|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1990) | Ar Aghaidh (Caibidil II Athrú ar Bhonn Measúnachta agus Forálacha Iarmhartacha) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
| [EN] | |||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
CUID I Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Caibidil I Cáin Ioncaim | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar fhorálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim. |
1. —Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980 — | |||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) in alt 1— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) trí “53 faoin gcéad” a chur in ionad “60 faoin gcéad” i mír (b) d'fho-alt (1), | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) trí “£6,500” a chur in ionad “£6,000”; agus trí “£3,250” a chur in ionad “£3,000”, i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1989 ), agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (iii) trí “£300” a chur in ionad “£200” i mír (a) d'fho-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1989 ), | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) in alt 2— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) trí “53 faoin gcéad” a chur in ionad “60 faoin gcéad” i bhfo-alt (3), agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) trí “£7,500” a chur in ionad “£6,800”, trí “£8,700” a chur in ionad “£8,000”, trí “£3,750” a chur in ionad “£3,400” agus trí “£4,350” a chur in ionad “£4,000” i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1989 ), | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus tá an mhír sin (b), an fo-alt sin (2), an mhír sin (a) agus na fo-ailt sin (3) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Athrú ar na rátaí cánach ioncaim. |
2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1984 , maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin: | |||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “AN TÁBLA | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | CUID I | ||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | CUID II | ||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||
”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith Á.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982 . |
3. —Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982 , d'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh cáin ioncaim don bhliain 1990-91 le muirearú ar phearsa aonair dá dtagraítear san alt sin, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)— | |||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) “1990-91” a chur in ionad “1982-83”, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) “£286” a chur in ionad “£312” gach áit a bhfuil sé. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 3 (duine fostaithe ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe) den Acht Airgeadais, 1969 . |
4. —Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , trí “£5,000” a chur in ionad “£2,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Íocaíochtaí i leith díobhálacha pearsanta. |
5. —(1) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht a dhéanfar— | |||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) le pearsa aonair, nó i leith pearsan aonair, atá buan-éagumasaithe go hiomlán, mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp, ar é féin a chothabháil, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) tar éis caingean shibhialta a bheith tionscanta ag an bpearsa aonair, nó thar a cheann, le haghaidh damáistí i leith díobhála pearsanta ba bhun leis an éiglíocht mheabhrach nó choirp sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Aon ioncam a eascróidh chuig duine, lena ndéantar nó ar ina leith a dhéantar íocaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo, ó na híocaíochtaí sin nó ó ioncam uathu a infheistiú, go hiomlán nó go páirteach, is ioncam arb éard é díbhinní nó ioncam eile a bheadh, murach an t-alt seo, inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal C nó faoi Chás III, IV (de bhua alt 4 den Acht Airgeadais, 1974 ) nó V de Sceideal D nó faoi Sceideal F, beidh sé díolmhaithe ó cháin agus ní áireofar é le linn ioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, ach na forálacha de na hAchtanna sin a bhaineann le tuairisceáin a thabhairt ar ioncam iomlán beidh feidhm acu ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo: | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo in aon chás murab é atá san ioncam a eascróidh amhlaidh (dá ngairtear “an t-ioncam díolmhaithe” feasta sa choinníoll seo) aon-ioncam nó príomhioncam na pearsan aonair a n-eascróidh an t-ioncam díolmhaithe chuige nó ina leith. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith préimheanna arárachais áirithe, etc. |
6. —Beidh éifeacht le halt 8 den Acht Airgeadais, 1989 , maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, ionann is dá gcuirfí “50 faoin gcéad” in ionad “80 faoin gcéad”. | |||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le híocaíochtaí áirithe arna ndéanamh ag an Haemophilia H.I.V. Trust. |
7. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tIontaobhas” an t-iontaobhas a bunaíodh le gníomhas dar dháta an 22ú lá de Shamhain, 1989, idir an tAire Sláinte agus daoine áirithe eile agus dá ngairtear sa ghníomhas an “Haemophilia H.I.V. Trust” nó an “HHT”. | |||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Baineann an t-alt seo le hioncam arb éard é íocaíochtaí arna ndéanamh ag iontaobhaithe an Iontaobhais le tairbhí, nó i leith tairbhí, faoin Iontaobhas, cibé acu a d'eascair an t-ioncam sin roimh dháta rite an Achta seo nó a eascróidh sé dá éis sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim, tabharfar neamhaird, chun críocha uile na nAchtanna sin, ar ioncam lena mbaineann an t-alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 13 (formhuirear ar ioncam áirithe de chuid iontaobhaithe) den Acht Airgeadais, 1976 . |
8. —Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 13 den Acht Airgeadais, 1976 , trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2), in ionad mhír (a): | |||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(a) An t-ioncam lena mbaineann an t-alt seo déanfar, i dteannta cáin ioncaim a bheith inmhuirearaithe air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta darb inmhuirearaithe amhlaidh é, dleacht bhreise cánach ioncaim (dá ngairtear ‘formhuirear’ anseo feasta) de réir 20 faoin gcéad a mhuirearú air. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (aa) Aon fhormhuirear atá le gearradh ar iontaobhaithe faoin alt seo i leith ioncam a eascraíonn i mbliain mheasúnachta (dá ngairtear ‘an chéad bhliain mheasúnachta’ anseo feasta) déanfar— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) é a mhuirearú ar na hiontaobhaithe don bhliain mheasúnachta ina gcríochnaíonn tréimhse ocht mí dhéag dar tosach díreach tar éis dheireadh na chéad bliana measúnachta sin, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) é a áireamh mar cháin ioncaim is inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta dá muirearaítear amhlaidh é.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 28 (feirmeoireacht: foráil a bhaineann le faoiseamh maidir le méadú ar luachanna stoic) den Acht Airgeadais, 1980 . |
9. —Maidir le diúscairtí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, leasaítear leis seo alt 28 den Acht Airgeadais, 1980 , i mír (b) d'fho-alt (3)— | |||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) trí “dhá bhliain” a chur in ionad “bliain” i bhfomhír (ii), | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (II) i bhfomhír (ii): | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(II) luach an stoic thrádála sin i dtosach na tréimhse cuntasaíochta díreach ina dhiaidh sin nó i dtosach na chéad tréimhse cuntasaíochta eile i ndiaidh na tréimhse sin, más iomchuí,”, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (A) den choinníoll: | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(A) nach bhforléireofar an fo-alt seo mar ní a chumasódh gur mhó luach stoic thrádála i ndeireadh tréimhse cuntasaíochta nó, de réir mar a bheidh, i dtosach tréimhse cuntasaíochta díreach ina dhiaidh sin nó i dtosach na chéad tréimhse cuntasaíochta eile i ndiaidh na tréimhse sin, ná luach an stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntasaíochta céadluaite,”, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus tá an mhír sin (b) (ar leith ó fhomhír (i) agus ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar Chaibidil III (Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984 . |
10. —Leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984 — | |||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) i bhfo-alt (1) d'alt 11— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “comhlach”: | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “ciallaíonn ‘foirgneamh réamh-mhonarchan’ foirgneamh monarchan— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) a fhoirgnítear ar thionscnamh grúpa pobail áitiúil arb é is cuspóir dó, nó ar ceann dá phríomhchuspóirí, forbairt an cheantair sin a chur chun cinn agus deiseanna fostaíochta a chruthú ann, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) a rachfar i mbun a fhoirgnithe gan aon réamhghealltanas, díreach nó neamhdhíreach, i scríbhinn nó ar shlí eile, ó dhuine go rachaidh sé féin nó aon duine eile faoi léas chun é a úsáid;”, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “stiúrthóir”: | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “tá le ‘foirgneamh monarchan’ an bhrí a shanntar dó le halt 2 (1) den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1986 ; | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ an tÚdarás Forbartha Tionscail, Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó Údarás na Gaeltachta, de réir mar is cuí;”, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) in alt 12— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1): | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(ii) d'fhonn fostaíocht a chruthú nó a chothabháil sa chuideachta nó, i gcás oibríochtaí trádála cáilitheacha lena mbaineann alt 16 (2) (a) (iiib) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1990 ) i gcuideachta atá faoi chonradh chun an foirgneamh réamh-mhonarchan lena mbaineann a fhoirgniú nó i gcuideachta a théann faoi léas chun é a úsáid, nó iontu araon:”, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) tríd an gcoinníoll breise seo a leanas a chur le mír (c) d'fho-alt (1): | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “Ar choinníoll freisin, i gcás gur úsáideadh an t-airgead a cruinníodh nó go bhfuil sé á úsáid, nó go mbeartaítear é a úsáid, chun foirgneamh réamh-mhonarchan a fhoirgniú agus a léasú, go mbeidh ar áireamh san fhianaise sin a dúradh deimhniú ó ghníomhaireacht forbartha tionscail á dheimhniú gur shásaigh sí í féin— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) gur foirgneamh réamh-mhonarchan an foirgneamh nó gur foirgneamh réamh-mhonarchan a bheidh ann, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) (I) go bhfuil nó go mbeidh an foirgneamh réamh-mhonarchan suite i limistéar a raibh nó a bhfuil, ar bhonn treoirlínte ar ar chomhaontaigh sí féin agus an tAire Tionscail agus Tráchtála nó Aire na Gaeltachta (de réir mar is cuí sna himthosca) agus le toiliú an Aire Airgeadais, gá ar leith aige le forbairt agus le deiseanna fostaíochta a chruthú ann, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (II) go gcabhraíonn nó go gcabhróidh a fhoirgniú go mór chun freastal do na riachtanais sin.”, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (iii) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (4): | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “Ar choinníoll, i gcás oibríochtaí trádála cáilitheacha lena mbaineann alt 16 (2) (a) (iiib) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1990 ), go measfar gur thosaigh an trádáil ar an dáta ar ar thosaigh foirgniú an fhoirgnimh réamh-mhonarchan lena mbaineann.”, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) in alt 16— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) i mír (a) d'fho-alt (2)— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (I) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann le fomhír (i): | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “Ar choinníoll, maidir le hoibríochtaí nó gníomhaíochtaí trádála a áirítear sa mhíniú ar earraí chun críocha na Caibidle sin VI, nó a meastar chun na gcríoch sin gur monarú earraí den sórt sin laistigh den Stát iad, de bhun aon achtacháin a achtófar tar éis an tAcht seo a rith (seachas alt 41 den Acht Airgeadais, 1990 ), nach measfar, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den mhír seo, gur oibríochtaí trádála cáilitheacha iad chun críocha na Caibidle seo,”, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (II) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii): | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(ii) maidir le suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe a eiseofar ar dháta rite an Achta Airgeadais, 1990 , nó dá éis, seirbhísí a dhéanamh (seachas oibríochtaí trádála iomchuí de réir bhrí alt 39B, arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 , den Acht Airgeadais, 1980 ) i gcúrsa tionscail seirbhíse (de réir bhrí an Achta um Fhorbairt Tionscail, 1986 )— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (I) ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 25 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1986 , nó | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (II) ar chuir Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta deontas faoi alt 3, nó cúnamh airgid faoi alt 4, den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 , ar fáil ina leith, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (III) ar chuir Údarás na Gaeltachta cúnamh airgid ar fáil ina leith faoi alt 10 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 ,”, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (2): | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(iiib) maidir le suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe a dhéanfar ar dháta rite an Achta Airgeadais, 1990 , nó dá éis, foirgniú agus léasú foirgnimh réamh-mhonarchan,”, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) in ionad mhír (II) den dara coinníoll (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1989 ): | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(II) léasú talún nó foirgneamh (seachas léasú foirgnimh réamh-mhonarchan), nó”, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (iv) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(4) Déanfar tagairtí sa Chaibidil seo do thrádáil a fhorléiriú— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) gan féachaint don mhéid sin den mhíniú ar ‘trádáil’ in alt 1 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bhaineann le fiontair nó cúraim de chineál trádála, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) mar thagairtí a fholaíonn foirgniú agus léasú foirgnimh réamh-mhonarchan: | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll go ndéanfar, chun gach críche eile de chuid na nAchtanna Cánach, an cheist i dtaobh trádáil a bheith á seoladh a chinneadh gan féachaint don fho-alt seo.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Srian le faoiseamh do phearsana aonair i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil scaireanna i gcuideachtaí. |
