An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Athrú ar Rátaí Cánach Corparáide: Forálacha Iarmhartacha) Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Bainc Thaisce Iontaobhais a Atheagrú ina gCuideachtaí)

10 1990

AN tACHT AIRGEADAIS, 1990

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Cumainn Fhoirgníochta: Athrú Stádais

Alt 57 (1).

Liúntais chaipitiúla

1. (1) Chun críocha na liúntas agus na muirear dá bhforáiltear le halt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ní mheasfar go mbeidh buanscortha de thrádáil an chumainn lena mbaineann ná ní dhéileáfar le trádáil na cuideachta comharbais mar thrádáil nua arna bunú agus arna tosú ag an gcuideachta chomharbais.

(2) Tabharfar don chuideachta chomharbais, nó muirearófar uirthi, de réir an ailt sin 14, na liúntais agus na muirir sin go léir a bheadh, dá leanfadh an cumann de bheith ag seoladh na trádála, le tabhairt dó nó le muirearú air, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh ionann is dá mbeadh an trádáil á seoladh ag an gcuideachta chomharbais ón uair a thosaigh an cumann á seoladh agus ionann is dá mbeadh gach ní a rinne an cumann, nó a rinneadh uirthi, déanta ag an gcuideachta chomharbais nó déanta uirthi.

(3) Ní dhéileálfar le comhshó an chumainn ina chuideachta chomharbais mar ní is bun le haon liúntas nó muirear den sórt sin.

Sócmhainní airgeadais

2. (1) Chun críocha alt 62 (a bhaineann le stoc trádála de chuid trádála scortha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , is é luach a chuirfear ar stoc trádála airgeadais an chumainn lena mbaineann, cóimhéid an chostais a bhain don chumann as é a fháil.

(2) I gcás go ndéanfaidh cumann é féin a chomhshó ina chuideachta chomharbais, agus go ndéanfar aon sócmhainní airgeadais a dhílsiú sa chomharba, is sócmhainní airgeadais a mbeadh cáin inmhuirearaithe faoi Chás I de Sceideal D ar na brabúis nó na gnóchain as iad a dhiúscairt, measfar, chun críocha cánach corparáide, nach ionann an dílsiú sin agus diúscairt na sócmhainní sin ag an gcumann; ach an tráth a ndéanfaidh an comharba aon sócmhainní acu sin a dhiúscairt, déanfar na brabúis nó na gnóchain a fhabhraíonn chuig an gcomharba a ríomh (chun críocha cánach corparáide) ionann is dá mbeadh na sócmhainní sin faighte ag an gcomharba ar an gcostas a bhain don chumann as iad a fháil.

(3) Sa mhír seo—

ciallaíonn “sócmhainní airgeadais” na sócmhainní sin atá á sealbhú ag an gcumann de réir fhorálacha fho-ailt (1) agus (3) d'alt 39 den Acht Cumann Foirgníochta, 1989 ;

ciallaíonn “stoc trádála airgeadais” cibé sócmhainní airgeadais de chuid an chumainn ar stoc trádála a bheadh iontu chun críocha alt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

Gnóchain chaipitiúla: sócmhainní arna ndílsiú sa chuideachta chomharbais, etc.

3. (1) Chun críocha cánach gnóchan caipitiúil agus cánach corparáide ar ghnóchain chaipitiúla, ní hionann comhshó cumainn ina chuideachta chomharbais agus ceachtar de na nithe seo a leanas, eadhon—

(a) diúscairt arna déanamh ag an gcumann ar shócmhainní a bhí ar úinéireacht aige díreach roimh an gcomhshó, nó

(b) an chuideachta chomharbais d'fháil, an tráth sin, sócmhainní a bhí, díreach roimh an gcomhshó, ar úinéireacht ag an gcumann.

(2) Beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus an Achta Cánach Corparáide, 1976 , sa mhéid go mbaineann sé le gnóchain chaipitiúla, i gcás cumann a bheith tar éis é féin a chomhshó ina chuideachta chomharbais, ionann is dá mba—

(a) go raibh na sócmhainní a bhí dílsithe sa chuideachta chomharbais, tráth comhshó, faighte ag an gcuideachta chomharbais an tráth céanna agus ar an gcomaoin chéanna ar a bhfuair an cumann iad,

(b) go raibh an chuideachta chomharbais ar marthain mar chuideachta gach uile thráth ó corpraíodh an cumann,

(c) gurbh í an chuideachta chomharbais a rinne na nithe go léir a rinne an cumann i ndáil le fáil agus diúscairt na sócmhainní a bhí dílsithe sa chuideachta chomharbais tráth comhshó, agus

(d) gurbh í an chuideachta chomharbais a rinne na nithe eile go léir a rinne an cumann roimh an gcomhshó.

