír (i) d'alt 47 (2), trí “4/3” a chur in ionad “43/33”,

(b) i mír (ii) den alt sin 47 (2), trí “1/3” a chur in ionad “10/33”, agus

(c) i mír (ii) den alt sin 48 (2), trí “1/3” a chur in ionad “10/33”.

(2) Más rud é, de bhua mhír 2 (1) de Chuid I, go ndéileálfar le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh chun críocha ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , déileálfar freisin leis an gcuid sin mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh chun críocha na míre seo agus chun críocha ailt 47 (2) agus 48 (2) den Acht Airgeadais, 1980 , agus measfar, chun críocha na n-alt sin 47 (2) agus 48 (2), gurb í an cháin chorparáide a mhuirearófar do chuid de thréimhse chuntasaíochta a ndéileálfar léi amhlaidh, sa mhéid go ndéanann an ráta cánach corparáide a mheastar a bheith muirearaithe difear di, an cháin chorparáide a bheadh muirearaithe dá mba thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid sin.