11. —D'ainneoin fhorálacha alt 34 den Acht Airgeadais, 1974 , agus alt 8 den Acht Airgeadais, 1978 , ní thabharfar faoiseamh faoin alt sin 34 ná faoin alt sin 8 i leith aon íocaíocht úis ar aon iasacht a chaithfear ag fáil scaireanna a eiseofar an 20ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis (ar scaireanna iad is cuid de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta) i gcás ina ndéanfar éileamh ar fhaoiseamh faoi Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984 , maidir leis an méid a shuibscríobhfar le haghaidh na scaireanna sin. | |||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar Sceideal 3 (faoisimh i leith cáin a mhuirearófar ar íocaíochtaí ar scor, etc.) a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
12. —Leasaítear leis seo Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , amhail ar an agus ón 20ú lá d'Aibreán, 1990— | |||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (c) de mhír (4): | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(c) asbhainfear as an toradh ag (b) méid is comhionann leis an tsuim chaipitiúil iomchuí i ndáil leis an oifig nó leis an bhfostaíocht.”, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 6: | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “6. (a) Sa Sceideal seo ciallaíonn ‘an tsuim chaipitiúil iomchuí i ndáil le hoifig nó le fostaíocht’ a gcomhiomlán seo a leanas— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) méid aon chnapshuime (nach inchurtha faoi cháin) a bheidh faighte, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) an méid is comhionann le luach, ar an dáta iomchuí, aon chnapshuime (nach inchurtha faoi cháin) is infhaighte, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (iii) an méid is comhionann le luach, ar an dáta iomchuí, aon chnapshuime (nach inchurtha faoi cháin) a bheidh, ar é d'fheidhmiú rogha nó cirt chun pinsean a iomalartú, go hiomlán nó go páirteach, i bhfabhar cnapshuime, le fáil sa todhchaí, | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ag an sealbhóir i leith na hoifige nó na fostaíochta de bhun aon scéime nó ciste den chineál dá dtagraítear in alt 115 (1) (d): | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll go mbeidh an méid a luaitear i gclásal (iii) ar áireamh sa tsuim chaipitiúil iomchuí i ndáil le hoifig nó le fostaíocht is cuma cé acu a fheidhmítear nó nach bhfeidhmítear an rogha nó an ceart dá dtagraítear sa chlásal sin: | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ar choinníoll, freisin, i gcás go mbeidh sealbhóir na hoifige nó na fostaíochta i dteideal, faoi choinníollacha nó faoi théarmaí aon scéime nó ciste den chineál dá dtagraítear in alt 115 (1) (d), an rogha nó an ceart dá dtagraítear i gclásal (iii) a thabhairt suas ar bhealach neamh-inchúlghairthe agus go mbeidh sé sin déanta aige ar an dáta iomchuí, nach mbeidh an méid a luaitear sa chlásal sin ar áireamh sa tsuim chaipitiúil iomchuí i ndáil le hoifig nó le fostaíocht. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) Le linn an muirear cánach maidir le híocaíocht is inchurtha faoi cháin faoi alt 114 a bheith á ríomh i gcás éilitheora, mura mbeidh éileamh faoi alt 115 déanta roimhe sin ag an éilitheoir agus i gcás nach mó ná £4,000 an tsuim chaipitiúil iomchuí (más ann) i ndáil leis an oifig nó leis an bhfostaíocht ar ina leith a dhéantar an íocaíocht, beidh feidhm ag alt 115 (3) agus ag mír 3 maidir leis an íocaíocht sin ionann is dá mba éard í gach tagairt do £6,000 tagairt do £6,000 arna mhéadú an méid ar mó £4,000 ná an tsuim chaipitiúil iomchuí sin.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Údaráis áitiúla, etc., a bheith díolmhaithe ó fhorálacha áirithe cánach. |
13. —(1) D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim, seachas forálacha Chaibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1986 , beidh aon ioncam a eascróidh chuig comhlacht lena mbaineann an t-alt seo díolmhaithe ó cháin ioncaim. | |||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir leis an mbliain 1973-74 agus blianta measúnachta dá éis. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Bainfidh an t-alt seo le gach comhlacht díobh seo a leanas, is é sin le rá: | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) údarás áitiúil; | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) bord sláinte; | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) coiste gairmoideachais arna bhunú faoi na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1970; | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (d) coiste talmhaíochta arna bhunú faoi na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1980. | ||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) San alt seo tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , agus folaíonn sé comhlacht arna bhunú faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 . | ||||||||||||||||||||||||||||||