Gnóchain chaipitiúla: scaireanna, agus cearta chun scaireanna, sa chuideachta chomharbais

4. (1) Más rud é, i ndáil leis an gcomhshó, go dtabharfar aon chearta do chomhaltaí den chumann—

(a) chun scaireanna sa chuideachta chomharbais a fháil i dtosaíocht ar dhaoine eile, nó

(b) chun scaireanna sa chuideachta sin a fháil ar chomaoin ar lú a méid nó a luach ná margadhluach na scaireanna, nó

(c) chuig scaireanna in aisce sa chuideachta sin,

measfar, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, gurb é atá in aon chearta den sórt sin arna dtabhairt amhlaidh do chomhalta, rogha (de réir bhrí alt 47 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ) arna dheonú dó agus arna fháil aige gan chomaoin ar bith agus gan aon luach acu an tráth a deonaíodh agus a fuarthas iad.

(2) Más rud é, i ndáil leis an gcomhshó, go ndéanfaidh an chuideachta chomharbais scaireanna sa chuideachta sin a eisiúint chuig comhalta den chumann lena mbaineann, measfar, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil,—

(a) go bhfuair an comhalta na scaireanna sin ar chomaoin arbh ionann a méid nó a luach agus méid nó luach aon chomaoine nua a thugann sé i leith na scaireanna nó, mura dtugtar comaoin nua ar bith, go bhfuair sé iad gan chomaoin ar bith, agus

(b) gurbh é luach na scaireanna sin, an tráth a bhfuair an comhalta iad, luach ab ionann agus méid nó luach na comaoine nua a thugtar amhlaidh nó, mura dtugtar comaoin nua ar bith nach raibh luach ar bith acu:

Ar choinníoll nach ndéanann an fhomhír seo dochar d'oibriú fhomhír (1), i gcás inarb infheidhme an fhomhír sin.

(3) Beidh feidhm ag fomhír (4) in aon chás—

(a) ina ndéanann an chuideachta chomharbais, i ndáil leis an gcomhshó, scaireanna sa chuideachta sin a eisiúint chuig iontaobhaithe ar théarmaí a dhéanann foráil le haghaidh aistriú na scaireanna sin chuig comhaltaí den chumann gan comaoin nua ar bith a bheith iníoctha, agus

(b) inarb amhlaidh do na himthosca gur maoin shocraithe, de réir bhrí na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, i lámha na n-iontaobhaithe na scaireanna.

(4) I gcás feidhm a bheith ag an bhfomhír seo, ansin, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil—

(a) measfar go bhfuair na hiontaobhaithe ná scaireanna gan chomaoin ar bith a íoc;

(b) measfar, maidir le leas aon chomhalta sa mhaoin shocraithe arb í na scaireanna í, go bhfuair sé an leas sin gan chomaoin ar bith a íoc agus nach raibh luach ar bith aige an tráth a fuarthas é; agus

(c) ar ócáid comhalta a theacht chun teideal iomlán a bheith aige, amhail in aghaidh na n-iontaobhaithe, chun aon chuid den mhaoin shocraithe, déileálfar leis na hiontaobhaithe agus leis an gcomhalta araon ionann is dá mba rud é, ar é a theacht chun an teideal sin a bheith aige, go ndearna na hiontaobhaithe, ina gcáil mar iontaobhaithe de réir alt 8 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , na scaireanna atá i gceist a dhiúscairt agus a fháil ar ais láithreach, ar chomaoin de cibé méid a d'áiritheodh nach bhfabhródh gnóchan ná caillteanas chuig na hiontaobhaithe ar an diúscairt agus, dá réir sin, ní bheidh feidhm ag alt 15 (3) den Acht sin i ndáil leis an ócáid sin.

(5) Sa mhír seo—

ciallaíonn “scaireanna in aisce”, i ndáil le comhalta den chumann, aon scaireanna arna n-eisiúint ag an gcuideachta chomharbais chuig an gcomhalta sin i ndáil leis an gcomhshó, ach sin gan aon chomaoin nua a bheith i gceist;

ciallaíonn “comhalta”, i ndáil leis an gcumann, duine atá nó a bhí ina chomhalta de, sa cháil sin, agus folaíonn aon tagairt do chomhalta tagairt do chomhalta d'aon aicme nó tuairisc áirithe;

ciallaíonn “comaoin nua” comaoin seachas—

(a) comaoin arna soláthar go díreach nó go neamhdhíreach as sócmhainní an chumainn nó na cuideachta comharbais, nó

(b) comaoin a dhíorthaíonn as scaireanna nó cearta eile comhalta sa chumann nó sa chuideachta chomharbais.

(6) An tagairt sa mhír seo don chás ina dtagann comhalta chun teideal iomlán a bheith aige chun maoine socraithe amhail in aghaidh na n-iontaobhaithe, folaíonn sí tagairtí don chás ina dtiocfadh sé chun an teideal sin a bheith aige murach é a bheith ina mhionaoiseach nó faoi mhíchumas dlí thairis sin.